next
previous
items

Article

Ithir — An acmhainn dearmadta

Article Published 22 Mar 2010 Last modified 21 Mar 2023

Is nasc ríthábhachtach í ithir idir fadhbanna comhshaoil domhanda ar nós athrú aeráide, bainistiú uisce agus caillteanas bithéagsúlachta

José Luis Rubio Uachtarán ar Chumann na hEorpa um Chaomhnú Ithreach

Cén fáth ar chóir dom a bheith buartha faoin ithir?

Salachar, láib, cré, úir, ithir: tá mórán focal againn uirthi ach is beagán a oireann di go foirfe. I ndomhan fíorúil an lae inniu, tá ár nasc leis an ithir caillte ag mórán againn. Ach is í an ithir craiceann beo an domhain, a luíonn ar an mbuncharraig faoina bhun agus ag éascú an tsaoil ar domhan. Cosúil le haer agus uisce, tá ithir mar chuid dár gcóras tacaí bheatha.

Bhí gaol i bhfad níos dlúithe leis an ithir ag ár sinsir. Bhíodh mórán díobh ag obair leis an ithir gach lá. Ansin, mar atá anois, bhíodh ról ríthábhachtach ag an ithir i leith bia a sholáthar. Rud nach raibh ar eolas ag an am sin ná an ról ríthábhachtach atá ag an ithir in athrú aeráide, í mar fhoinse nádúrtha carbóin ollmhór.

Is acmhainn teoranta í ithir

Cuir i gcéill gurb é an Domhan an t-úll seo(7). Gearr an t-úll ina cheithre chuid agus caith uait trí cinn. Seasann an ceathrú cuid den úll atá fágtha do thalamh thirim.

Caoga faoin gcéad den talamh thirim sin’ is ea fásach, polach nó sléibhte* — áit ina bhfuil sé ró-the, ró-fhuar nó ró-ard chun bia a fhás ann. Gearr ceathrú na talún tirim i leath anois. Tá daichead faoin gcéad den méid atá fágtha ró-charraigeach, ró-ghéar, ró-éadomhain, ró-bhocht nó ró-fhliuch chun tacú le táirgeadh bia. Gearr é seo amach anois agus is éard atá fágtha ná píosa an-bheag den úll.

Tabhair aird ar a chraiceann, ag fáisceadh agus ag cosaint an dromchla. Seasann an ciseal tanaí seo do bhrat éadomhain na hithreach ar domhan. Bain an craiceann de agus beidh eolas éigin agat faoi cé chomh beag is atá líon na hithreach torthúil ar a bhfuilimid ag brath chun ár ndaonra iomlán a chothú. Ní mór de dul in iomaíocht le foirgnimh, bóithre agus líonta talún. Tá sé i mbaol truaillithe agus tionchair an athraithe aeráide chomh maith. Is minic a chailleann an ithir.

*Mar a léifidh tú, tá mórán den talamh nach bhfuil oiriúnach do tháirgeadh bia tábhachtach i dtéarmaí CO2 a ionsú.

Ithir agus carbón

Tá dhá oiread an charbóin orgánaigh in ithir ná mar atá i bhfásra. Tá 70 billiún tonna carbóin orgánach nó thart ar 7% den bhuiséad carbóin domhanda iomlán(8) in ithreacha an AE. Tá níos mó ná leath den charbón atá stóráilte sa talamh san AE le fáil sna portaigh móna san Fhionlainn, in Éirinn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe.

Nuair a chuimhníonn tú go n-astaíonn Ballstáit an AE 2 bhilliún tonna carbóin gach bliain ó na foinsí go léir cuirtear an figiúr seo i gcomhthéacs. Mar sin, tá ról deimhneach ag ithreacha in athrú aeráide. Tá fiú caillteanas bídeach de 0.1 % carbón ó ithreacha na hEorpa a astaíodh san atmaisféar cothrom leis an astú carbóin ó 100 milliún gluaisteán breise ar na bóithre. Is ionann é seo agus méadú thart ar leath den chabhlach gluaisteáin atá san AE faoi láthair.

An raibh a fhios agat?

  • Déantar ithir ó charraigeacha agus plandaí agus ainmhithe atá ag lobhadh (9).
  • Gabhann an ithir agus na plandaí atá ag fás ann thart ar 20 % de na hastuithe CO domhanda (9).
  • Cabhraíonn an ithir chun an t-uisce agus an t-aer a análaímid a ghlanadh saor in aisce (9).
  • Is féidir le suas le cúig tonna beatha ainmhíoch maireachtáil i heicteár amháin d’ithir (9).
  • Laghdaíonn ithir shláintiúil an baol tuilte agus déanann sí soláthairtí uisce faoi thalamh a chosaint trí truailleáin poitéinsiúla a neodrú nó a scagadh (9).

Ábhar Orgánach Ithreach (SOM)

Is é an phríomh ábhar sa ghaol idir ithir agus stóráil carbóin ná ‘ábhar orgánach ithreach’ (SOM). Is ionann é seo agus suim an ábhair bheo agus mharbh san ithir agus áiríonn sé fuíll ó phlandaí agus miocrorgánaigh chomh maith. Is acmhainn fíor lómhar í a chomhlíonann feidhmeanna ríthábhachtacha don chomhshaol agus don gheilleagar, agus is féidir léi a leithéid a dhéanamh toisc gur éiceachóras iomlán é ar scála micreascópach.

Is rannpháirtí mór é SOM do thorthúlacht na hithreach. Is leigheas an tsaoil é, go háirithe beatha plandúil. Ceanglaíonn sé cothaithigh leis an ithir, á stóráil agus á gcur ar fáil do phlandaí. Is baile é d’orgánaigh na hithreach, idir bhaictéir agus phéist go feithidí, agus ligeann sé dóibh fuíll plandúla a aistriú, agus cothaithigh a choimeád ar féidir a bheith ionsaithe ag plandaí agus bairr. Cothaíonn sé struchtúr na hithreach chomh maith, ag feabhsú insíothlú uisce, ag laghdú galú, ag méadú na hacmhainne um stóráil uisce agus ag seachaint balcadh ithreach mar sin. Ina theannta sin, luathaíonn ábhar orgánach ithreach dianscaoileadh na dtruailleán agus is féidir leis iad a cheangal dá gcáithníní, ag laghdú an riosca ó rith chun srutha mar sin.

Ithir, plandaí, carbón

Trí fótaisintéis, ionsuíonn na plandaí go léir atá ag fás CO2 ón atmaisféar chun cur lena gcuid bithmhais féin. Mar sin féin, díreach mar a fheicimid an planda ag fás os cionn na talún, tarlaíonn fás ceilte don mhéid chéanna thíos faoin dromchla. Scaoileann fréamhacha comhdhúile orgánach éagsúla go leanúnach isteach san ithir, ag cothú an tsaoil mhicróbaigh.

Méadaíonn sé seo an ghníomhaíocht bhitheolaíoch san ithir agus spreagann sé dianscaoileadh an SOM, i dtreo is go scaoiltear cothaithigh mianraí atá de dhíth ar an bplanda chun fás. Oibríonn sé sa treo eile chomh maith: déantar roinnt carbóin a aistriú go comhdhúile orgánaigh seasmhacha a chuireann an carbón faoi ghlas agus a choimeádann é as an atmaisféar ar feadh na céadta bliana.

Ag brath ar chleachtas bainistíochta na bhfeirmeoirí, cineál na hithreach agus na coinníollacha aeráide, is féidir leis an toradh glan de ghníomhaíocht bhitheolaíoch a bheith dearfach nó diúltach do SOM. Cruthaítear slogaide fadtéarmach do charbón ón atmaisféar (de bhreis aréifeachtaí dearfacha eile) trí SOM a mhéadú. Ciallaíonn laghdú an ábhair orgánaigh go bhfuil CO2 astaithe agus tá ár gcleachtais bhainistíochta tar éis cur leis na hastuithe saorga iomlána.

Mar sin, bíonn tionchar ollmhór ag an tslí ina n-úsáidimid an talamh ar conas a déileálann an ithir le carbón. Go ríthábhachtach, scaoileann ithir carbón nuair a aistrítear tailte féaraigh, foraoisí atá á mbainistiú nó éiceachórais dúchasacha go tailte le bairr.

Fásaigh ag druidim ar an Eoraip

Is léiriúchán an-drámata é próiseas ‘an fhairsingithe fásaigh’ — ina ndéantar na cothaithigh in ithir thorthúil, inmharthana a dhraenáil sa mhéid nach féidir léi tacú le saol a thuilleadh agus seans go shéidfidh sí le gaoth fiú — ar cheann de na saincheisteanna atá os comhair na hithreach ar fud na hEorpa.

Ciallaíonn na coinníollacha nádúrtha: tuire, inathraitheacht agus nádúr tolcmhar na báistí, ithreacha leochaileacha, i dteannta leis an taifead fada de bhrú daonna inniu agus san am atá thart go bhfuil tionchar ag fairsingiú fásaigh ar chodanna móra de dheisceart na hEorpa,’ arsa José Luis Rubio, Uachtarán ar Chumann na hEorpa um Chaomhnú Ithreach agus ceannaire an aonaid taighde ithreach arna reáchtáil ag Ollscoil Valencia agus cathair Valencia.

San Eoraip theas, láir agus thoir taispeánann 8 % den chríoch, timpeall 14 milliún heicteár, sochorraitheacht ard i leith fairsingiú fásaigh. Méadaíonn sé seo go níos mó ná 40 milliún heicteár má thógtar sochorraitheacht measartha san áireamh chomh maith. Is iad an Spáinn, an Phortaingéil, deisceart na Fraince, an Ghréig agus deisceart na hIodáile tíortha na hEorpa is mó tionchar orthu anois(10).

’Déantar díghrádú céimseach na hithreach trí chreimeadh, cailliúint an ábhair orgánaigh, salannú nó scrios dá struchtúr a aistriú go comhdhúile éiceachórais eile — acmhainní uisce, brat fásra, fána agus miocrorgánaigh ithreach — i meicníocht bhíseach, a chruthaíonn tírdhreach bánaithe agus aimrid ar deireadh thiar thall.

‘Is minic a bhíonn sé deacair do dhaoine tuiscint a bheith acu ar iarmhairtí an fhairsingithe fásaigh nó iad a fheiceáil fiú toisc go dtarlaíonn siad i bhfolach nó gan fógra i gcoitinne. Mar sin féin, is é is brí lena dtionchar comhshaoil ar tháirgeadh talmhaíochta, costais eacnamaíocha méadaithe de réir tuilte agus sciorradh talún, a dtionchar ar chaighdeán bitheolaíoch an tírdhreacha, agus an tionchar foriomlán ar sheasmhacht an éiceachórais domhanda ná gurb é fairsingiú fásaigh ceann de na fadhbanna comhshaoil is tromchúisí san Eoraip,’ arsa Rubio.

Ithir na hEorpa a chosaint

Is príomh-acmhainn nádúrtha í ithir atá an-casta ach arís agus arís eile táimid ag déanamh beag beann dá luach. Ní thugann dlí an AE aghaidh ar na bagairtí go léir i slí chuimsitheach agus níl sain-reachtaíocht ag roinnt Ballstát maidir le cosaint ithreach.

Tá tograí á bhforbairt ag an gCoimisiún Eorpach i leith beartais ithreach le roinnt mhaith bliana anuas. Measann roinnt Ballstáit go bhfuil siad conspóideach, áfach, agus tá stop tagtha ar fhorbairt beartais. Mar thoradh, níl ithir á cosaint sa tslí céanna mar atá eilimintí ríthábhachtacha ar nós uisce agus aer.

Fócas: Ar son móna

Is iad éiceachórais tailte portaigh na stóir charbóin is éifeachtaí de na héiceachórais dhomhanda go léir. Ní chlúdaíonn tailte portaigh ach 3 % d’achar talún an Domhain ach tá 30 % de charbóin na hithreach go léir ar domhan iontu. Mar sin is iad tailte portaigh an stór carbóin fadtéarmach is éifeachtaí ar domhan.

Mar sin féin, is féidir le hidirghníomhaíochtaí an duine dul isteach go héasca ar chothromaíocht nádúrtha an táirgthe agus an lofa, ag déanamh astairí carbóin as tailte portaigh. Meastar gurb ionann astuithe CO2 ó dhraenáil de thailte portaigh, tinte agus saothrú agus 3 000 milliún tonna ar a laghad gach bliain — is ionann é sin agus níos mó ná 10 % d’astuithe ó bhreoslaí iontaise ar domhan. Ní féidir bainistíocht reatha na dtailte portaigh a chothú i gcoitinne agus tá drochthionchair mhóra aige ar bhithéagsúlacht agus ar an aeráid.(11)

7. An Seirbhís um Chaomhnú Acmhainní Nádúrtha, Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe

8. An Coimisiún Eorpach: An Coimisiún Eorpach, 2008, “Review of existing information on the interrelations between soil and climate change

9. http://ec.europa.eu/environment/pubs/pdf/factsheets/soil.pdf

10. Córas Eolais ar Fhairsingiú Fásaigh in Abhantrach na Meánmhara (DISMED)

11. Tuarascáil UNEP, 2011, Measúnú ar Thailte Portaigh, Bithéagsúlacht agus Athrú Aeráide

Permalinks

Document Actions