next
previous
items

Article

Is í an bhainistíocht inbhuanaithe an tslí le foraoisí sláintiúla a bheith againn san Eoraip

Change language
Article Published 04 Apr 2016 Last modified 11 May 2021
Photo: © Juan Carlos Farias Pardo, Environment & Me /EEA
Cuireann foraoisí na hEorpa seirbhísí riachtanacha ar fáil dúinn: aer glan, uisce glan, stóras nádúrtha carbóin, adhmad, bia agus táirgí eile. Is iontu a fhaightear mórchuid speiceas agus gnáthóg. Phléamar le Annemarie Bastrup-Birk, saineolaí foraoise agus timpeallachta ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, na dúshláin atá faoi fhoraoisí na hEorpa.

Cén fáth a bhfuil an-tábhacht ag baint le foraoisí ó thaobh shláinte na timpeallachta?

 

Soláthraíonn foraoisí mórchuid seirbhísí riachtanacha éiceachórais ar mhaithe leis an timpeallacht agus an aeráid. Mar shampla, cabhraíonn siad linn rialú a dhéanamh ar an aeráid agus dobhardhroma a bhuanú, rud a sholáthraíonn uisce glan dúinn. Cabhraíonn siad chun an t-aer a análaímid a ghlanadh. Is minic a chabhraíonn méadú ar stoc foraoise linn mórchuid carbóin dé-ocsaíde a ghabháil ón atmaisféar. Ina theannta sin, cabhraíonn siad linn an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a chosaint de bhrí gur iomaí speiceas a mhaireann sna foraoisí agus atá ag brath orthu. Is acmhainn thábhachtach eacnamaíoch iad freisin, ní amháin le haghaidh táirgeadh adhmaid ach freisin i gcás acmhainní eile a úsáidtear i gcógais leighis agus i dtáirgí eile. Tá ról tábhachtach ag foraoisí, leis, ó thaobh folláine agus caitheamh aimsire an duine.

San Eoraip, tá an méid talún atá faoi fhoraois ag dul i méid, creid é nó ná creid, i ngeall go príomha ar bheartais foraoisithe agus ar thalamh feirme thréigthe a bheith á tiontú go foraoisí. Tá os cionn 40% de dhromchla talún iomlán 33 bhalltír agus 6 thír chomhoibritheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil faoi fhoraois.

Dá ainneoin sin, is saincheist dhomhanda é sláinte na bhforaoisí agus tá achar iomlán na bhforaoisí ar domhan ag dul i laghad i gcónaí. Agus tá tionchar ag Eorpaigh ar dhífhoraoisiú an domhain. Iompórtálaimid táirgí talmhaíochta chomh maith le táirgí adhmaid agus is iad siúd an dá phríomhchúis le dífhoraoisiú domhanda na bhforaoisí trópaiceacha nó tuaisceartacha.

Ní hé an t-achar iomlán faoi fhoraois an t-aon táscaire amháin ar chóir a chur san áireamh.

Cad iad na dúshláin is mó atá faoi fhoraoisí na hEorpa?

Tá go leor dúshlán faoi fhoraoisí na hEorpa, lena n-áirítear cailleadh gnáthóg agus rioscaí níos airde a bhaineann le speicis ionracha, le truailliú agus leis an athrú aeráide. San áireamh sna dúshláin tá an úsáid a bhainimid as foraoisí le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla, agus cuireann tógáil líonraí iompair agus sraoilleáil uirbeach brú ar fhoraoisí, freisin. Is léir go mbíonn tionchar ag bloghadh­­­ – ­­­­­­is é sin foraoisí móra á roinnt ina stráicí níos lú a bhíonn suite idir talamh feirme agus forbairt uirbeach – ar fhoraoisí agus ar speicis a bhraitheann ar fhoraoisí.

Déanfar anailís ar na saincheisteanna sin inár dtuarascáil ar staid agus ar threochtaí in éiceachórais foraoise na hEorpa, tuarascáil a fhoilseofar níos déanaí an mhí seo. Deimhnítear sa tuarascáil seo gur gá dúinn ár bhforaoisí a chosaint agus bainistíocht inbhuanaithe a chinntiú ar ár n-éiceachórais foraoise, ní amháin ó thaobh táirgeadh adhmaid, ach freisin ó thaobh an úsáid a bhaintear as foraoisí chun seirbhísí éiceachórais eile, atá riachtanach dár bhfolláine, a chur ar fáil.

Cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin ár bhforaoisí a bhuanú agus a chosaint?

Riamh anall, ba iad foraoisí an ghnáthóg nádúrtha i mórchuid den Eoraip agus bhíothas in ann seirbhísí atá riachtanach don timpeallacht agus d’fholláine an duine a bhaint astu. Is áiteanna saibhre iad ó thaobh na bithéagsúlachta de agus is cuid riachtanach iad dár n-iarrachtaí chun gnáthóga nádúrtha a bhuanú san Eoraip.

Le blianta beaga anuas, tá an fheasacht ag méadú i gcineálacha éagsúla plé ar bheartais ar a thábhachtaí atá foraoisí, go háirithe i bhfianaise chomhaontú COP 21 Pháras, mar a pléadh foraoisí mar dhlúthchuid de chúrsaí aeráide. I gcás ceapadh carbóin agus an t-athrú aeráide a mhaolú, is iad foraoisí an t-aon uirlis nádúrtha, b’fhéidir, atá againn. Is féidir linn iad a fhás agus a ghearradh anuas. Níl an cineál smachta sin againn ar na haigéin, mar shampla.

Cén bhagairt d’fhoraoisí é an t-athrú aeráide?

Is eol dúinn go ndéanfar difear dóibh, ach ní heol dúinn conas ná cá mhéad go cruinn. Is féidir torthaí dearfacha agus diúltacha a bheith ar an athrú aeráide. Má éiríonn an aeráid níos teo, is dócha go mbeidh borradh faoi fhás crann agus is féidir go mbeidh toradh dearfach aige sin ar tháirgeadh adhmaid. D’fhéadfadh sé difear a dhéanamh, leis, do líne na gcrann, a d’fhéadfadh bogadh le hairde agus ó thuaidh. Ag an am céanna, is féidir go méadóidh líon na mbagairtí faoi fhoraoisí, bagairtí ar nós pataigíní, galar, lotnaidí agus speiceas ionrach.

Mar shampla, is giorra anois tréimhse forbartha chiaróg na coirte sprúis Eorpaigh (Ips typographus) mar thoradh ar aimsir níos tirime agus níos teo san earrach agus sa samhradh, agus is féidir leis é féin a atáirgeadh arís agus arís eile sa séasúr, agus a líon a mhéadú go mór.

Is féidir le hathruithe ar an aeráid foraoisí a chur i mbaol ó aimsir fhoircneach. Má athraíonn patrúin fearthainne (níos fliche nó níos tirime), d’fhéadfadh speicis nua crainn áit na speiceas crainn atá ann anois a ghabháil, de bhrí go mbeidís níos oiriúnaithe do na dálaí nua aeráide.

Cé gur daoine is coitianta is cúis le dóiteáin foraoise san Eoraip, d’fhéadfadh an baol ó dhóiteán foraoise a bheith níos géire in aimsir an-tirim agus le linn triomaigh, go háirithe i ndeisceart na hEorpa. Agus féadann dóiteáin den sórt sin a bheith treascrach d’éiceachórais foraoise.

Céard atá á dhéanamh ag AE agus ag an EEA chun díriú ar na dúshláin sin?

Freagracht náisiúnta is ea é foraoisí a bhainistiú. Ach tá próiseas Eorpach faoi lán seoil chun critéir agus treoirlínte áirithe a shocrú maidir leis an tslí is fearr le haire a thabhairt d’fhoraoisí na hEorpa. Cé nach bhfuil aon bheartas foraoise AE ann, is mian leis an Aontas Eorpach (AE) foraoisí Eorpacha a bhainistiú ar shlí inbhuanaithe agus tacú leis sin agus feidhmeanna iomadúla na bhforaoisí a chosaint agus a chaomhnú. Chuige sin, ghlac AE Straitéis Foraoise nua, rud a foilsíodh i Meán Fómhair 2013. Déantar iarracht sa straitéis an comhordú idir na páirtithe leasmhara uile a fheabhsú.

 

Táirgeann an Ghníomhaireacht measúnachtaí chun cur leis an mbonn eolais ar fhoraoisí na hEorpa agus chun feasacht a mhúscailt ar na dúshláin atá fúinn i dtaca le foraoisí, agus ionchais a shainaithint ag an am céanna. Chuige sin, oibrímid i ndlúthchomhar le hIonad Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh agus le Eurostat. Ina theannta sin, oibrímid le Copernicus, clár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne, trína ndéantar mapáil ar fhoraoisí agus ar chineálacha foraoisí mar chuid dá sheirbhís monatóireachta talún. Lena chois sin, comhordaímid ár gcuid oibre le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile chun sonraí a chomhroinnt. Tríd ár saineolas agus ár gcomhpháirtíochtaí fairsinge comhshaoil, is féidir linn foraoisí a nascadh le saincheisteanna comhshaoil eile, m.sh. aeráid, talmhaíocht, iompar agus bithéagsúlacht, agus as sin tuiscint níos cuimsithí agus níos fearr a fháil ar an mbrú atá ar éiceachórais foraoise.

Annemarie Bastrup-Birk

Agallamh a foilsíodh in eagrán uimh. 1/2016 de Nuachtlitir an EEA, dar dáta Márta 2016

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage

Tags

Filed under:
Filed under: forests
Document Actions