Personal tools

next
previous
items

Skip to content. | Skip to navigation

Sound and independent information
on the environment

Tomhaltas neamh-inbhuanaithe

Change language
Teachtaireacht lárnach: Cúis lárnach go mbíonn tionchar dearfach ag tomhaltas ar an gcomhshaol agus go mbíonn sé freagrach as ró-úsáid acmhainní ná nach léirítear go hiomlán i bpraghsanna earraí agus seirbhísí na costais a fhulaingíonn an tsochaí mar thoradh ar mheathlú comhshaoil agus acmhainní. Bíonn go leor earraí saor cé go ndéanann siad dochar don chomhshaol, d’éiceachórais nó do shláinte an duine. (SOER 2010)

 Image © EEA/John McConnico

‘Thosaigh an deatach ag séideadh thar an bhfeirm go deireanach oíche amháin. Ní raibh sé go deas. Bhí an deatach ag titim ar nós sneachta,’ a deir Guðni Þorvaldsson, a ritheann feirm an teaghlaigh i ndeisceart na hÍoslainne, díreach 8 km ó bholcán Eyjafjallajökull. ‘Bhí orainn na caoirigh, na huain agus cuid de na capaill a bhogadh istigh. Ba ghá na caoirigh a sheiceáil gach trí huaire toisc go raibh am breithe uan ar siúl. Bhí gach rud liath. Bhí na codanna ba mhó de luaith chomh mór le 3 cm. D’fhág mé lorg coise air amhail is gur sneachta a bhí inti.’

Díol suntais ab ea an t-ullmhúchán maith a bhí déanta ag Guðni Þorvaldsson agus an chuid eile de dhaonra na hÍoslainne le haghaidh bhrúchtadh mór bholcán Eyjafjallajökull i Márta 2010. Déanann córas monatóireachta sofaisticiúil a bhaineann úsáid as teicneolaíocht um shuíomh satailíte domhanda bolcáin ghníomhacha san Íoslainn a thomhas ar bhonn leanúnach. Thug na léamha le tuiscint go raibh an bolcán ag éirí níos airde – comhartha cinnte de ghníomhaíocht bholcánach laistigh den tsliabh. Deimhníodh é sin le gníomhaíochtaí monatóireachta eile. Léiríonn sé sin, agus é curtha in éineacht le córas éifeachtach um fhaisnéis phoiblí, an luach a bhaineann le faisnéis chomhshaoil.

B’fhéidir nach raibh an t-ullmhúchán céanna déanta ag an gcuid eile den domhan. Chuaigh an bolcán i bhfeidhm ar an domhan laistigh de chúpla lá, mar thoradh den chuid is mó ar an scamall mór luaithe a cruthaíodh agus an tionchar a bhí aige ar thrácht aeir. Bhí an luaith ag bogadh idir 20,000 agus 36,000 troigh – an raon airde céanna a mbaineann aerlínéir úsáid aisti. Bhí an t-aerspás dúnta ar fud na hEorpa, agus dá bhí barr sin ní raibh eitiltí a bhí ar an mbealach go hEoraip agus a bhí ag teacht ó áiteanna chomh fada le Sydney, in ann imeacht. Mheas an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta go raibh thart ar $200 milliún d’ioncam á chailliúint ag aerlínte gach lá.

Bhí beagnach gach tionscal a bhí ag brath ar iompar aeir thíos leis. Sa Chéinia, d’éirigh plandaí, bláthanna agus glasraí a d’fhásadh do mhargadh na hEorpa lofa faoin ngrian millteanach te agus cailleadh na mílte Euro dá bharr sin. Measadh go ndearnadh beagnach deich milliún bláth – rósanna den chuid is mó – a dhiúscairt le linn na chéad chúpla lá tar éis an bhrúchta. Tugadh glasraí, mar lus súgach, brocailí agus pónairí glasa mar bheatha d’eallaí in áit iad a sheoladh chuig boird dinnéir na hEorpa. Bhí soláthairtí de thuinnín úr ó Vítneam agus ó na hOileáin Fhilipíneacha ag éirí gann san Eoraip.

Leis na spéartha uafásach ciúin ar fud na hEorpa in Aibreán 2010 cuireadh i gcuimhne dúinn an oiread trácht aeir a bhíonn ann de ghnáth. Cuireann scéalta faoi bhláthanna agus ghlasraí lofa sa Chéinia i gcuimhne dúinn gurb as áiteanna mar sin a dtagann cuid dár gcuid bláthanna agus glasraí. Go deimhin, léirigh an brúchtadh go soiléir na ceangail idir cuid de na córais lárnacha – idir córais de dhéantús an duine agus córais nádúrtha – a thacaíonn ár sochaí domhandaithe.

Ár gcos mhór

Tá an Lorg Éiceolaíochta ar cheann de roinnt tomhas a úsáidtear chun an t-éileamh a chuireann an chine daonna ar an bpláinéad a léiriú. Tá teorannacha ag baint leis an lorg ach tá sé réasúnta éasca í a thuiscint mar choincheap: déanann sé meastachán ar an achar talún agus farraige a theastaíonn chun na hacmhainní a úsáidimid a sholáthar agus chun ár gcuid dramhaíola a ionsú.

In 2003 ba é Lorg Éiceolaíochta an Aontais Eorpaigh ná 2.26 billiún heicteár domhanda nó 4.7 heicteár domhanda in aghaidh an duine. I gcomparáid leis sin, ba é achar táirgiúil iomlán na hEorpa ná 1.06 billiún heicteár domhanda nó 2.2 heicteár domhanda in aghaidh an duine (WWF, 2007).

Dá mairfeadh saoránaigh go léir an domhain ar an gcaoi chéanna leis na hEorpaigh, bheadh níos mó ná dhá phláinéad go leith ag teastáil ón gcine dhaonna chun na hacmhainní a dhéanaimid a thomhailt a sholáthar, chun ár gcuid dramhaíola a ionsú agus chun roinnt spáis a fhágáil do speicis fhiáine (WWF, 2007).

Lá Taraimsithe an Domhain

Ceiliúrann Lá Taraimsithe an Domhain an lá san fhéilire nuair is ionann tomhailt acmhainní éiceolaíochta na cine daonna an bhliain sin agus an méid a fhéadann an nádúr a dhéanamh i gcaitheamh 12 mhíosa. Is é an lá a n-ídíonn ár bpáphaicéad agus a dtosaímid ag fáil iasachta ón bpláinéad.

In 2010, mheas Líonra an Loirg Dhomhanda go raibh na seirbhísí éiceolaíochta úsáidte ag an gcine dhaonna faoi 21 Lúnasa – ó CO2 a scagadh go hamhábhair a dhéanamh le haghaidh bia – a d’fhéadfadh an nádúr a sholáthar go sábháilte le haghaidh na bliana sin go léir. Ó 21 Lúnasa go dtí deireadh na bliana, freastalaíodh ar ár gcuid éileamh éiceolaíochta trí stoic acmhainní a laghdú agus gáis cheaptha teasa a charnadh san atmaisféar.

An raibh a fhios agat? Baineann gnáthshaoránach Eorpach úsáid as thart ar cheithre oiread na n-acmhainní i gcomparáid le saoránach san Afraic agus trí oiread an saoránaigh san Áise, ach leath oiread an saoránaigh sna Stáit Aontaithe, i gCeanada nó san Astráil.

SOER 2010

Ag beathú ár mbéasa

Meastacháin gharbha atá sa ‘Lorg Domhanda’ agus i ‘Lá Foraimsithe an Domhain’. Is féidir linn a bheith cinnte, áfach, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar ár n-éileamh ar acmhainní nádúrtha le blianta beaga anuas. Ba iad na príomhfhachtóirí a chuir leis sin ná an fás ar dhaonra, ar mhaoin agus ar thomhaltas. Tá an chuid is mó d’fhás daonra ar siúl i dtíortha forbraíochta cé go dtagann na leibhéil is airde de mhaoin agus de thomhaltas chun cinn i dtíortha forbartha.

San Eoraip coimeádaimid ár n-easnamh éiceolaíochta – an difríocht idir ár lorg agus ár mbith-thoilleadh – trí hearraí agus seirbhísí a allmhairiú ó áiteanna lasmuigh dár dteorannacha. Freisin déanaimid cuid dár gcuid dramhaíola a onnmhairiú. Go bunúsach, táimid ag brath níos lú orainn féin, diaidh ar ndiaidh.

Mar thoradh ar an méadú ar thrádáil dhomhanda, mothaítear riar níos mó den bhrú agus den tionchar ar an gcomhshaol de bharr tomhaltais i dtíortha an AE in áiteanna eile. Cé go dtarlaíonn cuid den aistriú seo idir tíortha AE, tá cuid mhór ar siúl lasmuigh den AE agus tá sé lasmuigh de théarmaí tagartha beartais reatha an AE a bhaineann le táirgeadh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tionchair ár dtomhaltais á n-onnmhairiú againn chuig tíortha áit ar minic go mbíonn an beartas comhshaoil tearcfhorbartha – is é atá ar siúl go héifeachtach ná go bhfuil brú millteanach á chur ar na daonraí áitiúla agus ar an gcomhshaol.

Tá ár n-éileamh ag dul i bhfeidhm ar bhealach mór agus dochúlaithe ar éiceachórais an domhain: Tá 130,000 km2 d’fhorais thrópaiceach bháistí á nglanadh gach bliain. Ina theannta leis sin, ó 1960 tréigeadh nó folmhaíodh trian de thalamh feirme an domhain mar thoradh ar róshaothrú agus ar dhíghrádú ithreach.*

Ag briseadh an timthrialla

Ní mór dúinn cothrom níos fearr a bhaint amach idir an gá le maoin nádúrtha a chaomhnú agus í a úsáid chun an geilleagar a chothú. Freagra lárnach anseo é úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní. Chun go dtuigfimis nach féidir leanúint ar aghaidh lenár gcuid éileamh ar chórais nádúrtha, is é nach mór dúinn a dhéanamh go bunúsach ná níos mó úsáide a bhaint as níos lú acmhainní.

Ábhar spreagtha é gur réimse í seo áit a bhfuil leasanna na n-earnálacha comhshaoil agus tráchtála ar chomhréim: éiríonn le gnóthaí nó teipeann orthu ar bhunús a gcumais an leas is mó a bhaint as ionchuir, ar an gcaoi chéanna a mbraitheann leas na cine daonna ar níos mó úsáide a bhaint as sreabhadh teoranta acmhainní.

Tionscnamh suaitheanta san AE anois é éifeachtúlacht acmhainní – tá sí ina ngné ríthábhachtach den straitéis le haghaidh fáis chliste, inbhuanaithe agus uileghabhálaigh faoin mbliain 2020. Le héifeachtúlacht acmhainní cuirtear prionsabail an dea-ghnó in éineacht le dea-chleachtas comhshaoil trí níos mó a dhéanamh agus dramhaíl a laghdú ag an am céanna. Is féidir é a chur i gcomparáid le haiste bia níos folláine a chur le chéile le córas aclaíochta – tar éis tamaill foghlaimíonn tú gur féidir leat níos mó a dhéanamh le níos lú agus d’fhéadfadh go mothófá níos fearr.

* Le haghaidh breis faisnéise féach measúnuithe téamacha SOER : tomhaltas agus an comhshaol : www.eea.europa.eu/soer/europe/consumption-and-environment

Cumhacht cheannaigh

Cuirtear brú ar an gcomhshaol mar thoradh díreach ár ar gcuid tomhaltais de bharr, mar shampla, ithe, tiomáint nó ár gcuid tithe a théamh. Tá an brú indíreach a chruthaítear feadh shlabhraí táirgeachta na n-earraí agus na seirbhísí a dhéantar a thomhailt níos mó, áfach. Is é a d’fhéadfadh a bheadh i gceist leis sin ná na tionchair mar thoradh ar mhianadóireacht nó shaothrú, úsáid uisce chun barra a fhás, nó dochar do bhithéagsúlacht de bharr dianfheirmeoireachta nó truaillithe.

Mar thomhaltóirí, áfach, is féidir linn dul i bhfeidhm ar ár dtionchar ar an gcomhshaol, trí bhia agus shnáithíní a tháirgtear go hinbhuanaithe a cheannach, mar shampla.

Tá táirgeadh orgánach agus ‘feirmeoireacht chaomhantais’ ag éirí níos coitianta agus níos rathúla ar fud an domhain. Sampla amháin de chuir chuige inbhuanaithe i dtreo táirgthe a laghdaíonn na tionchair ar an gcomhshaol áitiúil atá sa Tionscnamh Cadáis Chaomhantais.

CottonNuálaíocht: éadach

An Tionscnamh Cadáis Chaomhantais

Chruthaigh an chuideachta éadaí EDUN, an Cumann Caomhnaithe Fiadhúlra agus Invisible Children an Tionscnamh Cadáis Chaomhantais (CCIU) chun pobail feirmeoireachta inbhuanaithe a thógáil in Uganda.

‘Tá CCU bunaithe i gceann de na ceantair is boichte in Uganda, Ceantar Gulu, ceantar atá ag teacht ar ais chuige féin tar éis cogaidh shibhialta, ar asáitíodh na mílte dá bharr. Cabhraíonn an Clár CCIU le feirmeoirí atá ag filleadh ar a gcuid talún trí mhaoiniú, uirlisí agus oiliúint a sholáthar chun gnó cadáis inbhuanaithe a fhás,’ a deir Bridget Russo, an Stiúrthóir Margaíochta Domhanda, EDUN.

Tugtar oiliúint d’fheirmeoirí chun a gcuid páirceanna a mhéadú trí mheascán de bharra bia uainíochta a fhás chun a riachtanais bhunúsacha a dteaghlach a riar, chomh maith le cadás, barr airgid a bhfuil éileamh idirnáisiúnta air. Faoi láthair tá 3,500 feirmeoir ag baint leasa as an gclár CCIU agus tá sé beartaithe an figiúr sin a mhéadú go 8,000 leis na trí bliana romhainn.

Tá an comhoibriú sin dírithe ar fheabhas a chur ar shlí bheatha pobal san Afraic trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí chun “cadás caomhantais” a shaothrú go hinbhuanaithe.

Geographical coverage

[+] Show Map

Document Actions

Comments

Sign up now!
Get notifications on new reports and products. Currently we have 33066 subscribers. Frequency: 3-4 emails / month.
Notifications archive
Follow us
 
 
 
 
 
European Environment Agency (EEA)
Kongens Nytorv 6
1050 Copenhagen K
Denmark
Phone: +45 3336 7100