next
previous
items

Press Release

Teipeann ar an AE srian a chur ar astaíochtaí ó iompar: feabhsuithe drámata agus spriocanna soiléire de dhíth

Change language
Press Release Published 14 Feb 2008 Last modified 03 Jun 2016
Deir tuarascáil nua foilsithe ag an nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach nach mór don earnáil iompair san AE bearta diana a fheidhmiú chun cabhrú leis an Eoraip a cuid spriocanna astaíochtaí gáis ceaptha teasa a bhaint amach.

Le líon na bpaisinéirí ag méadú diaidh ar ndiaidh agus iompar lasta ag fás ar luas níos gasta ná an geilleagar, tá níos lú éifeachtúlacht ag baint le gluaiseacht earraí, in ainneoin an dul chun cinn teicneolaíoch. Impíonn an staidéar Climate for transport change ar lucht déanta beartas spriocanna dúshlánacha, ach réadúla a leagadh don earnáil seo, fad atáthar ag tabhairt aghaidh ar éileamh iompair ‘i mbealach dáiríre agus neamhleatromach’.

'Táim cinnte dearfa de gur féidir linn teorainn a chur ar fhás bíseach na n-astaíochtaí ón earnáil iompair', a deir an tOllamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA. ‘Cruthaíonn fás neamh-shrianta na ngníomhaíochtaí iompair in iomad fo-iarmhairtí a bhaineann linn ar fad, ar nós truailliú aeir agus torainn. Is mór an damáiste atá á dhéanamh do bhithéagsúlacht na hEorpa chomh maith’.

'Ní mór do bheartas iompair an AE gníomhú ar an bhfás seo in astaíochtaí', a deir an tOllamh McGlade. 'Dá mba rud é go mbeadh iompar, agus go háirithe iompar na mbóithre, tar éis treochtaí na n-earnálacha eacnamaíocha eile a leanúint, d’fhéadfaimis a bheith tar éis ceannaireacht idirnáisiúnta a léiriú trínár spriocanna astaíochtaí gáis ceaptha teasa a bhaint amach faoi Phrótacal Kiótó roinnt mhaith blianta ó shin.'

Téann an tuarascáil, curtha i láthair inniu sa Bhruiséil don Choiste um Athrú Aeráide de chuid Parlaimint na hEorpa, i bhfad níos faide ná soláthar sonraí astaíochta ón earnáil iompair agus cuirtear iallach ar chomhtháthú talamhúsáide agus iompair i bpleanáil uirbeach. Ar fud an AE-15, cuimsíonn cathracha thart ar 80 % de chostais brú tráchta, lena n-áirítear caillteanas uaireanta oibre.

'Tá an t-iompar tar éis a bheith ina stocaire le ró fhada an lá maidir leis an gcomhrac i gcoinne téamh domhanda agus astaíochtaí carbóin. Tá sé de dhíth ar Rialtais agus ar shaoránaigh athmhachnamh a dhéanamh ar a gcur chuige i leith beartas iompair — mar féin-imní i gcosaint a sláinte, murach aon rud eile. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh ag tabhairt pribhléid do mhodhanna iompair nach bhfuil chomh éifeachtúil' a deir an tOllamh McGlade.

Léiríonn an staidéar AE-leathan seo nach bhfuil tairbhí fónta tar éis teacht ó ghealltanais deonacha na ndéantóirí gluaisteán chun éifeachtúlacht a fheabhsú i bhfeithiclí. Sa bhreis ar sin, tá rátaí sealbhaithe na bhfeithiclí príobháideacha tar éis a bheith ag laghdú go céimseach. Tagann thart ar 12 % d’astaíochtaí foriomlán CO2 an AE ó bhreosla á dhó ag gluaisteáin phaisinéara.

Ní áirítear gníomhaíochtaí eitlíochta agus mara idirnáisiúnta i ngealltanais Phrótacal Kiótó, i bpáirt de bharr na deacrachtaí a bhaineann le hastaíochtaí a leithdháileadh ar thír ar leith.

Cúlra na tuarascála

Is foilseachán bliantúil é an tuarascáil Climate for a transport change ó Fhearas Tuairiscithe Iompair agus Comhshaoil (TERM) an EEA, a dhéanann monatóireacht ar dhul chun cinn agus éifeachtúlacht na n-iarrachtaí chun straitéisí iompair agus comhshaoil a chomhtháthú.

Déanann an tuarascáil iarracht gach ball-thír de chuid an LEE a chlúdach.

AE-27: An Ostair, An Bheilg, An Bhulgáir, An Chipir, Poblacht na Seice, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Ungáir, Éire, An Iodáil, An Laitvia, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, An Ísiltír, An Pholainn, An Phortaingéil, An Rómáin, An tSlóvaic, An tSlóivéin, An Spáinn, An tSualainn, An Ríocht Aontaithe.

Ball-thíortha an LEE: An Ostair, An Bheilg, An Bhulgáir, An Chipir, Poblacht na Seice, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Ungáir, An Íoslainn, Éire, An Laitvia, Lichtinstéin, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, An Ísiltír, An Iorua, An Pholainn, An Phortaingéil, An Rómáin, An Spáinn, An tSlóvaic, An tSlóivéin, An tSualainn, An Eilvéis, An Tuirc agus An Ríocht Aontaithe.

Faoin Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (EEA)

Tá an EEA lonnaithe i gCóbanhávan. Tá sí mar aidhm ag an ngníomhaireacht cabhrú chun feabhsuithe suntasacha agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí sholáthar faisnéise tráthúil, sprioctha, ábhartha agus iontaofa chuig lucht déanta beartas agus chuig an bpobal.

Contact information

For media enquiries contact

Òscar Romero Sanchez
Press Officer

Phone: +45 33 36 72 07
Mobile: +45 23 68 36 71
E-mail: Oscar.Romero@eea.europa.eu


Marion Hannerup
Head of Communications and Corporate Affairs

Phone: +45 33 36 71 60
Mobile: +45 51 33 22 43

 

Permalinks

Document Actions