next
previous
items

Article

Tar éis Pháras: feidhmiú an gheilleagair ísealcharbóin

Change language
Article Published 14 Nov 2016 Last modified 11 May 2021
An Nollaig seo caite i bPáras, leag an saol mór síos sprioc uaillmhianach dó féin: an t-ardú ar an meánteocht domhanda a theorannú ionas go bhfanfaidh sé cuid mhaith faoi bhun 2 chéim, agus é ina chuspóir freisin an t-ardú a choinneáil faoi bhun 1.5 céim os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Ag cruinniú mullaigh an G20 níos luaithe an mhí seo, d'fhógair an tSín agus na Stáit Aontaithe a dtiomantas foirmiúil do pháirt a ghlacadh i gcomhaontú Pháras. Is céim mhór chun tosaigh é an méid sin don iarracht idirnáisiúnta ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a ghearradh siar agus an téamh domhanda a theorannú. Mar sin féin, ní leor na gealltanais i dtaobh astaíochtaí a laghdú atá tugtha faoi láthair ag na tíortha a shínigh an comhaontú chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.

Tá cion an Aontais Eorpaigh i dtaobh sprioc Pháras a chur chun feidhme leagtha amach i gcreat fuinnimh agus aeráide an AE agus tá sé á chur chun feidhme trí shraith beart. Ar 20 Iúil, mhol an Coimisiún Eorpach pacáiste nua beart chun dlús a chur faoin athrú go dtí geilleagar ísealcharbóin san Eoraip, pacáiste ar gá do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle é a cheadú go fóill.

Tá an pacáiste ar cheann de na céimeanna nithiúla atá beartaithe chun comhlíonadh a dhéanamh ar thiomantas an Aontais Eorpaigh i dtaobh a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40% faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990. Áirítear leis na tograí laghduithe ceangailteacha ar astaíochtaí a chur i bhfeidhm do na Ballstáit don tréimhse 2021-2030 agus, den chéad uair, féachtar iontu leis an talamhúsáid agus an fhoraoiseacht a chuimsiú i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030 an AE.

Dhéanfadh an pacáiste neartú nach beag ar chreat beartais aeráide agus fuinnimh an AE ar mhaithe le treocht fhadtéarmach an AE i dtreo geilleagar iomaíoch ísealcharbóin. Féachtar go cuimsitheach ann ar na hastaíochtaí ó gach earnáil den gheilleagar: iompar, foirgnimh, talmhaíocht, dramhaíl, talamhúsáid agus foraoiseacht agus féachtar le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach i ngach ceann de na hearnálacha geilleagracha. Tógtar sa phacáiste freisin ar an athchóiriú ar Chóras an AE um Thrádáil Astaíochtaí, a moladh i mí Iúil 2015, lena gclúdaítear astaíochtaí ó earnálacha tionsclaíocha agus earnálacha cumhachta.

Ina theannta sin, féachtar le laghduithe ar astaíochtaí a éascú trí mheán roinnt tionscnaimh bheartais atá dírithe ar earnálacha sonracha nó roinnt pacáistí níos leithne, amhail an straitéis soghluaisteachta íseal-astaíochtaí nó pacáiste an gheilleagair chiorclaigh.

Cineálacha cur chuige a dhearadh atá córasach agus comhtháite

Le blianta beaga anuas, díríodh aird arís agus arís eile in a lán dár dtuarascálacha, lena n-áirítear Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2015 (SOER), ar an tábhacht ollmhór a bhaineann le cineálacha cur chuige córasacha. Baineann an-chastacht le fadhbanna comhshaoil an lae inniu, lena n-áirítear an t-athrú aeráide. Mar shampla, ní féidir linn feabhas a chur ar chaighdeán an aeir san Eoraip gan iompar ísealcharbóin, cathracha a bhfuil dearadh níos fearr orthu, comhar idirnáisiúnta feabhsaithe chun dul i ngleic le gluaiseacht trasteorann na dtruailleán aeir, ná líonra spásanna glasa thart timpeall ar cheantair uirbeacha. Is féidir leis an athrú aeráide an truailliú aeir a ghéarú freisin. Tá an rud céanna fíor i gcás mhaolú an athraithe aeráide. Ní mór dúinn dul i ngleic leis na hastaíochtaí ó gach earnáil den gheilleagar agus tuiscint a fháil ar phatrúin táirgeachta agus tomhaltais a ghineann na hastaíochtaí sin. Ós rud é gurb ón AE atá thart ar 10% d'astaíochtaí an domhain ag teacht, is léir freisin nach leor laghduithe ar astaíochtaí san Eoraip aisti féin chun an fhadhb dhomhanda seo a réiteach.

Ar an gcaoi chéanna, leagtar béim go rialta inár gcuid measúnachtaí ar an ngá atá le cuspóirí beartais comhsheasmhacha fadtéarmacha. Is féidir leis blianta fada a thógáil athruithe bunúsacha a chur i bhfeidhm ar chórais lárnacha. Chun córas soghluaisteachta nó córas fuinnimh glan, ísealcharbóin a thógáil, ní mór infheistíochtaí móra a dhéanamh sa bhonneagar agus sa taighde ar theicneolaíochtaí glana. Má cheaptar beartais nach bhfuil comhsheasmhach lena chéile agus nach bhfuil cuspóirí soiléire acu, is dócha go gcuirfidh siad isteach ar infheistíochtaí i réitigh nuálacha.

Bearta, infheistíochtaí agus eolas

Agus cúlra chreat beartais sin an AE agus na gcomharthaí dóchais ón dream is mó a astaíonn gáis cheaptha teasa ann, is féidir na dúshláin atá romhainn a ghrúpáil i dtrí bhraisle.

Sa chéad bhraisle tá ionchur eolais. Bíonn cinntí beartais fónta ag brath ar eolas ar bhonn fianaise ar threochtaí roimhe seo agus ar réamh-mheastacháin i leith na todhchaí. Agus muid i ré aistrithe, is léir anois go mbeidh gá níos mó agus níos mó againn le heolas lena mbreathnaítear chun cinn d'fhonn ár gcinntí beartais a threorú. Sa chomhthéacs sin, tá sé ina aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil tuilleadh soiléireachta a sholáthar i dtaobh chastacht an chomhshaoil.

Cuimsítear sa dara braisle na dúshláin a bhaineann le hidirghabhálacha agus bearta. Ní mór do na húdaráis phoiblí ar gach leibhéal i mBallstáit an AE creat beartais an AE a chur chun feidhme trí thionscnaimh agus gníomhaíochtaí nithiúla ar an láthair. Éilíonn an méid sin comhchuibheas beartais agus spriocanna fadtéarmacha cosúil le ceann na hEorpa. Ní mór feidhmiú iomlán a dhéanamh le beartais agus bearta náisiúnta.

Sa tríú háit, tugann na dúshláin i dtaobh infheistíochtaí le tuiscint nach féidir an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach trí infheistíochtaí poiblí astu féin. Ní mór infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh freisin i gcomhair tionscadail bhonneagair ghlain agus taighde ar theicneolaíochtaí glana.

Ag COP21 i bPáras, bhí lámh ag gníomhaithe geilleagracha agus gníomhaithe na sochaí sibhialta i ndáil leis an lucht caibidlíochta a stiúradh i dtreo na sprice 1.5 céim, sprioc atá níos uaillmhianaí. Beidh ról lárnach acu freisin i dtaobh bearta a chur cur chun feidhme, infheistíochtaí a threorú agus cur leis an eolas atá de dhíth orainn.

 

Hans Bruyninckx

Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage

Document Actions