next
previous
items

Article

Bonneagar glas: saol níos fearr trí réitigh atá bunaithe ar an dúlra

Change language
Article Published 17 Nov 2015 Last modified 11 May 2021
Photo: © Birgit Georgi/EEA
Tá réitigh tharraingteacha i gceist leis an mbonneagar glas ar shaincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha agus, dá bhrí sin, ní mór é a thabhairt isteach i réimsí éagsúla beartais. Agus an EEA ag ullmhú chun tuarascáil a fhoilsiú maidir le ról an bhonneagair ghlais chun tionchar na nguaiseacha nádúrtha a bhaineann leis an athrú ar an aimsir agus ar an aeráid a mhaolú, labhraíomar leis an bpríomhúdar, Gorm Dige, bainisteoir tionscadail maidir le hanailís chríche chomhshaoil, bheartais agus eacnamaíoch.

Céard is bonneagar glas ann agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?

I gCumarsáid maidir le Bonneagar Glas ón gCoimisiún Eorpach, deirtear gur uirlis atá ann chun tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a sholáthar trí réitigh atá bunaithe ar an dúlra, chun cuidiú le tuiscint a fháil ar na buntáistí atá i gceist leis an dúlra don tsochaí, agus infheistíocht a spreagadh chun na tairbhí sin a choimeád agus a fheabhsú. Is é sin a rá gur líonraí dúlra, limistéir leath-nádúrtha agus spásanna glasa atá ann a chuireann seirbhísí éiceachórais ar fáil, agus atá mar bhun le folláine an duine agus le cáilíocht na beatha.

Féadann bonneagar glas feidhmeanna agus tairbhí éagsúla a sholáthar don limistéar céanna. Feidhmeanna comhshaoil (m.sh. bithéagsúlacht a choimeád nó dul in oiriúint don athrú aeráide), sóisialta (m.sh. draenáil uisce nó spásanna glasa a chur ar fáil), agus eacnamaíocha (m.sh. poist a chur ar fáil agus praghsanna réadmhaoine a ardú) atá i gceist. I gcodarsnacht leis na gnáth-réitigh bonneagair léith, nach bhfuil ach feidhm amháin acu amhail draenáil nó iompar, is réiteach tarraingteach é an bonneagar glas toisc go bhfuil an acmhainneacht ann tabhairt faoi fhadhbanna éagsúla ag an am céanna. Tá gá le bonneagar liath i gcónaí, ach is féidir é a threisiú go minic le réitigh atá bunaithe ar an dúlra.

Mar shampla, is féidir leas a bhaint as an mbonneagar glas le rith chun srutha uisce stoirmeacha a théann isteach i gcórais séarachais agus sa deireadh i lochanna, in aibhneacha agus i sruthanna a laghdú, leis an acmhainn nádúrtha atá ag an bhfásra agus ag an ithir uisce a choimeád agus a shú. Bheadh buntáistí ag baint leis an mbonneagar glas sa chás sin amhail ceapadh carbóin, feabhas ar cháilíocht an aeir, maolú iarmhairte teasoileáin uirbigh, spás sa bhreis do ghnáthóga fiadhúlra agus caitheamh aimsire. Cuireann spásanna glasa leis an tírdhreach cultúrtha agus stairiúil freisin, agus iad ag tabhairt sainiúlachta d'áiteanna, chomh maith le radhairc na limistéar uirbeach agus na limistéar imeallach ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus ina mbíonn siad ag obair. Léiríonn an taighde gur lú an costas a bhaineann le réitigh bonneagair ghlais ná le bonneagar liath agus go bhfuil raon leathan comhthairbhí i gceist don gheilleagar áitiúil, don tsochaí agus don chomhshaol i gcoitinne.

Cad iad na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le bonneagar glas a fhorbairt?

Is rud sách nua agus casta é an bonneagar glas, agus níl aon sainmhíniú ann a bhfuil glacadh forleathan leis. Tá easpa anailíse cainníochtúla agus táscairí ann chomh maith. Dá bhrí sin, is deacair ar lucht déanta beartas an bonneagar glas a thabhairt isteach i mbeartais. Ach téann gnéithe áirithe den bhonneagar glas i gcoinne na treochta sin. Mar shampla, is minic a bhíonn feidhmeanna soiléire agus tomhais feidhmíochta ann i gcás éiceaduchtanna agus córais bainistíochta nádúrtha uisce, amhail díonta glasa.

Cé go mbíonn an chuma ar an scéal gur casta atá an argóint airgeadais ar son an bhonneagair ghlais, is minic a bhíonn sé níos saoire, níos láidre agus níos inmharthana, i dteannta na dtairbhí éagsúla atá i gceist leis. Mar sin, seachas dul i muinín na réiteach liath, amhail cladáin agus píopaí, do thuillte, ba cheart don lucht pleanála na tairbhí a bhaineann le tuilemhánna nó bogaigh a scrúdú.

Mar fhocal scoir, tá an bonneagar glas ina chuid de Straitéis Bhithéagsúlachta an AE, ach tá i bhfad níos mó i gceist leis ná caomhnú bithéagsúlachta. D'fhéadfadh sé cur go mór le cuspóirí beartais an AE a chur i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas: forbairt réigiúnach agus tuaithe, an t-athrú aeráide, bainistíocht riosca anachana, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht, agus an comhshaol.

Céard é an beartas Eorpach maidir le bonneagar glas agus cad atá á dhéanamh chun dul i ngleic leis na ceisteanna sin thuas?

Sa Straitéis um Bonneagar Glas de chuid an AE, moltar lán-chomhtháthú an bhonneagair ghlais i mbeartais an AE ionas go mbeidh sé ina chuid chaighdeánach den phleanáil ar fud an AE. Aithnítear sa straitéis chomh maith cumas an bhonneagair ghlais chun cur le beartais AE ar féidir a gcuid cuspóirí a bhaint amach trí réitigh atá bunaithe ar an dúlra, agus cuirtear úsáid an bhonneagair ghlais i gcomhthéacs na Straitéise Fáis, an Eoraip 2020.

Ina theannta sin, is é is aidhm leis an Straitéis Bithéagsúlachta ná a chinntiú gur 'faoi 2020, go gcoimeádfar agus go bhfeabhsófar éiceachórais agus na seirbhísí lena mbaineann trí bhonneagar glas a bhunú agus trí 15% ar a laghad de na héiceachórais damáistithe a athbhunú'. Iarrtar ar Bhallstáit stádas na n-éiceachóras agus na seirbhísí a léarscáiliú agus a mheas ar bhonn náisiúnta. Cabhróidh an obair sin le measúnú a dhéanamh ar luach eacnamaíoch na seirbhísí éiceachórais, agus cuirfear chun cinn comhtháthú na luachanna sin i gcórais chuntasaíochta agus tuairiscithe náisiúnta agus AE faoi 2020.

Aithnítear an bonneagar glas i gcodanna eile de réimse beartais an AE, go háirithe sa Seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (7CGC), sa Bheartas Réigiúnach 2014–2020, sa Chreat-Treoir Uisce, sa Treoir Níotráite agus sa Treoir Tuillte, agus i Straitéis an AE maidir le dul in oiriúint don Athrú Aeráide.

Táthar ag súil leis go mbainfear úsáid níos fearr as an mbonneagar glas mar uirlis bheartais agus go gceapfar réitigh áitiúla phraiticiúla mar thoradh ar na tionscnaimh sin ar fad.

Conas a chuireann an EEA leis an obair sin?

Tá taighde déanta ag an EEA maidir le bonneagar glas chun tacú le lucht déanta beartas agus leis an bpobal i gcoitinne. In 2011, d'fhoilsíomar an tuarascáil, Bonneagar glas agus comhtháthú críochach, inar léiríodh an tábhacht a bhaineann le huirlisí a fhorbairt chun bonneagar glas a aithint agus a thomhas, agus a chuir le socrú tosaíochtaí agus spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha. Úsáideadh í mar chuid de chumarsáid an AE ar an mBonneagar Glas chomh maith.

I staidéar an EEA, Spásanailís ar bhonneagar glas san Eoraip, déantar measúnú ar bhonneagar glas mar choincheap éiceolaíochta agus spásúil chun sláinte agus teacht aniar an éiceachórais a chur chun cinn, rud a chuireann le caomhnú na bithéagsúlachta, agus a théann chun sochair do dhaoine trí sholáthar seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn, amhail maolú ar an athrú aeráide, gnáthóga a chur ar fáil do bhiothra, agus lúdracht gnáthóg.

Foilseoidh an EEA iarthuarascáil gan mhoill, Iniúchadh ar réitigh bunaithe ar an dúlra - ról an bhonneagair ghlais chun na hiarmhairtí a bhaineann le guaiseacha nádúrtha na haimsire agus an athraithe aeráide a mhaolú. Déantar forbairt ar thuarascálacha roimhe sin maidir leis an gcaoi a gcuireann an bonneagar glas le maolú drochiarmhairtí na hadhaimsire agus teagmhas a bhaineann leis an aeráid, agus iad i measc na nguaiseacha nádúrtha is costasaí agus is marfaí san Eoraip agus go domhanda. Dírítear sa tuarascáil ar chineálacha áirithe teagmhais ar dócha go rachaidh siad chun donais de bharr an athraithe aeráide leantaigh, i.e. sciorradh talún, maidhmeanna, tuilte agus borradh stoirme. Ina theannta sin, pléitear leis na seirbhísí bonneagair ghlais agus éiceachórais a chuireann le rialú domhanda aeráide.

Gorm Dige

Agallamh a foilsíodh in eagrán uimh. 2015/3 de nuachtlitir an EEA, Meán Fómhair 2015.

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage