next
previous
items

Article

An ghníomhaíocht dhaonna ag creimeadh na talún agus na hithreach

Change language
Article Published 17 Nov 2015 Last modified 11 May 2021
Photo: © Roger Langohr
Topics:
Tá an talamh agus an ithir ríthábhachtach do chórais nádúrtha agus don tsochaí dhaonna, ach tá gníomhaíochtaí daonna ag bagairt ar fheidhmiú na hacmhainne foriomláine talún, an ithir san áireamh. Cén fáth a bhfuil sé sin ag tarlú? Cad atá ar siúl ag an Eoraip chun é sin a chosc? Is é 2015 Bliain Idirnáisiúnta na nIthreach, agus mar sin, chuireamar na ceisteanna sin ar Geertrui Louwagie, bainisteoir tionscadail um measúnú agus um thuairisciú ar an ithir de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil.

Cad iad na fadhbanna atá ann maidir leis an talamh agus an ithir?

Is acmhainní críochta, neamh-inathnuaite iad an talamh agus an ithir, a bhfuil meath ag teacht orthu i gcónaí, rud atá ag goilleadh ar an gcumas atá acu feidhmiú agus seirbhísí a sholáthar. Tá an brú ar fhás bia, táirgeadh bithmhaise agus bithbhreosla, stóráil charbóin, óstáil bhithéagsúlachta ithreach, scagadh uisce agus timthriall cothaitheach, agus soláthar amhábhar ag méadú. Tá oidhreacht nádúrtha agus sheandálaíoch na hithreach á gcur i mbaol chomh maith.

Tá próisis éagsúla ann a chuireann leis an díghrádú sin, lena n-áirítear ithirchreimeadh, an meath ar ábhar orgánach san ithir, fabhtú ithreach agus séalú ithreach (clúdach na hithreach le dromchlaí neamh-thréscaoilteacha, a dtugtar neamh-thréscaoilteacht air chomh maith). Is iad gníomhaíochtaí daonna is cúis leis sin, amhail tógáil talún, déine na húsáide talún (i measc nithe eile a léirítear i líon na gcothaitheach a úsáidtear ar thalamh tuaithe) agus tréigean talún. Tá tionchar ag gach próiseas ar phríomhghnéithe na talún: clúdach talún/úsáid talún, fásra agus ithir. Is iad sin na gnéithe ar a bhfuil stoic acmhainní agus feidhmiú talún ag brath, chomh maith leis an sreabhadh earraí agus seirbhísí a thagann astu. Téann na gnéithe sin i bhfeidhm ar bhunluach na talún agus ar an méid a chuireann sí le folláine agus le leas an duine.

Cad atá á dhéanamh chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin?

Mar chuid de Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe (SFIanna), socrófar spriocanna don iarracht dhomhanda chun dul i ngleic le fadhbanna a bhaineann leis an talamh agus an ithir. Sa chomhthéacs sin, tugadh isteach an Tionscnamh um Tháscairí Domhanda Talún chun foireann táscairí talún a fhorbairt, táscairí is féidir a bhailiú ar fud an domhain agus a chur i gcomparáid san fhadtéarma. Ar dtús, bhí an tionscnamh dírithe ar chearta talún, ach anois táthar ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an gclár oibre domhanda tar éis 2015. Ach ní raibh an ghné chomhshaoil i measc na dtáscairí a moladh. Chun an scéal a chur ina cheart, mhol an EEA agus an Institiúid Ardstaidéir ar Inbhuanaitheacht táscairí talún agus ithreach chun an dul chun cinn ar na SFInna a mheas ar bhonn athruithe ar chlúdach talún/úsáid talún, táirgiúlacht talún agus carbón orgánach san ithir.

Conas a chuireann an EEA leis an obair sin?

Cabhraíonn an obair a dhéanaimid chun beartas an AE um thalamh agus ithir a fhorbairt. Is sampla amháin é an measúnú Eorpach ar chumas na hithreach chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar. Inár gClár Oibre Ilbhliantúil, tugtar aghaidh ar éifeachtúlacht acmhainní talún, measúnú éiceachóras agus cuntasaíocht chaipitil.

I réimse na héifeachtúlachta acmhainní talún, déantar staidéar ar an gcothromaíocht idir soláthar na talún agus na héilimh fheidhmiúla a dhéantar air. Aithnítear gur acmhainn chríochta, neamh-inathnuaite é an talamh agus pléitear an chaoi a dtéann athruithe ar chlúdach talún, m.sh. chun críocha bonneagair nó tionsclaíocha, i bhfeidhm ar na seirbhísí is féidir leis an talamh a chur ar fáil. Áirítear athchúrsáil talún mar fhreagra ar thógáil talún, chomh maith le hathúsáid talún forbartha tréigthe a chur chun cinn.

Cuireann an taighde ar an gcothromaíocht idir cothaithigh amhail nítrigin agus fosfar, chomh maith le cineálacha miotal amhail copar, sinc, caidmiam agus luaidhe, le tionscadail measúnaithe éiceachóras agus cuntasaíochta caipitil an EEA. Rinneadh na cáinaisnéisí náisiúnta agus AE a mheas in 2014, agus táthar ag scrúdú sáruithe ar an ualach criticiúil i sil-leagan astaíochtaí amóinia i dtaca leis an mbithéagsúlacht, le láisteadh nítrigine agus fosfair agus le rith chun srutha i screamhuisce agus in uisce dromchla, agus tógáil caidmiam i dtaca le cáilíocht bhia.

Tá an EEA ar lorg sonraí comhchuibhithe maidir leis na saincheisteanna seo, chun sonraí inchomparáide tíre ar fud na hEorpa a fháil. Mar sin, téann sí i gcomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), a bhailíonn sonraí ithreach faoi shainordú an Lárionaid Eorpaigh um Shonraí Ithreach. Faightear na sonraí talún ó bhreathnóireachtaí saitilíte ó Chlúdach Talún CORINE (CLC) agus na Sraitheanna Ardtaifigh (SAanna), lena n-áirítear neamh-thréscaoilteacht.

Anuas air sin, chruthaigh an EEA foireann táscairí de réir téama, chun feicseanacht talún agus ithreach a fheabhsú. Faoi láthair, tá tógáil talún, neamh-thréscaoilteacht, bainistíocht suíomhanna éillithe agus roinnt na talún san fhoireann táscairí sin agus áirítear táscairí ó thaighde ar an athrú aeráide, lena n-áirítear ábhar orgánach ithreach, ithirchreimeadh agus taise na hithreach.

Cad faoi bheartas talún agus ithreach?

Tá beartas an AE atá ábhartha don talamh agus don ithir ilroinnte agus níl na forálacha i mbeartais chomhshaoil, talmhaíochta agus réigiúnacha comhordaithe ná cuimsitheach. Doiciméad treorach atá sa tStraitéis Théamach maidir le hIthir 2006 ina mínítear cén fáth a bhfuil tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil chun ardleibhéal cosanta ar fheidhmeanna ithreach agus úsáid inbhuanaithe ithreach a chinntiú. Ach tarraingíodh siar Creat-Treoir maidir leis an Ithir, rud a moladh in 2006, anuraidh.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach scrúdú a dhéanamh ar bheartais AE agus ar bheartais náisiúnta a bhaineann leis an ithir, ar a éifeachtúlaí agus a chomhsheasmhaí atá na beartais sin, agus ar aon bhearnaí a d'fhéadfadh a bheith ann. Is freagairt é sin ar an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (7CGC), ina ngeallann an AE an talamh a úsáid agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus an ithir a chosaint, agus bealaí a lorg chun é sin a dhéanamh ar bhonn phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta.

Ar an leibhéal domhanda, táthar ag súil leis go dtiocfaidh Ballstáit na Náisiún Aontaithe ar chomhaontú maidir leis na SFInna i Meán Fómhair. Faoin bhfoclaíocht atá ann faoi láthair, áirítear an talamh agus an ithir i roinnt spriocanna éagsúla. Ach má táthar ag iarraidh teacht aniar ón gcaillteanas talún agus acmhainní ithreach atá ag tarlú ar fud an domhain, beifear ag brath ar chur chun feidhme na SFIanna ar leibhéal náisiúnta agus fo-náisiúnta.

Geertrui Louwagie

Agallamh a foilsíodh in eagrán uimh. 2015/2 de nuachtlitir an EEA, Meitheamh 2015.



Permalinks

Geographic coverage

Topics

Topics: