next
previous
items

Article

Ábhar mór cainte i measc an-chuid daoine san Eoraip is ea cáilíocht an aeir

Change language
Article Published 31 Jan 2017 Last modified 11 May 2021
D’eisigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) an tuarascáil is déanaí uaithi ar ‘Air quality in Europe’ an mhí seo caite. Léirítear sa tuarascáil gurb é truailliú aeir an ghuais chomhshaoil aonair is mó don tsláinte san Eoraip fós, cé go bhfuil feabhas ag teacht de réir a chéile ar cháilíocht an aeir. Labhraíomar le Alberto González Ortiz, saineolaí de chuid an EEA ar cháilíocht an aeir, chun plé a dhéanamh ar thorthaí na tuarascála agus ar an dóigh a bhfuiltear ag úsáid teicneolaíochtaí amhail íomháineachas satailíte chun cabhrú le taighde ar cháilíocht an aeir a fheabhsú.

Cé na príomhthorthaí ó thuarascáil 2016?

Leagtar béim i dtuarascáil na bliana seo ar an bhfíric go leanann tiúchan an truaillithe aeir ar aghaidh ag laghdú ar fud na hEorpa. Mar sin féin, tá tionchar suntasach á imirt ar an tsláinte fós. Leanann truailliú aeir ar aghaidh ag laghdú cháilíocht na beatha mar gheall ar na cineálacha tinnis a bhfuil sé mar chúis leo. Tugtar meastachán nua sa tuarascáil nuashonraithe uainn ar an tionchar ar an tsláinte atá ag na truailleáin aeir is dochraí, amhail PM2.5, a bhí mar chúis le 467 000 bás anabaí san iomlán sa bhliain 2013 in 41 thír san Eoraip.

A bhuíochas le heagraíochtaí amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, is mó eolas atá ag daoine ar na guaiseacha don tsláinte a bhaineann le truailliú aeir. Is eol do níos mó daoine san Eoraip freisin gur fadhb thromchúiseach í fadhb an truaillithe aeir. Bímid gan chosaint ar thruailliú aeir gach uile lá. Ní féidir é a fheiceáil ach is amhlaidh go mothaíonn tú é nuair is ard atá leibhéil truaillithe aeir.

Cad faoi iompar de bhóthar agus truailliú aeir i gcathracha?

Leagtar béim sa tuarascáil ar an tionchar atá ag iompar de bhóthar ar an truailliú aeir. Pléadh an tionchar sin sa nuacht le déanaí maidir le roinnt cathracha Eorpacha, lenar áiríodh Páras agus Londain.

Is as iompar de bhóthar a astaítear an chuid is mó de dhé-ocsaíd nítrigine (NO2), rud atá ar cheann de na príomhthruailleáin a dhéanann dochar don tsláinte. Ina theannta sin, is as an truailleán sin a thagann ábhar ózóin agus cáithníneach ar féidir leo teacht le chéile san aer. Cuireann an t-iompar go mór le príomhábhar cáithníneach freisin trí dhóchán breosla agus trí chaitheamh bonn agus coscán. Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.

Chomh maith leis sin, líonann an t-iompar de bhóthar cuid mhór dár spásanna poiblí. Is féidir é sin a fheiceáil i bplódú tráchta, mar shampla. Cúis le torann atá ann freisin. Is fadhb í lena ngabhann roinnt gnéithe, dá bhrí sin.

Ar ndóigh, ní cheistíonn aon duine an ról tábhachtach a imríonn an t-iompar agus an tsoghluaisteacht inar saol laethúil. Bíodh sin mar atá, is féidir taisteal thart a dhéanamh níos inbhuanaithe. Is léir go bhfuil roinnt mhaith cathracha ar fud na hEorpa ag dul i mbun birt cheana féin agus iad ag iarraidh córais soghluaisteachta níos inbhuanaithe a chur ar bun. Réitigh ghearrthéarmacha iad bearta amhail táillí plódaithe. Ní mór dúinn, mar sin, machnamh a dhéanamh ar athruithe bunúsacha nuálacha níos fadtéarmaí a chur chun feidhme inár gcóras iompair chun ár bhfolláine fhoriomlán a fheabhsú.

Tarraingítear aird sa tuarascáil ar astaíochtaí ó fhoirgnimh chónaithe agus ó fhoirgnimh thráchtála freisin. Cé chomh mór atá an fhadhb a bhaineann leo?

Ó thaobh soirn adhmaid agus tinteán de, is mó an fhadhb a bhaineann leo ná a mheasfadh daoine, go háirithe le linn an gheimhridh. Is iomaí duine, go háirithe in oirthear agus tuaisceart na hEorpa, a lasann a dtinteán nó a sorn adhmaid. Is fearais iad óna n-astaítear méid suntasach PM2.5. Dóchán gach cineáil bhreosla le haghaidh tithe nó foirgnimh thráchtála agus foirgnimh institiúideacha eile a théamh, is amhlaidh gurb é sin an fhoinse is mó óna n-astaítear PM2.5. Is ón earnáil sin ar fad a astaítear breis agus leath an mhéid iomláin PM2.5 san Eoraip.

Fadhb eile a thagann aníos sa gheimhreadh is ea gur gnách a fhanann an chuid is mó de na hastaíochtaí sin san aer gar don talamh mar gheall ar inbhéartú teirmeach. Sna dálaí sin, fanann aer fuar sna cisil íochtaracha den atmaisféar. Leis an aer fuar, ar aer é atá níos tibhe, ní féidir astaíochtaí a mheascadh agus a scaipeadh suas san atmaisféar. Is é an toradh atá air sin go bhfanann an truailliú gar don talamh.

Cé na bearta atá ar bun ag an EEA chun cáilíocht an aeir san Eoraip a fheabhsú?

Ceann de na príomhbhearta a dhéanann an EEA is ea an t-eolas agus na sonraí a theastaíonn a chur ar fáil chun cabhrú leis an lucht déanta beartas cinntí níos eolaí a dhéanamh ar cháilíocht an aeir. Chomh maith leis sin, cabhraíonn ár gcuid oibre le feasacht an phobail a mhéadú ar an bhfadhb, rud atá chomh tábhachtach céanna.

Bailímid sonraí oifigiúla ó thíortha Eorpacha faoi thruailliú aeir. Bainimid úsáid as na sonraí sin chun ár measúnuithe rialta ar cháilíocht an aeir a dhéanamh i riocht tuarascálacha agus táscairí. Comhroinnimid ár sonraí faoi thruailliú aeir le lear mór geallsealbhóirí eile freisin, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne, údaráis náisiúnta nó réigiúnacha agus clár satailíte Copernicus de chuid AE. Ina theannta sin, glacaimid páirt i seimineáir, i gcomhdhálacha agus i gcruinnithe ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain go rialta chun an fhadhb agus ár dtorthaí a chomhroinnt agus a phlé. Is obair í sin lena ngríosaítear an lucht déanta beartas dul i mbun birt. Tá baint ag an truailliú aeir le raon leathan réimsí beartais. Ceann amháin dár dtosaíochtaí, mar sin, is ea beartais agus bearta trasearnála atá comhtháite a chur chun cinn.

An bhfuil úsáid á baint as aon teicneolaíochtaí nua chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar thruailliú aeir?

Is trí stáisiúin sheasta faireacháin um cháilíocht an aeir a bhailítear formhór mór ár sonraí. Is iad na húdaráis náisiúnta agus áitiúla inár mballstáit a fheidhmíonn na stáisiúin sin. Mar sin féin, táimid ag tabhairt faoi deara go bhfuil úsáid á baint as teicneolaíochtaí eile freisin, amhail bailiú sonraí trí úsáid a bhaint as satailítí trí chlár Copernicus de chuid AE. Is rud measartha nua é sin. Oibríonn an EEA le seirbhísí atmaisféir Copernicus agus bainimidne san fhoireann um cháilíocht an aeir san EEA úsáid as roinnt de na sonraí sin inár gcuid oibre. Tríd an bhfaisnéis a ghnóthaítear ó shatailítí a chur le samhaltú, is féidir linn dáileadh spásúil níos cruinne a fháil ar thiúchan truailleán. Dá bhrí sin, is féidir linn léargas i bhfad níos cuimsithí a ghnóthú in ionad sonraí a fháil ag eatraimh áirithe ó stáisiúin tomhais áirithe. Tá sé riachtanach, áfach, go ndeimhnítear torthaí samhla le breathnuithe fíorshaoil agus is leis an ngné sin a bhaineann ríthábhacht leis na sonraí a fhaigheann an EEA ó thíortha ar fud na hEorpa.

Anuas air sin, tá braiteoirí á n-úsáid anois ag saoránaigh ar leibhéal an phobail chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir. Is foinse nua faisnéise í sin ach ní mór cruinneas na bhfeistí sin a fheabhsú fós. Níl siad iontaofa go hiomlán go fóill. Mar sin féin, is teicneolaíocht í atá ag teacht chun cinn agus is bealach iontach é chun méadú a dhéanamh ar fheasacht an phobail ar fhadhbanna truaillithe aeir agus ar an bpáirt a ghlacann an pobal san obair chun aghaidh a thabhairt orthu. D’fhéadfadh go mbeadh an teicneolaíocht sin ina foinse chomhlántach faisnéise le himeacht ama chomh maith.

 

Alberto González Ortiz

Agallamh a foilsíodh i Nuachtlitir EEA 04/2016, Nollaig 2016

Permalinks

Geographic coverage

Topics