next
previous
items

Article

Uirbeach

Article Published 22 Mar 2010 Last modified 21 Mar 2023
Ó spásanna uirbeacha go héiceachórais uirbeacha

In áit díobháil a dhéanamh d’éiceachórais, cén fáth nach dtosófaí á gcruthú

arsa an tOllamh Jacqueline McGlade

‘In ionad díobháil a dhéanamh d’éiceachórais cén fáth nach dtosófaí á gcruthú?’ arsa an tOllamh Jacqueline McGlade. ‘Tá an teicneolaíocht agus na scileanna dearaidh againn. Tá samplaí den todhchaí le feiceáil ar fud na hEorpa ach is pócaí nuálaíochta iad seo. Caithfimid bogadh ó phócaí nuálaíochta go cathracha na todhchaí.’

‘Tóg solas mar shampla — is acmhainn nádúrtha é. Is maith le daoine obair agus cónaí le solas nádúrtha mórthimpeall orthu. Is féidir le tógáil úsáid níos fearr a bhaint as solas nádúrtha go héasca. Nó tóg garraíodóireacht ingearach mar shampla. Is é is brí le garraíodóireacht ingearach ná go bhfuil ár gcathracha ag aistriú go feirmeacha uirbeacha áit a fástar bairr ar ár agus inár bhfoirgnimh.

‘Is smaoineamh fíor-shean é smaoineamh na mballaí beo agus cuibhrinn ingearacha, a théann chomh fada siar le Gairdíní Léibheann na Bablóine. Is ábhar iontais é nach ndearnamar é seo a thuilleadh níos luaithe ach anois tá práinn nua chun ár nósanna a athrú toisc athrú aeráide,’ arsa an tOllamh McGlade.

Agus teocht níos airde i gcathracha, ag tarlú toisc go n-ionsuíonn coincréit agus tarmac teas agus toisc go scaoileann siad é go mall, bheadh séasúr fáis níos faide ann a thabharfadh toradh feabhsaithe. D’fhéadfaí uisce báistí a shábháil ar dhíonta agus ligfeadh líonraí píobáin dó sileadh trí gach ciseal. Bheadh éifeacht inslithe ag na plandaí chomh maith, ag coimeád an spás maireachtála laistigh den fhoirgneamh fionnuar sa samhradh agus te sa gheimhreadh.

Daonraí ag bogadh

Tá an daonra domhanda ag cruinniú inár gcathracha. Meastar go mbeidh ochtó faoin gcéad den naoi mbilliún duine ar domhan ina gcónaí i limistéir uirbeacha faoin mbliain 2050. Tá mórán dár gcathracha ag streachailt chun déileáil le fadhbanna sóisialta agus comhshaoil a tharlaíonn de dheasca brúnna ar nós plódú, bochtaineacht, truailliú agus trácht.

Meastar go leanfaidh an claonadh seo i dtreo maireachtáil uirbeach ar aghaidh. Is ionann na cathracha ar fud an domhain agus 2 % de dhromchla an domhain ach tá siad freagrach as ucht leath den daonra domhanda(20). San Eoraip, tá cónaí ar 75 % dúinn i gcathracha. Is dóchúil go n-ardóidh sé seo go 80 % faoi 2020. Is ionann cathracha agus bailte na hEorpa agus 69 % dár úsáid fuinnimh agus mar sin formhór dár gcuid astuithe gáis cheaptha teasa. Téann tionchair chomhshaoil na gcathrach i bhfad i gcéin mar thoradh ar a gcuid tuilleamaí ar réigiúin allamuigh chun freastal ar an éileamh atá ann ar fhuinneamh agus acmhainní agus chun déileáil le dramhaíl. Measann staidéar a rinneadh ar Mhórcheantar Londain(21) go bhfuil lorg ag Londan atá 300 oiread a cheantar geografach — is ionann é sin agus beagnach dhá oiread méid na Ríochta Aontaithe ar fad. Is minic a théann truailliú ó chathracha i bhfeidhm ar limistéir lasmuigh den chathair.

Is bagairt nua thuarúil é athrú aeráide do mhaireachtáil cathrach. Beidh roinnt cathracha ag fulaingt go suntasach mar thoradh ar athrú aeráide. D’fhéadfadh sé seo éagothroime sóisialta a chur in olcas: is minic go mbíonn daoine bochta is mó i mbaol agus ní bhíonn na hacmhainní acu chun oiriúnú. Rachaidh athrú aeráide i bhfeidhm ar an gcomhshaol uirbeach chomh maith: caighdeán an aeir agus an uisce, mar shampla.

Ó oiriúnú go smaoineamh nua

Mar sin, tá a lán fadhbanna ag tabhairt aghaidh ar ár gcathracha agus limistéir uirbeacha, idir fhadhbanna sóisialta go sláinte agus comhshaoil. Mar sin féin, tá deiseanna móra ann chomh maith de bharr neasacht na ndaoine, na ngnóthaí agus na seirbhísí a bhaineann leis an bhfocal ‘cathair’ féin fiú.

Cuireann suímh uirbeacha deiseanna tábhachtacha ar fáil do mhaireachtáil inbhuanaithe. Cheana féin, is ionann dlús an daonra i gcathracha agus turais níos giorra le taisteal chuig an láthair oibre agus seirbhísí, úsáid níos mó d’iompar poiblí, agus áitribh níos lú a éilíonn níos lú soilsiú agus téamh. Mar thoradh, caitheann áitritheoirí uirbeacha níos lú fuinnimh in aghaidh an duine ná cónaitheoirí tuaithe.(22)

Tá ár gcathracha i suíomh uathúil maidir le maolú agus oiriúnú an athraithe aeráide. Is iad tréithe fisiceacha, dearadh, rialachas agus suíomh na cathrach roinnt de na fachtóirí ar féidir cur leis an dá cheánn nó fuascail a dhéanamh orthu.

Is léir nach bhfuil cineálacha cur chuige innealtóireachta — ar nós bacainní tuile — ach ina gcuid den réiteach. Iarrann oiriúnú ar athsmaoineamh bunúsach freisin de dhearadh agus bhainistiú uirbeach, agus ba chóir dó a bheith ‘príomhshruthaithe’ sna beartais ábhartha go léir, lena n-áirítear talamhúsáid, tithíocht, bainistiú uisce, iompar, fuinneamh, gnáthscair sóisialta agus sláinte.

Agus athsmaoineamh a dhéanamh ar dhearadh uirbeach, iompar ailtireachta agus pleanáil is féidir linn ár gcathracha agus tírdhreacha uirbeacha a aistriú go ‘héiceachórais uirbeacha’ ar thús cadhnaíochta maolú an athraithe aeráide (iompar níos fearr, fuinneamh glan) agus oiriúnú (tithe scaoilte, garraíodóireacht ingearach). Chuirfidh pleanáil uirbeach feabhas ar an mianach saoil go léir agus cruthóidh sí deiseanna fostaíochta nua trí feabhas a chur ar an margadh le haghaidh teicneolaíochtaí nua agus ailtireacht ghlas.

An rud is tábhachtaí ná pleanáil na gcathrach i slite a éascaíonn tomhaltas fuinnimh níos ísle in aghaidh an duine, ag baint úsáide as bealaí ar nós iompar uirbeach inbhuanaithe agus tithíocht ísealfhuinnimh. Tá teicneolaíochtaí nua le haghaidh éifeachtach fuinnimh agus acmhainní inathnuaite, ar nós fuinneamh gaoithe nó fuinneamh gréine agus breoslaí malartacha tábhachtach chomh maith, i dteannta le deiseanna a sholáthar do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí chun a gcuid iompair a athrú.

Dearadh na todhchaí

‘Ní bheidh an todhchaí mar a shílimid — is é sin an t-aon rud ar féidir linn a bheith cinnte faoi. Táimid ag pleanáil le haghaidh na neamhchinnteachta sin,’ arsa Johan van der Pol, leas stiúrthóir Dura Vermeer, comhlacht tógála Ollannach atá ag dearadh agus ag tógáil an IJburg i láthair na huaire, dúiche nua san Amstardam atá ar snámh.

Is ceann de na tionscadail is uaillmhianaí é Ijburg a gabhadh faoi riamh ag bardas Amstardam. De bharr daonra atá ag borradh agus leibhéil uisce atá ag ardú bhí ar an gcathair dlúthdhaonra a bheith cruthaitheach: ag turgnamh le cineálacha ailtireachta nua ar an uisce féin. Tá na tithe nua ‘gafa i nduga’ le siúláin atá ar snámh le leictreachas, uisce agus seirbhísí sláintíochta acu. Is féidir iad a dhíscoir agus iad a bhogadh go héasca go háit éigin eile – ag tabhairt brí nua don téarma ‘bogadh tí’. Áiríonn an baile atá ag forbairt tithe gloine éiceabhácha atá ar snámh ina bhfuil gach cineál torthaí agus glasraí ag fás.

Níl sna tithe Ijburg atá ar snámh ach sampla amháin de ghluaiseacht nua san ailtireacht agus pleanáil chathrach. Téann tionchair an athraithe aeráide ó thriomaigh agus tonnta teasa i ndeisceart na hEorpa go tuilte sa tuaisceart. Ní mór do chathracha oiriúnú. In ionad bacainní tuile a neartú nó uisce a sheoladh isteach, tá roinnt ailtirí, innealtóirí agus pleanálaithe cathrach ag féachaint ar chur chuige nua i leith maireachtáil uirbeach agus cathrach. Tá siad ag glacadh le tírdhreacha uirbeacha mar éiceachórais na todhchaí.

Ag coimeád súile ar an domhan

San EEA creidimid go gcaithfimid dul i ngleic le ghnáthdhaoine agus fiafraí díobh conas ar féidir leo ‘eolas a thabhairt dúinn’ má táimid chun aghaidh a thabhairt ar ár bhfadhbanna comhshaoil. Tá eolas réidh faoin gceantar áitiúil ag feirmeoirí, garraíodóirí, fiachóirí agus díograiseoirí spóirt.

Is comhoibriú é ‘Eye on Earth’ — idir an EEA agus Microsoft — a sholáthraíonn eolas gasta, idirghníomhach, fíor-ama beagnach faoi chaighdeán uisce snámha agus aeir ar fud na hEorpa, le níos mó seirbhísí fós le teacht. Agus ligeann sé d’úsáideoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl, ag cur le agus ag fíorú (nó ag diúltú b’fhéidir) eolais oifigiúil. Trí dul i ngleic le saoránaigh mar ranníocóirí agus cumhacht a thabhairt dóibh trí eolas ábhartha inchomparáide a thabhairt dóibh, is féidir le seirbhísí ar nós Eye on Earth cur go suntasach le rialachas comhshaoil níos fearr: http://eyeonearth.cloudapp.net/.

Ag malartú feasachta agus dea-chleachtais

‘Tá dúshláin dhifriúla os comhair cathracha Eorpacha agus freagraí difriúla de dhíth orthu,’ arsa Ronan Uhel, ceannaire ar chlár na gCóras Nádúrtha agus Leochaileachta san EEA.

‘Is cinnte go mbeidh na torthaí is fearr le feiceáil ó infheistíochtaí oiriúnaithe de chuid na gcathracha sin atá ag cur tús le bearta go luath. Ach go dtí seo, níl ach cúpla cathair Eorpach tar éis straitéisí a fhorbairt chun éascú a dhéanamh ar oiriúnú do na coinníollacha athraithe aeráide “nua” — agus tá forfheidhmiú na mbeart, go dtí seo, teoranta den chuid is mó do tionscadail bheaga,’ a dúirt sé.

Seans nach mbeidh cathracha eile chomh ámharach i dtéarmaí feasachta agus acmhainní agus beidh tacaíocht agus treoir leanúnach de dhíth orthu. Ag an gcéim seo, an rud ba luachmhara ná feabhsú i malartú taithí agus dea-chleachtas i measc cathracha.

‘Is comhphobal beag in iarthar na Danmhairge é Thisted a tháirgeann a chuid fuinnimh féin go léir. Uaireanta, tugann sé fuinneamh don eangach náisiúnta fiú. Tá an méid atá i ndán dó á athshlánú ag an gcomhphobal seo. Is amhlaidh go bhfuil sé fealsúnach ach is é sin atá á phlé againn: ag athshlánú a bhfuil ionainn,’ arsa Ronan Uhel.

‘Tá sochaithe cruthaithe againn de dhaoine cuidithe. Is minic nach mbíonn ach nasc fíorúil lenár mórthimpeallacht nádúrtha againn, ár mbia atá crapchlúdaithe, ár gcuid uisce. Ní mór dúinn sinn féin agus ár n-áit sa nádúr a athaimsiú.’

Tá dordán i bPáras

Coimeádadh beacha ar dhíonta Árais Cheoldrámaíochta Pháras le 25 bliain anuas. Tá ag éirí go maith leis an gcoilíneacht ag an institiúid Párasach seo ag táirgeadh beagnach 500 cileagram meala gach bliain.

Tá ráth agus bláth ar bheacha na cathrach le beagnach 400 coilíneacht sa chathair. Tá coirceoga nua i bhfeidhm anois i bPálás Versailles agus sa Grand Palais. Is cinnte go soláthraíonn cathracha raidhse plandaí bláthanna agus crann inár gcuid gairdíní agus páirceanna. Agus fad is atá truailliú ann tá i bhfad níos lú lotnaidicídí sna cathracha. Is amhlaidh go bhfuil ag éirí níos fearr le beacha uirbeacha ná a gcol cheathracha amuigh faoin tuath san Eoraip.

Chuir Ceardchumann Náisiúnta Beachairí na Fraince tús le feachtas — ‘Operation Bees’ — in 2005 agus í mar aidhm aige beacha a chomhthiomsú sa tírdhreach uirbeach. Is amhlaidh go bhfuil ag éirí leis. Measann Ceardchumann na mBeachairí go dtáirgeann gach coirceog i bPáras 50-60 cileagram meala ar a laghad in aghaidh an fhómhair agus gurb ionann ráta báis na gcoilíneachtaí agus 3-5 %. Cuir é seo i gcomparáid le beacha tuaithe a tháirgeann idir 10 agus 20 cileagram meala le ráta báis de 30-40 % acu.

Tá beacha gnóthach i Londain chomh maith. De réir Cumann Beachairí Londain, tá na beacha uirbeacha buíoch as ucht flúirse na bplandaí bláthanna agus crainn i dteannta le húsáid measartha íseal de lotnaidicídí. Is é is brí leis seo, agus an aimsir atá beagáinín níos séimhe ná go bhfuil an séasúr beachaireachta níos faide agus de ghnáth níos táirgiúla ná mar atá i gceantair thuaithe. Is sampla foirfe é den chumas atá ag ár n-éiceachóras uirbeach.

20. Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, 2008

21. Greater London Authority

22. IEA, 2008

Permalinks

Document Actions