next
previous
items

Article

Ní baothchaint amháin - Taidhleoireacht Dhomhanda agus an cuardach do chomharba ar Phrótacal Kiótó

Change language
Article Published 09 Mar 2009 Last modified 11 May 2021
Gach uile bliain osclaítear geataí Gairdíní Cáiliúla Tivoli i gCóbanhávan, páirc shiamsaíochta seanbhunaithe i lár na cathrach, chun tús oifigiúil a chur le saoire na Nollag. Tá an chosúlacht ar an scéal an Nollaig seo nach iad soilse glioscarnacha Tivoli a bheidh sa spot sholas in aon chor d’fhonn go mbeidh aird na ndaoine dírithe COP 15 — an cruinniú athraithe aeráide is tábhachtaí riamh — nuair a thiocfaidh na mílte taidhleoirí, polaiteoirí, lucht gnó, comhshaolaithe agus saineolaithe aeráide ó ar fud na cruinne go príomhchathair na Danmhairge.

Sainmhíneoidh dúshlán an athraithe aeráide, agus ár bhfreagra air, sinne féin, ár ré, agus i ndeireadh na dála, ár leagáid dhomhanda

Ban Ki‑Moon, Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Is céim ríthábhachtach í an cruinniú seo i bpróiseas a tosaíodh i 1992 leis an ‘Earth Summit’ [Cruinniú Mullaigh na Cruinne] i Rio de Janeiro. Ba ann a cuireadh tús leis an gcur chuige domhanda chun dul i ngleic le hathrú aeráide i ndáiríre. Is é a bhí mar thoradh ar an gcruinniú mullaigh ná Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (UNFCCC) atá mar bhonn dlí na n-iarrachtaí domhanda chun déileáil le hathrú aeráide. Táthar tar éis cruinnithe na Comhdhála, ar a dtugtar Comhdhálacha na bPáirtithe (COP), a thionól gach bliain ó 1994 i leith.

Kiótó — an chéad chéim i laghdú na n-astuithe

Is é Prótacal Kiótó, a síníodh i 1997 mar leathnú ar UNFCCC, an chéad chéim san iarracht fhadtéarmach chun na hastuithe a laghdú. Iarracht é seo nach mór a dhéanamh chun leibhéil dhainséaracha athraithe aeráide a chosc. Tiocfaidh deireadh leis an gcéad thréimhse tiomantais den phrótacal in 2012 agus beifear ag súil go sholáthróidh 'COP 15' comharba uaillmhianach.

Baineann suntas ar leith le Prótacal Kiótó sa mhéid is gur shocraigh sé spriocanna ceangailteacha astaithe do na tíortha forbartha a dhaingnigh an Prótacal. Mar shampla, tá comhsprioc ag an 15 tír a bhí mar bhaill den AE (AE-15) i 1997 astuithe a laghdú 8 % i gcomparáid le 'bonnbhliain' Kiótó (1). Ní mór dóibh an sprioc seo a chomhlíonadh i rith na tréimhse 2008–2012 (2).

Táthar ag súil go n-éireoidh le tíortha a spriocanna Kiótó a chomhlíonadh trí astuithe sa bhaile a laghdú. Tá deiseanna eile ar fáil dóibh freisin chun cabhrú leo a gcuid spriocanna a chomhlíonadh (féach ar an mbosca: Go dtógfar sinn go Kiótó in am).

Fig. 1 / Bearnaí idir spriocanna agus réamh-mheastacháin Kiótó an AE agus roinnt an ualaigh do 2010 don AE-15. Foinse: Tuarascáil treochtaí agus réamh-mheastachán, EEA, 2007.

Tá Prótacal Kiótó tar éis a bheith conspóideach go leor de bhrí nár dhaingnigh na Stáit Aontaithe é agus de bhrí nach bhfuil spriocanna sonracha faoin bprótacal seo ag náisiúin atá i mbéal forbartha cosúil leis an tSín agus an India, náisiúin ag a bhfuil a ngeilleagair ag forbairt go tapa.

An EEA — cuid amháin den scéal

Tá ról ag foireann athraithe aeráide an EEA in iarracht na hEorpa, ag comhordú ról cuntasóireachta atá suntasach ollmhór. Bailítear, fíoraítear agus déantar anailís ar shonraí na n-astuithe gáis cheaptha teasa (mar a thugtar orthu), ó ar fud na hEorpa i bhfoirm dhá phríomhthuarascáil a áirítear mar chuid de phróiseas Kiótó.

I mbliana, baineann suntas faoi leith leis na huimhreacha agus an anailís atá le fáil sa dhá thuarascáil seo i gcomhthéacs an chruinnithe COP 15 sa mhéid is go dtugann siad léargas soiléir ar conas mar atá ag éirí le hiarrachtaí an AE chun astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú. Beidh spéis ar leith ag tíortha nach n-áirítear faoin bPrótacal nó tíortha nach bhfuil spriocanna sonracha acu go fóill i leith conas mar atá ag éirí leis an AE an prótacal a chur i bhfeidhm.

An tuarascáil fardail — ag comhaireamh gás

Eisítear an chéad tuarascáil ar ghás ceaptha teasa de chuid an EEA san earrach gach bliain agus tuarascáil 'fardail' a thugtar uirthi. Sa chomhthéacs seo tagraíonn gáis cheaptha teasa do ghrúpa de na gáis athraithe aeráide is dainséaraí dá bhfuil ann lena n-áirítear: dé-ocsaíd charbóin, meatán, ocsaíd nítriúil mar aon le gáis fhluairínithe. Tá léargas le fáil ar threochtaí náisiúnta sa tuarascáil fardail: cibé an bhfuil astuithe ag ardú nó ag ísliú. Laistigh de gach tír, tugtar léargas ar fhoinse na laghduithe nó na méaduithe sna hastuithe.

Ní mór do gach Ballstát an AE meastachán dá gcuid astuithe a sholáthar don Choimisiún Eorpach agus don EEA. Smaoinigh ar an earnáil fuinnimh, atá freagrach as ucht níos mó ná 80 % de líon iomlán na n-astuithe gáis cheaptha teasa san AE. Méadaítear na staitisticí ar úsáid fuinnimh, bunaithe ar an gcineál breosla, faoi 'fachtóirí astuithe' agus ansin tugann gach tír meastachán ar na hastuithe fuinnimh. Meastar astuithe ón earnáil talmhaíochta bunaithe ar limistéar na n-ithreacha saothraithe, na cineálacha barr, úsáid leasacháin agus líon an bheostoic (eallaí, éanlaithe, caoirigh, muca, srl) sa tír.

Díreach mar a dhéantar tástáil rialta ar lúthchleasaithe lena chinntiú go gcloíonn siad leis na rialacha, déantar monatóireacht rialta. Bailítear na sonraí ar fad le chéile ionas gur féidir léargas ginearálta a fháil ar astuithe ar fud na hEorpa agus seoltar chuig an gCoimisiún Eorpach iad, áit a nglactar leis na sonraí mar aighneacht oifigiúil an Chomhphobail Eorpaigh chuig an UNFCCC.

De bhrí go mbíonn na sonraí le deimhniú ar leibhéal náisiúnta bíonn mhoill de bhliain go leith. Tá an tuarascáil is déanaí a foilsíodh i Meitheamh 2008 bunaithe ar shonraí 2006. Léirítear go raibh astuithe ó AE-15 suite ag 3 % faoi bhun na bonnbhliana.

Céard a chiallaíonn na huimhreacha?

Coincheap teibí go leor é an coincheap a bhaineann le gáis a chomhaireamh. Mar thoradh, is deacair freisin a dhéanamh amach cad go díreach a chiallaíonn laghdú nó méadú céatadáin sna hastuithe. B’fhéidir go gcabhródh sé na laghduithe a shamhlú mar laethanta na bliana. Is ionann spriocanna Kiótó an AE-15 agus luach 29 lá d’astuithe.

Le haghaidh gach ceann de na 5 bliana idir 2008–2012, ar an meán, ba cheart go mbeadh astuithe an AE-15 cothrom le 29 lá níos lú ná leibhéil 1990. Ar an tslí seo, ní mór go dtarlódh laghduithe sna hastuithe ar bhonn comhsheasmhach thar roinnt mhaith blianta.

Is léir ó na sonraí is déanaí ó EEA gur tharla laghdú 10 lá d’astuithe idir 1990 agus 2006. Ní mór don AE-15 laghdú 19 lá eile a chur i bhfeidhm chun an sprioc a chomhlíonadh.

Treochtaí agus réamh-mheastachán

Go gairid i ndiaidh an tuarascáil fardail a sholáthar, tosaíonn foireann athraithe aeráide an EEA ar an dara mórthasc tuairiscithe don bhliain leis an tuarascáil 'Treochtaí agus réamh-mheastacháin' mar thoradh. Foilsítear an tuarascáil seo sa gheimhreadh thart ar an am a thionóltar cruinniú bliantúil COP an AE.

Tá anailís níos géire ar na treochtaí astuithe a luaitear sa chéad tuarascáil le fáil sa tuarascáil seo agus leagtar béim freisin ar fhoinse na n-astuithe agus laghduithe an astaithe. Níos tábhachtaí ná sin ar fad, áirítear an t-am atá romhainn amach sa tuarascáil agus áirítear réamh‑mheastacháin na n-astuithe gáis cheaptha teasa a bheidh ann i 2012 agus níos faide ar aghaidh ná 2020. Tá an léargas seo thar a bheith luachmhar i dtéarmaí eolas a fháil faoin bhfadhb atá ann i ndáiríre mar aon le heolas a fháil faoin slí is fearr chun beartas a fhorbairt le déileáil leis an bhfadhb (3).

Deimhníonn an tuarascáil Treochtaí agus réamh-mheastacháin is déanaí gur laghdaigh an AE-15 a chuid astuithe 3 % idir an bonnbhliain agus 2006. Luaitear sa tuarascáil go dteastóidh cineálacha éagsúla cur chuige chun an bhearna atá fós ann a líonadh.

Úsáidfear iarrachtaí 'baile' reatha agus beartaithe (atá ag tarlú i ngach tír), meicníochtaí Kiótó, slogaidí carbóin (cosúil le crainn a chur chun na gáis a shú) agus creidiúintí trádála carbóin rud a d'fhéadfadh laghdú 11 % in astuithe a chinntiú don AE-15. Mar sin féin, ní mór do thíortha céimeanna beartaithe a fhorfheidhmiú gan mhoill nó ní bheidh tionchar acu in am leis an sprioc a chomhlíonadh.

Ar leibhéal náisiúnta, d’éirigh leis an bhFrainc, an Ghréig, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe a sprioc Kiótó siúd do 2006 a chomhlíonadh. Measann an Ostair, an Bheilg, an Fhionlainn, an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Phortaingéil go gcomhlíonfaidh siad siúd a gcuid spriocanna, ach bunaithe ar réamh-mheastacháin ón Danmhairg, ón Iodáil agus ón Spáinn ní éireoidh leo a spriocanna um laghdú na n-astuithe a chomhlíonadh.

Go dtógfar sinn go Kiótó in am

Bunaithe ar na sonraí is déanaí de chuid an EEA, bhí astuithe ón AE-15 suite 3 % faoi bhun leibhéil na 'bonnbhliana' in 2006.

Ní mór do thíortha atá páirteach i bPrótacal Kiótó laghduithe suntasacha a chur i bhfeidhm sna hastuithe sa bhaile. Mar sin féin, i ndiaidh an choinníll seo a chomhlíonadh, féadfaidh siad úsáid a bhaint as Meicníochtaí Kiótó cosúil leis an 'Meicníocht Ghlanfhorbartha’ (CDM) agus 'Comhfheidhmiú’, dhá scéim a chiallaíonn gur féidir le tír sciar dá cuid astuithe féin a sheach-chur trí infheistiú in iarrachtaí laghdaithe in áiteanna eile.

Uirlis eile is ea 'Scéim Trádála Astuithe’ an AE (STA AE), a chabhraíonn le tionscail a gcuid astuithe CO2 a laghdú ar bhealach costéifeachtach. Tá teorainneacha socraithe do na suímh thionsclaíocha ar fad a astaíonn a lán CO2. Féadfaidh suímh a ghearrann a gcuid astuithe laistíos dá 'leithdháileadh' an chuid atá fágtha a dhíol mar liúntais astuithe le cuideachtaí eile nach bhfuil dóthain laghduithe déanta acu. Ar an tslí seo táthar tar éis margadh carbóin a fhorbairt. I láthair na huaire meastar go laghdóidh STA AE astuithe an AE-15 le níos mó ná 3 % (4).

I ndiaidh togra ón gCoimisiún Eorpach a mheas, d’fhéadfaí STA AE a leathnú le hearnálacha breise a áireamh, lena n-áirítear eitlíocht, peitriceimiceáin, amóinia agus alúmanam, mar aon le gáis nua, ionas go bhféadfaí beagnach leath de astuithe an AE a chumhdach (5).

I rith tréimhse Kiótó (2008–2012) féadfaidh tíortha forbartha liúntais astuithe a thrádáil eatarthu féin ar mhaithe lena gcuid spriocanna náisiúnta a chomhlíonadh.

Ag féachaint chun cinn: lastall de Kiótó

Ba ag Cruinniú Mullaigh na Cruinne i Rio a cloiseadh don chéaduair na dordfhocail 'freagracht choitianta ach difreáilte', dordfhocail atá i mbéal an phobail ó shin i leith agus trácht á dhéanamh ar athrú aeráide. Go simplí, tugann an frása seo léargas ar an bpointe go bhfuil níos mó freagrachta ag náisiúin forbartha as ucht na gáis cheaptha teasa inár n-atmaisféar. Tá na tíortha seo tar éis a bheith níos tionsclaithe, tá níos mó astuithe cruthaithe acu agus ba cheart go mbeadh spriocanna dlíthiúla acu chun astuithe a laghdú roimh na náisiúin sin atá i mbéal forbartha.

Bhí sé rídheacair an coincheap a chur i ngnímh ar bhealach a raibh glacadh ag tíortha tionsclaithe agus tíortha i mbéal forbartha leis. I mí na Nollag seo chugainn, is é an príomhthasc a bheidh ag COP 15 ná a chinntiú go ndéanfar beart de réir briathair ar mhaithe le hastuithe ar fud na cruinne a laghdú. Ciallaíonn sé seo go mbeidh spriocanna nua ann do laghduithe astuithe agus níos tábhachtaí ná sin ceannacháin náisiún i leith Meiriceá agus náisiúin atá ag forbairt cosúil leis an India agus an tSín.

Táimid ar an eolas cheana féin maidir le seasamh an AE i ndáil leis na hiarrachtaí laghduithe astuithe a bheidh ar siúl amach anseo: laghdú 20 % in astuithe faoin mbliain 2020, agus laghdú 30 % má chinneann náisiúin forbartha eile a bheith páirteach ag an gcruinniú i gCóbanhávan. Beidh Ballstáit uile an AE-27 san áireamh.

Tá sprioc 2020 an AE beagnach cothrom le deireadh a chur leis na hastuithe ar fad as modhanna iompair ar fud na hEorpa. Samhlaigh ar gach trucail, gach bus, gach carr, gach bád agus gach eitleán a scriosadh — i dtéarmaí astuithe. Is cinnte go bhfuil a leithéid thar a bheith uaillmhianach, ach ní mór go mbeadh mar go bhfuil an dúshlán féin thar a bheith dáiríre.

Tugann na sonraí is déanaí le fios gur mhéadaigh astuithe domhanda CO2 ceithre huaire níos tapa ó 2000 i leith i gcomparáid leis na deich mbliana roimhe sin. Sáraíonn an méadú seo an cás is measa a thuairiscigh an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide (IPCC) in 2007. Tá níos mó astuithe CO2 ag teacht ó thíortha tearcfhorbartha anois ná mar ata á n-astú ag tíortha forbartha. Tá laghdú tagtha ar éifeachtacht slogaidí nádúrtha, cosúil leis an aigéan, a shúnn CO2, le 50 bliain anuas, rud a chiallaíonn nach mór go mbeadh ár n-iarrachtaí astuithe ó ghníomhaíochtaí daonna a laghdú níos éifeachtaí má táimid chun leibhéil atmaisféaracha CO2 a choinneáil cobhsaí.

‘Tá costais shuntasacha, idir chostais airgeadais agus mhorálta, le heaspa gníomhaíochta i ndáil le hathrú aeráide. Is iad na daoine bochta a bheidh thíos leis ar dtús, ach beidh tionchar ag na héifeachtaí iarmhartacha orainn ar fad,’ a dúirt an tOllamh Jacqueline McGlade, stiúrthóir feidhmiúcháin an EEA.

'Sáraíonn athrú aeráide idir theorainneacha polaitiúla agus teorainneacha airgeadais. Ní ceist í seo a bhaineann le haire rialtais nó dhó i mbun plé i gcomh-aireachtaí náisiúnta. Is ceist í seo nach mór do cheannairí rialtais díriú uirthi agus is mar sin is ceart déileáil léi,' a dúirt sí.


Tagairtí

The Global Carbon Project, 2008. Carbon Budget 2007.

EEA, 2008a. Annual European Community greenhouse gas inventory 1990–2006 and inventory report 2008, Uimh Theicniúil EEA 6/2008.

EEA, 2008b. Greenhouse gas emission trends and projections in Europe 2008, Uimh Thuarascála EEA 5/2008.


(1) Tá 'bonnbhlianta' difriúla ag gáis dhifriúla faoi Phrótacal Kiótó. I ndáil le dé-ocsaíd charbóin, meatán agus ocsáid nítriúil (99 % de na hastuithe go léir) úsáidtear 1990 mar 'bhonnbhliain' do gach Ballstát an AE-15. I ndáil le gáis fhluairínithe, féadfaidh tíortha bliain eile a roghnú más mian leo. Roghnaigh 12 Ballstát den AE-15 an bhliain 1995.

(2) Tá comhsprioc Kiótó ag an AE-15. Laistigh de seo, tá sprioc laghdaithe difreáilte ag gach Ballstát san AE-15: ba cheart do roinnt díobh astuithe a laghdú ach tá méadú teoranta ceadaithe do chinn eile. Tá spriocanna ar leith ag Ballstáit nua an AE seachas an Chipir agus Málta, níl aon spriocanna acu siúd.

(3) Ag féachaint chun cinn i dtreo 2020, tugann an tuarascáil meastachán fadtéarmach ar an staid ina mbeidh astuithe ar fud na hEorpa. Baineann ábharthacht ar leith leis seo i gcomhthéacs an 'Phacáiste Aeráide agus Fuinnimh' atá á mholadh ag an gCoimisiún Eorpach, atá ag moladh spriocanna don bhliain 2020.

(4) I gcomparáid le ‘bonnbhliain’ Kiótó.

(5) I láthair na huaire, ní áirítear astuithe ón earnáil eitlíochta agus loingseoireachta faoi Phrótacal Kiótó nó faoi dhlí an AE.

Permalinks

Geographic coverage

Topics

Document Actions