Ag cur feabhais ar cháilíocht aeir san Eoraip: Díríonn Signals 2013 ar aer na hEorpa. In eagrán na bliana seo, déantar iarracht staid reatha na cáilíochta aeir san Eoraip a mhíniú, conas a fhoirmíonn truailleáin aeir, cad as a dtagann siad agus conas a théann siad i bhfeidhm ar ár slainte agus ar an gcomhshaol. Tugann sé forbhreithniú freisin ar an mbealach a gcuirimid lenár gcuid eolais ar aer agus conas mar a thugaimid faoi thruailliú aeir a réiteach trí réimse leathan beartas agus beart.
Foilsíonn an Ghníomhaireacht Eorpach
Chomhshaoil (EEA) Signals ar bhonn bliantúil,
ag soláthar léargais ar shaincheisteanna
ar díol spéise iad don díospóireacht
chomhshaoil agus don phobal i gcoitinne don
bhliain atá romhainn.
In Signals 2012, tugtar saincheisteanna
comhshaoil le chéile amhail
inbhuanaitheacht, geilleagar glas, uisce,
dramhaíl, bia, rialachas agus comhroinnt
na faisnéise. Ullmhaítear é i gcomhthéacs
Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar
Fhorbairt Inbhuanaithe – Rio 2012.
I Signals na bliana seo, tabharfar
blaiseadh duit ar an gcaoi ar féidir le
tomhaltóirí, lucht déanta beartas agus
gnóthaí fadbhreathnaitheacha difríocht a
dhéanamh trí uirlisí teicneolaíochta nua
– idir bhreithniúcháin satailíte agus ardáin
ar líne – a chomhcheangal. Molfar réitigh
chruthaitheacha agus éifeachtúla freisin
chun an comhshaol a chaomhnú.
I mbliana, tugann Signals sinn ar thuras a leanann cúrsa na habhann ó oighearshruthanna na nAlp go talamh shíorshioctha an Artaigh agus deilt na Gainséise. Taistealaímid go háiteanna aithnidiúla agus go háiteanna atá i bhfad i gcéin, ag féachaint ar conas is féidir linn ath-thógáil a dhéanamh ar ár gcaidrimh leis na heilimintí ríthábhachtacha den ghnáthshaol: uisce, ithir, aer agus na hainmhithe agus na plandaí a chomhdhéanann taipéis an tsaoil ar Domhan.
Document Actions
Share with others