next
previous
items

Éifeachtúlacht acmhainne agus dramhaíl

Change language
Is é an róshaothrú a dhéanann an duine ar acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí (iontaise), mianraí, uisce, talamh agus bithéagsúlacht, is mó is cúis leis na fadhbanna domhanda comhshaoil atá ann inniu. Tá sé ag éirí soiléir nach múnla inbhuanaitheach é don fhadtéarma an múnla forbartha geilleagraí atá i réim san Eoraip faoi láthair — bunaithe ar úsáid mhór acmhainní, giniúint dramhaíola agus truailliú. Sa lá atá inniu ann, tá an tAontas Eorpach (AE) ag brath go mór ar allmhairí agus tá dhá oiread de thalamh an AE ag teastáil uainn chun freastal ar an éileamh ar acmhainní. Maidir le cuid mhór de na hacmhainní, ní bhíonn siad in úsáid ach ar feadh tréimhse ghearr, nó cailltear iad ón ngeilleagar trí líonadh talún agus íoschúrsáil (laghdú ar cháilíocht le linn na n-oibríochtaí aisghabhála).

There are currently no items in this folder.

Permalinks

Document Actions