next
previous
items

Article

Feithiclí leictreacha: ag dul i dtreo córas soghluaisteachta inbhuanaithe

Change language
Article Published 14 Nov 2016 Last modified 11 May 2021
Photo: © Norsk elbilforening
Braitheann an tsochaí nua-aimseartha ar ghluaiseacht earraí agus daoine, ach bíonn drochthionchar ag na córais iompair atá againn faoi láthair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Labhraíomar le Magdalena Jóźwicka, bean atá ina bainisteoir tionscadail ar thuarascáil atá le teacht ar fheithiclí leictreacha, mar gheall ar na buntáistí don chomhshaol agus na dúshláin a bhaineann leis an leictreachas a úsáid mar mhalairt ar bhreoslaí traidisiúnta le haghaidh feithiclí.

Cad iad na cineálacha feithiclí leictreacha a úsáidtear ar fud na hEorpa anois?

Tá roinnt cineálacha éagsúla á n-úsáid ar na saolta seo. Agus muid ag trácht ar fheithiclí paisinéirí is féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir feithiclí leictreacha a ritheann ar chadhnraí amháin – nach bhfuil ach mótar leictreach á gcumhachtú – agus cineálacha éagsúla carranna hibride inluchtaithe ar féidir mótar leictreach agus inneall dócháin inmheánaigh araon a bheith iontu.

Is féidir cineálacha eile feithiclí a rith ar leictreachas freisin. Feicimid níos mó agus níos mó rothar leictreach ar an mbóthar, mar aon le veaineanna agus busanna leictreacha. Maidir le córacha eile iompair, tá na hinnill iarnróid againn freisin, chomh maith le báid farantóireachta uisce-iompartha, longa agus báid bheaga.

Cé chomh coitianta is atá na feithiclí leictreacha ar fud na hEorpa?

Gach bliain feicimid níos mó agus níos mó carranna leictreacha paisinéirí á ndíol, idir fheithiclí a ritheann ar chadhnraí amháin agus hibridí inluchtaithe. Díoladh thart ar 150 000 feithicil leictreach nua san AE anuraidh. Cé go bhfuil méadú tapa ag teacht ar na díolacháin ó thaobh céatadáin, is ionann iad go fóill agus codán beag de na díolacháin iomlána, gan ach 1.2% díobh i gceist in 2015. Agus measaimid nach feithiclí leictreacha iad ach timpeall is 0.15% de na feithiclí ar an mbóthar. Nó, i bhfocail eile, níl i gceist ach carr leictreach amháin as gach 700 carr paisinéirí. Tír thábhachtach amháin is féidir a lua is ea an Iorua, atá ina ceannródaí i dtaobh díolacháin carranna leictreacha. Díoladh thart ar 34,000 feithicil leictreacha nua ansin anuraidh – carr amháin as gach cúig charr nua.

Cad é an beartas Eorpach i leith feithiclí leictreacha?

Tá an AE tiomanta dá chóras iompair a dhícharbónú agus tacaíocht a thabhairt do roghanna eile seachas teicneolaíochtaí agus breoslaí an ghnáthinnill dócháin. Níl sna feithiclí leictreacha ach gné amháin den mhéid sin. Faoi roinnt beartas, spreagtar forbairt breoslaí in-athnuaite agus leictreachais in-athnuaite; bíonn beartais eile dírithe ar an mbonneagar a theastaíonn i gcomhair na bhfeithiclí leictreacha ar nós pointí luchtaithe ar fud na hEorpa. Leagtar síos i bpíosaí sonracha reachtaíochta na spriocanna i dtaobh cé mhéad dé-ocsaíd charbóin (CO2) is féidir le feithiclí nua a astú in aghaidh an chiliméadair. Bhí na píosaí reachtaíochta seo ina gcúnamh chun dreasacht a thabhairt do mhonarú feithiclí ag a bhfuil leibhéal íseal astaíochtaí, carranna leictreacha ina measc.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach feithiclí leictreacha a bheith san áireamh sa fhlít carranna?

De bharr go n-úsáidtear breoslaí iontaise san iompar, déantar dochar do cháilíocht an aeir sa timpeallacht áitiúil agus don aeráid. Tarlaíonn sé sin mar gheall ar sceitheadh astaíochtaí CO2 agus mar gheall ar thruailleáin aeir dhíobhálacha ar nós ocsaídí nítrigine agus ábhar cáithníneach. Is é an trácht ar bhóithre is cúis leis an gcuid is mó den torann ar fud na hEorpa freisin, agus é i bhfad chun tosaigh ar fhoinsí torainn eile. Is léir, ach feithiclí leictreacha a áireamh sa fhlít, gur féidir laghdú nach beag a dhéanamh ar leibhéal foriomlán na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus ar thruailliú an aeir, go háirithe más ó fhoinsí in-athnuaite a thagann an leictreachas a úsáidtear. Ach fiú más rud é gur ó bhreoslaí iontaise a ghintear an leictreachas, is féidir leis an athrú chuig feithiclí leictreacha dul chun tairbhe na timpeallachta uirbí go fóill i ndáil le laghdú ar thruailliú an aeir agus ar na leibhéil torainn sa cheantar.

Cén fáth a bhfuil feithiclí leictreacha níos forleithne i roinnt tíortha ná a chéile?

Tá beagnach gach tír ag déanamh rud éigin chun feithiclí leictreacha a chur chun cinn, ach is beag tír ar éirigh léi méadú mór ar líon na bhfeithiclí leictreacha atá á ndíol a bhaint amach. Mar shampla, is díreach i sé Bhallstát de chuid an AE a díoladh nócha faoin gcéad de na feithiclí leictreacha nua in 2015 – is iad sin an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an tSualainn, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe. Tá an Iorua, a luadh thuas, amuigh chun tosaigh sa réimse seo agus is sampla maith í de thír ina n-úsáidtear pacáiste iomlán dreasachtaí. Ceann de na bearta is éifeachtaí, is cosúil, is ea fóirdheontais cheannaigh a fhágann go bhfuil praghas na bhfeithiclí leictreacha inchurtha le praghas na ngnáthcharranna. I measc dreasachtaí eile tá laghdú ar an gcostas úinéireachta amhail laghdú ar an gcáin bhliantúil nó luchtú saor in aisce, páirceáil saor in aisce nó úsáid lánaí bus do charranna leictreacha.

Cad iad na dúshláin atá romhainn?

Ní mór don teicneolaíocht teacht chun cinn ar bhealaí éagsúla go fóill ionas go nglacfaidh tomhaltóirí go fonnmhar leis an leictrea-shoghluaisteacht ar bhonn níos leithne. Mar shampla, ní mór an raon tiomána a bheith níos faide agus luas an luchtaithe níos tapa. Faoi láthair, tógann sé 20-30 nóiméad ar dhuine feithicil a luchtú i gcomhair tiomáint 100 km ag na stáisiúin is tapúla luchtú. Teastaíonn bonneagar níos fearr uainn freisin ionas go mbeidh pointí luchtaithe poiblí chomh coitianta céanna is atá gnáthstáisiúin breosla, agus chun cur leis an gcumas i dtaobh fuinneamh in-athnuaite a ghineadh ionas gur féidir leas iomlán a bhaint as buntáistí na leictrea-shoghluaisteachta. Tá feithiclí leictreacha níos daoire ná gnáthfheithiclí freisin.

Is tábhachtach freisin a thabhairt faoi deara nach leor feithiclí leictreacha a chur in ionad gnáthfheithiclí chun réiteach a fháil ar a lán de na fadhbanna a shamhlaítear le hiompar. Cé gur cabhair iad i dtaobh astaíochtaí gáis cheaptha teasa, truailliú aeir agus torann a laghdú, ní réiteoidh feithiclí leictreacha fadhbanna eile amhail brú tráchta nó an t-éileamh ar bhonneagar bóithre nua agus ar spásanna páirceála. Ionas go mbeidh iompar inbhuanaithe ann i ndáiríre, ní mór dúinne i gcáil sochaí smaoineamh as an nua faoin gcóras soghluaisteachta iomlán atá againn, agus breathnú ar bhealaí nuálacha chun an spleáchas atá againn ar fheithiclí a laghdú. D'fhéadfaí a áireamh ansin athruithe ar nós leas a bhaint as scéimeanna roinnte carranna, bonneagar iompair phoiblí níos fearr a fhorbairt agus níos mó úsáide a bhaint as córacha iompair ag a bhfuil leibhéal íseal astaíochtaí nó atá gan astaíochtaí ar bith.

Cad a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil i dtaobh feithiclí leictreacha?

Ag féachaint romhainn, foilseoimid dhá cháipéis ar fheithiclí leictreacha an fómhar seo: treoir ina ndéanfar achoimre ar staid reatha an eolais ar fheithiclí leictreacha san Eoraip, agus cáipéis ghearr faisnéise ina mbreathnófar chun cinn ar roinnt de na hiarmhairtí féideartha ar an gcóras fuinnimh agus ar an gcomhshaol a bheadh ag gabháil le húsáid feithiclí leictreacha ar scála mór faoi 2050, cuir i gcás go dtarlóidh sé sin.

 

Magdalena Jóźwicka

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage