next
previous
items

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil

 

Is é príomhchuspóir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus chun cuidiú le feabhas inmheasta agus suntasach a aimsiú i gcomhshaol na hEorpa trí eolas intaofa, dírithe agus cuí a chur ar fáil in am do lucht déanta polasaithe agus don phobal.

 

Bailíonn agus scaipeann an EEA sonraí agus eolas tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Bhreathnadóireacht agus Eolas ar an gComhshaol (Eionet). Is gréasán comhoibríoch é Eionet ina bhfuil EEA agus 32 bhallstát ann, ag bailiú Pointí Náisiúnta Fócais (NPFanna) an AE agus sna tíortha comhoibríocha, Ionaid Eorpacha Toipice (ETCanna), Ionaid Náisiúnta Tagartha (NRCanna) agus saineolaithe an choimisiúin.

 

I measc na hoibre a dhéanann an EEA, bailíonn sé agus déanann anailís ar shonraí roinnte faoin gcomhshaol ó sheirbhísí Coimisiúin na hEorpa, ballstáit EEA, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó chomhdhálacha agus ó chomhaontaithe, ag cur comhairle cuí polasaí ar fáil agus ag cur a chuid eolais ar fáil go forleathan.

 

Eagraíonn an EEA an ghairm seo (EEA/SC/2008/001-014) chun naoi mball ar an gCoiste Eolaíochta a cheapadh le saineolas sna réimsí atá sainithe faoi scóp na gairme seo.

 

Ról Choiste Eolaíochta an EEA

 

Cuidíonn an Coiste Eolaíochta (SC) le Bord Bainistíochta an EEA agus an Stiúrthóir Feidhmeach chun eolas/moltaí eolaíochta a chur ar fáíl agus chun barúlacha proifisiúnta a thabhairt ar cheist ar bith eolaíochta i réimsí oibre ar thug an EEA fúthu.

 

Bunaíodh an Coiste Eolaíochta EEA ar bhonn Ailt 10 Reachtaíocht na Comhairle (EEC) Uimh. 1210/90 ar bhunú na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus an Ghréasáin Faireachais agus Eolais Comhshaoil Eorpaigh (Eionet). Clúdaíonn mórthascanna an SC roghanna seachadtha ar chláir bhliantúla agus iolbhliantúla na Gníomhaireachta, faoi earcú na foirne eolaíochta, agus ar cheist ar bith a bhaineann le heolaíocht agus le gníomhaireachtaí an EEA.

 

Scóp na Gairme

 

Aithnítear na gnéithe thíos mar réimsí tábhachta atá le clúdach ag Coiste Eolaíochta an EEA:

  1. Próisis Atmaisféir, truailliú aeir, maolú athraithe aeráide agus straitéisí oiriúnaithe
  2. Bithéagsúlacht
  3. Fiontraíocht Ghnó agus Chomhshaoil
  4. Eacnamaíocht Eiceolaíochta
  5. Fuinneamh (ina bhfui. maolú agus straitéisí oiriúnaithe)
  6. Stair an Chomhshaoil
  7. Dlí Idirnáisiúnta agus Eorpach Comhshaoil
  8. Uisce úr (ina bhfuil screamhuisce)
  9. Measúnacht chomhtháthaithe ar an gcomhshaol agus táscóirí
  10. Pleanáil spásúil agus bainistíocht ar acmhainní nádúrtha
  11. Tamhlaíocht
  12. Éiceachórais Trastíre, ina measc ithireacha, foraois, tailte féaraigh
  13. Teicneolaíochtaí nua-aimseartha (ina measc nanaitheicneolaíochtaí, GMO, srl)
  14. Iompar agus comhshaol

 

Ballraíocht an Choiste Eolaíochta EEA

 

Tá eolaithe neamhspleácha ó 32 bhallstát an EEA sa Choiste Eolaíochta EEA, ag clúdach gach réimse comhshaoil a bhaineann le réimsí gníomhaíochta na gníomhaireachta.

 

Toghtar Cathaoirleach agus beirt leas-Chathaoirleach an Choiste Eolaíochta óna ball.

 

Ní bheidh níos mó ná 20 saineolaí mar bhaill den choiste eolaíochta.

 

Cuirtear fáilte roimh shaineolaithe ar an choiste a mbíonn saineolas acu ar réimse amháin nó níos mó cumas chomh maith lena bpríomhréimse saineolais, agus an réimse is leithne disciplíní á gclúdach acu agus is féidir.

 

Freastal ar Chruinnithe

 

Táthar ag dúil leis go mbíonn baill an Choiste Eolaíochta ag freastal ar chruinnithe go rialta – cúig uaire in aghaidh na bliana ar a laghad. Bíonn cruinnithe an Choiste Eolaíochta ann ar láithreáin an EEA i gCóbhanhávan.

 

Ní fhaigheann baill an Choiste Eolaíochta íocaíocht ach bíonn siad i dteideal cúitimh le haghaidh gach cruinniú lae. Gheobhaidh baill liúntas taistil agus cothaithe de réir pholasaí na Gníomhaireachta costais taistil agus cóiríochta a aisíoc.

 

Bíonn an Cathaoirleach agus lucht taifeadta an eolais i dteideal cúitimh le costais a ghlanadh maidir le comhordnú dréachtroghanna.

 

Teidlíocht

 

Ní mór d’iarrthóirí an critéar seo a leanas a chomhlíonadh:

§         caithfidh céim ollscoile a bheith acu i réimse cuí eolaíochta, agus b’fhearr iarchéim a bheith acu,

§         10 mbliana ar a laghad den thaithí gairmiúil ag leibhéal dá dtugann na cáilíochtaí cead isteach,

§         caithfidh iarrthóirí bheith ina náisiúnaithe as ceann de bhallstáit an EEA (Ballstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilbhéis agus Turcaí).

 

Critéar Roghnaithe

 

Beidh léirithe incháilithe speise de réir measúnachta comparáidí agus de réir an chritéir seo a leanas:

§         taithí i measúnachtaí eolaíochta agus/nó comhairle eolaíochta a chur ar fáil sna réimsí cuí cumais agus saineolais,

§         taithí in athbhreithniú piaraí a dhéanamh ar obair eolaíochta agus ar fhoilsiúcháin, agus is fearr má bhíonn baint acu le réimsí spéise an EEA,

§         ábaltacht chun anailís a dhéanamh ar eolas casta agus ar chomhaid agus chun dréachtbharúlacha eolaíochta agus tuairiscí a ullmhú,

§         ábaltacht sa phróiseas dearbhaithe cáilíochta,

§         barrfheabhas eolaíochta cruthaithe sna réimsí a gclúdaíonn an t-iarrthóir iad,

§         preferably in an international context, taithí proifisiúnta i dtimpeallacht ildisciplíneach, ach b’fhearr é a bheith i gcomhthéacs idirnáisiúnta,

§         buntáiste a bheadh ann eolas maith ar an mBéarla as siocair gurb é seo teanga oibre an choiste. Buntáiste a bheadh ann cumas chun dóigheanna nua-aimseartha leictreonacha malartaithe eolais a bheith ag iarrthóirí, go háirithe agus rún na gníomhaireachta chun an úsáid is fearr a bhaint as na teicníochtaí seo.

 

Tig leis an Stiúrthóir Feidhmeach glaoch ar phainéal chun measúnacht a dhéanamh ar thaithí proifisiúnta iarrthóirí.

 

Ceapadh, tréimhse agus liosta ionadaithe

 

Ceapfar na saineolaithe is fearr a shásaíonn an critéar seo thuas ar feadh thréimhse ceithre bliana ar féidir a athnuachan ar feadh ceithre bliana eile ar a mhéid.

 

Coinneofar saineolaithe nach gceaptar ach a shásaíonn an critéar ar liosta ionadaithe. Is féidir an liosta a úsáid faoi choinne gníomhaíochtaí den chineál chéanna agus beidh siad bailí [msh.] go dtí 31 Nollaig 2010 (is féidir síneadh a thabhairt) ar feadh thréimhse 2 bhliain. Is féidir bailíocht an liosta ionadaithe a shíneadh.

 

Neamhspleáchas agus dearbhuithe leasa

 

Ceapfar saineolaithe roghnaithe ar bhonn pearsanta. Caithfidh siad dearbhú tiomantais a shíneadh, agus ar bhonn bliantúil, dearbhú leasa a dhéanamh ab fhéidir a bheadh claonta i leith a neamhspleáchais.

 

Cothrom na Féinne

 

Is fostóir comhdheise é EEA agus tá sé ar theann a dhíchill idirdhealú de chineál ar bith a sheachaint.

 

Modh Iarratais

 

Iarrtar ar iarrthóirí a bhfuil suim acu ann a léiriú spéise a chur isteach ar an bhfoirm iarratais ar líne agus an teimpléad CV atá le fáil faoi na naisc seo mar a léirítear thíos.

 

Sa CV ba chóir go raibh liosta d’fhoilsiúcháin eolaíochta an iarrthóra, agus b’fhearr é seo a dhéanamh i mBéarla, agus taithí eile gairmiúil.

 

Taobh amuigh dá bhunréimse saineolais, léireoidh iarrthóirí fosta an dara réimse agus tríú réimse saineolais atá acu ab fhéidir a ghlacadh san áireamh lena chinntiú go mbeidh tacaíocht níos fearr ar fáil i réimsí téamacha agus crosghearrtha in obair an EEA.

 

Is féidir rialacha an mhodh Choiste Eolaíochta an EEA a fháil faoin nasc seo:

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/sc-rules-procedure.pdf

(Cáipéis i mBéarla)

 

Agus tú ag cur isteach ar an bhfoirm iarratais ar líne, déan cinnte de go leanann tú na treoracha seo a leanas:

 

1.      Bí cinnte go nglacann tú san áireamh criosanna ama nuair a bhíonn d’iarratas á chur isteach agat.

 

2.      Nuair a chuireann tú d’iarratas isteach, gheobhaidh tú freagra uathoibríoch.

 

3.      Is é do fhreagracht féin é an freagra uathoibríoch a choinneáil mar chruthú gur chuir tú an t-iarratas isteach.

 

4.      Muna bhfaigheann tú freagra uathoibríoch, cuir d’iarratas isteach arís.

 

Tugann an EEA tacaíocht d’iarratais a chuirtear isteach ar fhoirm ar líne.

 

Glacfar le hiarratais sa ghnáthphost fosta, a fhad is go léiríonn iarrthóirí go soiléir ar an gclúdach an réimse saineolais ar mhaith leo bheith páirteach ann.

 

Is féidir foirmeacha iarratais ar líne (Béarla) agus an teimpléad CV (Béarla) le haghaidh na réimsí céanna a fháil faoi na naisc seo a leanas:

 

Réimse 1. Próisis atmaisféir, truailliú aeir, maolú athraithe aeráide agus straitéisí oiriúnaithe

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area1

 

Réimse 2. Bithéagsúlacht

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area2

 

Réimse 3. Fiontraíocht Ghnó agus Chomhshaoil

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area3

 

Réimse 4. Eacnamaíochtaí Eiceolaíochta

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area4

 

Réimse 5. Fuinneamh (ina measc straitéisí maolaithe agus oiriúnaithe)

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area5

 

Réimse 6. Stair an Chomhshaoil

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area6

 

Réimse 7. Dlí Idirnáisiúnta agus Eorpach Comhshaoil

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area7

 

Réimse 8. Uisce úr (ina measc screamhuisce)

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area8

 

Réimse 9. Measúnacht chomhtháthaithe ar an gcomhshaol

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area9

 

Réimse 10. Pleanáil spásúil agus bainistíocht ar acmhainní nádúrtha

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area10

 

Réimse 11. Tamhlaíochty

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area11

 

Réimse 12. Éiceachórais Trastíre, ina measc ithireacha, foraois, tailte féaraigh

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area12

 

Réimse 13. Teicneolaíochtaí nua-aimseartha (ina measc. nanaitheicneolaíochtaí, GMO srl.)

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area13

 

Réimse 14. Iompar agus Comhshaol

http://www.eea.europa.eu/organisation/scientific-committee/calls/area14

 

 

Ba chóir iarratais atá le cur sa phost a sheoladh chuig:

 

Personnel management group

Scientific Committee Call 2008 – area (léirigh 1-14 dá réir)

European Environment Agency

Kongens Nytorv 6

1050 Copenhagen K

Denmark

 

Iarrtar ar iarrthóirí ceisteanna ar bith faoin ngairm seo a chur chuig: sc.call08-questions@eea.europa.eu

 

Is féidir go n-iarrfar cáipéisí tacaíochta níos moille

 

Coinneofar gach léiriú spéise faoi rún.

 

Ba chóir nóta a dhéanamh de nach gcuirfidh an EEA léirithe spéise ar ais chuig iarrthóirí. Déanfar an t-eolas pearsanta a iarrann an EEA a phróiseáil de réir Rialúcháin (AE) Uimh. 45/2001 de Phairlimint na hEorpa agus na Comhairle ar 18 Nollaig 2000 faoi chosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na hinstitiúid Phobail agus na grúpaí agus ar shaorghluaiseacht sonraí den chineál chéanna. Is é an fáth atá le próiseáil na sonraí a chuireann iarrthóirí isteach chun léirithe spéise a bhainistiú agus súil ar réamh-roghnú féideartha, roghnú agus ceapadh Ball an tSainchoiste Eolaíochta EEA.

 

Dáta Deiridh

 

Seolfar léirithe spéise tríd an bhfoirm ar leith iarratais ar líne (12.00 Am na hEorpa Láir) nó leis an ngáthphost (dáta seirbhísí postmharcála mar chruthú) chuig an seoladh thuas luaite faoin 30 Meitheamh 2008.

Document Actions