Personal tools

next
previous
items

Skip to content. | Skip to navigation

Sound and independent information
on the environment

Ceist cheimice

Change language
Tá ceimic ár n-atmaisféir coimpléacsúil. San atmaisféar tá cisil le dlúis dhifriúla agus comhdhéanaimh cheimiceacha dhifriúla. D’fhiafraíomar den Ollamh David Fowler ón Ionad Éiceolaíochta agus Hidreolaíochta den Chomhairle Taighde um an Comhshaol Nádúrtha sa RA faoi na truailleáin aeir agus próisis cheimiceacha inár n-atmaisféar a bhfuil éifeacht acu ar ár sláinte agus ar an gcomhshaol.
ImaginAIR: Rianta sa spéir

ImaginAIR: Rianta sa spéir  Image © Greta De Metsenaere

An bhfuil na gáis go léir tábhachtach don chomhshaol?

Níl roinnt mhaith de na gáis san aer tábhachtach go speisialta i dtéarmaí ceimice. Ní imoibríonn roinnt rianghás mar dhé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil go héasca san aer agus mar gheall air sin, rangaítear mar gháis fhadsaolacha iad. Tá nítrigin, príomhchomhábhar aeir, támh a bheag nó a mhór san atmaisféar. Tá riangháis fhadsaolacha ann ag timpeall na dtiúchaintí céanna ar fud an domhain. Dá dtógfá  sampla sa leathsféar thuaidh agus sa leathsféar theas ní bheadh mórán difríochta i dtéarmaí mhéid na ngás sin san aer.

Tá tiúchaintí gás eile mar dhé-ocsaíd sulfair, amóinia agus na hocsaídeáin sholas- íogair mar ózón i bhfad níos athraithí, áfach. Is bagairt don chomhshaol agus do shláinte an duine na gáis seo agus de bhrí go n-imoibríonn siad chomh tapa sin san atmaisféar, ní fhanann siad rófhada ina mbunfhoirm. Imoibríonn siad go tapa chun comhábhair eile a fhoirmiú nó baintear iad trí shil-leagan don talamh agus déantar tagairt dóibh mar gháis ghearrshaolacha. Mar sin bíonn siad gar do na háiteanna inar astaíodh iad nó inar foirmíodh iad trí imoibriú. Taispeánann íomhánna satailíte cianbhraiteacha baill the de na gáis ghearrsaolacha seo i gcodanna éigin den domhan, ceantair thionsclaíocha go tipiciúil.

Conas is féidir leis na gáis ghearrshaolacha seo fadhbanna a chruthú do cháilíocht aeir agus don chomhshaol?

Tá an-chuid de na gáis ghearrshaolacha seo nimhiúil do shláinte an duine agus don fhásra. Tá siad éasca a chlaochlú san atmaisféar go truailleáin eile, cuid acu trí sholas na gréine. Tá cumas ag fuinneamh na gréine roinnt mhaith de na gáis ghearrshaolacha imoibríocha seo a scoilt ina gcomhdhúile ceimiceacha nua. Sampla maith is ea dé-ocsaíd nítrigine. Déantar dé-ocsaíd nítrigine go formhór trí bhreosla a dhó cibé i gcarranna a dhónn peitreal nó monarchana leictreachais a dhónn gás agus gual. Nuair a nochtar dé-ocsaíd nítrigine do sholas na gréine, scoiltear é in dhá chomhdhúil cheimiceacha, dé-ocsaíd nítreach agus ocsaigín adamhach mar a thugann ceimiceoirí air. Go simplí is adamh singil ocsaigine é ocsaigin adamhach. Imoibríonn an ocsaigin adamhach le hocsaigin mhóilíneach (dhá adamh ocsaigine le chéile mar mhóilíní O2) chun ózón (O3) a fhoirmiú, atá nimhiúil d’éiceachórais agus sláinte an duine agus is é ceann de na truailleáin is tábhachtaí sna tíortha tionsclaíocha go léir.

Ach sna 1980í nach raibh ózón ag teastáil chun sinn a chosaint ón iomarca radaíochta ón ngrian?

Tá sé sin ceart. Ach tá an t-ózón sa chiseal ózóin sa strataisféar ag airdí idir 10km agus 50km os cionn an dromchla, áit a gcuireann sé cosaint ar fáil ó radaíocht UV. Is bagairt áfach é an t-ózón ag leibhéil níos ísle – ar a dtugtar ózón leibhéal na talún go comónta  - do shláinte an duine, bairr agus fásra íogair eile.

Ocsaídeán cumhachtach is ea an t-ózón. Iontrálann sé plandaí trí phóireanna beaga sna duilleoga. Ionsúnn plandaí é agus gineann saorfhréamhacha – móilíní neamhsheasmhacha a dhéanann damáiste do scannáin agus próitéiní. Tá meicníochtaí sofaisticiúla ag plandaí chun deileáil le saorfhréamhacha. Ach má bhíonn ar phlanda cuid den fhuinneamh a shábhálann sé ó sholas na gréine agus ón bhfótaisintéis chun damáiste do na cealla déanta ag saorfhréamhacha a dheisiú beidh níos lú fuinnimh aige chun fás. Mar sin nuair a nochtar bairr d’ózón ní bhíonn siad chomh táirgiúil. Ar fud na hEorpa, Mheiriceá Theas agus na Áise, tá táirgí talmhaíochta laghdaithe ag ózón.

Tá ceimic ózóin sa duine cosúil go leor le ceimic ózóin i bplandaí. Ach in ionad é a iontráil trí phóireanna i ndromchla an phlanda, ionsúitear ózón isteach trí líneáil na scamhóg. Cruthaíonn sé saorfhréamhacha i líneáil na scamhóg agus déanann damáiste d’fheidhmiú na scamhóg. Mar sin is iad na daoine atá faoin riosca is mó ó ózón ná iad siúd le hanálú lagaithe. Má fhéachann tú ar na staitisticí, taispeánann tréimhse ardózóin méadú ar ráta báis laethúil don duine daonna.

Ag cur san áireamh go bhfuil na gáis seo gearrshaolach, nach ndéanfadh gearradh dian ar astuithe dé-ocsaíde nítrigine laghdú tapa ar leibhéil ózóin?

I bprionsabal, dhéanfadh. D’fhéadfaimis astuithe a ghearradh agus thosódh leibhéil ózóin ag titim. Ach cruthaítear ózón an-ghar do dhromchla an domhain an bealach ar fad suas go dtí airde timpeall 10km. Mar sin, tá go leor ózóin chúlra thuas ansin fós. Dá stopfaimis ar é go léir a astú, thógfadh sé mí nó dhó a bheith síos ar ais ag leibhéil nádúrtha ózóin.

Ach fiú dá ndéanfadh an Eoraip an gníomhú sin ar astuithe, ní laghdódh sé dáiríre ár nochtadh d’ózón.  Tagann páirt den ózón a théann isteach san Eoraip ón ózón ginte ó astuithe Eorpacha. Ach nochtar an Eoraip freisin d’ózón iompartha ón tSín, ón India agus ó Mheiriceá Thuaidh.  Gás gearrshaolach is ea dé-ocsaíd nítrigine í féin ach d’fhéadfadh an t-ózón a chruthaíonn sí maireachtáil níos faide agus mar sin tá am aige a bheith iompartha ag an ngaoth ar fud an domhain. Laghdódh cinneadh aontaobhach an AE cuid den bhuaictháirgeadh ózóin thar an Eoraip ach is beag a chuirfeadh sé leis an gcúlra domhanda mar níl san Eoraip ach foinse amháin as an méid iomlán.

Tá fadhb ózóin ag an Eoraip, an tSín, an India agus an tSeapáin chomh maith. Fiú na tíortha atá ag forbairt go tapa mar an Bhrasaíl (áit a scaoileann dó bithmhaise agus feithiclí gáis réamhtheachtaithe ózóin) tá fadhb ózóin acu. Is iad ceantair na n-aigéan iargúlta na háiteanna is glaine i dtéarmaí táirgeadh ózóin.

ImaginAIR: Air and health

(c) Cesarino Leoni, ImaginAIR/EEA

An é an t-ózón an t-aon ábhar imní?

Is iad aerosóil na príomhthruailleáin eile agus iad níos tábhachtaí ná ózón. Ní hionann aerosóil sa chiall seo agus na cinn siúd a gceapann tomhaltóirí gur aerosóil atá iontu,  leithéidí díbholaíocha agus sprae troscáin is féidir a cheannach san ollmhargadh.  Maidir le ceimiceoirí, cáithníní beaga san atmaisféar is ea aerosóil ar a dtugtar ábhar cáithníneach (PM) freisin. D’fhéadfadh siad a bheith soladach nó leachtach agus éiríonn cuid de na cáithníní ina mbraoiníní in aer tais agus ansin ar ais go cáithníní soladacha de réir mar a thriomaíonn an t-aer. Tá baint ag aerosóil le básmhaireacht dhaonna níos airde agus is iad na daoine le fadhbanna riospráide na daoine atá faoin riosca is mó. Bíonn ábhar cáithníneach san atmaisféar ina chúis níos mó le héifeachtaí sláinte ná ózón.

Astaítear a lán de na truailleáin a bhíonn cruthaithe ag gníomhaíochtaí daonna mar gháis. Mar shampla astaítear sulfar mar dhé-ocsaíd sulfair (SO2) fad is a astaítear nítrigin mar dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) agus/nó amóinia (NH3). Ach chomh luath agus atá siad san atmaisféar claochlaítear na gáis seo go cáithníní. Aistríonn an próiseas seo dé-ocsaíd sulfair go cáithníní sulfair nach bhfuil chomh mór ná codán de mhiocrón.

Má tá a dhóthain amóinia san aer ansin, imoibríonn an sulfáit sin agus déanann sulfáit amóinia. Dá bhféachfá ar an aer os cionn na hEorpa 50 bliain ó shin, comhábhar fíorcheannasach ab ea sulfáit amóinia. Ach tá astuithe sulfair laghdaithe go mór againn san Eoraip – timpeall 90% ó na 1970í.

Ach cé go bhfuil astuithe sulfair laghdaithe againn níl astuithe amóinia laghdaithe againn chomh gar ar chor ar bith. Ciallaíonn sin go n-imoibríonn amóinia san atmaisféar le substaintí eile. Mar shampla claochlaíonn NO2 san atmaisféar go haigéad nítreach agus imoibríonn an t-aigéad nítreach seo leis an amóinia chun níotráit amóiniam a tháirgeadh.

Tá níotráit amóiniam fíor-shoghalaithe. Níos airde san atmaisféar is cáithnín nó braoinín é níotráit amóiniam, ach ar lá te agus gar don dromchla, scoilteann níotráit amóiniam in aigéad nítreach agus amóinia, an dá cheann díobh araon a shil-leagann ar dhromchla na talún go han-tapa.

Cad a tharlaíonn má shil-leagtar aigéad nítreach ar dhromchla an domhain?

Soláthraíonn aigéad nítreach breis nítrigine do dhromchla an domhain agus gníomhaíonn go héifeachtach mar leasachán dár bplandaí. Sa chaoi seo, táimid ag leasú chomhshaol nádúrtha na hEorpa ón atmaisféar sa chaoi chéanna a gcuireann feirmeoirí leasachán i ngoirt. Bíonn aigéadú ann de bharr breis nítrigine a chuireann leasachán sa tírdhreach nádúrtha agus leanann astú ocsaíd nítriúil bhreisithe é ach méadaíonn sé freisin fás foraoisí agus mar sin is bagairt agus leas é araon. Is é an éifeacht is mó ó nítrigin sil-leagtha ar an tírdhreach nádúrtha ná cothaithigh bhreise a sholáthar don éiceachóras nádúrtha. Mar thoradh air seo, fásann na plandaí nítriginghortacha an-tapa agus tagann siad i dtreis agus sáraíonn siad speicis mhallfháis. Cailltear speicis níos speisialta mar gheall air seo atá oiriúnaithe chun teacht i dtreis in aeráid le nítrigin íseal. Is féidir linn athrú ar bhitheolaíocht flóra trasna na hEorpa a fheiceáil cheana mar thoradh ar leasachán na mór-roinne ón atmaisféar.

ImaginAIR: Air and health (flower)

(c) Cesarino Leoni, ImaginAIR/EEA

“Tá gach aon duine againn ag iarraidh na coinníollacha is fearr dár bhfolláine a chruthú inár dtimpeallacht. Tá tionchar suntasach ag cáilíocht an aeir a análaímid ar ár mbeatha agus ar ár bhfolláine.” Cesarino Leoni, An Iodáil

Chuamar i ngleic le hastuithe sulfair agus leis an gciseal ózóin. Cén fáth nach ndeachamar i ngleic le fadhb an amóiniam?

Tagann astuithe amóinia ón earnáil talmhaíochta agus go háirithe ón earnáil dian-déiríochta. Bíonn astuithe amóinia san atmaisféar mar thoradh ar mhún agus aoileach ó bha agus caoirigh sna páirceanna.  Tá sé an-imoibríoch agus sil-leagann go héasca ar an tírdhreach. Foirmíonn sé freisin níotráit amóiniam agus tá sé an-tábhachtach d'ábhar cáithníneach san atmaisféar agus d’fhadhbanna sláinte daonna bainteacha.  Is san Eoraip a shil-leagann an chuid is mó den amóinia a astaímid san Eoraip. Ní mór toil níos láidre pholaitiúil a bheith ann chun bearta rialaithe a thabhairt isteach chun astuithe amóinia a laghdú.

Tá sé suimiúil, i gcás sulfair, go raibh an toil pholaitiúil ann go cinnte. Ceapaim gurbh é braistint dhualgais mhorálta ag na tíortha astaíre móra san Eoraip i gcoibhneas le líonra tíortha glactha Chríoch Lochlann inar tharla formhór na bhfadhbanna sil-leagan aigéid, ba chúis go páirteach leis seo.  

Chiallódh astuithe amóinia a laghdú spriocdhíriú ar an earnáil talmhaíochta agus tá tionchar go leor ag stocairí feirmeoireachta i measc lucht polaitíochta. Níl aon difríocht ann i Meiriceá Thuaidh. Tá fadhb mhór ann freisin le hastuithe amóinia i Meiriceá Thuaidh agus níl aon ghníomh á dhéanamh ach an oiread chun é a rialú ansin ach an oiread.

David FowlerOllamh David Fowler ón Ionad Éiceolaíochta agus Hidreolaíochta den Chomhairle Taighde um an Comhshaol Nádúrtha sa RA

Tuilleadh eolais

Geographical coverage

[+] Show Map

Document Actions
European Environment Agency (EEA)
Kongens Nytorv 6
1050 Copenhagen K
Denmark
Phone: +45 3336 7100