next
previous
items

Article

Ceimiceáin san Eoraip: an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a thuiscint

Change language
Article Published 15 Jun 2017 Last modified 06 Dec 2022
Is eol go bhfuil tionchar ag nochtadh do cheimiceáin dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Ós rud é go bhfuil ag méadú ar an líon ceimiceán atáthar ag táirgeadh ar domhan agus go bhfuiltear ag forbairt ceimiceán nua agus ag cur chun úsáide iad, conas is eol dúinn cad a mheastar a bheith sábháilte? Rinneamar plé le Xenia Trier, saineolaí EEA ar cheimiceáin, ar shaincheisteanna difriúla atá bainteach le húsáid shábháilte ceimiceán san Eoraip agus ar na bearta atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chun fo-iarmhairtí féideartha na gceimiceán a laghdú.

Cad iad na príomhábhair imní atá ann faoin tionchar atá ag ceimiceáin ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol?

Tá an-dul chun cinn déanta againn le roinnt blianta anuas ó na laethanta sin ina raibh an truailliú ceimiceach gach áit timpeall orainn. Is fearr i bhfad sa lá atá inniu ann an chosaint atá i bhfeidhm againn san AE ar roinnt mhaith substaintí díobhálacha. Mar sin féin, bhí líon na gceimiceán a bhíothas ag táirgeadh ar domhan sa bhliain 2000 50 uair ní b’airde ná a bhí sé sa bhliain 1950. Ina theannta sin, déantar lear ceimiceán nua a chlárú gach lá ar fud an domhain. Méadaíonn an méid sin an brú ceimiceach foriomlán ar an gcomhshaol agus ar dhaoine agus, dá réir sin, méadaíonn sé an baol go ndéanfaí díobháil freisin. D’fhéadfadh nochtadh do cheimiceáin dhíobhálacha faoi dhíon agus amuigh faoin spéir a bheith ina chúis le roinnt mhaith fadhbanna sláinte, lena n-áirítear galair riospráide, galair chardashoithíocha, ailléirgí agus ailse.

Mar an gcéanna, téann úsáid lotnaidicídí, mar shampla, agus carnadh truailleán dianseasmhach i bhfeidhm ar an bhfiadhúlra agus ar éiceachórais. Cé go ndéantar tástáil orthu, is fadálach agus costasach an rud é sin agus ní féidir leis an tástáil gach cás nochta a chlúdach. Is eol dúinn ó thaithí gur minic is ionann na nithe a mheasamar a bheith sábháilte tráth agus na nithe ag a bhfuil tionchar a thagann chun cinn tamall ina dhiaidh sin. Is é an dúshlán atá orainn na buntáistí daonna agus eacnamaíocha a bhaineann le ceimiceáin a choinneáil ar bun agus na fo-iarmhairtí a bhaineann leo a íoslaghdú ag an am céanna.

An bhfuil ceimiceáin á n-úsáid faoi láthair ar cheart dúinn bheith imníoch fúthu?

Is ar shubstaintí aonair a measadh a bheith díobhálach a díríodh an chuid is mó den obair a rinneadh san am atá thart. Is é an fhadhb atá ann, áfach, go bhféadfadh go dtógfadh sé an-chuid ama sula mbeadh go leor sonraí againn chun a chruthú go bhfuil siad díobhálach. Idir an dá linn, bíonn na ceimiceáin ag leathadh. Samplaí den chineál sin idirghabhála atá sna hiarrachtaí atá á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis an luaidhe atá i bpeitreal agus i roinnt lotnaidicídí. Is amhlaidh, áfach, go mbíonn cásanna ann ó am go chéile ina ndéanann na ceimiceáin ionaid an díobháil chéanna, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Saincheist eile is ea go bhfuil imní mhéadaitheach ann faoi na rioscaí a bhaineann le meascáin cheimiceán agus faoin dóigh a n-imoibríonn siad, rud nach mbreithnítear de ghnáth le linn ceimiceáin a mheas. Is eol dúinn freisin go bhfuil grúpaí áirithe sa phobal níos leochailí i leith ceimiceán ná atá daoine eile. Tá leanaí agus daoine ar a bhfuil galair ainsealacha i measc na ngrúpaí sin.

Ina theannta sin, ní bhíonn tionchar láithreach ag gach ceimiceán. Ina ionad sin, is féidir leo a bheith ina gcúis le galair níos déanaí sa saol, amhail torthúlacht laghdaithe, ardleibhéil cholaistéaróil agus murtall i gcás ceimiceáin réabtha iontálach. Is féidir le roinnt ceimiceán tionchar a imirt fiú amháin i gcás nach dtugtar ach dáileoga an-íseal. Os a choinne sin, is féidir nach dtabharfar ceimiceáin eile faoi deara go dtí go mbeidh leibhéal criticiúil bainte amach ag an gcarnadh, rud is cúis le fadhbanna sláinte. Tríd is tríd, tá faisnéis an-teoranta againn fós ar an tionchar a bhíonn ag an mbrú ceimiceach foriomlán ar dhaoine agus ar éiceachórais. 

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na gceimiceán?

Tá an tAontas Eorpach i mbun oibre i roinnt réimsí chun saoránaigh a chosaint. Tá reachtaíocht REACH (Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán) curtha i bhfeidhm againn. Táthar den tuairim go bhfuil sí ar an reachtaíocht ceimiceán is forásaí ar domhan agus táthar á hathbhreithniú faoi láthair. Tá seiceáil oiriúnachta á déanamh ag an gCoimisiún Eorpach ar an reachtaíocht a bhaineann le ceimiceáin freisin. Tharraing Parlaimint na hEorpa aird ar an tsaincheist um meascáin cheimiceán agus timthriallta glana ábhar sa gheilleagar ciorclach. Ar aon dul leis sin, tá an Coimisiún ag ullmhú straitéise le haghaidh timpeallacht neamhthocsaineach a chruthú.

Anuas air sin, tá scrúdú á dhéanamh ag roinnt gníomhaireachtaí Aontais Eorpaigh ar na gnéithe difriúla de cheimiceáin. Tacaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán i Heilsincí le reachtaíocht REACH a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, tá an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia in Parma ag déanamh staidéar ar shubstaintí a d’fhéadfadh bheith le fáil inár gcuid bia. Tá againn gníomhaireacht Aontais Eorpaigh atá ag obair ar shábháilteacht leigheasanna agus gníomhaireacht eile le haghaidh sábháilteachta agus sláinte ag an obair. Chomh maith leis sin, tá tionscnamh speisialta nua ar bun ar an mbithmhonatóireacht dhaonna. Is é aidhm an tionscnaimh sin faisnéis níos fearr a fháil faoi nochtadh iarbhír na saoránach do cheimiceáin. Tá a lán oibre ar siúl, dá bhrí sin. Mar sin féin, tagann ceisteanna chun cinn i gcónaí, mar atá: an bhfuil na huirlisí cearta á n-úsáid againn chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le déileáil leis an oiread sin ceimiceán? An féidir linn scrúdú níos grinne a dhéanamh ar shaolré táirgí agus ceimiceán?

Cad is an tionscnamh bithmhonatóireachta daonna ann?

Sa Tionscnamh Bithmhonatóireachta Daonna don Eoraip (HBM4EU), a bhfuil baint ag EEA leis, déantar scrúdú sonrach ar nochtadh shaoránaigh an Aontais Eorpaigh do cheimiceáin, beag beann ar an áit as a dtagann na ceimiceáin sin. Trí shamplaí fola a bhailiú agus a anailísiú, is é an aidhm atá leis an tionscnamh a dhéanamh amach, mar shampla, an ann do láithreacha áitiúla nó réigiúnacha atá go dona ó thaobh nochta do cheimiceáin de, cé na ceimiceáin a bhfuilimid nochta dóibh, agus an bhfuil an nochtadh i measc grúpaí áirithe sa phobal níos mó ná atá sé i measc grúpaí eile. Ba cheart go mbainfí leas as an bhfaisnéis sin chun foinsí truaillithe a aimsiú agus chun cabhrú leis an lucht déanta beartas idirghabhálacha a chur in ord tosaíochta agus a spriocdhíriú.

Gné eile den tionscadal is ea faisnéis fhónta fhíorasach a thabhairt do shaoránaigh faoi cheimiceáin. Chonaiceamar san am atá thart, i dtuaisceart na hEorpa go háirithe, go bhféadann rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, mar shampla trí eagraíochtaí neamhrialtasacha, cur leis an gcineál idirphlé agus comhair le gnólachtaí agus leis an lucht déanta beartas a theastaíonn le hathruithe dearfacha a bhaint amach.

Cad iad na bearta eile atá á ndéanamh ag EEA ó thaobh ceimiceán agus an chomhshaoil de?

Comhlíonann EEA ról sách leathan i méadú a dhéanamh ar an eolas atá ann ar an tionchar a bhíonn ag ceimiceáin ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine agus ar an eolas ar chosc agus bainistíocht dramhaíola sa gheilleagar ciorclach.

Ag an am céanna, tá baint le ceimiceáin ag an-chuid den obair a dhéanaimid i réimsí téamacha difriúla freisin. Mar shampla, is iad ceimiceáin, tríd is tríd, is cúis leis an tionchar a eascraíonn as truailliú aeir, astaíochtaí ón earnáil tionsclaíochta, gáis cheaptha teasa, substaintí ídithe ózóin agus éilleáin san uisce agus san ithir. Maidir le cuid acu siúd, ginimid táscairí agus cabhraímid le sonraí faoi cheimiceáin a chur ar fáil go réidh do thaighdeoirí, don lucht déanta beartas agus don phobal. Déantar an méid sin ar ár suíomh Gréasáin féin agus ar chórais eile amhail an tArdán Faisnéise um Monatóireacht ar Cheimiceáin (IPCHEM). Tríd is tríd, níl ionainn ach gníomhaire measartha beag sa réimse. Dá ainneoin sin, ceapaim gur féidir linn ról tábhachtach a imirt i staidéar a dhéanamh ar an mór-chomhthéacs sochaíoch, lena n-áirítear, mar shampla, conas a fhéadann ceimiceáin a bheith ina mbacainní ar aistriú i dtreo geilleagar ciorclach ísealcharbóin san Eoraip agus conas a fhéadann siad an t-aistriú sin a éascú.

Xenia Trier

Saineolaí EEA ar cheimiceáin

Agallamh a foilsíodh in eagrán uimh. 2017/2 de Nuachtlitir EEA, Meitheamh 2017

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage

Topics

Document Actions