next
previous
items

Press Release

Féileacáin nó gnó – féadfaidh an Eoraip an dá cheann a bheith aici!

Change language
Press Release Published 18 Nov 2010 Last modified 16 Dec 2016
Inniu d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) a ceathrú tuarascáil ar Staid agus Ionchais an Chomhshaoil [Environment State and Outlook] — SOER2010. Measúnú cuimsitheach atá ann ar na hathruithe atá ag teacht ar chomhshaol na hEorpa, cúiseanna na n athruithe sin, na bearta atá á ndéanamh againn ina leith. Ní hamháin go dtiocfaidh comhshaol sláintiúil as cur chuige atá comhtháite go hiomlán maidir leis an Eoraip a chlaochlú ina geilleagar glas tíosach ar acmhainní, ach neartófar rathúnas agus comhtháthú sóisialta freisin dar le SEOR 2010.

Níl aon réitigh thapa ar fáil ach ní mór do rialtóirí, gnóthaí agus saoránaigh oibriú le chéile chun teacht ar bhealaí nuálaíocha chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní. Tá na síolta ann le haghaidh ghníomhaíochta na todhchaí: an dúshlán atá romhainn amach ná cabhrú leo fréamhú agus forbairt.

Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA.

Léiríonn measúnú nua an EEA go bhfuil éilimh dhomhanda ar acmhainní nádúrtha chun bia, éadaí, cóiríocht agus iompar a sholáthar do dhaoine ag méadú. Tá na héilimh mhéadaitheacha seo ar chaipiteal nádúrtha ag cur brú méadaithe ar éiceachórais, ar gheilleagair agus ar chomhtháthú sóisialta san Eoraip agus in áiteanna eile. In SOER2010, áfach, deimhnítear go bhfuil feabhas leanúnach tagtha ar chomhshaol na hEorpa de bharr beartais chomhshaoil atá deartha go maith, agus níl cumas fáis na hEorpa á laghdú dá mbarr.

‘Tá níos mó acmhainní nádúrtha á n-ídiú againn ná mar atá cobhsaí ó thaobh na héiceolaíochta de. Is fíor é seo don Eoraip agus don phláinéad trí chéile. Is é an t‑athrú aeráide an comhartha éagobhsaíochta is infheicthe go dtí seo, ach tugann réimse treochtaí domhanda le tuiscint go bhfuil níos mó rioscaí sistéamacha ann d’éiceachórais amach anseo. Ba chóir dúinn machnamh a dhéanamh mar gheall ar nádúr na géarchéime airgeadais reatha,’ a dúirt an tOll. Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA.

Éilíonn aistriú iomlán chuig geilleagar glas atá tíosach ar acmhainní go ndéanfaí breithniú iomlán ar na hacmhainní geilleagracha uile – bithéagsúlacht, talamh, carbón, aibhneacha, na farraigí agus an t-aer a análaímid – i gcinntí a bhaineann le táirgeadh, tomhaltas agus trádáil dhomhanda.

‘Níl aon réitigh thapa ar fáil ach ní mór do rialtóirí, gnóthaí agus saoránaigh oibriú le chéile chun teacht ar bhealaí nuálaíocha chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní. Tá na síolta ann le haghaidh ghníomhaíochta na todhchaí: an dúshlán atá romhainn amach ná cabhrú leo fréamhú agus forbairt,’ a dúirt McGlade mar fhocal scoir.

In SOER2010, leagtar béim freisin ar thuiscint níos fearr ar na naisc idir athrú aeráide, bithéagsúlacht, úsáid acmhainne agus sláinte na ndaoine — agus ar conas is féidir le huirlisí amhail pleanáil spásúlachta, athchóiriú cánach éiceolaíoch, cosc ar thruailliú, réamhchúram agus cuntasaíocht acmhainní tacú le cur chuige nádúrtha bunaithe ar chaipiteal maidir lena gcuid bainistíochta. 

Príomhchinntí agus príomh-mholtaí

 

  • Athrú aeráide: Tá dul chun cinn déanta ag an Aontas Eorpach i leith astuithe a laghdú agus fuinneamh in-athnuaite a leathnú. Tá astuithe 2009 an AE-27 17% faoi bhun leibhéal 1990 agus mar sin táthar ag druidim i dtreo sprioc an bhloic i ndáil le hastuithe a laghdú le 20% faoi 2020. Mar sin féin, níl na treochtaí earnálacha go léir dearfach. Méadaíodh astuithe iompair an AE-27 faoi 24% idir 1990 agus 2008.
  • Oiriúnú don athrú aeráide: Fiú má chomhlíonann an Eoraip a cuid spriocanna laghdaithe astuithe go léir agus go gcomhaontaíonn ceannairí domhanda bearta misniúla i rith na gcainteanna aeráide atá á reáchtáil in Cancun, Meicsiceo i láthair na huaire, beidh sé riachtanach don Eoraip oiriúnú do thionchair leanúnacha agus d’ionchais an athraithe aeráide. Is féidir le bainistíocht thiomanta ar chaipiteal nádúrtha cabhrú chun déileáil leis na dúshláin seo.
  • Bithéagsúlacht, éiceachórais agus sláinte na ndaoine: Tá líonra Natura 2000 de limistéir chosanta, a chlúdaíonn thart ar 18% de thalamh an AE anois, tar éis cabhrú chun speicis i mbaol a chosaint agus spásanna glasa a chaomhnú le haghaidh fóillíochta. Tá an brú ar bhithéagsúlacht agus ar dhaoine laghdaithe ag reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir agus an uisce. Ar an taobh eile den scéal, chuir diansaothrú talamhúsáide, caillteanais ghnáthóga agus ró-iascaireacht cosc ar an AE a sprioc i ndáil le stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta a bhaint amach faoi 2010.
  • Réitigh chomhtháite le léargas domhanda: Trí na naisc iomadúla atá ann idir dhúshláin éagsúla, comhshaoil agus eile a léiriú, spreagann SOER2010 sinn chun gníomhaíochtaí comhtháite a mhéadú thar réimsí beartais éagsúla atá ag déileáil leis na dúshláin seo, d’fhonn feabhsuithe a sheachadadh ar bhonn níos gasta agus comhbhuntáistí a uasmhéadú (m.sh. athrú aeráide a mhaolú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú ag an am céanna).
  • Éifeachtúlacht acmhainne: Is príomhghníomhaithe talamhúsáide iad bia, fuinneamh agus slándáil uisce toisc go mbíonn éilimh chontrártha ag méadú go minic (m.sh. le haghaidh bia, beathaithe agus breosla). Tá cuntasaíocht agus praghsáil a thugann aird iomlán ar éifeachtaí úsáide acmhainne ríthábhachtach chun gnó agus tomhaltóirí a threorú i dtreo éifeachtúlacht acmhainne fheabhsaithe.
  • Rannpháirtíocht na saoránach: Ní féidir le beartas amháin treochtaí comhshaoil a stad nó a aisiompú. Caithfear méadú a dhéanamh ar líon na saoránach atá tiomanta dá dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú trí ról a thabhairt dóibh i mbailiú sonraí agus trí na meáin sóisialta.

 

Nótaí don eagarthóir

Is ionann SOER agus príomhthuarascáil an EEA a fhoilsítear gach cúig bliana. Tá an tuarascáil dírithe ar fhaisnéis a sholáthar i ndáil le staid, treochtaí agus ionchais maidir le comhshaol na hEorpa, lena n-áirítear cúiseanna, tionchair agus freagraí féideartha. Cuimsíonn SOER2010 ceithre phríomhghné: (i) measúnuithe téamacha ar phríomh-shaincheisteanna comhshaoil (athrú aeráide, bithéagsúlacht, talamhúsáid, truailliú aeir, comhshaol mara, tomhaltas srl.) le fíricí agus treochtaí ábhartha ag gabháil leo uile, (ii) measúnú ar mhórthreochtaí domhanda a bhaineann le comhshaol na hEorpa, (iii) measúnuithe tíre, agus (iv) tuarascáil chumaisc chomhtháite.

 

Féadfar rochtain a fháil ar mheasúnaithe uile SOER ar líne ag www.eea.europa.eu/soer.

Maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA)

Tá an EEA lonnaithe i gCóbanhávan. Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht cabhrú chun feabhsuithe suntasacha agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí fhaisnéis a sholáthar atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa do lucht déanta beartas agus don phobal.

Balltíortha an EEA: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, Poblacht na Slóvaice, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe.

 

Sonraí teagmhála

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin:

Gülçin Karadeniz Uasal,

Preasoifigeach

Teileafón: +45 3336 7172

Teileafón póca: +45 2368 3653 

gulcin.karadeniz@eea.europa.eu

Iben Stanhardt Uasal

Preasoifigeach

Teileafón: +45 3336 7168

Teileafón póca: +45 2336 1381

Iben.stanhardt@eea.europa.eu

 

 

Permalinks

Document Actions