next
previous
items

Article

Muirí

Article Published 22 Mar 2010 Last modified 21 Mar 2023
Bithéagsúlacht mhuirí faoi bhrú

Tá cúige Canakkale lonnaithe ar an dá thaobh de na Dardanelles, ag ceangal Muir Marmara leis an Muir Aeigéach: tá cóstaí aici leis an Eoraip agus an Áise. Is anseo a rinne Homer cur síos ar chapall adhmaid miotasach na Traí ina hIlliad, agus fuair 130 000 saighdiúir bás in Gallipoli i rith Cogaidh Dhomhanda I. Sa lá atá inniu ann, déanann roinnt mhaith luamh dathannach stad sceidealta i muiríne Canakkale atá ina limistéar atá saibhir ó thaobh staire agus miotaseolaíochta de.

Bhuaileamar le Saim Erol cúpla ciliméadar feadh an chósta in Behramkale. Is duine de na hiascairí gníomhacha é atá fágtha sa sráidbhaile bheag iascaireachta seo atá tógtha ar shuíomh Teampaill Athena le radhairc álainn ar Mhurascaill Edremit. ’Inné chaith mé níos mó ná 700 méadar eangach. Níor rug mé ach ar cheithre mhilléad dearg. Níorbh fiú iad agus an díosal a dhóigh mé!’ arsa Saim, atá ag iascaireacht sna huiscí seo le níos mó ná 20 bliain anuas.

Ní rud maith é go bhfuil níos lú iasc ann agus níos mó bád ag dul ina dtóir. Ag tabhairt sracfhéachaint ar a bhád atá sé mhéadar ar fhad agus ansin ag féachaint ar an soitheach níos mó atá amach ar an bhfarraige, deireann sé, ‘Bhí gach rud ar eolas againn faoin gcósta seo, cathain agus cá háit iascaireacht a dhéanamh. Ach tá an aimsir athraithe anois. Ní hamhlaidh go bhfuil an méid a bhí ar eolas agam bailí a thuilleadh. Tá athrú tar éis teacht ar an bhfarraige.’

Le 20 bliain anuas, de réir mar a d’athraigh an ceantar i bhfabhar na dturasóirí tá formhór na n-iascairí tar éis éirí as iascaireacht agus tuilleann siad airgead anois trí turasóirí a thabhairt go tránna iargúlta nach féidir dul ann ach i mbád. ‘Ar a laghad faigheann siad airgead uaidh sin don gheimhreadh,’ arsa Hasan Ali Özden, atá ina mhúinteoir scortha agus iascaire amaitéarach. ‘Tá an t-ádh leis na hiascairí in Sivrice, sráidbhaile cúig míle níos faide siar. Ó am go céile buaileann siad ar scoil colgán a bhíonn ar imirce. Agus is maith an t-airgead é sin. Ach is fada an lá é ó bhliain na flúirse’

Tionchair triarach an athraithe aeráide, speicis eachtrannach ionracha agus aigéadú

Tá iascaigh ag brath go mór ar éiceachórais mhuirí sláintiúla ach tá athrú ag teacht ar an tslí ina bhfeidhmíonn rudaí de bharr an t-athrú aeráide.

Deireann an tOllamh Nuran Ünsal ó Ollscoil Iostanbúl go bhfuil athruithe i bpatrúin imirce agus a dtionchair ar stoic éisc mar chúis leis. Téann speicis imirceacha a bhfuil ardluach eacnamaíoch ag baint leo, ar nós boiníotó Atlantaigh, iasc gorm nó ronnach, ar imirce ó dheas go dtí an Mheánmhuir sa bhfómhar agus go dtí an Mhuir Dhubh san earrach chun pórú. Bliain in aghaidh bliana, áfach, tá i bhfad níos lú iasc ag dul ar imirce trí Chaolas na Tuirce.

‘Tá athruithe i dteocht an uisce agus gaoithe séasúrach, atá ríthábhachtach do na feachtaí riachtanacha, tar éis cur isteach ar phatrúin imirce na n-iasc,’ arsa an tOllamh Ünsal, ‘tá suíomh an-sainiúil de dhíth ar speicis dá leithéid leis an teocht uisce ceart agus an méid bia ceart, chomh maith le go leor ama chun pórú.

‘Fiche bliain ó shin, théadh siad ar imirce ó dheas i Meán Fómhair. Agus teocht uisce níos teo sa Mhuir Dhubh, níl orthu dul ó dheas anois go dtí lár mí Dheireadh Fómhair nó go luath i mí na Samhna. Is é is brí leis seo ná go bhfanann siad sa Mheánmhuir ar feadh tréimhse níos giorra agus mar thoradh tá líon níos lú díobh ann agus bíonn siad níos lú i méid nuair a fhilleann siad ó thuaidh.’

Tá éisc a bhíonn sáite in uisce níos teo i bponc: nuair a théann siad in oiriúint, luathaíonn a gcuid meitibileachta. Fásann siad i bhfad níos gasta, cé nach mbíonn siad chomh mór go minic mar éisc fásta, agus bíonn tuilleadh bia agus ocsaigin bhreise de dhíth orthu chun tacú lena gcuid meitibileachta níos airde. Ag an am céanna, de réir mar a théann teocht an uisce in airde, laghdaíonn an méid ocsaigin a bhíonn ar fáil. Bíonn ‘fáisc ocsaigine’ le braith ar roinnt éisc: méadaíonn a n-éileamh ar ocsaigin de réir mar a laghdaíonn líon an tsoláthair.

Tá athrú aeráide ag athrú salandacht agus aigéadacht an uisce farraige agus an tslí a chruthaíonn sé cisil. D’fhéadfadh na tionchair a bheith turraingeach. Áiríonn siad loic na sceir coiréil, scaipeadh na speiceas agus galar ionracha, caillteanas na gcreachadóirí ar barr an bhiashlabhra agus ar deireadh thiar thall, struchtúr iomlán an biashlabhra muirí.

Speicis ionracha

Go déanach sna 1980aidí, thit stoic na n-ainseabhaithe sa Mhuir Dhubh de bharr meascán fachtóirí. Ina measc siúd bhí ró-iascaireacht; saibhriú cothaitheach (go háirithe ón Danóib); teocht uisce níos teo mar thoradh ar athrú aeráide; ionradh speiceas nua go dtí an réigiún, Mnemiopsis leidyi, smugairle cíorach a tháinig ón Atlantach thiar-thuaidh.

Is dóchúil go dtugadh isteach é sa Mhuir Dhubh trí uiscí ballasta de chuid lastlonga. Faigheann Mnemiopsis leidyi bia ó bhréanlarbhaí iasc chomh maith le horgánaigh a bheadh mar bhia don ainseabhaí. Sna 1990aidí, tugadh isteach speiceas smugairle cíorach eile ar a dtugtar an Beroe ovata ón Atlantach thiar-thuaidh a bhíonn ag creach don chuid is mó ar Mnemiopsis leidyi, go dtí an Mhuir Dhubh chomh maith trí thimpiste. De bharr tabhairt isteach an chreachadóra seo ar Mnemiopsis leidyi, teocht níos ísle idir 1991 agus 1993 agus laghdú i sreabha cothaithigh, i dteannta le hiascaireacht laghdaithe i rith na teipe, laghdaíodh roinnt de na brúnna ar stoic na n-ainseabhaithe. Ó shin i leith, tá roinnt comharthaí téarnaimh le feiceáil ón Mhuir Dhubh.

Chonacthas aistriú comhchosúil san éiceachóras sa Mhuir Bhailt.

Tá comhphobal iasc na Bailte athraithe ó cheann ina raibh trosc ann den chuid is mó go ceann ina bhfuil scadáin agus saláin ann anois de bharr ró-iascaireacht agus athrú aeráide.

Is féidir le speicis eachtrannach ionracha, cibé ar tugadh isteach iad trí thimpiste nó d’aon ghnó, robach a dhéanamh do dhaoine, d’éiceachórais agus do speicis phlandaí agus ainmhithe dúchasacha. Is dóchúil go rachaidh fadhb na speiceas ionraigh in olcais amach anseo de bharr athrú aeráide, trádáil méadaithe agus turasóireachta.

 

Carbón gorm: an fhíorthástáil

Is linn ollmhór carbóin ‘gorm’ (nó stór carbóin dé-ocsaíd) iad aigéin an Domhain. I ndáiríre, tá siad ar an stór carbóin is mó ar domhan, lena gcontrapháirt domhanda, foraoisí san áireamh, sa dara háit. D’fheidhmigh na linnte nádúrtha seo go héifeachtach ar feadh na mílte bliana, ag cosaint an domhan ó athruithe aeráide tobainn de dheasca gáis cheaptha teasa. Ach inniu, tá an carbón dé-ocsaíd ag méadú san atmaisféar níos gasta ná mar is féidir leis an talamh agus na haigéin é a ionsú.

Le hiontógáil feabhsaithe an charbóin dé-ocsaíde ón atmaisféar tá meán-aigéadacht an aigéin méadaithe anois. Faoin mbliain 2100 is dóchúil go mbeidh an t-aigéan níos aigéadaí ná mar a bhí le 20 milliún bliain. Tá aigéadú taobh thiar den laghdú i líon na n-ian carbónáite, atá riachtanach chun aragóinít agus cailcít a dhéanamh — dhá chineál carbónáit chailciam a úsáideann a lán orgánaach muirí chun a gcuid sliogán agus ábhar cnámharlaigh a thógáil.

San Eoraip, tá taighdeoirí tar éis tosú ar athruithe a fheiceáil i sliogáin agus cnámharlaigh na n-orgánach micreascópach atá ag tús an bhiashlabhra muirí. Is dóchúil go mbeidh drochthionchar láithreach ag ráta tite an chailcithe ar líon fairsing na speiceas a itheann iad.

Tá sceir choiréil i mbaol go mór toisc go mbaineann siad úsáid as cailciú chun a gcuid cnámharlaigh a dhéanamh, agus is na cnámharlaigh sin a chruthaíonn an sceir choiréil mar a fheicimid é. Bíonn timpeall dhá mhilliún speiceas muirí ina chónaí sna sceireacha coiréil agus is foinse iad de cheathrú den ghabháil éisc i dtíortha atá ag forbairt ar fud an domhain. Is ionann tionchair an aigédaithe agus níos mó ná éifeachtaí díreacha ar chailciú ag orgánaigh mhuirí. Is féidir tionchar ollmhór a bheith ag tuilleadh uisce aigéadach ar riospráid i speicis, amhail an scuid, toisc nach mbaineann siad úsáid as cailciú (11). Cé nach bhfuil tionchair iomlán an aigéadaithe aigéan ar eolas go dtí seo, meastar go bhfuil suas le seacht faoin gcéad de na ‘linnte carbóin ghorm’ seo á gcailliúint ar bhonn bliantúil — seacht n-oiread ráta an chailliúna le 50 bliain anuas.

Díreach mar an gcéanna le foraoisí ar thalamh thirim, tá ról tábhachtach ag éiceachórais mhuirí sa chomhrac in aghaidh athrú aeráide. Bheadh toradh turraingeach ann dá gcaillfí aon cheann díobh ach níl sé ar eolas againn fós cé chomh gasta a athróidh an saol faoi dhromchla na n-aigéan.

Ag dul sa tóir ar an mbeagán éisc atá fágtha inár bhfarraigí

Is í ró-iascaireacht an phríomhrud atá ciontach as ganntanas na n-iasc inár bhfarraigí. Is fíorghruama an scéal san Eoraip: déantar ró-iascaireacht ar bheagnach naoi as gach deich stoc iasc tráchtála san Atlantach thoir-thuaidh, sa Mhuir Bhailt agus sa Mheánmhuir. Tá an oiread sin ró-iascaireachta á dhéanamh ar thart ar aon-tríú de na haigéin sin go bhfuil baol ann go gcaillfidh na stoic a gcuid acmhainne atáirgthe.

Le deich mbliana anuas, tá iomlán na ngabhálacha éisc tar éis laghdú faoi aon-tríú(12) agus ní raibh uisceshaothrú san Eoraip in ann cúiteamh a sholáthar. Tá tomhaltas iomlán na n-iasc in aghaidh an duine tar éis dúbailt beagnach ó 1973 i leith, agus na hEorpaigh ag ithe 21 cileagram táirgí iascach ar an meán gach bliain, beagnach níos mó ná an meán domhanda de 17 cileagram, ach níos lú ná leibhéil tomhaltais Stát Aontaithe Mheiriceá, na Síne agus Cheanada de thart ar 25 cileagram. Tá éagsúlacht fhairsing ann laistigh den AE, idir 4 chileagram in aghaidh an duine sa Rómáin agus 57 cileagram sa Phortaingéil.

Chun freastal ar éileamh na hEorpa ar éisc, déantar thart ar dhá thrian de na héisc a allmhairiú (13). Mar sin bíonn tionchar ag Eorpaigh ar stoic iasc agus táirgeadh uisceshaothraithe ar fud an domhain. Sa lá atá inniu ann, tá tuilleadh imní ar thomhaltóirí, táirgeoirí agus miondíoltóirí maidir le ró-iascaireacht agus is minic go mbíonn ráthanna ag teastáil go dtagann an t-iasc a itheann siad agus a dhíolann siad ó iascaigh inbhuanaithe a mbainistítear go maith. Ach bíonn sé deacair ráthanna dá leithéid a thabhairt le haghaidh formhór na stoc iasc in uiscí na hEorpa.

San Eoraip, tá ath-luacháil reatha an Chomhbheartais Iascaigh(14) ag tabhairt sracfhéachaint eile ar iascaigh ó thaobh peirspictíochta muirí agus comhshaoil níos leithne de(15). Beidh béim i bhfad níos mó ar inbhuanaitheacht éiceolaíoch na n-iascach lasmuigh den Eoraip agus ar an ngá chun bainistiú agus saothrú freagrach a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha gan a dtodhchaí a chur i gcontúirt. Beidh sé tábhachtach breathnú conas a n-oirfeadh an cur chuige nua seo i leith daingniú a dhéanamh ar iascaigh na hEorpa leis an gcóras idirnáisiúnta reatha agus an próiseas molta rialta i leith measúnú a dhéanamh ar an gcomhshaol muirí domhanda.

I dtreo measúnú domhanda ar an gcomhshaol muirí

In 2002, bhí sainspriocanna um bainistiú iascaigh i bPlean Forfheidhmithe Johannesburg ón gCruinniú Mullaigh Dhomhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe, lena n-áirítear athchóiriú stoc iasc chuig uastoradh inbhuanaithe faoin mbliain 2015. D’aithin sé an gá freisin chun ‘próiseas rialta’ a bhunú faoi na Náisiúin Aontaithe um thuairisciú agus measúnú domhanda, lena n-áirítear gnéithe socheacnamaíocha reatha agus todhchaíochta araon, agus ag cur le measúnaithe réigiúnacha atá ar bun faoi láthair.

D’aithin an chéim thábhachtach seo an gá atá ann le haghaidh iarrachtaí idirnáisiúnta comhaontaithe chun acmhainní domhanda a bhainistiú agus a chosaint ar bhealach inbhuanaithe. B’ionann é agus tús an phróisis choincréite atá dírithe ar ghníomh lena chinntiú go bhfuil tíortha tiomnaithe le hiarrachtaí inbhuanaithe fadtéarmacha dírithe.

Mhol Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an togra in 2005(16) agus in 2009 tugadh aitheantas d’obair an Ghrúpa Saineolaithe ar bhonn eolaíochtúil den mheasúnú domhanda. Mar an gcéanna le próisis idirnáisiúnta uile, tógfaidh sé roinnt mhaith blianta an Próiseas Rialta um Thuairisciú agus Measúnú Domhanda a chur i bhfeidhm (17).

11. "Our Endangered Oceans", Dr. Richard Moss, WWF

12. Eurostat, An Coimisiún Eorpach, doiciméad oibre ‘Reflections on further reform of the Common Fisheries Policy’

13. An Coimisiún Eorpach: http://ec.europa.eu/trade/creating-opportunities/economic-sectors/fisheries/statistics/#stats

14. Bunaíonn Conarthaí an AE bainistíocht na n-iascach mar cheann de na hinniúlachtaí eisiach de chuid an Chomhphobail. Tá sé seo ag tarlú toisc go mbogann éisc trasna dlínsí náisiúnta agus
tá iascairí tar éis iad a leanúint ar feadh na mblianta sular tugadh isteach Criosanna Eacnamaíocha Eisiacha agus sular cuireadh tús leis an gComhbheartas Iascaigh. In 2009, d’fhoilsigh an CEC páipéar glas ag imlíniú na hathruithe atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna is tábhachtaí atá os comhair iascaigh na hEorpa anois. Athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh, an Bhruiséil, 22.4.2009COM(2009)163 deireanach.

15. Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 ag bunú an chreata do ghníomh Comhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil (Treoir um Chreat Straitéise Muirí) (IO L 164, 25.6.2008).

16. Rún 60/30 ó Chomhthionól Ginearálta na nAigeán agus Dlí na Farraige

17. Rún 61 ó Chomhthionól Ginearálta na nAigeán agus Dlí na Farraige

Permalinks

Document Actions