Personal tools

next
previous
items

Skip to content. | Skip to navigation

Sound and independent information
on the environment

You are here: Home / Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach / SIGNALS / Signals 2011 / Mór-threocht domhanda Earth 2050 / Truailliú – Níos mó úsáide á baint as ceimiceáin

Truailliú – Níos mó úsáide á baint as ceimiceáin

Change language
Last modified : Sep 19, 2011 04:10 PM
Faoi láthair, tá formhór na gceimiceán á dtáirgeadh ag ‘tíortha forbartha’ ainneoin méadú a dhá oiread chomh tapa a bheith ag teacht ar tháirgeadh san India, sa tSín, sa Bhrasaíl, san Afraic Theas agus san Indinéis. Meastar go méadóidh a gcion eacnamaíoch de tháirgeadh iomlán ceimiceán an domhain – méadú 30% faoi 2020 agus méadú 40% faoi 2030.

Cén tábhacht a bhaineann le níos mó úsáide a bhaint as ceimiceáin duitse?

I measc na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag treochtaí truaillithe domhanda ar an Eoraip tá tuilleadh impleachtaí fós ar shláinte an duine agus ar éiceachórais. Baineann rioscaí dáiríre le huisce óil agus snámha míshábháilte agus bia truaillithe, rioscaí a d’fhéadfadh eascairt ó tháirgí Eorpacha agus ó earraí iompórtáilte. D’fhéadfadh freisin go mbeadh baol ag baint le níos mó táirgí ceimiceacha tionscalaíochta idirmheánacha agus críochnaitheacha a iompórtáil. San Eoraip, tá an deacracht a bhaineann le nítrigin fhreasaitheach le tabhairt faoi deara go soiléir sa Mhuir Bhailt, áit a bhfuil drochbhail cheana féin ar an stádas éiceolaíoch.

Graf 5: Táirgeadh ceimiceán

Tá idir 70,000 agus 100,000 substaint cheimiceach á táirgeadh ar bhonn ardtoirte cheana féin, beagnach os cionn milliún tona gach bliain. Is i dtíortha OECD atá an méid is mó ceimiceán á dtáirgeadh agus tá méadú a dhá oiread chomh tapa ag teacht ar tháirgeadh san India, sa tSín, sa Bhrasaíl, san Afraic Theas agus san Indinéis.

Le haghaidh breis faisnéise féach: Mór‑threochtaí domhanda: méadú ag teacht ar thruailliú an chomhshaoil: www.eea.europa.eu/soer/europe-and-the-world/megatrends

Graf 5: Táirgeadh ceimiceán
Comments on translations
Please help us increase the quality of the translations.
Sign up now!
Get notifications on new reports and products. Currently we have 57633 subscribers. Frequency: 3-4 emails / month.
Notifications archive
Follow us
 
 
 
 
 
European Environment Agency (EEA)
Kongens Nytorv 6
1050 Copenhagen K
Denmark
Phone: +45 3336 7100