next
previous
items

Article

Uisce le haghaidh na Talmhaíochta

Change language
Article Published 13 Dec 2012 Last modified 11 May 2021
Photo: © agrilifetoday | flickr.com
Teastaíonn bia uainn agus teastaíonn fionnuisce glan uainn lenár mbia a tháirgeadh. Le tuilleadh éilimh ó ghníomhaíochtaí an duine ar an gcéad dul síos agus an t-athrú aeráide anuas air sin, bíonn deacracht ag mórán réigiún, go háirithe ó dheas, a ndóthain fionnuisce a fháil chun freastal ar a n-éilimh. Cén chaoi ar féidir linn leanúint le bia a fhás gan an dúlra a fhágáil ar an ngannchuid maidir le huisce glan? Is léir go mbeadh úsáid níos éifeachtúla d’uisce sa talmhaíocht ina chuidiú.

Is in earnáil na talmhaíochta a úsáidtear an tríú cuid den uisce san Eoraip.  Tá tionchar ag an talmhaíocht ar chainníocht agus ar cháilíocht an uisce a bhíonn ar fáil le húsáid in áiteanna eile. In áiteanna áirithe san Eoraip, is cúis mhór fós leis an droch-cháilíocht uisce an truailliú ó lotnaicídí agus ó leasacháin a úsáidtear sa talmhaíocht.

Bíonn ár dtionscail, ár slite maireachtála agus riachtanais phearsanta ár ndaonraí atá ag dul i méid, san iomaíocht leis an dúlra le haghaidh uisce ghlain.  Is gné eile den neamhchinnteacht, maidir le teacht ar acmhainní uisce, an t-athrú aeráide.  Beidh athraithe ar na patrúin fhrasaíochta, de réir cosúlachta, agus táthar ag súil go mbeidh níos mó fionnuisce ar fáil i bpáirteanna den Eoraip agus níos lú fionnuisce i bpáirteanna eile sa todhchaí. Le méadú ar an éileamh agus athrú ar an aeráid, beidh deacracht ag mórán úsáideoirí, an dúlra san áireamh, a riachtanais uisce a shásamh.  I gcás de ghanntanas uisce, d’fhéadfadh tionscail agus teaghlaigh bealaí a fhorbairt chun níos lú uisce a úsáid, ach tá baol ann go ndéanfar damáiste dochúlaithe dár n-éiceachórais atá ag brath ar uisce. Bheadh tionchar ar níos mó ná ar an mbeathra thart timpeall ar dhobharlach ar leith amháin. Bheadh tionchar aige orainne freisin.

Má chuirtear na cleachtais talmhaíochta cearta agus na bearta réitigh tacúla i bhfeidhm, is féidir linn gnóthachain shuntasacha in úsáid éifeachtúil uisce sa talmhaíocht a bhaint amach, rud a fhágfadh go mbeadh tuilleadh uisce ar fáil le haghaidh úsáidí eile, sa dúlra go háirithe.

Tús a chur le huisciúchán éifeachtúil

Is réimse amháin inar féidir difear suntasach a dhéanamh, i ngnóthachain éifeachtúlachta maidir le huisce, an t-uisciúchán barr. I dtíortha dheisceart na hEorpa, amhail an Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Spáinn agus deisceart na Fraince, bíonn gá le huisciúchán de bharr na ndálaí tura nó breacthura. Sna limistéir sin, is le haghaidh an uisciúcháin 80% den uisce a úsáidtear sa talmhaíocht faoi láthair.

Ach ní gá go mbeadh an oiread sin uisce i gceist leis an uisciúchán. Tá gnóthachain éifeachtúlachta maidir le huisce á ndéanamh cheana ar fud na hEorpa trí éifeachtúlacht  iompair (comhréir an uisce a thógtar a sheachadtar go dtí an pháirc) agus trí éifeachtúlacht riartha sa pháirc (an méid uisce a úsáideann barr i gcoibhneas leis an méid iomlán a seachadadh chuig an mbarr sin). Sa Ghréig, mar shampla, rinneadh gnóthachan éifeachtúlachta maidir le huisce de 95% measta, i gcomparáid le modhanna uisciúcháin a úsáideadh roimhe seo, de bharr feabhas a chur ar an iompar agus úsáid a bhaint as gréasáin dáilte éifeachtúla. 

Tá ról tábhachtach ag an mbeartas i spreagadh na hearnála talmhaíochta le cleachtais uisciúcháin níos éifeachtúla a thógáil i gcúram.  San am atá caite, mar shampla, níor ghá go mbeadh dualgas ar fheirmeoirí i dtíortha áirithe Eorpacha uisce a úsáid go héifeachtúil, mar gheall ar an mbeartas praghsála uisce a bhí i réim. Is annamh go mbíodh ar fheirmeoirí fíorphraghas an uisce, a léireodh na costais timpeallachta agus acmhainne, a íoc.  Chomh maith leis sin, bhíodh na fóirdheontais talmhaíochta, a fuarthas trí Chomhbheartas Talmhaíochta an AE (an CBT), agus beartais eile, ag spreagadh feirmeoirí go hindíreach chun barra ar theastaigh go leor uisce uathu a tháirgeadh agus teicnící neamhéifeachtúla á n-úsáid acu.   I gCúige Chordoba, mar shampla, mhéadaigh éifeachtúlacht uisciúcháin maidir le fás an chadáis tuairim is 40% tar éis do na fóirdheontais a bheith díchúpláilte go páirteach ó tháirgeadh an chadáis i 2004. Is dócha go mbeidh laghduithe suntasacha i méid an uisciúcháin a úsáidtear sa talmhaíocht de thoradh ar struchtúr praghsála a thaobhaíonn le húsáideoirí éifeachtúla agus ar dheireadh a chur le fóirdheontais chontráilte talmhaíochta. 

An chaoi a ndéanaimid rudaí a athrú

I dteannta teicnící uisciúcháin modhnaithe, is féidir uisce agus costais a shábháil trí thraenáil agus trí chláir a thugann oiliúint d’fheirmeoirí ina roinntear eolas maidir le cleachtais níos éifeachtúla in úsáid uisce. Sa Chréit, mar shampla, rinneadh sábháil de 9-10% ar an uisce trí úsáid a bhaint as seirbhís chomhairleach uisciúcháin. Tugann an tseirbhís eolas d’fheirmeoirí ar an bhfón faoin uair agus faoin mbealach le huisce a chur ar na barra, bunaithe ar mheastacháin laethúla ar na dálaí a bhfuil tionchar acu ar na barra.

Is féidir cáilíocht an uisce atá ar fáil d’úsáideoirí eile a fheabhsú ar bhealach éifeachtúil ó thaobh costais de trí chleachtais talmhaíochta a athrú. Is féidir díriú ar chuid mhaith de na fadhbanna truaillithe uisce ón talmhaíocht ach, mar shampla, leasacháin agus lotnaicídí neamhorgánacha agus orgánacha a úsáid. Ina theannta sin, is féidir cáilíocht an uisce a fheabhsú go suntasach ar fud na hEorpa gan aon tionchar diúltach nó fíorbheagán de ar bhrabúsacht nó ar tháirgeadh, mar shampla, trí úsáid lotnaicídí a laghdú, uainíocht na mbarr a mhodhnú, agus stráicí maolánacha a dhearadh taobh le sruthchúrsaí.

Fuíolluisce a úsáid sa talmhaíocht

Trí fhuíolluisce a úsáid sa talmhaíocht, d’fhéadfaí tuilleadh acmhainní fionnuisce a chur ar fáil le haghaidh riachtanas eile, an dúlra agus teaghlaigh san áireamh. Má dhéantar bainistiú i gceart ar uisce athshlánaithe, is féidir le fuíolluisce cóireáilte malairt soláthair éifeachtúil a chur ar fáil chun éileamh na talmhaíochta ar uisce a shásamh.

Tá úsáid fhuíolluisce chóireáilte le haghaidh na talmhaíochta ag soláthar buntáistí bainistíochta suntasacha i dtíortha áirithe san Eoraip cheana féin. Sa Chipir, mar shampla, is ionann na spriocanna d’uisce athchúrsáilte do 2014 agus tuairim is 24% den éileamh talmhaíochta sa bhliain 2008. In Gran Canaria, is ó fhuíolluisce cóireáilte a chuirtear soláthar ar fáil de 20% den uisce a úsáidtear sna hearnálacha go léir, uisciúchán 5,000 heicteár de phlandáil trátaí agus 2,500 de phlandáil bhananaí san áireamh.

Na beartais a bheith ceart

Sa todhchaí, ionas go mbeidh dóthain uisce ar fáil le riachtanais an éiceachórais a shásamh agus go mbeidh dóthain acmhainní fágtha le haghaidh ár riachtanas tomhaltais, ní mór dúinn na beartais chearta a chur ar fáil chun tacú le bearta éifeachtúlachta. Tá Creat-Treoir Uisce an AE (CTU) tar éis cuidiú len é sin a bhaint amach trí athruithe a spreagadh i gcleachtais talmhaíochta, ar féidir leo cáilíocht agus cainníocht an uisce araon a fheabhsú san Eoraip, ach tá tuilleadh forbartha ar an CBT agus struchtúir phraghsála uisce náisiúnta ag teastáil lena chinntiú go dtacaíonn siad freisin le cuspóirí an CTU.   Díreoidh an treoirphlean le hacmhainní uisce na hEorpa a chosaint, atá le foilsiú ag an gCoimisiún roimh dheireadh na bliana seo, ar na féidearthachtaí a bhaineann le héifeachtúlacht na hacmhainne uisce a mhéadú agus ar na roghanna beartais comhfhreagracha. Bheadh tairbhe ann, gan dabht, don bhainistiú uisce sa talmhaíocht ach fócas níos láidre a bheith sa CBT ar éifeachtúlacht acmhainne agus ar sheirbhísí éiceachórais.

Níl in úsáid níos éifeachtúla ár n-acmhainní uisce sa talmhaíocht ach ceann de na céimeanna nar mhór dúinn a ghlacadh chun ár n-iarmhairt ar an timpeallacht a mhaolú. Gan an chéim sin a ghlacadh, ní féidir linn geilleagar atá éifeachtúil maidir le hacmhainní a bhaint amach ná todhchaí inbhuanaithe a thógáil.

Permalinks

Geographic coverage