næsta
fyrri
atriði

Press Release

An bhfuil iompar na hEorpa ag éirí níos glaise? I bpáirt.

Breyta tungumáli
Press Release Útgefið 19 Apr 2010 Síðast breytt 03 Jun 2016
Topics:
Cé go dtáirgeann dul chun cinn teicneolaíocha feithiclí níos glaine, tá níos mó agus níos mó paisinéirí agus earraí ag taisteal achair níos faide, dá bharr sin ag seach-chur neartúcháin éifeachtachta. Bunaithe ar anailís ar threochtaí fadtéarmacha, lorgaíonn tuarascáil nua de chuid na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpaí (GCE) fís soiléir ag sainmhíniú córas iompair na hEorpa faoin mbliain 2050 agus beartais chomhsheasmhacha chun é a ghnóthú.

Ar a comóradh deich mbliana, soláthraíonn tuarascáil TERM an GCE forbhreathnú ar thionchar an iompair ar an gcomhshaol, forbartha ar anailís déanta ar 40 táscaire ábhartha ó thaobh beartais de. Léiríonn torthaí na tuarascála don tréimhse 1997-2007 pictiúr measctha, le roinnt feabhsuithe i dtruailleáin aeir agus ábhair imní thromchúiseacha maidir le fás dianseasmhach in astuithe gáis cheaptha teasa an iompair.

‘Le deich mbliana anuas táimid tar éis díriú ar bhearta chun soghluaisteacht a feabhsú fad atáthar ag díchúpláil astuithe iompair ó fhás eacnamúil. Inniu, is féidir linn a fheiceáil go bhfuil an infheistíocht chuimsitheach in infreastruchtúr iompair tar éis a chur ar ár gcumas taisteal níos faide i gcéin chun freastal ar ár riachtanais laethúla, ach níl laghdú tagtha ar an méid ama ina bhfuilimid á nochtadh do thorann, do bhrú tráchta agus do thruailliú aeir,’ a dúirt an tOllamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an GCE. ‘Sa todhchaí ní hamháin go mbeidh orainn díriú ar an modh iompair, ach beidh orainn díriú freisin ar na fáthanna a roghnaíonn daoine taisteal, mar i ndeireadh na dála tá an tsoghluaisteacht fite fuaite le cáilíocht ár mbeatha.’

Is ionann iompar, lena n-áirítear eitlíocht idirnáisiúnta agus iompar muirí, agus thart ar aon cheathrú d’astuithe gáis cheaptha teasa uile an AE. Ar bhonn éagsúil ó roinnt earnálacha, leanann tionchar an iompair ar an gcomhshaol ar aghaidh agus é nasctha go dlúth leis an bhfás eacnamúil.

Treochtaí agus torthaí

  • Is iondúil go bhfásann iompar lastais cineál níos gasta ná an geilleagar, le lastas bóthair agus aerlasta ag taifeadadh na méaduithe is airde san AE-27 (43 % agus 35 %, faoi seach, idir 1997 agus 2007). Laghdaigh sciar an iarnróid agus na n-uiscebhealaí intíre sna dlúis lastais iomlána i gcaitheamh na tréimhse sin.
  • Tá an cúlú eacnamaíoch reatha tar éis dlúis iompair a laghdú ach táthar ag ceapadh go leanfaidh an t-iompar ar aghaidh lena chuid fáis chomh luath agus a thosaíonn an geilleagar ag teacht i réim arís.
  • Lean iompar paisinéara ar aghaidh ag fás ach ag ráta níos moille ná an geilleagar. D’fhan aerthaisteal laistigh den AE mar an réimse fáis is gasta, ag méadú 48 % idir 1997 agus 2007. D’fhan turais charr mar an modh iompair ceannródaíoch, ar ionann é agus 72 % de chiliméadair phaisinéara uile san AE-27.
  • I dtíortha an LEE, d'fhás astuithe gáis cheaptha teasa ó iompar (ag eisiamh eitlíocht idirnáisiúnta agus iompar muirí) faoi 28 % idir 1990 agus 2007, agus is ionann é anois agus thart ar 19 % de na hastuithe uile.
  • In ainneoin laghduithe in astuithe truailleáin aeir le déanaí, bhí iompar bóthair ar an astaíre is mó d’ocsaídí nítrigin agus an dara rannchuideoir is mó de thruilleáin ag cruthú ábhair cháithníneach sa bhliain 2007.
  • I measc 32 tír de chuid an LEE, níl ach an Ghearmáin agus an tSualainn ar an mbóthar cuí chun freastal ar a gcuid spriocanna táscacha 2010 maidir le húsáid bithbhreoslaí.
  • Tá trácht ar bhóithre fós go mór chun tosaigh mar an fhoinse nochta is mó do thorann iompair. Táthar ag ceapadh go dtiocfaidh méadú ar an líon daoine nochta do leibhéil torainn damáisteacha, go háirithe istoíche, mura bhforbraítear agus mura gcuirfear chun feidhme beartais torainn éifeachtúla.

Nótaí don eagarthóir

Cúlra na tuarascála

Is foilseachán bliantúil í tuarascáil an GCE I dtreo córas iompair atá tíosach ar acmhainní [Towards a resource-efficient transport system] d’Fhearas Tuairiscithe Iompair agus Comhshaoil (TERM) an GCE, a dhéanann monatóireacht ar dhul chun cinn agus éifeachtúlacht na n-iarrachtaí chun straitéisí iompair agus comhshaoil a chomhtháthú.

Foilsítear tuarascálacha TERM anois ón mbliain 2000 agus tugtar léirstiní tábhachtacha iontu a chabhraíonn go mór leis an bhforbairt de bheartais AE. Déanann an tuarascáil iarracht gach balltír de chuid an LEE a chlúdach.

Faoin nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (GCE)

Tá an GCE lonnaithe i gCóbanhávan. Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht cabhrú chun feabhsuithe suntasacha agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí fhaisnéis a sholáthar atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa do lucht déanta beartas agus don phobal.

Balltíortha an LEE: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, Poblacht na Slóvaice, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe.

Sonraí teagmhála

Le haghaidh ceisteanna na meán:

Gülçin Karadeniz Uasal, Preasoifigeach

Teileafón: +45 3336 7172
Teileafón póca: +45 2368 3653 

gulcin.karadeniz@eea.europa.eu

 

Iben Stanhardt Uasal Preasoifigeach

Teileafón: +45 3336 7168
Teileafón póca: +45 2336 1381

Iben.stanhardt@eea.europa.eu

Permalinks

Topics

Topics:
Skjalaaðgerðir