seuraava
edellinen
kohdat

Press Release

Ní mór don Eoraip beartas iompair a stiúradh sa treo ceart

Vaihda kieli
Press Release Julkaistu 26.03.2009 Viimeksi muokattu 03.06.2016
Leanann an earnáil iompair ag cur go díréireach le hastuithe gáis cheaptha teasa na hEorpa, le cáilíocht íseal an aeir agus le torann; agus fós úsáidtear na modhanna is lú éifeachtúlachta i ngluaiseacht earraí agus daoine.

Tuigtear anois go bhfuil an teicneolaíocht ann chun dul i ngleic le hiarmhairtí na hearnála iompair ar chomhshaol na hEorpa. Ach tá a lán feithiclí nach bhfuil glas in aon chor ag teacht chugainn ó na línte táirgthe, chomh maith leis sin, is fearr leis an earnáil lastais na modhanna iompair is lú éifeachtúlachta a úsáid agus fós níl córas comhaontaithe ag na cuideachtaí iarnróid trasna an AE ach oiread.

Ollamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an GCE

Leagtar amach na tátail sa tuarascáil 'Transport at a crossroads' [An Earnáil Iompair ag crosbhóthar], a lainseáladh inniu i bParlaimint na hEorpa ag an Ollamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an GCE, "Tuigtear anois go bhfuil an teicneolaíocht ann chun dul i ngleic le hiarmhairtí na hearnála iompair ar chomhshaol na hEorpa. Ach tá a lán feithiclí nach bhfuil glas in aon chor ag teacht chugainn ó na línte táirgthe, chomh maith leis sin, is fearr leis an earnáil lastais na modhanna iompair is lú éifeachtúlachta a úsáid agus fós níl córas comhaontaithe ag na cuideachtaí iarnróid trasna an AE ach oiread". 

"Díreach nuair is gá dúinn dul i ngleic le fadhbanna geilleagair agus comhshaoil trí réitigh ghlasa inmharthana a fhorbairt, tá treochtaí na hearnála iompair ag dul sa treo mícheart; agus cuirfear le truailliú an aeir, le hastuithe méadaitheacha gáis cheaptha teasa chomh maith le hiarmhairtí comhshaoil diúltacha." a deir an tOllamh McGlade.

  • Tháinig méadú de 26 % nó 180 milliún tona ar astuithe GCT, idir 1990 agus 2006, gan aeriompar agus iompar mara idirnáisiúnta a chur san áireamh fiú. Is ionann an méadú sin agus astú níos mó ná astuithe náisiúnta bliantúla na Beilge don bhliain 2006; 132 milliún tona, nó na Rómáine; 157 milliún tona.[1] 
  • Idir 1996 agus 2006 tháinig méadú de 35 % nó 650 M tona-km ar an méid lastais iomlán de réir tona-chiliméadar i mballstáit AE, agus tá sé suntasach go bhfuil an méid sin níos mó ná iompar lastais iomlán na Gearmáine.  Tháinig meath ar an sciar den mhargadh a bhí ag an earnáil iarnróid agus bealaí uisce intíre.
  • Tháinig méadú de 22 % nó 52 Milliún gluaisteán ar leibhéal úinéireachta gluaisteáin san AE-27. Is ionann an méadú sin agus flít iomlán an RA agus na Spáinne curtha le chéile. Tháinig méadú de 65 milliún ciliméadar ar an méid ciliméadar a thaistil paisinéirí i mballtíortha an GCE in 2006.
  • Tá truailleáin aeir ó fheithiclí ag laghdú ach tá cáilíocht an aeir fós ina fadhb trasna na hEorpa.

Ag díchúpláil an fháis iompair agus an fháis eacnamúil.

Is féidir le beartais atá deartha go cuí chun an t-éileamh iompair a bhainistiú, an méid tráchta a laghdú freisin. Chuirfeadh é sin feabhas ar éifeachtúlacht iompair an gheilleagair agus d’fhéadfadh sé an fás iompair agus an fás eacnamúil a dhíchúpláil. Deimhníonn an tuarascáil go bhfuil tionchar láidir ag costas ar na cinntí a dhéanann tomhaltóirí; méadaítear an t-éileamh ar sheirbhísí busanna faoi 20 % de réir gach méadú de 10% ar chostas breosla.

 "Tá gá fós le cuspóirí soiléire, intomhaiste agus am-ghaolta chun astuithe gáis cheaptha teasa, astuithe aeir agus torann ó thrácht a laghdú. Thar aon rud eile, léirigh freagairt na dtomhaltóirí agus iad ag plé le praghsanna míshocra anuraidh, go bhfuil ról lárnach ag dolaí bóthair agus praghsanna breoslaí maidir leis an dul i ngleic le héileamh iompair." a deir an tOllamh McGlade.

 

Cúlra na tuarascála

Is foilseachán bliantúil í an tuarascáil 'An Earnáil Iompair ag crosbhóthar' ó Fhearas Tuairiscithe Iompair agus Comhshaoil (TERM) an GCE a dhéanann monatóireacht ar dhul chun cinn agus éifeachtúlacht na n-iarrachtaí chun straitéisí iompair agus comhshaoil a chomhtháthú. Foilsítear tuarascálacha TERM anois ón mbliain 2000 agus tugtar léirstiní tábhachtacha iontu a chabhraíonn go mór leis an bhforbairt de bheartais AE.  Déanann an tuarascáil iarracht gach balltír de chuid an GCE a chlúdach.

Balltíortha an GCE: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn, Poblacht na Slóvaice, an tSlóvéin, an tSualainn, an Eilvéis, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe.

Faoin nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (GCE)

Tá an GCE lonnaithe i gCóbanhávan Tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht cabhrú chun feabhsuithe suntasacha agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa tríd an soláthar de fhaisnéis atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa chuig lucht déanta beartas agus chuig an bpobal.

Ceisteanna na meán chuig

Òscar Romero Sanchez

Preasoifigeach

Teileafón: +45 3336 7207

Teileafón póca: +45 2368 3671

Gülçin Karadeniz

Preasoifigeach

Teileafón: +45 3336 7172

Teileafón póca: +45 2368 3653



[1] Astú bliantúil 2006 – Amharcóir sonraí gáis cheaptha teasa GCE - http://dataservice.eea.europa.eu/PivotApp/pivot.aspx?pivotid=455

 

Permalinks

tallenna toimenpiteet