Personal tools

next
previous
items

Skip to content. | Skip to navigation

Sound and independent information
on the environment

You are here: Home / Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach / Signals - Gach anáil a thógaimid / Signals 2013 / Dún suas / Portráid d’aerasóil dhomhanda

Portráid d’aerasóil dhomhanda

Change language
Ceann de na foinsí nádúrtha d’ábhar cáithníneach san aer is ea ‘Deannach Afraice’ ón Sahára. Cruthaíonn coinníollacha rí-thirime agus rí-the sa Sahára suaiteacht a d’fhéadfadh deannach a chaitheamh suas go hairde 4-5km. Is féidir le cáithníní fanacht ag na hairdí seo ar feadh seachtainí nó míonna agus séidtear iad trasna na hEorpa go minic.
Ionsamhlú cáithníní atmaisféaracha

Ionsamhlú cáithníní atmaisféaracha  Image © William Putman, NASA/Goddard

Foinse ábhar cáithníneach is ea cáitheadh farraige agus is féidir leis suas go 80% de leibhéil cháithníneacha a chur leis an aer i gceantair chósta áirithe. Tá sé cuimsithe de shalainn den chuid is mó a lasctar isteach san aer ag gaotha láidre.

D’fhéadfadh go mbeadh sceitheadh sealadach d’ábhar cáithníneach aeriompartha san Eoraip de bharr brúchtaí bolcáin, mar shampla san Íoslainn nó sa Mheánmhuir.

Dóitear ar an meán beagnach 600 000 heicteár (2.5 uaire a bheag nó a mhór méid Lucsamburg) in aghaidh na bliana le dóiteáin foraoise agus talamh féaraigh agus is foinse shuntasach iad de thruailliú aeir. Creidtear gurb iad daoine go díreach nó go hindíreach is cúis le naoi as gach deich ndóiteán, mar shampla trí choirloscadh, toitíní caite ó dhaoine, tinte campa nó feirmeoirí ag dó fuílleach barr tar éis an fhómhair.

Ionsamhlú cáithníní atmaisféaracha agus a ngluaiseachtaí ag NASA

Ardaítear deannach (dearg) ón dromchla; suaitheann salainn farraige (gorm) laistigh de chuaranfaí; éiríonn deatach (glas) ó thinte; agus caitear amach cáithníní sulfair ó bholcáin agus ó astuithe breosla iontaise.

Rinne ionsamhlú GEOS-5 an portráid d’aerasóil dhomhanda seo ag taifeach 10 gciliméadar. Creidiúint íomhá: William Putman, NASA/Goddard; www.nasa.gov/multimedia/imagegallery/

Geographic coverage

Earth
Filed under: ,

Comments

European Environment Agency (EEA)
Kongens Nytorv 6
1050 Copenhagen K
Denmark
Phone: +45 3336 7100