next
previous
items

Article

Ní ar chúl mo thí — Lastais idirnáisiúnta dramhaíola agus an comhshaol

Change language
Article Published 23 Feb 2009 Last modified 11 May 2021
Dramhaíl gan teorainneacha: Tuilleann Zhang Guofu, 35 bliain d’aois, EUR 700 sa mhí, ar pá rímhór sa tSín é lasmuigh de na príomhchathracha, agus é ag scagadh na dramhaíola ina bhfaightear málaí siopadóireachta ó shraith ollmhargaí Bhriotanach agus DVDanna as Béarla. Is í an lomfhírinne gur fusa don dramhaíl a chaitear in araid éigin thall i Londain dul chomh fada ar siúl le 5 000 míle le bheith istigh i monarcha athchúrsála éigin i nDeilt Abhainn an Phéarla anonn sa tSín.

Tá gach cineál dramhaíola faoi lán seol. Tá ualaigh mhéadaitheacha, go háirithe an dramhpháipéar, na plaistigh agus na miotail á mbogadh ó thíortha forbartha chuig tíortha nach mbíonn na caighdeáin chomhshaoil chomh dian céanna iontu. Bíonn longa ollmhóra ag treabhadh na bhfarraigí móra gach aon lá agus earraí ar bord ó mhargaí atá ag teacht chun cinn san Áise anall go dtí an Domhan Thiar. Bíonn úinéirí na long ríshásta dramhearraí a thabhairt ar ais ón Eoraip lena n-athchúrsáil san Áise, seachas na longa bheith ag seoladh abhaile gan lasta agus le ballasta éigin a chur iontu.

Ní chiallaíon é sin nach rialaítear na lastais dramhaíola. Tá rialacha géara ag na NA agus ag an AE araon faoin gcineál lastaí ar féidir a sheoladh trasna na bhfarraigí. Is faoi Choinbhinsiún Basel na NA a rialaítear trádáil idirnáisiúnta na ‘dramhaíola guaiseacha’ ag an leibhéal domhanda (dramhaíl a fhéadann bheith díobhálach do dhaoine nó don chomhshaol).

Níl a ndóthain tíortha tar éis a síniú a chur leis an toirmeasc a fhaightear sa Choinbhinsiún sin len é a thabhairt i bhfeidhm go domhanda. Tá srianta i bhfeidhm ag an AE áfach, agus ní cheadaíonn sé d’onnmhairiú 'na dramhaíola guaisí' ach amháin chuig 'tíortha forbartha' ina bhfaightear na teicneolaíochtaí riachtanacha agus mar a bhfuil dlíthe leordhóthanacha sábháilteachta agus comhshaoil i bhfeidhm. Sainítear ‘tír fhorbartha’, chun críche na srianta úd, mar bhallstát den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD).

Is í aidhm fhadtéarmach an AE go mba cheart do gach aon Bhallstát a dhramhaíl féin a dhiúscairt laistigh dá chríocha féin ('prionsabal na neasachta').

Níor baineadh amach an aidhm sin go fóill áfach, óir tá méadú nach beag faoi cheathair tar éis teacht ar lastais na dramhaíola guaisí agus dofhuascailte idir na blianta 1997 agus 2005.

Is éagsúil iad na fachtóirí taobh thiar d'onnmhairiú agus allmhairiú na dramhaíola: infhaighteacht na teicneolaíochta sainchóireála; ganntanas ábhar; éagsúlachtaí um praghsanna do dhiúscairt nó tarrtháil.

Tagann lastais dramhaíola ó Bhallstáit nach féidir a gcuid spriocanna a shásamh laistigh dá gcríocha féin mar thoradh ar bheartas an AE freisin, agus spriocanna á socrú ann don athchúrsáil. Coinníonn toirteanna na dramhaíola ar an margadh na costais íseal do thír mar an tSín, óna dteastaíonn amhábhair shaora. Meastar an dramhaíl sin bheith ina thrádáil inghlactha chomh fada agus nach mbeifear á diúscairt ag a ceann scríbe agus nach bhfaightear aon ábhar guaiseach inti.

An bhfuil níos mó taistil déanta ag do shean Teilifís ná mar atá agat féin?

Tá corpas reachtaíochta ag an Eoraip maidir le lastas na dramaíola guaisí agus dofhuascailte. Teastaíonn tuilleadh fianaise ámh i leith éifeachtacht na reachtaíochta chun an brú ar an gcomhshaol a mhaolú.

Is cás tábhachtach í an dramhaíl leictreonach, a mheastar bheith ina dhramhaíl ghuaiseach. Is minic a dhíchóimeáiltear í san Afraic agus san Áise gan mórán trealaimh chosanta pearsanta ná beart rialála truaillithe nó gan aon trealamh ná beart den sórt sin a bheith ann. Is minic a dhóitear na comhpháirteanna amuigh faoin aer le miotail a aisghabháil, agus is iondúil go n-astaítear caithnínigh luatha le miotail troma agus ábhair thocsaineacha eile orthu, agus nochtadh daonna méadaithe mar thoradh air sin, chomh maith le héilliú an bhia, na hithreach agus an uisce dromchla.

Ní léir dúinn an cruth atá ar chúrsaí i gcás dramthrealamh leictreach agus leictreonach (WEEE) a sheoltar laistigh den AE agus amach ón AE, i bpáirt de bharr go n-úsáidtear cóid débhríocha i dtuairisciú na lastas dramhaíola leictreonaí. Is deacair a rá an bhfuiltear ag onnmhairiú teilifíseáin mar ghaireas athláimhe, rud atá inghlactha, nó mar dhramhaíl lena dhiúscairt, nach bhfuil inghlactha. Toirmeasctar i gcoitinne onnmhairiú WEEE ón AE go dtí tíortha neamh-OECD. Tá onnmhairiú teilifíseáin atá fós ag obair go hiomlán inghlactha ámh.

Bhí cásanna ann a raibh bunús maith leo a sháraíonn an toirmeasc sin. Dealraítear go deimhin féin gur dramhaíl atá i gcion nach beag de na teilifíseáin, ríomhairí agus teileafóin onnmhairithe athláimhe chuig tíortha neamh-OECD a cheannaítear leis an rún chun na comhpháirteanna agus na codanna a luaitear thuas a aisghabháil.

Mura féidir leis an AE a thoirmeasc féin um onnmhairiú WEEE chuig tíortha neamh-OECD a fhorghníomhú, d’fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint de dhaingniú an toirmisc ag leibhéal domhanda faoi réir Choinbhinsiún Basel.

Ag aimsiú dea-shonraí ar dhramhaíl leictreach agus leictreonach

In ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann le haimsiú, ceadú agus anailísiú na sonraí um dhramhaíl is amhlaidh go bhfuil an EEA tar éis anailís a stiúradh i gcomhar leis an 'Ionad Ábhar Eorpach um Bainistiú Acmhainní agus Dramhaíola' ar lastais dramhaíola ón AE chuig réigiúin eile.

Trí leas a bhaint as staitisticí trádála Eorpacha is féidir méideanna, méid agus luach onnmhairithe na dtáirgí leictreonacha agus leictreacha a sheoltar ón AE chuig réigiúin eile ( Figiúr 1).

Onnmhairíodh ní ba mhó ná 15 000 tonna de theilifíseáin dhaite ón AE chuig tíortha na hAfraice. Tháinig timpeall 1 000 teilifíseán gach aon lá isteach sa Nigéir, sa Ghána agus san Éigipt. Is fíor-íseal é meánluach na dteilifíseán daite onnmhairithe chun na hAfraice: ba é EUR 64 an praghas in aghaidh an aonaid don Afraic trí chéile, agus ba é EUR 28 an meánluach i leith na dtrí thír a luaitear thuas. I gcomparáid leis sin is amhlaidh atá luach EUR 350 ar theilifíseáin a thrádáiltear laistigh den Eoraip.

Tugann an luach íseal in aghaidh na dteilifíseán a sheoltar chun na hAfraice gur táirgí athúsáide atá i go leor de na honnmhairithe sin, ar dramháil is dócha a bheidh sa mhórchuid díobh.

Táthar ag súil go mbeidh onnmhairiú iomlán na ríomhairí athúsáide, fón póca, seinnteoirí dlúthdhiosca srl. chuig na réigiúin sin i bhfad níos airde óir nach mbaineann na figiúir sin ach le teilifíseáin amháin. Tugann sé sin le fios go bhfuiltear ag sárú toirmeasc an AE ar thrádáil na dramhaíola guaisí le tíortha neamh-OECD.

Fig. 1 / An easpórtáil de theilifíseáin dhaite ón AE-25 chuig an Afraic, an Áise, an Meánoirthear, na Stáit Aontaithe agus tíortha Eorpacha eile, 2005.Foinse: GCE.

 

Dramhaíl neamh-ghuaiseach

Tháinig borradh drámatúil freisin idir na blianta 1995 agus 2007 ( Figiúr 2) ar lastais dramhaíola neamhghuaisí ar nós páipéir, plaisteach agus miotal a sheoltar ón AE, go dtí an Áise, go háirithe an tSín.

Tháinig méadú deichfhillte ar mhéid na dramhaíola a onnmhairíodh chun na hÁise. Ba mhéadú faoi aon déag a tharla sna plaistigh agus faoi chúig i gcás na miotal. Tháinig méadú freisin ar an dramhaíl a sheoltar laistigh den AE, ach ag leibhéal i bhfad níos ísle.

Seoladh an oiread chéanna dramhpháipéir chun na hÁise sa bhliain 2007 agus a seoladh ó thír amháin go tír eile de chuid an AE. Ba mhó cainníocht na miotal a seoladh laistigh den AE ná an méid a seoladh chun na hÁise. Mar sin féin, seoladh ní ba mhó dramhaíola plaistí chun an mhargaigh Áisigh ná mar a seoladh laistigh den AE.

Fig. 2 / Forbairtí um lastais dhramhpháipéir mar shampla de dhramhaíl neamhghuaiseach amach agus laistigh den AE idir na blianta 1995 agus 2007. Foinse: EEA.


Cumhachtaí tiomána laistiar den athchúrsáil

B’fhíor-ard é costas na n-amhábhar le deich mbliana anuas, agus b’in ba chúis ar a sheal féin le méadú luach na n-amhábhar tánaisteach a tarrtháladh trí an athchúrsáil.

Tá na dramh-mhiotail, dramhpháipéar dramhphlaistigh agus dramhábhair eile ón Eoraip atá ag soláthar ábhairt do gheilleagar borrtha na hÁise, rud nach féidir a shásamh le hóghábhar.

Cuir i gcás reachtaíocht an AE (ar nós na Treorach Pacáistíochta) nach foláir do na Ballstáit leibhéil athchúrsála a bhaint amach fúithí; tugtar spreagadh indíreach inti freisin do sheoladh an dramhábhair lena athchúrsáil.

D’eascair méideanna méadaitheacha de dhramhábhair athchúrsála ar an margadh as ceangaltais an AE do rátaí sonracha athcúrsála. Mar shampla, tháinig méadú ar mhéid na ‘dramhaíola pacáistíochta páipéir agus cairtchláir ó isteach is amach ar 24 milliún tonna chuig 30 milliún tonna idir na blianta 1997 agus 2005. Tá líon na pacáistíochta plaistí a athchúrsáladh tar éis méadú ó thuairim 10 go dtí 14 milliún tonna sa tréimhse chéanna. An bhfuil sé go maith don chomhshaol?

Is gnách gur chun leas an chomhshaoil í úsáid na dramhaíola athchúrsáilte in ionad na n-óghábhar. Mar shampla, úsáideann cileagram páipéir d’amhábhair athcúrsáilte a leath den fhuinneamh a úsáidtear sa táirgeadh trí leas a bhaint as óghábhair. An t-alúmanam a tháirgítear ó channa alúmanaim athchúrsáilte; féadann sé leas a bhaint as níos lú ná 5 % den fhuinneamh a theastaíonn le hais úsáid na n-óghábhar.

Is amhlaidh trí chéile dá réir go rannchuireann an athchúrsáil go mór le laghdú na n-astuithe CO2 a bhaineann le fuinneamh agus na mbrúnna comhshaoil eile.

Ní féidir linn a rá an bhfóireann lastas aonair, agus na lastais trí chéile dá réir, chun leas ná chun dochair an chomhshaoil áfach, toisc gur minic nach fios dúinn an méid a bhíonn i ndán don dramhaíl tar éis di calafort Eorpach a fhágáil.

Ag féachaint chun cinn

Ní folár lastais dramhaíola traschríche lena diúscairt, chomh maith le dramhaíl 'ghuaiseach agus dhofhuascailte' lena tarrtháil, a fhógairt do na húdaráis náisiúnta laistigh den AE. Is fíormhionsonraithe í an fhógairt 'náisiúnta' seo. Is leagan achoimrithe de na sonraí um lastais amháin a thugtar ar láimh don Choimisiún Eorpach ámh, agus ní léir an forbhreathnú ag leibhéal an AE dá réir.

Chumasódh an forbhreathnú measúnú i bhfad ní b’fhearr d’iarmhairtí comhshaoil agus eacnamúla na lastas dá dtuairisceofaí eolas ní ba mhionsonraithe, go háirithe i leith na gcineálacha dramhaíla a sheoltar.

D’fhéadfadh sé cabhrú linne nochtadh an iad roghanna cóireála níos fearr, toilleadh níos mó nó praghsáil éifeachtach atá taobh thiar de na lastais dramhaíola. Thuigfimis ní b’fhearr ról na gcaighdeán níos ísle, na heaspa reachtaíocht agus an fhorghníomhaithe níos measa mar chionsiocair leis na lastais chuig réigiúin ba lú forbartha. Thabharfadh léargas ní ba shoiléire ar lastais dleathacha ag leibhéal an AE tásc ní b’fhearr freisin ar lastais mhídhleathacha. 

Ní chuirfeadh an tuairisciú méadaithe go mór le hualach na mBallstát —gineann go leor tíortha staitisticí náisiúnta níos mionsonraithe um allmhairiú agus onnmhairiú dramhaíola cheana féin — óir an leibhéal tuairiscithe seo tar éis bheith ar bun cheana féin ag leibhéil náisiúnta.

Tagairtí

Basel Action Network 2002: Exporting Harm. The high‑tech trashing of Asia, February 2002.

EEA, 2007. Europe's environment — The fourth assessment, 2007.

EEA, 2008. Better management of municipal waste will reduce greenhouse gas emissions. EEA Briefing Uimh 1/2008.

EEA, 2009. Environmental impacts from import and export of waste (á ullmhú).

ETC/RWM, 2008. Transboundary shipments of waste in the EU.

An Coimisiún Eorpach, 2007. Ballstáit an AE ag tuairisciú de réir Chinneadh an Choimisiúin 99/412/CEE an 3 June 1999 maidir le ceistneoir as ceangaltas tuairiscithe na mBallstát de bhun Airteagal 41(2) de Rialachán na Comhairle Uimh. 259/93.

IMPEL (Líonra an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú agus Forghníomhú Dhlí an Chomhshaoil), 2005. Threat Assessment Project, the illegal shipments of waste among IMPEL Member States, Bealtaine 2005.

Greenpeace 2008: Chemical Contamination at E‑waste recycling and disposal sites in Acra and Korforidua, Ghana — Greenpeace Research Laboratories, Nóta Teicniúil 10/2008, Lúnasa 2008.

Secretariat of the Basel Convention, 2007.

Nuachtán An Sun, 5 Lúnasa 2008.


Permalinks

Document Actions