seuraava
edellinen
kohdat

Press Release

Fiafraíonn measúnú pan-Eorpach: ‘Céard atá ar eolas againn faoi uisce agus geilleagar glas?’

Vaihda kieli
Press Release Julkaistu 07.09.2011 Viimeksi muokattu 03.06.2016
Beidh na hAirí ag bualadh le chéile in Astana na Casacstáine inniu chun saincheisteanna uisce agus glasú an gheilleagair a phlé ag an seachtú Comhdháil Airí ar ‘Chomhshaol don Eoraip’, a bheidh ar siúl ó 21 23 Meán Fómhair 2011. Ar mhaithe le tacú leis an gComhdháil, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) ag seoladh tuarascála nuálaí um Measúnú ar Mheasúnuithe, a mholann bealaí inar féidir faisnéis chomhshaoil agus ceapadh beartais a ailíniú ar bhonn níos dlúithe.

Taispeánann an tuarascáil Measúnú ar Mheasúnuithe go bhfuil gá le neartú breise a dhéanamh ar an nasc idir bheartas agus fhaisnéis. Oibríonn sé seo ar dhá bhealach – ní mór do lucht déanta beartas úsáid níos fearr a bhaint as an bhflúirse faisnéise comhshaoil atá ar fáil faoi láthair; ag an am céanna ba chóir go mbeadh measúnuithe comhshaoil dírithe le bheith chomh bainteach le beartas agus is féidir.

Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA

Tiocfaidh toscairí le chéile ó 53 tír ar fud an réigiúin phan-Eorpaigh, chomh maith le toscairí ó na Stáit Aontaithe, ó Cheanada agus ón Iosrael ag an gComhdháil Airí. Díríonn an Chomhdháil ar na dúshláin a bhaineann le huisce agus éiceachórais ghaolmhara a chosaint, agus ar an gcaoi ar féidir athrú go geilleagar glas. Tá sí á heagrú ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) i gcomhar le Rialtas na Casacstáine.

Ar mhaithe le tacú leis an gComhdháil, iarradh ar an EEA tuarascáil a chur le chéile dar teideal ‘Comhshaol na hEorpa – Measúnú ar Mheasúnuithe’. Soláthraíonn an tuarascáil seo forbhreathnú cuimsitheach ar na foinsí faisnéise comhshaoil atá ar fáil ar fud an réigiúin a bhaineann go díreach le fócas na Comhdhála. Agus an tuarascáil seo á scríobh acu, bhreathnaigh na saineolaithe ar bhreis is 1 000 tuarascáil, agus rinneadh athbhreithniú mionsonraithe ar bhreis is leath acu sin. Comhlánaítear an tuarascáil seo, a cruthaíodh le tacaíocht an Ghrúpa Stiúrtha UNECE ar Mheasúnuithe Comhshaoil, le sraith tuarascálacha réigiúnacha a dhíríonn ar fho-réigiúin phan-Eorpacha ar leith.

Bhí an méid seo le rá ag an tOllamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA: “Taispeánann an tuarascáil Measúnú ar Mheasúnuithe go bhfuil gá le neartú breise a dhéanamh ar an nasc idir bheartas agus fhaisnéis. Oibríonn sé seo ar dhá bhealach – ní mór do lucht déanta beartas úsáid níos fearr a bhaint as an bhflúirse faisnéise comhshaoil atá ar fáil faoi láthair; ag an am céanna ba chóir go mbeadh measúnuithe comhshaoil dírithe le bheith chomh bainteach le beartas agus is féidir.

“Ar mhaithe le forbairt shóisialta agus gheilleagrach a chothabháil ar fud an réigiúin phan-Eorpaigh, beidh gá againn ár ngeilleagair a ghlasú – is ionann seo agus bainistiú cothrom a dhéanamh ar acmhainní srianta, gan feidhmeanna riachtanacha éiceachóras a lagú. Braitheann an cumas atá againn mar shochaí déileáil go rathúil leis an dúshlán seo ar rochtain a bheith ar fhaisnéis agus ar mheasúnuithe comhshaoil ábhartha, inchreidte agus dlisteanacha ó áiteanna éagsúla ar fud an réigiúin.”

Comhshaol na hEorpa – Measúnú ar Mheasúnuithe

Díríonn an Measúnú ar Mheasúnuithe ar théamaí an uisce agus na n-éiceachóras atá bainteach le huisce agus ar ghlasú an gheilleagair. Cuirtear críoch leis trí roinnt moltaí a dhéanamh ar an gcaoi leis an mbonn faisnéise atá mar thaca faoi na próisis chinnteoireachta a fheabhsú, le huirlisí measúnaithe a fheabhsú agus le malartú faisnéise níos mó a chinntiú ar fud an réigiúin phan-Eorpaigh agus ar leibhéal domhanda.

Déanann an tuarascáil cur síos chomh maith ar na tairbhí a bhaineann le ‘Próiseas Tuairiscithe Rialta’ i ndáil le measúnú comhshaoil, bunaithe ar an gComhchóras um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS), a bhí ina thionscnamh comhoibríoch den Choimisiún Eorpach, an EEA, agus balltíortha EEA agus comhoibrithe. Dhéanfadh a leithéid de chur chuige sruthlíniú agus feabhsú ar na córais agus na próisis faisnéise reatha, chomh maith le faisnéis a chur ar fáil do lucht déanta beartas agus don phobal ar fud an réigiúin. I bhfianaise thorthaí an Mheasúnaithe ar Mheasúnuithe, táthar ag súil leis go ndéanfaidh na hAirí in Astana cinneadh próiseas rialta de mheasúnú comhshaoil a bhunú agus SEIS a fhorbairt ar fud an réigiúin.

Uisce - príomhthátail

Tá sé thar a bheith tábhachtach bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar uisce agus ar éiceachórais a bhaineann le huisce ar fud an réigiúin phan-Eorpaigh. Tá méadú tagtha ar thriomach le blianta beaga anuas ar fud Dheisceart na hEorpa agus na hÁise Láir agus tá tuillte mar chúis le méadú ar líon na mbásanna agus le dochar geilleagrach. Is fadhb í teacht ar uisce glan chomh maith, os rud é go bhfuil tuairim is 120 milliún duine ar fud an réigiúin ag maireachtáil gan teacht a bheith acu ar uisce óil sábháilte ná ar shláintíocht.

Tá réimse ollmhór faisnéise ann ar staid an uisce, atá táirgthe ag tíortha ar fud an réigiúin. Rinne údair na tuarascála anailís ar bhreis is 300 tuarascáil a bhain le huisce ó 48 tír a foilsíodh le cúig bliana anuas. Is minic a bhíonn an fhaisnéis easnamhach nó neamhbhainteach le beartas áfach. Tá cuid mhaith measúnuithe faoi shrian rómhór ag stádas comhshaoil agus treochtaí faoi láthair agus is gá dóibh díriú níos mó ar bhearta agus ar bhainistiú, go háirithe maidir le ganntanas uisce, eachtraí troma agus éiceachórais uisce.

Geilleagar glas - príomhthátail

Is coincheap éiritheach é an ‘geilleagar glas’ go fóill. Is é an bunchoincheap atá i gceist leis ná geilleagair a athbheochan de réir mar a éiríonn siad as an ngéarchéim gheilleagrach a tharla le déanaí, fad is a laghdaítear rioscaí eacnamaíocha go suntasach agus a dhírítear ar ghanntanais éiceolaíocha. Go domhanda, tá glasú an gheilleagair ag croílár na n-iarrachtaí athnuaite chun ceisteanna comhshaoil agus sóisialta a chomhtháthú le cinnteoireacht gheilleagrach phríomhshrutha, chomh fada le agus tar éis Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Fhorbairt Inbhuanaithe 2012, a bheidh ar siúl i Rio.

Is gnách go mbíonn an fhaisnéis ar an ngeilleagar glas ilroinnte agus réasúnta teoranta go fóill. Cé go bhfuil roinnt measúnuithe ann a scrúdaíonn tionchair chomhshaoil na n-earnálacha eacnamaíocha éagsúla, tá easpa shuaitheanta tuarascálacha ann go fóill a dhéanann measúnú soiléir ar an dul chun cinn i dtreo geilleagair ghlais ar fud na n-earnálacha seo.

Nótaí do na heagarthóirí

Agus tús curtha leis i 1991, is fóram pan-Eorpach uathúil é an próiseas “Comhshaoil don Eoraip” (CdE) le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus le comhoibriú leathan cothrománach comhshaoil a chur chun cinn, mar cholún d’fhorbairt inbhuanaithe sa réigiún. Is comhpháirtíocht idir stáit, eagraíochtaí idir-rialtasacha, ionaid réigiúnacha comhshaoil agus shochaí sibhialta é, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach. Tacaíonn sé le comhchruinniú beartas agus bealaí cuir chuige comhshaoil, fad is a chabhraíonn sé le tíortha Oirthear na hEorpa, an Réigiúin Chugais, na hÁise Láir agus Oir-Dheisceart na hEorpa chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.

Chabhraigh na tuarascálacha measúnaithe pan-Eorpacha, arna dtáirgeadh ag an EEA, i gcomhar le comhpháirtithe, ar staid an chomhshaoil do na Comhdhálacha CdE i 1995, 1998, 2003 agus 2007, le bagairtí agus dúshláin ollmhóra a aithint d’fhorbairt na mbeartas réigiúnach comhshaoil.

Tá na tíortha seo a leanas ina gcomhaltaí den UNECE: An Albáin, Andóra, an Airméin, an Ostair, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Bheilg, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhulgáir, Ceanada, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an tSeoirsia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, An Íoslainn, Éire, Iosrael, an Iodáil, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Málta, Poblacht na Moldóive, Monacó, Montainéagró, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, Cónaidhm na Rúise, San Mairíne, an tSeirbia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Táidsíceastáin, an Tuirc, an Tuircméanastáin, an Úcráin, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Úisbéiceastáin.

Cuimsíonn an tuarascáil dar teideal, 'Comhshaol na hEorpa — Measúnú ar Mheasúnuithe: An Albáin, Andóra, an Airméin, an Ostair, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Bheilg, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an tSeoirsia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Chasacstáin, an Chosaiv (Réigiún á riar ag na Náisiúin Aontaithe, Rún 1244 ón gComhairle Slándála), an Chirgeastáin, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Málta, Poblacht na Moldóive, Monacó, Montainéagró, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, Cónaidhm na Rúise, San Mairíne, an tSeirbia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Táidsíceastáin, an Tuirc, an Tuircméanastáin, an Úcráin, an Ríocht Aontaithe agus an Úisbéiceastáin.

Naisc

Faisnéis teagmhála 

Le haghaidh fiosrúcháin na meán:

EEA

An tUas Arthur Girling

Preasoifigeach

Kongens Nytorv 6

1050 Cóbanhávan K,

An Danmhairg

Teil: +45 3336 7109

arthur.girling@eea.europa.eu

www.eea.europa.eu

 

 

 

UNECE

Seirbhís Faisnéise

Palais des Nations

CH-1211 An Ghinéiv 10

An Eilvéis

Teil.:+41 (0) 22 917 44 44

info.ece@unece.org

www.unece.org

Permalinks

tallenna toimenpiteet