Personal tools

next
previous
items

Skip to content. | Skip to navigation

Sound and independent information
on the environment

Ailt

Change language
Eolaíocht, beartas agus an pobal a nascadh

Le fada an lá is ábhar iontais agus breathnóireachta iad an t-atmaisféar, patrúin aimsire agus éagsúlachtaí séasúracha. Sa 4ú haois B.C. tiomsaíodh i Meteorology, tráchtas Aristotle, breathnóireachtaí an fhealsaimh cháiliúil ní hamháin ar phatrúin aimsire, ach ar dhomhaneolaíochtaí go ginearálta. Go dtí an 17ú haois, bhí an t-aer ina shiombail ar 'neamhní'. Glacadh leis nach raibh aon mheáchan ag aer go dtí gur chruthaigh Galileo Galilei de réir na heolaíochta go raibh.

Read more

Gach anáil a thógaimid

Análaimid ón nóiméad a bheirtear sinn go dtí an nóiméad a fhaighimid bás. Tá sé riachtanach agus ríthábhachtach ní hamháin dúinne ach don bheatha go léir ar an domhan seo. Tá éifeacht ag cáilíocht íseal aeir orainn go léir: déanann sé dochar dár sláinte agus do shláinte an chomhshaoil a mbíonn caillteanais eacnamaíocha mar thoradh air. Ach cad as atá an t-aer a análaimid déanta agus cad as a dtagann na truailleáin aeir éagsúla?

Read more

Aer na hEorpa sa lá inniu

Tá feabhas déanta ag an Eoraip ar a cháilíocht aeir le deich nó fiche de bhlianta anuas. Cuireadh srian le hastuithe ó roinnt truailleán go rathúil ach leanann ábhar cáithníneach agus truailliú ózóin ag déanamh rioscaí tromchúiseacha do shláinte mhuintir na hEorpa.

Read more

Athrú aeráide agus aer

Tá ár n-aeráid ag athrú. Truailleáin aeir chomónta is ea an-chuid gás a athraíonn aeráid agus a bhfuil éifeacht acu ar ár sláinte agus ar an gcomhshaol. Ina lán bealaí, nuair a chuirtear feabhas ar cháilíocht aeir, neartaítear iarrachtaí ar an athrú aeráide a mhaolú freisin agus vice versa ach ní i gcónaí. Is é an dúshlán atá romhainn ná a chinntiú go ndíríonn athrú aeráide agus beartais aeir ar chásanna ina mbíonn an bua ag gach taobh.

Read more

Cáilíocht aeir laistigh

D’fhéadfadh go gcaithfeadh a lán againn suas le 90% dár lá taobh istigh – sa bhaile, ag an obair nó ar scoil. Tá éifeacht dhíreach freisin ag cáilíocht an aeir a análaimid taobh istigh ar ár sláinte. Cad a chinneann cáilíocht aeir taobh istigh? An bhfuil aon difríocht idir truailleáin aeir taobh amuigh agus taobh istigh? An féidir linn feabhas a chur ar cháilíocht aeir taobh istigh?

Read more

Ag cur lenár gcuid eolais faoi aer

Tá ár gcuid eolais agus tuisceana ar thruailliú aeir ag fás gach bliain. Tá líonra fairsingíoch stáisiún monatóireachta againn ag tuairisciú sonraí ar réimse leathan truailleán aeir comhlánaithe le torthaí ó shamhlacha cáilíochta aeir. Ní mór dúinn anois deimhin a dhéanamh de go leantar le faisnéis eolaíochta agus beartas a fhorbairt go comhuaineach.

Read more

Reachtaíocht aeir san Eoraip

Ní mar an gcéanna a bhíonn truailliú aeir i ngach áit. Scaoiltear truailleáin éagsúla isteach san atmaisféar ó réimse leathan foinsí. Chomh luath agus atá siad san atmaisféar is féidir leo trasfhoirmiú go truailleáin nua agus leathnú ar fud an domhain. Níl sé éasca beartais a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun an choimpléascacht seo a réiteach. Thíos tá forbhreithniú ar reachtaíocht aeir san Aontas Eorpach.

Read more

Geographical coverage

[+] Show Map

Document Actions

Comments

Sign up now!
Get notifications on new reports and products. Currently we have 33004 subscribers. Frequency: 3-4 emails / month.
Notifications archive
Follow us
 
 
 
 
 
European Environment Agency (EEA)
Kongens Nytorv 6
1050 Copenhagen K
Denmark
Phone: +45 3336 7100