next
previous
items

Article

Taipéis an tsaoil

Article Published 22 Mar 2010 Last modified 21 Mar 2023
Bithéagsúlacht – ár ‘n-éiceachóras’ tacaí bheatha

Ní úsáidtear sa nádúr ach na snáitheanna is faide chun a phatrúin a fhí, i dtreo is go nochtann gach píosa dá fhabraic, is cuma cé chomh beag, eagrú na taipéise iomláine

Richard P. Feynman, Fisicí agus Buaiteoir Duais Nobel

Dúirt Aldous Huxley ‘go rabhamar ag cailliúint leath d’ábhar na filíochta’ agus é ag caint faoi imeacht na n-éan ceoil, speicis plandaí agus feithidí ón tírdhreach go luath sna 1960aidí.

Bhí leabhar cumhachtach nua, ‘Silent Spring’ le bitheolaí Meiriceánach Rachel Carson, díreach léite ag Huxley. Foilsithe den chéad uair sa bhliain 1962, chabhraigh an leabhar úd, a léadh ar bhonn fairsing agus a rinneadh léirmheas air, le himní an phobail a ardú maidir le húsáid lotnaidicídí, truailliú agus an comhshaol i gcoitinne. In ionad beagbhrí a dhéanamh de cad a bhí ag tarlú, gabhann tagairt Huxley ar chaillteanas cultúrtha eisint na bithéagsúlachta, focal agus coincheap a dteipeann orainn é a mhíniú go minic.

Tagann bithéagsúlacht ó dhá fhocal: ‘bitheolaíocht’ agus ‘éagsúlacht’. Gabhann sé éagsúlacht na n-orgánach beo go léir laistigh agus ar fud na speiceas uile. Ar deireadh, is éard atá sa bhithéagsúlacht ná foirmeacha uile an nádúir.

Is éard is éiceachóras ann ná comhphobal plandaí, ainmhithe agus miocrorgánaigh agus a gcuid idirghníomhú leis an gcomhshaol. Déanann éiceachórais dúshraitheanna an tsaoil ar domhan a chorprú – idir tionól gairid na mbeach le planda bláthanna i móinéar samhraidh agus idirghníomhú leanúnach an aeir, uisce agus na hithreach.

Nuair a bhailíonn beacha neachtar, bailíonn siad pailin ó bhláth amháin agus leagann siad ar bhláthanna eile í, ag pailniú ag an am céanna. Tagann bláthanna nua mar thoradh agus bíonn siad ag idirghníomhú leis an aer os a gcionn agus leis an ithir agus uisce faoina mbun. Tóg crainn mar shampla. Glanann a nduilleoga ár n-aer agus íonaíonn a bhfréamhacha ár gcuid uisce trí cothaithigh a shú amach. Déanann na fréamhacha an ithir a dhaingniú agus a chothú freisin — fiú nuair a fhaigheann siad bás. Bain crainn ón éiceachóras agus go gairid beidh tionchar aige ar chaighdeán an aeir, an uisce agus na hithreach. Cuir crainn le héiceachóras, fiú i gcathair, agus beidh tionchar acu, ag fuarú an aeir agus á fheabhsú.

Táimid go léir mar chuid den ‘chóras’ seo ach is minic a dhéanaimid dearmad air sin. Tá bithéagsúlacht á múnlú agus á hathrú againn ón gcéad uair ar bhain ár sinsir áis as beacha, as an bplanda bláthanna agus as an móinéar chun bia a tháirgeadh tríd an rud ar a dtugaimid an talmhaíocht anois. D’eascair speicis agus plandaí saothraithe ina dtáirgí arbh ábhar airgid a luach bunúsach. Ón talmhaíocht, bhogamar ar aghaidh go tionsclaíocht agus pé áit a théimid, ní mór don nádúr teacht linn — is cuma cé chomh drogallach atá sé.

Tá ciorcal iomlán clúdaithe againn: trínár saoil a thionsclú, le talmhaíocht san áireamh, tá nádúr tionsclaithe againn. Déanaimid feithidí, ainmhithe agus plandaí a phórú le díol, ag roghnú tréithe a oireann dúinn féin agus ár gcuid riachtanas. Tá éagsúlacht bhitheolaíoch faoi bhagairt ar an mór-leibhéal agus ar leibhéal móilíneach.

Glactar leis an nádúr go minic mar shó: seans go mbeadh mian súl ag baint le speicis a chaomhnú, tragóid a bheadh ann iad a chailliúint ach ar deireadh is amhlaidh gur fiú é má ligeann sé do dhaoine poist a chosaint agus ár n-ioncam a ardú.

I ndáiríre tá sé an-difriúil gan dabht. Tóg beacha mar shampla.

Tá roinnt speiceas beach fiáin díobhaí cheana féin i gcodanna áirithe den Eoraip. Is cineálacha nua beacha atá imithe fiáin iad beacha marthanacha. Anois tá a ndaonraí á scrios ar fud an domhain. Tá roinnt fadhbanna tromchúiseacha os comhair beacha, idir lotnaidicídí agus fíneoga go galar agus déantús géiniteach atá imithe i laige. Fuarthas amach gur thit líon na mbeach meala faoi 30% i rith an gheimhridh 2007-2008 nuair a rinneadh suirbhé ar bhaill de Chumann Beachairí na Breataine (BBKA). Is ionann é seo agus caillteanas de níos mó ná 2 bhilliún beach ar chostas GBP 54 milliún don gheilleagar.

Is é an rud tábhachtach, mar a léiríonn an sampla seo agus samplaí eile atá le teacht, ná nach n-éascaíonn caillteanas na bithéagsúlachta forbairt eacnamaíoch, ach a mhalairt, baineann sé an bonn di.

An raibh a fhios agat?

  • Is éard atá sa bhithéagsúlacht ná foirmeacha uile an nádúir.
  • Is éard is éiceachóras ann ná comhphobal plandaí, ainmhithe agus miocrorgánach agus a gcuid idirghníomhú leis an gcomhshaol.
  • Is acmhainn nó próiseas a sholáthraítear dúinn ón nádúr í ‘seirbhís éiceachórais’. I measc samplaí de sheirbhísí éiceachórais tá soláthar bia agus uisce óil, pailniú torthaí agus gnéithe cultúrtha ar nós na tairbhí áineasa agus spioradálta a sholáthraíonn an nádúr dúinn (3).

2010 - bithéagsúlacht faoin spotsolas

In 2002, thiomnaigh rialtais ar fud an domhain ráta cailliúna na bithéagsúlachta a laghdú faoin mbliain 2010. Rinne an tAontas Eorpach a thuilleadh fós agus tugadh geallúint go gcuirfí stop glan le cailliúint bithéagsúlachta san Eoraip faoi 2010. Léiríonn measúnú a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA)(1) nach mbainfear amach sprioc an AE áfach, in ainneoin dul chun cinn i roinnt réimsí. Go deimhin tá bithéagsúlacht á cailliúint ag ráta gan fasach.

Táthar tar éis an bhliain 2010 a fhógairt mar Bhliain Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta de chuid na Náisiún Aontaithe agus beidh sí ina hábhar mionscrúdaithe agus díospóireachta i gcaitheamh na bliana. Tá tús curtha cheana féin le díospóireacht tromchúiseach laistigh den AE maidir leis na gníomhaíochtaí atá de dhíth d’fhonn bithéagsúlacht a shábháil toisc nár baineadh amach an sprioc go dtí seo.

Cad atá ag tarlú dár mbithéagsúlacht?

Tá roinnt dul chun cinn déanta ag an Eoraip maidir le bithéagsúlacht a chosaint. Le 30 bliain anuas, tá líonra de beagnach 25 000 limistéar cosanta (2) ar fud na mBallstát go léir cruthaithe ag an Aontas Eorpach agus é ag iarradh ár mbithéagsúlacht a chosaint. Is ionann é seo agus thart ar 880 000 cileaméadar2 ar an iomlán, ag seasamh do 17 % de chríoch an AE. Is ionann an t-eagar suímh ollmhór seo a dtugtar Nature 2000 air agus an líonra is mó de limistéir chosanta ar domhan.

Tháinig torthaí dearfacha a chuaigh chun sochair na bithéagsúlachta as reachtaíocht ar astuithe atmaisféaracha (aerthruailliú), caighdeán an fhionnuisce agus cóireáil fuíolluisce. Mar shampla, ní saincheist mór a thuilleadh í báisteach aigéadach a scrios foraoisí i dtuaisceart na hEorpa. Tá talmhaíocht ag éirí níos dírithe ar an tírdhreach máguaird, cé go bhfuil a lán fós le déanamh. Tá feabhas i gcoitinne tagtha ar chaighdeán an uisce i bhfionnuisce.

Mar sin féin, tá an bhithéagsúlacht fós á cailliúint ar gach leibhéal. Tá oighear farraige an tsamhraidh san Artach á téaltú siar agus á tanú níos gasta ná mar a bhí riamh. In 2007 b’ionann méid an oighir fharraige agus leath den mhéid a tomhaiseadh sna 1950aidí. Tá iarmhairtí aige seo do na háitritheoirí beo go léir atá ann — idir bheathaí micreascópacha laistigh den oighear agus bhéir bhána agus an cine daonna. Mar a míneofar, tá oighearshruthanna á leá chomh maith i sliabhraonta na hEorpa le hiarmhairtí tromchúiseacha do na mílte Eorpach.

Ar fud an domhain, tá níos mó ná billiún duine ag brath ar iascaigh dá gcuid bia agus slite beatha. Mar sin féin, tá beagnach leath d'iascaigh fhiáine an domhain saothraithe go hiomlán anois. Is dóchúil go dteipfidh ar fhormhór na n-iascach tráchtála

reatha faoi 2050 mura ndéantar na treochtaí reatha a aisiompú. Ar thalamh thirim, tá foraoisí báistí á scrios le haghaidh bia (m.sh. táirgeadh soighe agus mairteola) agus agraí-bhreoslaí (m.sh. ola phailme) — forbairtí nach dtógann aon aird ar na mórán seirbhísí éiceachórais luachmhara atá á soláthar ag na foraoisí.

Le 20 bliain anuas, tá daonraí féileacáin san Eoraip tar éis titim faoi 60 %(3). Is táscairí luachmhara comhshaoil iad féileacáin toisc go bhfuil siad íogair don athrú is lú sa ghnáthóg. Is comhartha d’athrú comhshaoil níos leithne é imeacht na bhféileacán nach bhfuilimid ach ag tosú á thuiscint.

Cén fáth a bhfuil bithéagsúlacht chomh tábhachtach dúinn?

Déanaimid talamh slán den raon fairsing ‘seirbhísí éiceachórais’ á sholáthar ag an mbithéagsúlacht. Smaoinigh ar na feithidí atá ag pailniú ár mbarr, na hithreacha, córais fréamhacha na gcrann agus foirmíochtaí carraige atá ag glanadh ár gcuid uisce; na horgánaigh a bhriseann ár gcuid dramhaíola nó na crainn a ghlanann ár gcuid aeir. Smaoinigh ar luach an nádúir, a áilleacht agus an oiread úsáide a bhainimid as chun críocha fóillíochta.

Níl anseo ach roinnt de na ‘seirbhísí éiceachórais’ a éascaíonn saol ar domhan. Mar sin féin, tá ár gcuid nasc le mórán de na seirbhísí tacaí bheatha is bunúsaí caillte againn agus is annamh a fheicimid iad, nó a gcuirimid luach orthu fiú, don mhéid atá iontu. Tá impleachtaí móra ag an bhfíric seo ar ár ndomhan nádúrtha.

Nádúr athraitheach na ndúshlán comhshaoil

I rith na 1960aidí, 70aidí agus na 80aidí, tuigeadh uaireanta gur bhailiúchán de chórais ar leith ba ea an comhshaol. Is minic a dhírigh beartais agus stocaireacht ar fhadhbanna sainiúla: toitcheo san aer, ceimicí ag dul isteach in aibhneacha ó mhonarchana, scrios na hAmasóine, íde na dtíogar, CFCanna i gcannaí aerasóil. Tuigeadh go raibh bonn líneach nó sainiúil leis na cúiseanna agus déileáladh leo ar leithligh.

Sa lá atá inniu ann, tuigimid na brúnna ar ár gcomhshaol ar bhonn difriúil. Níl siad go léir mar an gcéanna, nó ní shocraítear in áit iad leis an tíreolaíocht. Is éard atá comónta eatarthu ná go dtagann siad de ghnáth — bíodh sé go díreach nó go hindíreach — ó ghníomhaíocht daonna. Is fórsaí tiomána fíor- láidre iad ár bpatrúin táirgthe, trádála agus tomhaltais, iad ag fothacú ár sochaithe agus ag socrú ár nósanna maireachtála, ár gcaighdeáin maireachtála agus ár gcomhshaol go comhuaineach.

Ag ceangal na bponcanna

Smaoinigh ar leabhar líníochta linbh. Cruthaíonn leanbh pictiúr trí na poncanna a cheangal le chéile — ag tosú le huimhir a haon agus ag críochnú leis an uimhir is airde áit éigin eile ar an leathanach. Ar dtús, is beagán céille a dhéanann an íomhá ach píosa ar phíosa eascraíonn rud éigin an-soiléir as. Tá ár dtuiscint féin ar na príomh-shaincheisteanna atá os comhair na sochaí tar éis teacht ó phoncanna ar leith go himlíne na híomhá. Níl an pictiúr iomlán againn fós act táimid tosaithe ar an bpatrún a fheiceáil.

Tá bithéagsúlacht ag imeacht ó radharc ag ráta chomh gasta sin toisc gur bhaineamar drochúsáid as an nádúr d’fhonn táirgeadh, tomhaltas agus trádáil a chothú inár ngeilleagar domhandaithe. Toisc gur theip orainn luach a chur ar ár gcaipiteal nádúrtha ciallaíonn sé go bhfuil praghsanna ár gcuid crann agus foraoisí, ár gcuid uisce, ithreach agus aeir íseal nó nach ann dóibh in aon chor.

I ngeilleagar ina ndéantar saibhreas náisiúnta a mheas bunaithe ar an méid a tháirgeann tír agus i ngeilleagar ina bhfuil brabúis ráithiúla méadaithe níos tábhachtaí ná na séasúir, is minic go mbíonn sé deacair an nádúr a fheiceáil fiú. Go minic, ní bhíonn ár gcaipiteal nádúrtha mar cheann de na poncanna ar an leathanach fiú.

Bainistiú na todhchaí

Is am deise agus machnaimh dúinn arís é. Is féidir na brúnna atá os ár gcomhair amach — bíodh siad ina mbrúnna eacnamaíocha nó bainteach le fuinneamh, sláinte nó an comhshaol — a réiteach. Dlitear do ghlúin na todhchaí uainn é. Bainfimid amach an méid is mó má admhaímid nach bhfuil mórán ar eolas againn fós faoinár gcomhshaol nádúrtha, cé chomh casta is atá sé agus an tionchar atá againn air. Ní mór dúinn ár n-umhlaíocht a athaimsiú agus féachaint arís le hiontas ar cad atá mórthimpeall orainn.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise tabhair cuairt ar leathanach gréasáin an EEA maidir le bithéagsúlacht: www.eea.europa.eu/themes/biodiversity.

I bhfócas: athrú aeráide agus bithéagsúlacht

Bíonn éiceachórais measartha athléimneach de ghnáth. Mar sin féin, i ndiaidh tairsí áirithe, ar a dtugtar ‘pointí mullaigh’, d’fhéadfadh éiceachórais titim agus aistriú go staideanna fíor- éagsúla le tionchair féideartha suntasacha acu ar dhaoine. Tá an baol ann go mbainfidh athrú aeráide an bonn ó na seirbhísí éiceachórais ríthábhachtacha ar nós uisce glan agus ithreacha torthúla, a dheimhníonn an caighdeán maireachtála agus an geilleagar araon. Níl a fhios againn cad iad iarmhairtí iomlána an athraithe aeráide ar bhithéagsúlacht. Ach tá a fhios againn go gcaithfear dul i ngleic le cailliúint bithéagsúlacht agus athrú aeráide as lámh a chéile, má táimid chun ár gcomhshaol a chosaint. Tá seirbhísí éiceachórais a chabhraíonn faoi láthair le hathrú aeráide a theorannú, ar nós ionsú CO2 ón atmaisféar trí ithreacha, aigéin agus foraoisí, go mór i mbaol.

Léiríonn tuarascáil le déanaí de chuid an EEA ag déanamh measúnú ar stádas na bithéagsúlachta san Eoraip go bhfuil éifeacht suntasach ag athrú aeráide ar bhithéagsúlacht. Rinne an tuarascáil, ‘Progress towards the European 2010 biodiversity target’(4), staidéar ar 122 speiceas éan Eorpach comónta agus fuarthas amach go raibh drochthionchar ag athrú aeráide ar 92 speiceas, le tionchar dearfach ar 30 speiceas. Tugann sé seo le fios gur féidir a bheith ag súil le hathraithe ollmhóra sa bhithéagsúlacht agus sna héiceachórais san Eoraip mar thoradh ar athrú aeráide.

Ina theannta sin léiríonn an tuarascáil go bhfuil líon na bhféileacán féaraigh ag laghdú go mór; tá a gcuid daonraí tar éis titim faoi 60 % ó 1990 i leith agus ní hamhlaidh go réiteoidh sé. Is dócha gurb í an phríomhthiománaí atá freagrach as an laghdú seo ná athruithe i dtalamhúsáid tuaithe — feirmeoireacht treisithe agus tréigean talún ag feirmeoirí ach go háirithe. Toisc go bhfuil bainistíocht ghníomhach á dhéanamh ag daoine nó a gcuid beostoc de dhíth ar fhormhór na bhféarach san Eoraip, bíonn féileacáin ag brath chomh maith ar leanúint na ngníomhaíochtaí seo.

  1. EEA, 2009, SEBI: http://www.eea.europa.eu/publications/progress-towards-the-european-2010-biodiversity-target
  2. http://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/db_gis/pdf/area_calc.pdf
  3. http://www.cbd.int/convention/articles.shtml?a=cbd-02
  4. EEA, 2009, SEBI: http://www.eea.europa.eu/publications/progress-towards-the-european-2010-biodiversity-target

Permalinks

Document Actions