Personal tools

next
previous
items

Skip to content. | Skip to navigation

Sound and independent information
on the environment

Aer na hEorpa sa lá inniu

Change language
Tá feabhas déanta ag an Eoraip ar a cháilíocht aeir le deich nó fiche de bhlianta anuas. Cuireadh srian le hastuithe ó roinnt truailleán go rathúil ach leanann ábhar cáithníneach agus truailliú ózóin ag déanamh rioscaí tromchúiseacha do shláinte mhuintir na hEorpa.

 Image © Justine Lepaulard

I neart cathracha anois, tá an truailliú chomh dian sin go bhfuil sé beagnach dodhéanta na réalta a fheiceáil san oíche.

Justine Lepaulard, An Fhrainc (ImaginAIR)

Londain, 4 Nollaig 1952: thosaigh ceo tiubh ag titim os cionn na cathrach; stop an leoithne ghaoithe. Sna laethanta a lean sin, níor ghluais an t-aer os cionn na cathrach; scaoileadh ocsaíd sulfair ardleibhéil de bharr gual a dhó agus chuir fordhath scothbhuí leis an gceo. Go luath, bhí na hoispidéil líonta le daoine ag fulaingt ó ghalair riospráide. Ag an nóiméad ba mheasa bhí an léargas chomh dona in áiteanna éagsúla nach raibh daoine in ann a gcosa féin a fheiceáil. Le linn an Toitcheo Mhóir i Londain tá sé measta go bhfuair idir 4,000 agus 8,000 duine breise bás - naíonáin agus daoine scothaosta den chuid is mó - anuas ar an meánráta báis.

Bhíodh truailliú aeir tromchúiseach comónta go leor sa 20ú haois i gcathracha móra tionsclaíocha na hEorpa. Úsáideadh breosla soladach guail go háirithe chun monarchana agus tithe a théamh go minic. In éineacht le coinníollacha geimhridh agus tosca meitéareolaíocha bhíodh an-chuid laethanta nuair a bhíodh leibhéil an-ard de thruailliú aeir ag ainliú os cionn ceantair uirbeacha ar feadh laethanta, seachtainí nó míonna ag am ar bith. Déanta na fírinne, bhí eolas i gcoitinne ar Londain mar gheall ar a heipeasóidí truaillithe aeir ón 17ú haois i leith. Roimh an 20ú haois, measadh gur ceann de thréithe na cathrach ab ea toitcheo Londan agus bhí sé luaite fiú sa litríocht.

London smog

(c) Ted Russell | Getty Images

Lean feabhas réalaíoch tar éis gníomhú ar cháilíocht aeir.

Athraíodh cuid mhór ó shin. Sna blianta tar éis an Toitcheo Mhóir, lean reachtaíocht dírithe ar thruailliú aeir a laghdú ó fhoinsí cónaitheacha mar thithe, tráchtáil agus tionscal as feasacht phoiblí agus pholaitiúil mhéadaithe. Sna 1960í déanacha, tosaíodh ar dhlíthe a rith chun truailliú a réiteach, ní hamháin sa Ríocht Aontaithe ach ina lán tíortha.

Sa 60 bliain ón Toitcheo Mór, tá feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht aeir na hEorpa, den chuid is mó de bharr na reachtaíochta éifeachtaí náisiúnta, Eorpaí agus idirnáisiúnta. 

I roinnt cásanna, d’éirigh sé soiléir nach bhféadfadh fadhb an truaillithe aeir a réiteach ach amháin trí chomhoibriú idirnáisiúnta. Sna 1960í, thaispeáin tuarascálacha staidéir gurbh iad truailleáin scaoilte isteach san aer i Mór-Roinn na hEorpa ba chúis leis an mbáisteach aigéadach, agus mar thoradh air sin, aigéadú aibhneacha agus locha Chríoch Lochlann.  Ba é an toradh a bhí air sin ná an chéad ionstraim ina cheangal dlí idirnáisiúnta chun plé le fadhbanna truaillithe aeir ar bhonn leathan réigiúnach, eadhon Coimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don Choinbhinsiún um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin na hEorpa (TATF) de 1979.

Tá forbairtí teicneolaíochta, roinnt acu spreagtha trí reachtaíocht, curtha le haer na hEorpa a fheabhsú freisin.  Mar shampla tá innill charranna éirithe níos éifeachtúla in úsáid bhreosla; tá scagairí cáithníneacha insuite i gcarranna díosail nua; agus tosaíodh ar fhearas laghdaithe truaillithe níos éifeachtaí a úsáid de réir gach dealraimh in áiseanna tionsclaíocha. Bhí bearta mar mhuirir bhrú tráchta nó dreasachtaí cánach do charranna níos glaine rathúil go leor freisin.

Tá astuithe roinnt truailleán aeir mar dhé-ocsaíd sulfair, aonocsaíd charbóin agus beinséin laghdaithe go mór. Tá feabhsuithe soiléire le feiceáil ar cháilíocht aeir agus dá bharr ar shláinte phoiblí mar thoradh air sin. Mar shampla, bhí an t-athrú ó ghual go gás nádúrtha ina chionsiocair le laghdú tiúchan na dé-ocsaíde sulfair: sa tréimhse 2001-2010 bhí laghdú faoina leath ar thiúchan dé-ocsaíde sulfair san AE.

Is truailleán eile é luaidhe atá réitithe go rathúil trí reachtaíocht. Sna 1920í tosaíodh ar pheitreal luaidhe a úsáid sa chuid is mó d’fheithiclí chun dámáiste do na hinnill dócháin inmheánacha a sheachaint. Ní raibh éifeachtaí sláinte an luaidhe scaoilte isteach san aer aitheanta go dtí na blianta ina dhiaidh sin. Bíonn éifeacht ag luaidhe ar na horgáin agus ar an néarchóras, agus cuireann sé isteach ar fhorbairt intleachtach i leanaí go háirithe. Ag tosú sna 1970í, mar thoradh ar shraith ghníomhartha ag leibhéal na hEorpa agus go hidirnáisiúnta, lean laghdú breiseán luaidhe i bpeitreal a úsáideadh i bhfeithiclí de réir a chéile. Inniu, tuairiscíonn beagnach na stáisiúin go léir a dhéanann monatóireacht ar luaidhe san aer leibhéil tiúchana thíos go maith faoi na teorainneacha atá leagtha síos i reachtaíocht an AE.

Cén seasamh atá againne anois?

Maidir le truailleáin eile, níl na torthaí chomh soiléir. Mar thoradh ar imoibrithe ceimiceacha inár n-atmaisféar agus de bhrí go bhfuilimid ag brath ar ghníomhartha eacnamaíochta áirithe, tá sé níos deacra tabhairt faoi na truailleáin seo.

Tagann deacracht eile ón mbealach ina gcuirtear reachtaíocht i ngníomh agus i bhfeidhm trasna thíortha an AE. Leagann reachtaíocht aeir san AE spriocanna go tipiciúil nó cuireann teorainneacha ar shubstaintí ar leith, ach fágtar do na tíortha a dheimhniú conas a bhainfidh siad na spriocanna seo amach.

Tá an-chuid beart éifeachtach tógtha ag roinnt tíortha chun truailliú aeir a réiteach. Tá níos lú beart déanta ag tíortha eile nó ní raibh na bearta a rinne siad chomh héifeachtach. D’fhéadfadh sé seo a bheith mar thoradh ar leibhéil dhifriúla mhonatóireachta agus cumais fhorfheidhmithe dhifriúla sna tíortha.

Tagann fadhb eile maidir le smacht a choinneáil ar thruailliú aeir ón difríocht idir tastálacha saotharlainne agus coinníollacha réalaíocha sa domhan. I gcásanna ina ndíríonn reachtaíocht ar earnálacha ar leith, mar iompar nó tionsclaíocht, d’fhéadfadh teicneolaíochtaí a dhéantar a thastáil i suíomhanna saotharlainne idéalacha an chosúlacht a bheith orthu go bhfuil siad níos glaine nó níos éifeachtaí ná in úsáidí agus suíomhanna sa domhan réalaíoch.

Ní mór dúinn a chur san áireamh freisin go bhféadfadh treochtaí tomhaltais nua nó beartais nach bhfuil baint acu le cúrsaí aeir éifeachtaí nach mbeifear ag súil leo a bheith acu ar cháilíocht aeir na hEorpa.

ImaginAIR: Agricultural traditions that harm

(c) Cristina Sînziana, ImaginAIR/EEA

“Leantar le sean-nós de choinleach a dhó i gceantair sa Rómáin. Bealach is ea é leis an áit a ghlanadh do bharra nua shaibhre. Chomh maith leis an tionchar diúltach atá aige ar an dúlra, measaim go ndéanann an ghníomhaíocht seo dochar do shláinte an phobail áitiúil. Toisc go bhfuil líon áirithe daoine páirteach chun an tine a smachtú, tá an tionchar an-sainiúil.” Cristina Sînziana Buliga, An Rómáin

Tá nochtadh do PM ard fós sna cathracha

Rangaíonn reachtaíocht reatha an AE agus idirnáisiúnta, dírithe ar thabhairt faoi PM, cáithníní in dhá thoise – 10 miocrón ar trastomhas nó níos lú agus 2.5 miocrón ar trastomhas nó níos lú (PM10 and PM2.5) – agus díríonn ar astuithe díreacha chomh maith le hastuithe gás réamhtheachtaithe.  

Tá an-chuid bainte amach maidir le hastuithe PM san Eoraip. Idir 2001 agus 2010, bhí laghdú 14% san Aontas Eorpach agus 15% i 32 tír an EEA ar astuithe díreacha PM10 agus PM2.5 .

Tá laghdú ar astuithe réamhtheachtaithe PM freisin san AE:  54% ar ocsaídí sulfair (44% san EEA -32); 26% ar ocsaídí nítrigine  (23% san EEA-32); 10% ar amóinia (8% san EEA-32). 

Ach ní i gcónaí a bhíodh nochtadh níos ísle do PM mar thoradh ar na laghduithe seo ar astuithe. D’fhan sciar de dhaonra uirbeach na hEorpa nochta do leibhéil tiúchana PM10 os cionn na luachanna leagtha síos ag reachtaíocht an AE ard (18-41% don AE-15 agus 23-41 don EEA-32) agus níor taispeánadh ach mionlaghdú sa deich mbliana atá thart. Nuair a cuireadh treoirlínte níos déine na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) san áireamh, tá níos mó ná 80% de dhaonra uirbeach san AE á nochtadh do thiúchaintí iomarcacha PM10.

Mar sin, má bhí laghdú suntasach ar astuithe, cén fáth a bhfuil ardleibhéal nochta againn do PM fós san Eoraip? Ní chiallaíonn astuithe a laghdú sa cheantar nó ó fhoinsí ar leith go bhfuil tiúchan níos ísle ann uaidh féin. Is féidir le roinnt truailleán fanacht san atmaisféar fada go leor le bheith iompartha ó thír amháin go tír eile, ó mhór-roinn amháin go mór-roinn eile nó i gcásanna áirithe, timpeall an domhain. Is féidir le hiompar idir-roinneach cáithníní agus a réamhtheachtaithe dul roinnt den bhealach chun an chúis nach bhfuil feabhas ar aer na hEorpa, a mhéid a bhfuil titim ar astuithe PM agus astuithe réamhtheachtaithe PM, a mhíniú.

Is féidir cúis eile leis na tiúchaintí arda leanúnacha de PM a fháil inár bpatrúin tomhaltais. Mar shampla le blianta beaga anuas, foinse mhór thruaillithe PM i roinnt cheantar uirbeacha go háirithe sa Pholainn, sa tSlóvaic agus sa Bhulgáir is ea gual agus adhmad a dhó i soirn bheaga chun tithe a théamh. Praghsanna arda fuinnimh a spreag teaghlaigh, go háirithe iad sin le hioncam laghdaithe, roghanna níos saoire a lorg is ea cuid den chúis atá leis seo.

Ozón: tromluí ar laethanta teo samhraidh?

D’éirigh leis an Eoraip astuithe réamhtheachtaithe ózóin a laghdú freisin idir 2001 agus 2010. San AE bhí laghdú 26% ar astuithe ocsaídí nítrigine (23% in EEA-32), bhí laghdú 27% ar chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin (28% in EEA-32) agus laghdú 33% ar astuithe aonocsaíde carbóin (35% in EEA-32). 

Díreach mar a tharla le PM tá titim ar an méid réamhtheachtaithe ózóin astaithe isteach san atmaisféar, ach níl laghdú dá réir ar na leibhéil arda tiúchana ózóin. Is é iompar idir-roinneach ózóin agus a réamhtheachtaithe is cúis leis seo go páirteach. Imríonn topagrafaíocht agus éagsúlachtaí ó bhliain go bliain i gcoinníollacha meitéareolaíocha, mar ghaotha agus teochtaí, ról freisin.

In ainneoin laghdú ar líon agus minicíocht na dtiúchaintí ózóin buaice i míonna an tsamhraidh, tá nochtadh an daonra uirbigh d’ózón ard fós.  Sa tréimhse 2001-2010 nochtadh idir 15 go 61% de dhaonra uirbeach an AE do leibhéil ózóin os cionn spriocluachanna an AE, i ndeisceart na hEorpa den chuid is mó de bharr samhraí níos teo.  De réir treoirlínte níos déine na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), nochtadh beagnach cónaitheoirí uirbeacha go léir an AE do leibhéil iomarcacha. Ar an iomlán, tá eipeasóidí ózóin níos comónta i réigiún na Meánmhara ná i dtuaisceart na hEorpa.

Ach ní feiniméan uirbeach amháin iad tiúchaintí ózóin arda a fheictear le linn mhíonna an tsamhraidh. Tá an claonadh ann go ginearálta, áfach, go mbíonn leibhéil ózóin níos airde i gceantair tuaithe cé go nochtar níos lú daoine. Bíonn leibhéil níos airde tráchta i gceantair uirbeacha de ghnáth ná mar a bhíonn i gceantair tuaithe. Loiteann ceann de na truailleáin a bhíonn scaoilte ag iompar ar bhóithre móilíní ózóin trí imoibriú ceimiceach áfach, agus mar sin d’fhéadfadh leibhéil ózóin a bheith níos lú i gceantair uirbeacha mar thoradh air sin. Tá na leibhéil níos airde PM sna cathracha mar thoradh ar leibhéil tráchta níos airde, áfach.

ImaginAIR: Sustainable and beautiful

(c) Jerome Prohaska, ImaginAIR/EEA

Reachtaíocht chun astuithe a laghdú

Clúdaítear astuithe coda áirithe den PM agus réamhtheachtaithe ózóin ag Prótacal Gothenburg don Choinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin (Coinbhinsiún TATF) cé go bhféadfadh siad tosú go páirteach i dtíortha eile.

I 2012, sháraigh 12 thír san AE, agus an AE é féin, ceann amháin nó níos mó d’uasteorainneacha astuithe (an méid astuithe ceadaithe) do cheann amháin nó níos mó de na truailleáin atá clúdaithe ag an gcoinbhinsiún (ocsaídí nítrigine, amóinia, dé-ocsaíd sulfair agus comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin).  Sáraíodh uasteorainneacha d’ocsaídí nítrigine i 11 de na 12 thír.

Tagann pictiúr cosúil chun cinn ó reachtaíocht an AE. Rialaítear leis an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochta Náisiúnta (UAN) astuithe de na ceithre thruailleán céanna le Prótacal Gothenburg ach le huasteorainneacha beagán níos déine do roinnt tíortha. Léiríonn sonraí oifigiúla deiridh don Treoir UAN gur theip ar 12 thír san AE a gcuid uasteorainneacha astuithe a bhí ina gceangal dlí d’ocsaídí nítrigine a chomhlíonadh i 2010. Theip ar an-chuid de na tíortha seo freisin a gcuid uasteorainneacha a chomhlíonadh do cheann amháin nó níos mó de na trí thruailleán eile.

Cad as a dtagann truailleáin aeir?

Tá an méid a chuireann gníomhaíocht an duine le truailleáin aeir a chruthú níos éasca a thomhas agus monatóireacht a dhéanamh air ná foinsí nádúrtha ach athraíonn cion an duine go mór ag brath ar an truailleán. Ídiú breosla is ea ceann de na príomhchúiseanna gan amhras agus leathnaítear é trasna earnálacha éagsúla an gheilleagair ó iompar ar bhóithre agus ó theaghlaigh go húsáid fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh.

Foinse thábhachtach eile truailleán ar leith is ea an talmhaíocht. Tagann timpeall 90% de na hastuithe amóinia agus 80% de na hastuithe meatáin ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta. Áirítear dramhaíl (líonta talún), mianadóireacht ghuail agus tarchur gáis fadachair i measc foinsí eile.

Tagann níos mó ná 40% d’astuithe ocsaídí nítrigine ó iompar ar bhóithre fad is a thagann timpeall 60% d’ocsaídí sulfair ó tháirgeadh agus ó dháileadh fuinnimh sna tíortha comhoibrithe agus ballthíortha an EEA. Cuireann foirgnimh phoiblí, tráchtála agus rialtais agus teaghlaigh le timpeall leath de na hastuithe aonocsaíd charbóin agus PM2.5.

Tá sé soiléir go gcuireann a lán earnálacha difriúla den gheilleagar le truailliú aeir. Ní dócha go sroichfear cinnlínte nuachta mar thoradh ar ábhair chúraim faoi cháilíocht aeir a thabhairt isteach sna próisis chinnteoireachta do na hearnálacha seo, ach chabhródh sé go mór, cinnte, le feabhas a chur ar cháilíocht aeir na hEorpa.

Foinsí an truaillithe aeir san Eoraip

Cáilíocht aeir faoi scrúdú poiblí

Is é an rud dáiríre a tharraing cinnlínte idirnáisiúnta agus a tharraing aird phoiblí le blianta beaga anuas ná cáilíocht aeir i gceantair mhóra uirbeacha, go háirithe sna cathracha a bhí ag óstáil na gCluichí Oilimpeacha.

Tóg Béising, mar shampla. Tá eolas i gcoitinne ar an gcathair as a bhfoirgnimh ilstóracha ag dul suas go tapa chomh maith lena truailliú aeir. Tosaíodh rialú córasach ar thruailliú aeir i mBéising i 1998 – trí bliana tar éis é a bheith roghnaithe go hoifigiúil chun na Cluichí Oilimpeacha a óstáil. Rinne na húdaráis bearta táirgiúla chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir roimh na Cluichí. Athsholáthraíodh seantacsaithe agus busanna agus athshuíodh nó dúnadh tionscail shalacha. Sna seachtainí roimh na Cluichí, cuireadh obair thógála ar feitheamh agus cuireadh srian ar úsáid carranna.

Labhair an tOllamh C.S. Kiang, duine de phríomheolaithe aeráide na Síne faoi cháilíocht aeir le linn Chluichí Bhéising:   ‘Le linn an chéad dá lá de na Cluichí, bhí tiúchan PM2.5, na cáithníní míne a théann go domhain isteach sna scamhóga ag timpeall 150mg/m3.  Ar an dara lá thosaigh sé ag cur báistí, d’ardaigh na gaotha agus thit leibhéil PM2.5 go géar agus ansin d’ainligh timpeall 50mg/m3 atá dhá oiread níos mó ná luach treoirlíne 25mg/m3 an EDS.’

London marathon

(c) Rob Ewen | iStock

Tharla plé cosúil leis sin sa Ríocht Aontaithe roimh Chluichí Oilimpeacha Londan i 2012. An mbeadh an cháilíocht aeir maith go leor do lúthchleasaithe Oilimpeacha, go háirithe na reathaithe maratóin nó na rothaithe? De réir Ollscoil Mhanchain, ní raibh Cluichí Oilimpeacha Londan saor ó thruailliú, ach fós d’fhéadfaí gurbh iad na cluichí ba lú truailliú le blianta beaga anuas. Is cosúil gur chabhraigh dea-aimsir agus pleanáil mhaith leis sin; éacht mhór i gcomparáid le Londain i 1952.

Mar sin féin, níl deireadh leis an truailliú aeir tar éis do na spotsoilse Oilimpeacha a bheith múchta. Sna laethanta tosaigh i 2013 bhí Béising tumtha arís i dtruailliú aeir tromchúiseach. Ar 12 Eanáir léirigh toisí oifigiúla tiúchaintí PM2.5 os cionn 400 mg/m3, ach bhí léamha neamhoifigiúla ag suíomhanna éagsúla chomh hard le 800 mg/m3

Tuilleadh eolais

Geographical coverage

[+] Show Map

Document Actions
Filed under: ,

Comments

Sign up now!
Get notifications on new reports and products. Currently we have 33082 subscribers. Frequency: 3-4 emails / month.
Notifications archive
Follow us
 
 
 
 
 
European Environment Agency (EEA)
Kongens Nytorv 6
1050 Copenhagen K
Denmark
Phone: +45 3336 7100