Comhshaol na hEorpa 2015: tá rathúnas sa todhchaí ag brath ar chéimeanna níos ceannasaí maidir le beartas, faisnéis, infheistíochtaí agus nuálaíocht

Change language
Press Release Published 25 Feb 2015 Last modified 15 Jul 2016, 11:22 AM
Baineadh tairbhí suntasacha as beartais chomhshaoil agus aeráide na hEorpa, rud a chuir feabhas ar an gcomhshaol agus ar cháilíocht na beatha, agus ag an am céanna ag cur nuálaíochta, cruthú fostaíochta agus fás fostaíochta chun tosaigh. In ainneoin na dtairbhí sin, tá aghaidh le tabhairt ag an Eoraip ar réimse dúshlán leanúnach maidir leis an gcomhshaol atá á méadú an t-am ar fad. Chun aghaidh a thabhairt orthu, ní mór athruithe bunúsacha a dhéanamh maidir le córais táirgthe agus tomhaltais ar fréamhchúis na bhfadhbanna comhshaoil iad.

 Image © EEA, Keith Arkins, Alexander Goranov

Léiríodh in anailís a rinneamar gur éirigh le beartais Eorpacha dul i ngleic le cuid mhór dúshlán comhshaoil thar na blianta. Ach léirítear ann freisin go bhfuilimid ag leanúint le dochar a dhéanamh do chórais nádúrtha ar a seasann ár rathúnas.

Hans Bruyninckx, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EEA

Tá siad sin ar na príomhtheachtaireachtaí ón measúnú gach cúig bliana ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2015 (SOER 2015), atá á fhoilsiú inniu. Measúnú comhtháite ar chomhshaol na hEorpa is ea SOER 2015. Áirítear leis freisin measúnuithe agus sonraí ag leibhéal domhanda, leibhéal réigiúnach agus leibhéal tíre, chomh maith le comparáidí trastíortha.

Baineadh tairbhí suntasacha as beartais an AE

Sa lá atá inniu ann, baineann muintir na hEorpa leas as aer agus uisce atá níos glaine, seoltar méid bruscair níos lú chuig líonadh talún, agus déantar líon níos mó acmhainní a athchúrsáil. Ach tá cuid mhór le déanamh san Eoraip, áfach, leis an sprioc maidir le ‘maireachtáil go maith faoi shrianta an phláinéid’ a bhaint amach faoi 2050, mar atá leagtha amach sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol. Cé go mbainimid leas as acmhainní nádúrtha ar bhealach níos éifeachtaí, táimid go fóill ag díghrádú an bhoinn acmhainní ar a bhfuilimid ag brath san Eoraip agus fud fad an domhain. Is bagairtí móra go fóill iad fadhbanna amhail caillteanas bithéagsúlachta agus athrú aeráide.

Dúirt Hans Bruyninckx, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EEA: Léiríodh in anailís a rinneamar gur éirigh le beartais Eorpacha dul i ngleic le cuid mhór dúshlán comhshaoil thar na blianta. Ach léirítear ann freisin go bhfuilimid ag leanúint le dochar a dhéanamh do chórais nádúrtha ar a seasann ár rathúnas. Cé gur dúshlán ollmhór é maireachtáil laistigh de theorainneacha pláinéadacha, is mór an buntáiste freagairt dó. Dá mbainfí úsáid iomlán as cumas nuála na hEorpa, d’fhéadfaimis a bheith fíor-inbhuanaithe agus chuirfeadh sé amach chun tosaigh muid ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta, ag cruthú tionscail úrnua agus sochaí níos sláintiúla dá bharr.’

Dírítear aird in SOER 2015 ar an ngá le beartais níos uaillmhianaí a cheapadh le fís na hEorpa i 2050 a bhaint amach. Cuirtear béim freisin ar an ngá cuir chuige úrnua a cheapadh a fhreagraíonn don nádúr sistéamach maidir le cuid mhór d’fhadhbanna an chomhshaoil. Mar shampla, is féidir le brúnna seachtracha, olltreochtaí domhanda san áireamh, cur i gcoinne beartas sonrach agus iarrachtaí bainistíochta comhshaoil áitiúil. Ina theannta sin, tá dlúthcheangal ag dúshláin chomhshaoil le córais táirgthe agus tomhaltais a thacaíonn le líon mór post agus slí bheatha agus cruthaíonn athruithe ar na córais sin costais agus tairbhí ilchineálacha. Thairis sin, is minic a bhréagnaítear feabhsuithe ar éifeachtúlacht trí thomhaltas sa bhreis.

Is í an chonclúid sa tuairisc ná cé gur riachtanach na beartais atá ann faoi láthair a chur chun feidhme ina n-iomláine, ní leor na beartais chomhshaoil atá i bhfeidhm faoi láthair, ná na gnóthachain éifeachtúlachta de bharr na teicneolaíochta, le fís na hEorpa i 2050 a bhaint amach.

An gá le príomhchórais a athrú

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta atá le sárú san Eoraip, ní mór beartais níos uaillmhianaí a cheapadh, in éineacht le heolais níos fearr agus infheistíochtaí níos cliste, atá dírithe ar phríomhchórais a bhunathrú amhail bia, fuinneamh, tithíocht, iompar, airgeadas, sláinte agus oideachas. Beidh gá le straitéisí agus le cuir chuige atá dírithe ar bhrúnna a mhaolú agus dochar féideartha a sheachaint, éiceachórais a athshlánú, neamh-chomhionannas socheacnamaíoch a cheartú, agus dul in oiriúint do threochtaí domhanda amhail athrú aeráide agus ídiú acmhainní.

Lean an Dr Bruyninckx air: Tá 35 bliana againn lena chinntiú go bhfuilimid ag maireachtáil ar phláinéad inbhuanaithe faoi 2050. Is cosúil gur tamall fada amach anseo é sin, ach ní foláir dúinn gníomhú anois lenár sprioc a bhaint amach. Ní foláir go mbeidh ár ngníomhartha agus infheistíochtaí níos uaillmhianaí arís agus níos comhtháite. Is iad cuid mhaith de na cinntí a dhéanaimid inniu a chinnfidh an dóigh a mbeimid ag maireachtáil i 2050.’

SOER 2015 Comhshaol na hEorpa: fíricí agus treochtaí roghnaithe

Caipiteal nádúrtha

  • Rinne beartais an AE truailliú a laghdú agus feabhas suntasach a chur ar cháilíocht aeir agus uisce na hEorpa. Tá baol ann, áfach, d’aischur geilleagrach agus folláine na hEorpa de dheasca díghrádú leanúnach ar an éiceachóras.
  • Leanann ídiú bithéagsúlachta ar aghaidh. Thaifead seasca faoin gcéad de na measúnuithe ar speicis faoi chosaint agus 77% faoin gcéad de na measúnuithe ar ghnáthóga, thaifead siad stádas neamhfhabhrach caomhnaithe. Níl an Eoraip san áit inar cheart di a bheith chun a sprioc a chomhlíonadh maidir le stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta faoi 2020.
  • Tá feabhas tagtha ar cháilíocht fionnuisce le blianta beaga anuas, ach ní mheastar, áfach, go mbainfear amach ‘dea-stádas éiceolaíoch’ i 2015 i gcás thart ar leathchuid de dhobharlaigh fionnuisce na hEorpa.
  • Ábhar imní ar leith is ea bithéagsúlacht mhara agus chósta. Áirítear leis na brúnna dochar do ghrinneall na farraige, truailliú, speicis choimhthíocha ionracha agus aigéadú. Tá laghdú ar ró-iascaireacht san Aigéan Atlantach agus sa Mhuir Bhailt, ach léirítear pictiúr níos diúltaí sa Mheánmhuir, áit a raibh ró-iascaireacht ar 91% de stoic ar a ndearnadh measúnú i 2014.
  • Baineadh úsáid as níos lú ná 6% den achar ar a ndearnadh feirmeoireacht le haghaidh talmhaíocht orgánach i 2012, agus bhí difríochtaí móra ann idir thíortha.
  • Ag féachaint chun cinn, réamh-mheastar gur i dtreise a bheidh iarmhairtí an athraithe aeráide ag dul i bhfeidhm ar bhrúnna agus tionchair, agus meastar go mbeidh bunchúiseanna an chaillteanais bithéagsúlachta fós i réim.

Éifeachtúlacht acmhainní

  • Ba é an tomhaltas acmhainní intíre 16.7 tona in aghaidh an duine i 2007, ag laghdú go 13.7 tona i 2012, i bpáirt mar gheall ar chliseadh an tionscail foirgníochta i roinnt tíortha.
  • Tá feabhas tagtha ar bhainistíocht dramhaíola le blianta beaga anuas, agus níos lú dramhaíola á giniúint agus níos lú dramhaíola á seoladh chuig líonadh talún. Tá méadú ar na rátaí athchúrsála i 21 tír idir 2004 agus 2012, agus laghdú ar na rátaí líonta talún i 27 dtír as 31 tír (dá bhfuil sonraí ar fáil). Bhain tíortha EEA meánráta athchúrsála 29% amach i 2012, i gcomparáid le 22% i 2004.
  • Tá laghdú 19% tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó 1990, cé gur tháinig méadú 45% ar an aschur geilleagrach. Tá laghdú tagtha ar úsáid breoslaí iontaise, agus ar astaíochtaí roinnt truailleán ón iompar agus ón tionscal.
  • Chuir géarchéim airgeadais na bliana 2008 agus na cúluithe eacnamaíocha ina dhiaidh sin leis an laghdú ar roinnt brúnna comhshaoil chomh maith. Níl a fhios againn go fóill an seasfaidh na feabhsuithe an fód.
  • Ní leor beartais chomhaontaithe reatha chun go mbeidh an Eoraip in ann a chuid spriocanna fadtéarmacha comhshaoil a bhaint amach, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 80-95%.

Sláinte agus folláine

  • Rinne beartais chomhshaoil feabhas archáilíocht an uisce óil agus an uisce snámha, agus laghdú ar phríomhthruailleáin ghuaiseacha.
  • Leanann iarmhairtí tromchúiseacha sláinte de bharr truailliú aeir agus torainn i limistéir uirbeacha. Sa bhliain 2011, cuireadh timpeall 430 000 bás luath san AE i leith mínábhar cáithníneach agus cuireann nochtadh ar thorann le 10 000 bás luath ar a laghad de bharr galar croí gach bliain.
  • Tá baint ag úsáid mhéadaithe ceimiceán, go háirithe in earraí tomhaltais, le méadú ar ghalair inchríneacha agus neamhoird inchríneacha ar dhaoine.
  • Ceaptar nach leor na feabhsuithe a mheastar a thiocfaidh ar chaighdeán an aeir chun cosc a chur ar dhochar leanúnach, agus meastar go n-éireoidh iarmhairtí as athrú aeráide níos measa.
  • Tháinig méadú ar an earnáil éicithionscail de bhreis agus 50% ó 2000 go 2011, agus tá sé ar na hearnálacha ar a raibh rath maidir le hioncam agus fostaíocht ó ghéarchéim airgeadais na bliana 2008.

Nótaí don eagarthóir

Eolas faoin EEA

Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA). Is é is aidhm di tacú le forbairt inbhuanaithe agus cuidiú le feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí fhaisnéis atá tráthúil, dírithe, ábhartha agus iontaofa a thabhairt do ghníomhairí um cheapadh beartas agus don phobal. Tacaíonn an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol lena cuid oibre (Eionet), gréasán ina bhfuil 39 dtír Eorpacha.

Eolas faoi SOER 2015

Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2015 comhdhéanta de dhá thuairisc agus 87 bhfaisnéisiú ar líne. Tá siad sin comhdhéanta den tuairisc ‘Sintéise’ agus den tuairisc ‘Measúnú ar olltreochtaí domhanda’, agus is comhlánú air sin 11 fhaisnéisiú olltreochtaí domhanda, 25 fhaisnéisiú Eorpacha, naoi bhfaisnéisiú comparáide trastíre, 39 bhfaisnéisiú tíre (arna mbunú ar thuairiscí náisiúnta maidir le staid an chomhshaoil), agus trí thuairisciú réigiúnacha.

SOER 2015:

  • Tugtar measúnú cuimsitheach comhtháite ar staid threochtaí agus ionchais chomhshaol na hEorpa sa chomhthéacs domhanda.
  • Cuireann sí le cur i bhfeidhm beartas Eorpach maidir leis an gcomhshaol idir 2015 agus 2020.
  • Déantar anailís inti ar dheiseanna chun beartais atá ann cheana a mhionathrú (agus an t-eolas a úsáideadh le cur leis na beartais sin) chun fís an Aontais Eorpaigh i 2050 maidir le bheith ag maireachtáil go maith faoi shrianta an phláinéid a bhaint amach.
  • Ullmhaíodh mar chomhghnóthas í i ndlúthchomhar le Eionet, chomh maith le seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, bhí páirt ag roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta in athbhreithniú piaraí an mheasúnaithe.
  • www.eea.europa.eu/soer

Faisnéis teagmhála

Maidir le ceisteanna ó na meáin:

Iníon Iben Stanhardt

An tUasal Arthur Girling

+45 33 36 7168

iben.stanhardt@eea.europa.eu       

+45 33 36 7109

arthur.girling@eea.europa.eu       

Related content

Geographic coverage

Albania, Austria, Belgium, Bosnia and Herzegovina, Bulgaria, Croatia, Cyprus, Czech Republic, Denmark, Estonia, Finland, France, Germany, Greece, Hungary, Iceland, Ireland, Italy, Kosovo (UNSCR 1244/99), Latvia, Liechtenstein, Lithuania, Luxembourg, Malta, Montenegro, Netherlands, Norway, Poland, Portugal, Romania, Serbia, Slovakia, Slovenia, Spain, Sweden, Switzerland, The Former Yugoslav Republic of Macedonia, Turkey, United Kingdom
Subscriptions
Sign up to receive our reports (print and/or electronic) and quarterly e-newsletter.
Follow us
 
 
 
 
 
Archive
European Environment Agency (EEA)
Kongens Nytorv 6
1050 Copenhagen K
Denmark
Phone: +45 3336 7100