next
previous
items

Article

Slugaí marfacha agus coimhthígh eile - Tá bithéagsúlacht na hEorpa ag imeacht as radharc ar luas lasrach

Change language
Article Published 03 Apr 2009 Last modified 11 May 2021
An aoibhinn leat roinnt ama a chaitheamh amuigh sa ghairdín? Más aoibhinn agus má tá tú ag cur fút i lár nó i ndeisceart na hEorpa, seans maith go n-áiríonn tú an 'sluga marfach' ar cheann de do naimhde pearsanta. Tá an chosúlacht ar an scéal nach mbíonn tionchar ar bith ag na bearta rialaithe ar an sluga, a thugann faoi do chuid luibheanna agus do chuid ghlasraí go fíochmhar.

Tugtar an ‘sluga Spáinneach' ar an sluga marfach freisin, a aithnítear go sainiúil mar Arion lusitanicus, mar gur de bhunadh na leithinse Ibéaraí é. Is déghnéasach an sluga áirithe seo rud a chiallaíonn gur féidir leis scaipeadh ar luas lasrach. Itheann an sluga marfach slugaí níos lú agus tá sé i bhfad níos ionsaithí ná an sluga dubh dúchasach.

Thosaigh na slugaí marfacha ag scaipeadh ar fud na hEorpa thart ar 30 bliain ó shin, iad ag déanamh a mbealach i bhfoirm uibheacha i bplandaí pota. Is príomhfhoinse inmhíolaithe é seo fiú sa lá inniu ann.

Níl sa sluga marfach ach sampla amháin de bhaol i bhfad níos mó do bhithéagsúlacht na hEorpa de réir mar atá speicis choimhthíocha nó neamh-dhúchasacha ag bunú agus ag leathnú ar fud fad na hilchríche mar thoradh ar ghníomhaíochtaí daonna. Is iondúil go dtaistealaíonn siad mar fholchánaithe agus go mbíonn siad in iompar ar fud na cruinne i ngan fhios do dhuine ar bith. Tagraítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch don bhaol a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha mar cheann de na bagairtí ollmhóra ag tabhairt ar bhithéagsúlacht dhomhanda.

Tá speicis choimhthíocha ag teacht chomh fada le háiteanna nua ó thosaigh daoine ag taisteal agus ag trádáil. Cuireadh tús ceart leis an ionradh mar gheall ar thrádáil, ar thaiscéalaíocht agus ar choilíniú ó na 1600aidí, le teacht na bhfrancach dhoinn don chéaduair ar longa ón Áise.

Tá thart ar 10 000 speiceas coimhthíoch cláraithe san Eoraip. Rinneadh iarracht speicis áirithe, cosúil leis an bpráta agus an tráta, a fhás d’aon turas agus baineann tábhacht eacnamaíoch leis na speicis seo go dtí an lá atá inniu ann fiú. Cruthaíonn speicis eile, ar a dtugtar 'speicis choimhthíocha ionracha' fadhbanna dáiríre mar speicis lotnaidí d’earnálacha éagsúla, garraíodóireacht, talmhaíocht, foraoiseacht mar go n-iompraíonn siad galar nó go ndéanann siad damáiste do struchtúir cosúil le foirgnimh nó dambaí.

Chomh maith leis sin, athraíonn speicis choimhthíocha ionracha na héiceachórais ina maireann siad agus bíonn tionchar acu ar na speicis eile a bhíonn sna héiceachórais sin. Mar shampla, tugann staidéar a rinneadh le déanaí ar an nGlúineach, a tugadh chomh fada leis an Eoraip sa 19ú haois ó oirthear na hÁise mar phlanda ornáideach, go bhfuil an planda ionrach seo a scaipeann go tapa  ag déanamh damáiste dáiríre do speicis nádúrtha plandaí agus feithidí sa Ríocht Aontaithe agus sa Fhrainc.

Costas

Is iondúil go ndéanann speicis choimhthíocha ionracha an-damáiste dá mbailte nua. Fiailí coimhthíocha is cúis le táirgeacht talmhaíochta Eorpach a laghdú agus tá crainn leamháin i bhforaoisí lár na hEorpa scriosta ag an ngalar Dúitseach leamhán. Ní hamháin go sháraíonn an t-iora liath Meiriceánach, a tugadh isteach chuig an Ríocht Aontaithe, an t-iora rua dúchasach — impleacht ar deacair a mheas i dtéarmaí airgeadaíochta — ach déanann sé damáiste do chrainn bhuaircíneacha agus laghdaíonn sé luach na gcrann mar adhmad.

Meastar go bhfuil an costas i dtéarmaí damáiste agus rialú speiceas coimhthíoch ionrach sna Stáit Aontaithe cothrom le EUR 80 billiún gach bliain. Ciallaíonn na meastacháin tosaigh go bhfuil an costas san Eoraip cothrom le níos mó ná EUR 10 mbilliún in aghaidh na bliana. Is ann don mheastachán seo, áfach, gan smaoineamh ar an gcostas a chruthaíonn príomh-phataiginí daonna (cosúil le SEIF nó an fliú) nó ráigeanna eisceachtúla galar ainmhithe.

Tá gníomhaíochtaí bainistíochta chun speicis choimhthíocha ionracha a laghdú (nó deireadh a chur leo) deacair, casta agus costasacha.

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis na tionscadail bhainistíochta nádúir sna Ballstáit tríd an Rialachán EU LIFE. De réir a chéile tá níos mó úsáide á baint as cistí EU LIFE do thionscadail bunaithe ar speicis choimhthíocha ionracha agus anois tá an buiséad beagnach cothrom le EUR 14 milliún do gach tréimhse 3 bliana.

Bithéagsúlacht — an comhthéacs níos leithne

Tagraíonn bithéagsúlacht don éagsúlacht beatha atá le fáil ar fud na cruinne. Is ionann an bhithéagsúlacht agus saibhreas nádúrtha an phláinéid agus ar an slí sin is ionann an bhithéagsúlacht agus bunús an tsaoil agus an rathúnais. Tacaíonn an bhithéagsúlacht lena lán de na seirbhísí bunúsacha a mbraithimid orthu agus chuige sin, ar an uisce a ólaimid agus ar an aer a análaímid. Cabhraíonn an bhithéagsúlacht le barra a phailniú, bia a chur ar an mbord, patrúin aimsire a rialú agus ár ndramhaíl a ghlanadh.

Gan an bhithéagsúlacht, ní bheadh ar ár gcumas maireachtáil. Dá réir sin, is féidir breathnú ar an mbithéagsúlacht mar pholasaí árachais atá tugtha ag an bpláinéad dúinn. Is féidir comparáid a dhéanamh idir luach na bithéagsúlachta agus luach na margaí airgeadais, áit a bhfuil speicis éagsúla, cosúil le stoic ghnó ar féidir a úsáid chun cosaint a thabhairt.

I láthair na huaire, tá an bhithéagsúlacht ag imeacht uainn ar luas lasrach de bhrí go bhfuil mí-úsáid á baint againn as an dúlra chun táirgeadh, tomhaltas agus trádáil sa gheilleagar domhanda ina mairimid. I measc na bpríomhchúiseanna atá le caillteanas agus ilroinnt gnáthóg tá foraoisí agus limistéir nádúrtha á nglanadh chun críche tithíochta, bóithre agus talmhaíochta, draenáil bogach agus tógáil dambaí ar aibhneacha chun críche talmhaíochta, agus na héisc ar fad a thógáil ón bhfarraige.

Measann a lán caomhantóirí gurb iad speicis choimhthíocha ionracha an dara bagairt is mó ar bhithéagsúlacht ar fud na cruinne. Is cuma más d’aon turas nó trí thimpiste a thugtar isteach a leithéid de speicis, féadfaidh siad an t-uafás damáiste a dhéanamh do dhaoine, d’éiceachórais agus do speicis dhúchasacha plandaí agus ainmhithe. Meastar go rachaidh an fhadhb a bhaineann le speicis ionracha in olcas sa chéad amach romhainn trí athrú aeráide agus méadú i líon na trádála agus na turasóireachta.

I measc na bpríomh-bhagairtí eile do bhithéagsúlacht tá truailliú, athrú aeráide agus róshaothrú acmhainní. De bhrí go meastar go mhéadóidh daonra an domhain ó 6.7 billiún duine inniu go dtí 9 mbilliún i 2050, táthar ag glacadh leis go dtiocfaidh méadú freisin ar na himpleachtaí a bheidh ag na príomh-bhagairtí reatha ar bhithéagsúlacht agus ar chaillteanais.

IAS agus an Eoraip — ag méadú tionchair

Tá speicis choimhthíocha le fáil sna héiceachórais Eorpacha ar fad. Ciallaíonn domhandú, go háirithe méadú i dtrádáil agus i dturasóireacht go bhfuil méadú tagtha ar an líon agus ar an gcineál speiceas coimhthíoch atá anois ar fáil san Eoraip.

Tá tionchar suntasach aige seo ar cheantair mhuirí agus ar cheantair chósta mar gheall ar níos mó long a bheith ag taisteal agus tógáil canálacha idir ceantair iargúlta — is trí chanáil Shuais atá a lán speiceas nua ag dul isteach sa Mheánmhuir. Foinse mhór d’orgánaigh nua é uisce sceite ballasta ó longa agus bunaíodh an 'International Convention for the Control and Management of Ships Ballast Water & Sediments' ar mhaithe le 'orgánaigh agus paitiginí dochracha uisce a chosc, a laghdú agus ar deireadh thíos a scriosadh'.

Bearta rialaithe

Is é an modh cosanta is éifeachtaí i gcoinne speicis choimhthíocha ionracha ná iad a chosc — níl i gceist go bunúsach ach teorainn a chruthú chun cosc a chur ar scaipeadh na speiceas nua. Sa dara céim cuimsítear aimsiú luath agus rialú.

Sampla suntasach amháin is ea an feabhrán capaill, Heracleum mantegazzianum, a tugadh chun na hEorpa mar phlanda ornáideach sa 19ú haois. Tá tréaniarrachtaí ar bun anois i ndáil leis an bplanda seo de bhrí go bhfuil speicis bunaithe i dtailte féaraigh, le hais iarnród, ar thaobh bóithre agus cois abhann.

Bíonn luas aisteach faoi scaipeadh na nglún agus go deimhin éiríonn leis plandaí dúchasacha a phlúchadh. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an ghlúineach a bheith nimhiúil agus d’fhéadfadh gurb é a bheadh ina chúis le deirmitíteas. Sa lá atá inniu ann, is dócha nach féidir an feabhrán capaill a dhíothú ón Eoraip cé go mb’fhéidir go n-éireodh go breá le hiarrachtaí níos túisce (suas go dtí na 1950aidí).

Ar aon dul leis seo, i gcumarsáid déanaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le bithéagsúlacht tarraingíodh aird ar an ngá atá le meicníocht réamhrabhaidh maidir le speicis choimhthíocha ionracha. Mar fhreagairt air seo, tá EEA i gcomhar lena líonra de bhalltíortha agus tíortha comhoibríocha, ag beartú córas faisnéise Eorpach a bhunú a aithneoidh, a bhraithfidh, a mheasfaidh agus a fhreagróidh d’ionraí nua agus méadaithe.

An liosta is mó tóir

Bíonn idir chruthanna éagsúla agus mhéideanna éagsúla le tabhairt faoi deara i measc speiceas coimhthíoch. Is d’aon turas a thugtar speicis áirithe isteach agus baineann tábhacht eacnamaíoch leo, cé gur beag tionchar a bhíonn ag speicis eile agus tubaiste cheart a bhíonn iontu. Dá dheasca seo, is é an chéad chéim a bhaineann le bearta rialaithe agus bainistíochta a fhorbairt, an speiceas is ionsaí a aithint ionas go mbíonn na hiarrachtaí ar fad dírithe ar na speicis seo.

D’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar na speicis choimhthíocha ionracha agus a dtionchar ar bhithéagsúlacht Eorpach tá an EEA, le cabhair ó roinnt saineolaithe, tar éis liosta a chruthú de na speicis choimhthíocha ionracha is measa atá mar bhagairt do bhithéagsúlacht na hEorpa.

I láthair na huaire, tá 163 speiceas nó grúpa speiceas ar an liosta. Cuirtear speicis leis an liosta má tá siad le fáil go forleathan agus/nó má chruthaíonn siad fadhbanna suntasacha don bhithéagsúlacht agus d’éiceachórais ina ngnáthóga nua.

Tá tionchar ag speicis ar an liosta, arbh iad na plandaí soithíocha na plandaí is coitianta ina measc le 39 iontráil, ar an mbithéagsúlacht dhúchasach ag an leibhéal géiniteach, ag leibhéal an speicis nó ag leibhéal an éiceachórais. Tá tionchar ag a lán de na speicis seo ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar freisin. Ó 1950 i leith, gach bliain éiríonn le ceann amháin nó níos mó de na speicis liostaithe iad féin a bhunú agus níl comhartha ar bith ann a thugann le fios go bhfuil feabhas ar bith ag teacht ar an scéal ( Figiúr 1).

Tagann na speicis ar an liosta ó chodanna éagsúla den domhan, an Áise agus Meiriceá Thuaidh ach go háirithe ( Figiúr 2). Leis sin ráite, áfach, tagann a lán speiceas eile ó chuid amháin den Eoraip ach an rud a tharla ná gur iompraíodh iad as codanna eile den ilchríoch.

Ag féachaint chun cinn

I measc na ngníomhaíochtaí atá riachtanach chun deireadh a chur le speicis choimhthíocha ionracha tá bearta bainistíochta agus athchóirithe a mbaineann castacht agus costas áirithe leo níos minice ná a mhalairt.

Mar shampla, baineann ualach áirithe le bearta rialaithe i gcoinne an tsluga mharfaigh agus go minic ní bhíonn ach éifeacht áitiúil agus shealadach ag baint leo. D’ainneoin sin, tá siad tábhacht freisin.

Laistigh den AE, tá iarrachtaí ar bun cheana féin chun deireadh a chur le speicis choimhthíocha ionracha trí bhearta bainistíochta agus athchóirithe, arna mhaoiniú ag an Rialachán LIFE.

Idir 1992–2002, leithdháileadh EUR 40 milliún do thionscadail a bhí ag déileáil le speicis ionracha agus is ag dul i méid atá an infheistíocht seo i gcónaí. Lena chois sin, soláthraíonn an AE maoiniú chun staidéar a dhéanamh ar na speicis seo tríd an 'clár um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch'.

Níl an fhadhb a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha ag dul i léig. Ciallaíonn domhandú agus athrú aeráide (gluaiseacht speiceas mar gheall ar athruithe ar an ngnáthóg nádúrtha) go mbeidh taithí ag níos mó agus níos mó againn ar na speicis seo. Is den riachtanas é mar sin go ndíreodh an pobal agus na polaiteoirí ar níos mó acmhainní a úsáid chun na príomhbhealaí bunaithe, monatóireacht a dhéanamh ar réimsí riosca aimsithe luaith agus a bheith ullamh dul i mbun gnímh láithreach bonn chun deireadh a chur leis na speicis seo nach bhfuil fáilte ar bith rompu.

 

Tagairtí

DAISIE, 2008. Delivering Alien Invasive Species Inventories for Europe.

EEA, 2007. Europe's environment — The fourth assessment. Cóbanhávan.

European Commission, 2006. Communication from the Commission. Halting the loss of Biodiversity by 2010 — and beyond. Sustaining ecosystem services for human well‑being. COM/2006/0216 final.

IMO, 2004. An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta. Comhdhálacha.

Kettunen, Genovesi, Gollash, Pagad, Starfinger, ten Brink & Shine, obair ar bun.

Scalera, R., 2008. How much is Europe spending for invasive alien species? Tuarascáil chuig EEA.

Weidema, I., 2000. Introduced Species in the Nordic Countries. Nord Environment 2000:13.

Permalinks

Document Actions