next
previous
items

Press Release

An tIompar — bun an Ranga Khiótó in athuair

Change language
Press Release Published 22 Feb 2007 Last modified 03 Jun 2016
Tá na hastuithe gáis cheaptha teasa fós ina n-eochairbhacainn, ach ar ceann inseachanta, don AE óna spriocanna um athrú aeráide Khiótó a bhaint amach de réir tuarascála nua de chuid Ghníomhaireacht Eorpach an Chomhshaoil (GEC), a eisíodh i gCóganhávan inniu.

We cannot innovate our way out of the emissions problem from transport.

Professor Jacqueline McGlade, Executive Director of the EEA

Deirtear sa tuarascáil GEC, 'Iompar agus Comhshaol: ar an mbealach chuig comhbheartas iompair nua' go gcaitheann beartas iompair Eorpach dul i ngleic le héileamh bíseach ar iompar. Idir 1990 agus 2003, mhéadaigh toirteanna iompair phaisinéara i dtíortha an GEC faoi 20 %. Tháinig an méadú ba mhó, 96 %, ar iompar aeir i rith na tréimhse sin.

Cé gur thit astuithe ó fhormhór earnálacha eile (soláthar fuinnimh, tionscail, talmhaíocht, bainistiú dramhaíola) idir 1990 agus 2004, mhéadaigh na hastuithe ó iompar go suntasach mar gheall ar an méadú ar éileamh.

Tá iompar freagrach as 21 % den iomlán astuithe gáis cheaptha teasa (GHG) san AE‑15 (gan eitlíocht idirnáisiúnta agus iompar muirí san áireamh). Tagann 93 % de na hastuithe iompair go léir ó iompar bóthair. Tá an méadú is mó, áfach, ag teacht ar astuithe ó aeriompar idirnáisiúnta, le méadú faoi 86 % idir 1990 agus 2004.

Tháinig an fás ba mhó ar astuithe gáis cheaptha teasa (cé is moite de chinn mhuirí agus eitlíochta) ón iompar i Lucsamburg agus in Éirinn idir na blianta 1990 agus 2004 le méaduithe de 156 agus 140 % faoi seach. Ba é an meánmhéadú sna 32 tír atá ina mbaill den GEC (féach nótaí) ná 25 %.

"D'fhéadfaí an t-athbhreithniú lárthéarma ar Pháipéar Bán na bliana 2001 um an Iompar a léirmhíniú mar mhaolú ar dhearcadh na hEorpa chun dul i ngleic le toirteanna iompair trína mholadh go dtéimid i ngleic le tionchair chomhshaoil an iompair. Ní hamhlaidh atá,” a deir an tOllamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmeach an GEC.

“Ní féidir linn dul i ngleic leis na hastuithe méadaitheacha gáis cheaptha teasa, le truailliú torainn agus bloghadh tírdhreacha arb é an t-iompar is cúis leis gan plé leis an trácht mhéadaitheach trasna an speictrim: ar ár mbóithre agus iarnróid, san aer agus ar muir. Baineann ríthábhacht le dul chun cinn teicniúil, ar nós inneall níos glaine, níos éifeachtúla ó thaobh breosla de, ach ní féidir linn leas a bhaint as an nuáil as fadhb na n-astuithe ón iompar”, a deir sí.

Tugann an tuarascáil chun suntais an ról nach beag a fheidhmíonn fóirdheontais iompair i dtéarmaí na roghanna iompair a stiúradh. Caitear idir EUR 270 agus EUR 290 billiún ar fhóirdheontais iompair san Eoraip. Téann beagnach leath de na fóirdheontais seo i dtreo iompair bhóthair, ceann de na bealaí is lú a oireann don chomhshaol. Scaoilfidh an GEC mionstaidéar ar fhóirdheontais iompair i Márta 2007.

Tá tionchar díreach ag truailliú ó iompar ar ár sláinte freisin. Tá beagnach 25 % de dhaonra an AE-25 ina gcónaí níos lú ná 500 méadar ó bhóthar a iompraíonn níos mó ná trí mhilliún feithicil in aghaidh na bliana. Mar thoradh air sin, cailltear beagnach ceithre mhilliún bliain saoil gach bliain mar thoradh ar leibhéil arda truaillithe, a deirtear sa tuarascáil.

Nótaí don eagarthóir:

Cúlra don tuarascáil
Is í an tuarascáil GEC, 'Iompar agus Comhshaol: ar an mbealach chuig comhbheartas iompair nua' an tuarascáil bhliantúil ó Mheicníocht Tuairiscithe Iompair agus Comhshaoil an GEC (TERM), a dhéanann monatóireacht ar dhul chun cinn agus éifeachtacht na n-iarrachtaí chun straitéisí iompair agus comhshaoil a chomhtháthú.

Is í aidhm na tuarascála gach tír de chuid an GEC a chlúdach. Is iad seo na 27 Ballstát de chuid an AE, An Tuirc, An Iorua, Lichtinstéin agus An Eilvéis. Ba le déanaí a ghlac an Eilvéis le ballraíocht an GEC agus soláthraíonn sí sonraí i roinnt cásanna. Mar a bhfuil na sonraí neamhiomlán, tugtar sin faoi deara i rannóg na meiteashonraí, mar a dtuairiscítear grúpálacha tíortha éagsúla.

Naisc Ghréasáin: Tuarascáil téarma

Tíortha atá ina mbaill den GEC: An Bheilg, An Bhulgáir, An Chipir, An Danmhairg, An Eastóin, An Eilvéis, Éire, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Iodáil, An Iorua, An Íoslainn, An Ísiltír, An Laitvia, Lichtinstéin, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, An Ostair, An Pholainn, An Phortaingéil, Poblacht na Seice, An Rómáin, An Ríocht Aontaithe, An tSlóvaic, An tSlóivéin, An Spáinn, An tSualainn, An Tuirc agus An Ungáir.

Faoin Ghníomhaireacht Eorpach an Chomhshaoil:

Tá an Ghníomhaireacht bunaithe i gCóbanhávan. Tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht cabhair a thabhairt chun feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa trí sholáthar faisnéise tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa do lucht déanta beartais agus don phobal.

Permalinks

Document Actions