next
previous
items

Article

Na halpa

Article Published 22 Mar 2010 Last modified 21 Mar 2023
Tionchair an athraithe aeráide san Eoraip inniu
‘Inné, tháinig mé ar ais ó dhreapadh ar an Matterhorn san Eilvéis. Bhaineamar úsáid as an droim Hornli, an bealach cáiliúil a dreapadh den chéad uair i 1865. Téim ann gach samhradh. Tá na bealaí seo a úsáidtear go minic ag éirí an-dainséarach agus tá roinnt díobh dúnta fiú. Tá an síorshioc, a choimeád an charraig le chéile ar feadh na céadta nó na mílte bliain, ag leá. Leánn sé i rith an lae agus reonn sé arís istoíche agus tá smidiríní á dhéanamh den charraig dá bharr. Tá sé seo ag tarlú níos airde suas na sléibhe gach bliain — tá sé ag bogadh suas na sléibhte.’

Cónaíonn Sebastian Montaz i Saint Gervais, sráidbhaile i réigiún Chamonix sa Fhrainc. Is treoraí sléibhe agus teagascóir sciála é agus d’fhás sé aníos in Alpa na Fraince ach bíonn sé á treorú dreapadóirí agus sciálaithe ar fud an réigiúin Alpach.

‘De ghnáth athraíonn sléibhte go mall. Ach anseo sna hAlpa tá athruithe le feiceáil de réir mar a athraíonn gach séasúr beagnach. Tá athrú suntasach tar éis tarlú ó bhí mé óg agus níl a fhios ag aon duine cad a tharlóidh faoin am a bheidh m’iníon fásta.

‘Le cúig bliana anuas, ó Mheitheamh go Iúil, ní rabhamar in ann dreapadóireacht measctha a dhéanamh áit a dhreaptar ar sneachta agus ar oighear araon. Níl sé sábháilte anois ó Mheitheamh go dtí deireadh Meán Fómhair. Bhí an titim sneachta is fearr againn le naoi mbliana anuas an geimhreadh seo caite ach is eisceacht anois iad geimhrí dá leithéid,’ arsa Sebastian.

Tá athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar na hAlpa, idir chomhshuíomh an tsíorseacha a choimeádann an charraig le chéile agus toirt agus caighdeán an tsneachta. Tá oighearshruthanna ag cúlú agus tá droichid oighir agus sneachta ag imeacht ó radharc. De réir mar a éiríonn bealaí traidisiúnta fabhtach tá ceird an treoraithe sna sléibhte ag athrú chomh maith. Tá roinnt oighearshruthanna, a rabhthas ábalta a thrasnú cúig bliana ó shin, athraithe anois. Tá an t-oighear imithe agus tá an charraig faoina bhun nochta anois.

Íocón Eorpach

Is siombail íocónach de chuid na hEorpa iad na hAlpa. Tá siad ar cheann de phríomhchinn scríbe na mór-roinne, le sliabhraon ag soláthar i bhfad níos mó ná cinn scríbe laethanta saoire. Is foinse bhunaidh iad do dhaichead faoin gcéad d’fhionnuisce na hEorpa agus soláthraíonn siad uisce do na milliúin Eorpach i limistéir ísealchríche. Ní haon iontas ann mar sin go dtugtar ‘túir uisce na hEorpa’ ar na hAlpa uaireanta.

Tá an fionnuisce seo fíor-thábhachtach, ní amháin don ocht tír Alpach ach do chuid ollmhór d’ilchríoch na hEorpa chomh maith. Déanann tuarascáil le déanaí de chuid an EEA, ‘Regional climate change and adaptation — The Alps facing the challenge of changing water resources’, éifeachtaí an athraithe aeráide ar sholáthar agus éileamh na fionnuisce i bpríomh réigiúin Alpach a mheas.

Fócas: tionchair an athraithe aeráide ar an éiceachóras Alpach

Níl tionchar an athraithe aeráide ar sheirbhísí éiceachórais Alpach teoranta chuig a thionchar ar sholáthairtí uisce óil. Le haghaidh gach méadú 1 ºC sa teocht, ardaíonn líne an tsneachta faoi thart ar 150 méadar. Mar thoradh, ní chruachfar an oiread céanna sneachta ag leibhéil níos ísle. Tabharfaidh deacrachtaí aghaidh ar bheagnach leath de na hionaid saoire sciála san Eilvéis, agus níos mó fiú sa Ghearmáin, san Ostair agus sna Piréiní, maidir le turasóirí agus díograiseoirí spóirt gheimhridh a mhealladh sa todhchaí.

Tá speicis phlandaí ag bogadh ó thuaidh agus suas na cnoic chomh maith. Tá ‘speicis cheannródaí’ mar dhea ag bogadh aníos. Tá plandaí a chuaigh in oiriúint don bhfuacht á dtiomáint amach as a réimsí nádúrtha anois. D’fhéadfadh go mbeadh speicis phlandaí tar éis bogadh na céadta ciliméadar ó thuaidh faoi dheireadh na 21ú haoise agus d’fhéadfadh go mbeadh 60 % de na speicis phlanda sléibhe i mbaol díofa.

Meastar go méadófar guaiseacha nádúrtha agus díobháil do bhonneagar in airde mar thoradh ar laghduithe breathnaithe agus tuartha i síorshioc. Léiríonn an tonn teasa a tharla ar fud na hEorpa in 2003 na tionchair a d’fhéadfadh a bheith an-tromchúiseach, mar shampla teocht níos airde agus triomach ar dhea-bhail na ndaoine agus earnálacha eacnamaíocha atá ag brath ar uisce (ar nós giniúint cumhachta). Laghdaíodh mais na n-oighearshruthanna Alpach faoi aon-deichiú de bharr leá i mbliain amháin agus fuair na mílte daoine bás ar fud na hEorpa.

Soláthraíonn na hAlpa réamhbhreathnú ar na dúshláin a bheidh os comhair na n-éiceachóras, gnáthóga agus daonraí ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. I scéal faoin Artach a leanas seo, cloisfimid ó dhaoine a chónaíonn san Eoraip Artach faoi na tionchair atá ag athrú aeráide ar a saol siúd cheana féin.

Na hAlpa — éiceachóras athraitheach

De ghnáth athraíonn sléibhte go mall, mar a fheiceann Sebastian Montaz. Ach tá an aeráid Alpach tar éis athrú go suntasach le céad bliain anuas, leis an teocht ag méadú faoi 2° C: dhá oiread an meán domhanda. Agus tá oighearshruthanna Alpacha ag leá mar thoradh. Tá beagnach leath dá dtoirt oighir caillte ó 1850 i leith agus tá rátaí cailliúna tar éis luathú go láidir ó lár na 1980aidí i leith.

Tá líne an tsneachta ag ardú chomh maith agus tá patrúin na frasaíochta (báisteach, sneachta, clocha sneachta agus flichshneachta) ag athrú freisin. Is dóchúil go rachaidh roinnt mhaith oighearshruthanna meánmhéide agus móra ó radharc laistigh de chéad leath an chéid. Meastar go mbeidh níos mó agus níos mó báistí geimhridh ag titim sna réigiúin in ionad an sneachta atá ag titim ann i láthair na huaire, agus beidh níos lú laethanta le clúdach sneachta dá bharr. Tá sé seo ag dul i bhfeidhm ar an tslí ina mbailíonn agus ina stórálann na sléibhte uisce sa gheimhreadh agus an tslí ina scaiptear arís é i dteocht an tsamhraidh. Mar sin meastar go méadóidh rith chun srutha sa gheimhreadh agus go laghdóidh sé sa samhradh.

Timthriall an uisce agus athrú aeráide

Bailítear agus stóráiltear uisce mar sneachta agus oighear in oighearshruthanna, i locha, i screamhuisce agus in ithir na nAlp i rith an gheimhridh. Ansin scaoiltear go mall é nuair a leánn an t-oighear agus an sneachta i rith an earraigh agus an tsamhraidh, ag dul isteach in aibhneacha ar nós an Danóib, an Réin, an Pho and an Róin, iad go léir le huiscí uachtair acu sna sléibhte. Leis seo bíonn uisce ar fáil nuair a bhíonn an soláthar ag titim sna hísealchríocha, agus nuair a bhíonn an t-éileamh ag an leibhéal is airde.

Tá na hidirghníomhaíochtaí íogair a fhothacaíonn an próiseas ársa seo de stóráil agus scaoileadh faoi bhagairt anois ag athrú aeráide. Conas a rachaidh athrú aeráide i bhfeidhm ar éiceachórais Alpach? Conas a athróidh seirbhísí éiceachórais? Cad is féidir linn a dhéanamh?

Seirbhís éiceachórais faoi bhrú

Tá na ‘túir uisce’ Alpach an-íogair agus leochaileach i leith athruithe i bpróisis mheitéareolaíoch agus aeráide, tírdhreacha agus úsáide uisce daonna. Is féidir le leasuithe dul i bhfeidhm ar chaighdeán agus méid an uisce a soláthraítear do na milliúin Eorpach.

Tá an ‘timthriall uisce’ Alpach i mbaol go mór de bharr athrú aeráide. Meastar go n-athróidh athruithe i bhfrasaíocht, patrúin um bhrat sneachta agus stóráil oighearshrutha an tslí ina n-iompraítear uisce. Is é is brí leis sin ná go mbeidh níos mó triomaigh ann i rith an tsamhraidh, níos mó tuillte agus sciorradh talún sa gheimhreadh, agus tuilleadh éagsúlachta sa soláthar uisce i gcaitheamh na bliana. Rachfar i bhfeidhm ar chaighdeán an uisce chomh maith.

Is dóchúil go ndéanfaidh ganntanais uisce agus imeachtaí antoisceacha níos minice, i dteannta le héileamh ar uisce atá de shíor ag ardú (le haghaidh uisciú talmhaíochta nó mar gheall ar thurasóirí, mar shampla), díobháil do sheirbhísí éiceachórais agus earnálacha eacnamaíocha. Beidh an tionchar le feiceáil i dteaghlaigh, sa talmhaíocht, i nginiúint fuinnimh, i bhforaoiseacht, i dturasóireacht, agus i loingseoireacht abhann. D’fhéadfadh na fadhbanna acmhainne uisce atá ann cheana féin dul in olcas dá bharr agus d’fhéadfadh coimhlint tarlú idir úsáideoirí i réigiún na nAlp agus in áiteanna eile araon. Is dóchúil go dtarlóidh níos mó triomaigh san Eoraip Theas, ach go háirithe.

Tá luach nua ag baint le huisce, acmhainn a ndéantar beag beann de go minic, i gcomhthéacs aeráide athraitheach.

An raibh a fhios agat? (5)

  • Is ionann abhantrach agus an limistéar óna sníonn an sruthuisce ina iomláine thar dromchla an domhain trí shraith de shrutháin, aibhneacha agus, b’fhéidir, locha isteach san fharraige ag béal abhann amháin, inbhir nó deilt
  • Is é is brí le bainistíocht abhantraí ná abhainn a chosaint, ó fhoinse go muir, agus a chuid tírdhreacha máguaird. Is minic a bhíonn earnálacha agus údaráis dhifriúla bainteach leis seo ach tá sé ríthábhachtach i leith acmhainn, caighdeán agus méid an uisce a dhaingniú.

Ar shráideanna Vín

Taistealaíonn an uisce a fhaighimid in Vín 100 ciliméadar ar a laghad ó thoibreacha sna sléibhte,’ arsa an Dr. Gerhard Kuschnig, ceannaire ar Chosaint Toibreacha le hOibreacha Uisce Cathrach Vín. Tá cónaí ar an Dr. Kuschnig cúpla céad ciliméadar ó bhaile Alpach de chuid Sebastian, an treoraí sléibhe. Ach tá athrú aeráide ar a aigne siúd freisin.

‘I láthair na huaire, níl aon fhadhb le méid nó caighdeán an uisce ach tá an todhchaí neamhchinnte. Is ionann bainistiú an athraithe aeráide agus bainistiú na neamhchinnteachta. Ba mhian linn a chinntiú go bhfuil na ceisteanna ceart á gcur againn,’ a dúirt an Dr. Kuschnig.

Tá dhá milliún duine i gcathracha Vín agus Graz agus na limistéir máguaird ag brath ar chuid amháin d’Alpa na hOstaire le haghaidh uisce. Mar sin tá toibreacha fionnuisce sa réigiún cosanta ó thaobh dlí de. Tá na huiscígh (carraig sáithithe trínar féidir leis an uisce bogadh go héasca) sna limistéir sléibhtiúla seo an-leochaileach toisc comhshuíomh na carraige, an aeráid agus gníomhaíochtaí talamhúsáide, a théann i bhfeidhm go mór ar chaighdeán agus méid an uisce atá ar fáil.

Ceann de na príomhdhúshláin don réigiún seo maidir le hoiriúnú don athrú aeráide ná caighdeán agus méid an fhionnuisce a chosaint. Ní féidir uisce ar ardchaighdeán a dhaingniú go fadtéarmach ach amháin tríd an talamh trína dtaistealaíonn an t-uisce a chosaint. Téann athruithe don talamh, lena n-áirítear cleachtais fheirmeoireachta nua agus tógáil, mar shampla, go léir i bhfeidhm ar chaighdeán agus méid an uisce. Tá Vín ag cosaint na toibreacha sléibhe cóngaracha le níos mó ná 130 bliain anois, ag gnóthú staid úinéireachta diaidh ar ndiaidh ar na críocha móra i gcosaint an uisce agus na limistéar tearmainn. Clúdaíonn an crios cosanta uisce achar thart ar 970 cileaméadar² atá suite i Styria agus san Ostair Íseal.

Timthriall an uisce

Sníonn an t-uisce trí na cisil dromchla den charraig, scaipeann sé laistigh den sliabh agus tar éis gach ceann de na sraitheanna neamh-thréscaoilteacha a bhaint amach draenálann sé isteach sna toibreacha, agus ó sin téann sé ar ais go dtí an dromchla,’ a mhíníonn an Dr. Kuschnig.

Tá an t-am idir insíothlú (ag dul isteach sa talamh) agus doirteadh (dul ar ais go dtí an dromchla i dtobar) uisce tar éis imeacht báistí an-gairid ar fad. Le himeachtaí antoisceacha, ar nós báisteach throm nó leá sneachta gasta, bíonn líon mór dríodair ag bogadh agus téann siad i bhfeidhm ar chaighdeán an uisce. Go minic ní féidir méideanna móra dríodair a scagadh laistigh den tréimhse gairid sula ndoirtear é. Méadaíonn dóchúlacht na n-imeachtaí aimsire antoisceacha le hathrú aeráide.’

Athrú aeráide

Beidh tionchar ag coinníollacha an athraithe aeráide sa réigiún, ar nós teocht ardaithe, ar infhaighteacht agus ar chaighdeán an uisce go díreach trí galú feabhsaithe agus athruithe i bhfrasaíocht. Tá éifeachtaí indíreacha ar acmhainní uisce mar thoradh freisin ar athrú aeráide trí fásra a athrú.

Tá dhá trian den chrios cosanta faoi bhrat foraoisí. Cosúil le talmhaíocht, tá foraoisí an réigiúin á mbainistiú agus é mar aidhm an t- uisce óil a chosaint. ‘Is é an bhagairt is mó dúinn i láthair na huaire de bharr athrú aeráide ná creimeadh méadaithe toisc go gcuireann sé na foraoisí i mbaol. Gan crainn agus duilliúr ceart déanfar an ithir a scríobadh siar agus is í an ithir a ghlanann an t-uisce. Is é is brí le méaduithe teochta ná cineálacha crainn nua. Is ionann athrú aeráide agus neamhchinnteacht, fachtóirí nua — agus is riosca é seo de shíor,’ arsa Dr. Kuschnig.

Gníomhaíochtaí agus eispéiris oiriúnaithe

Idir an dá linn, is tasc fíor-thábhachtach don údarás uisce é soláthar oideachais. Tá scoil uisce ag múineadh leanaí áitiúla le 13 bliana anuas faoi thábhacht an uisce agus an tírdhreach atá á soláthar aige. Tairgtear turais rialta chuig na toibreacha sléibhe i dtreo is go mbeidh daltaí in ann tuiscint níos fearr a bheith acu ar cad as a dtagann a gcuid uisce. Tá eolas tábhachtach freisin don chomhphobal feirmeoireachta atá lonnaithe thuas go hard sna féaraigh Alpacha. Tá sé de dhualgas orthu freisin talamh mórthimpeall ar na toibreacha a chosaint, go háirithe ó eisilteach ainmhithe.

Tá Uisce Vín bainteach cheana féin i dtionscadail a thugann gníomhaithe eile sa domhan uisce le chéile chun plé a dhéanamh ar thionchair agus oiriúnú i leith an athraithe aeráide. Mar shampla, tugann tionscadal ar a dtugtar CC-WaterS 18 eagraíocht le chéile ó ocht dtír chun a gcuid eispéiris a roinnt agus cineálacha cur chuige oiriúnaithe comónta a phlé.

Beartas oiriúnaithe

‘Is minic a dhréachtaítear bearta beartais a bhaineann le hoiriúnú i leith athrú aeráide mar fhreagra ar imeachtaí aimsire antoisceacha a spreagann éileamh ar ghníomh,’ arsa Stéphane Isoard, ón fhoireann Leochaileachta agus Oiriúnaithe san EEA.

Is cás den chineál sin é an tonn teasa a tharla in 2003. Mar sin féin, ní mór smaoineamh anois ar straitéisí um oiriúnú atá bunaithe ar anailís ar réigiúin, ar earnálacha agus ar dhaoine leochaileacha atá níos córasaí, agus iad a chur i bhfeidhm gan mhoill, má tá siad le bheith láidir agus éifeachtach sa todhchaí chun déileáil le tionchair dosheachanta an athraithe aeráide. Tá bainistíocht áitiúil laistigh de chomhthéacs réigiúnach, náisiúnta agus AE níos mó riachtanach le haghaidh oiriúnú le saincheisteanna an athraithe aeráide agus acmhainne uisce,’ a dúirt sé.

Beidh bainistíocht abhantraí éifeachtach mar phríomh-eilimint ar fud teorainneacha náisiúnta. Mar shampla, is beag an comhoibriú a tharla go dtí seo idir thíortha maidir le bainistiú ganntanais uisce le hais abhantraí a thosaíonn nó a gcuirtear leo ag an réigiún Alpach. Tá an AE i staid láidir chun cabhrú leis an bpróiseas seo trí feabhas a chur ar na coinníollacha do chomhoibriú.

Is é is brí le maolú an athraithe aeráide ná astuithe gáis ‘cheaptha teasa’ a ghearradh, i.e. ag seachaint thionchair an athraithe aeráide nach féidir a bhainistiú. Mar sin féin, fiú amháin má chuirtear deireadh le hastuithe inniu, leanfar le hathrú aeráide ar feadh i bhfad mar gheall ar an mbailiúchán gás ceaptha teasa san atmaisféar.

Mar sin ní mór dúinn tosú ag oiriúnú. Is éard atá i gceist le hoiriúnú an athraithe aeráide ná measúnú ar agus déileáil le leochaileacht na gcóras nádúrtha agus daonna ar thionchair ar nós tuilte, triomaigh, ardú leibhéal na farraige agus tonnta teasa. Ar deireadh thiar thall, is ionann oiriúnú agus machnamh a dhéanamh ar an tslí a bhfuilimid ag maireachtáil inniu agus an tslí a mhairfimid amach anseo. Cad as a dtiocfaidh ár gcuid uisce? Conas a chosnóimid sinn féin ó imeachtaí antoisceacha?

Le haghaidh tuilleadh eolais ar na hábhair a clúdaíodh anseo i Signals, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin: www.eea.europa.eu.

5. An Creat-Treoir Uisce: http://ec.europa.eu/environment/water/water-framework/index_en.html

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions