next
previous
items

Press Release

An t-athrú aeráide soiléir ar fud na hEorpa, agus an gá práinneach le hoiriúnú deimhnithe

Change language
Press Release Published 20 Nov 2012 Last modified 16 Dec 2016
Photo: © istockphoto
Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar réigiúin uile na hEorpa, agus é ina chúis le raon leathan d’iarmhairtí ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol. Táthar ag súil le tuilleadh iarmhairtí amach anseo, agus d’fhéadfadh costais arda a bheith bainteach leis an damáiste, de réir an léirmheasa is deireanaí atá foilsithe ag an nGníomhaireacht Eorpach Comshaoil inniu.

Is í fírinne an scéil go bhfuil athrú aeráide ar fud an domhain, agus go bhfuil fairsinge agus luas an athraithe ag éirí níos soiléire.

Jacqueline McGlade, Stiúrthóir an GEC

Tuairiscítear sa tuarascáil ‘Climate change, impacts and vulnerability in Europe 2012’ gur breathnaíodh teochtaí níos airde ná an meán ar fud na hEorpa chomh maith le frasaíocht laghdaitheach i réigiúin an deiscirt agus frasaíocht mhéadaitheach i dtuaisceart na hEorpa.  Tá oighearchlúid na Graonlainne, an muiroighear Artach agus go leor oighearshruthanna ar fud na hEorpa ag leá, tá an brat sneachta laghdaithe agus tá an chuid is mó de na tailte síorshioctha téite.

Ba iad teagmhais adhaimsire, leithéidí tonnta teasa, tuilte agus triomaigh ba shiocair le  costais damáiste a bheith ag ardú ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas. Cé go bhfuil tuilleadh fianaise ag teastáil chun an pháirt atá ag an athrú aeráide sa treocht sin a aithint,  ba thoisc phríomha gníomhaíocht mhéadaitheach an duine i limistéir a bhíonn i mbaol guaise. Táthar ag súil go gcuirfidh an t-athrú aeráide amach anseo leis an leochaileacht sin, mar go gceaptar go mbeidh na teagmhais adhaimsire níos déine agus go dtarlóidh siad níos minicí. Mura dtéann sochaithe na hEorpa in oiriúint dó sin, braitear go leanfaidh na costais damáiste ag ardú, dar leis an tuarascáil.

Beidh réigiúin áirithe nach mbeidh chomh hábalta sin le réigiúin eile maidir le dul in oiriúint don athrú aeráide, i bpáirt mar gheall ar éagothromaíochtaí eacnamaíochta trasna na hEorpa, deir an tuarascáil. D’fhéadfaí go méadófaí ar na héagothromaíochtaí sin de thoradh ar thionchar an athraithe aeráide.

Dúirt Jacqueline McGlade, Stiúrthóir an GEC: “Is í fírinne an scéil go bhfuil athrú aeráide ar fud an domhain, agus go bhfuil fairsinge agus luas an athraithe ag éirí níos soiléire. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá ag gach cuid den gheilleagar, teaghlaigh san áireamh, dul in oiriúint dó sin chomh maith le hastuithe a laghdú.”

Athrú aeráide breathnaithe agus réamh-mheastacháin don todhchaí  – roinnt phríomhthorthaí

Ba iad na deich mbliana deiridh (2002–2011) na cinn ba theo sna taifid san Eoraip, agus teocht an talaimh san Eoraip 1.3° C níos teo ná an meán réamhthionsclaíoch. Léiríonn samhailteilgin éagsúla go bhféadfadh an Eoraip a bheith 2.5–4° C níos teo sa chuid deiridh den 21ú haois, i gcomparáid le meán 1961–1990.

Tá méadú tagtha ar mhinicíocht agus ar fhad na dtonnta teasa, agus na deicheanna de mhílte bás mar thoradh orthu sna deich mbliana atá caite. D’fhéadfadh an méadú réamh-mheasta de thonnta teasa cur le líon na mbás a bhfuil baint acu leis, mura dtéann sochaithe in oiriúint, deir an tuarascáil. Ach, tá sé réamh-mheasta go laghdófar ar líon na mbás a bhfuil baint acu leis an bhfuacht i dtíortha go leor.

Cé go bhfuil an fhrasaíocht ag laghdú i réigiúin an deiscirt, tá sé ag méadú i dtuaisceart na hEorpa, deir an tuarascáil. Tá sé tuartha go leanfaidh na treochtaí sin. Meastar go méadófar ar sceitheadh aibhneacha, go háirithe i dtuaisceart na hEorpa, de réir mar a threisíonn  timthriall an uisce le teochtaí níos airde. Tá sé deacair, áfach, tionchar an athraithe aeráide a aithint i dtaifid na sonraí tuilte san am atá caite.

Tá an chuma air go raibh triomach sruthanna abhann níos déine agus gur tharla sé níos minice i ndeisceart na hEorpa. Tá sé tuartha go laghdóidh íos-sreabhadh aibhneacha go suntasach sa samhradh i ndeisceart na hEorpa ach, chomh maith leis sin, i mórán áiteanna eile san Eoraip go pointí áirithe seachas a chéile.

Tá an tArtach ag téamh níos tapúla ná limistéir eile. Taifeadadh íosachar muiroighir san Artach i 2007, 2011 agus 2012, agus é laghdaithe go dtí tuairim is leath an íosachair a chonacthas sna 1980í. Tá leá oighearchlúid na Graonlainne dúbailte ó na 1990í, agus meán de 250 billiún tonna den mhais á chailleadh in aghaidh na bliana idir 2005 agus 2009. Tá tuairim is dhá thrian dá dtoirt caillte ag oighearshruthanna na nAlp ó 1850 i leith agus tá sé tuartha go leanfaidh na treochtaí sin.

leibhéil na bhfarraigí ag ardú agus baol tuilte ar an gcósta le linn stoirmeacha á mhéadúTá meánairde domhanda na farraige tar éis ardú 1.7 mm in aghaidh na bliana san 20ú haois, agus 3 mm in aghaidh na bliana sna deicheanna blianta deireanacha. Tá difríochtaí móra sna tuartha, ach is dócha go mbeidh ardú na farraige san 21ú haois níos mó ná a bhí sé le linn an 20ú haois.  Ach tá éagsúlacht in ardú na farraige ar chóstaí na hEorpa, áfach, de bharr ghluaiseacht an talaimh go háitiúil, mar shampla.

Chomh maith le tionchar ar an tsláinte atá bainteach leis an teas, tá iarmhairtí eile ar shláinte an duine tábhachtach freisin, deir an tuarascáil. Tá baint ag athrú aeráide le seoladh galar áirithe. Mar shampla, ceadaíonn sé don speiceas sceartáin Ixodes ricinus maireachtáil níos faide ó thuaidh, agus d’fhéadfadh tuilleadh téimh páirteanna eile den Eoraip a dhéanamh níos oiriúnaí do mhuiscítí agus do mhíoltóga gainimh a iompraíonn galar. Tá séasúr na pailine níos faide agus tosaíonn sé 10 lá níos luaithe ná mar a tharla 50 bliain ó shin, rud eile a chuireann isteach ar shláinte an duine.

Ta go leor staidéar tar éis athruithe forleathana i dtréithe plandaí agus ainmhithe a thomhas. Mar shampla, bíonn plandaí faoi bhláth níos luaithe sa bhliain, agus i bhfionnuisce bíonn bláis fíteaplanctóin agus zóplanctóin le feiceáil níos luaithe chomh maith. Tá ainmhithe agus plandaí eile ag gluaiseacht ó thuaidh nó in airde de réir mar atá a ngnáthóga ag téamh. Ó tharla nach leor ráta imirce roinnt mhaith speiceas le coinneáil suas le luas an athraithe aeráide, d’fhéadfaí iad a bhrú i dtreo an díothaithe amach anseo.

Cé go bhféadfadh sé go mbeadh níos lú uisce ar fáil le haghaidh na talmháiochta i ndeisceart na hEorpa, d’fhéadfadh feabhas a theacht ar dhálaí fáis i limistéir eile. Tá fad tagtha ar shéasúr fáis roinnt barr san Eoraip agus meastar go leanfaidh sé sin, in éineacht le fairsingiú barr séasúir the i dtreo domhanleithead níos faide ó thuaidh. Meastar, áfach, go mbeidh titim i dtáirgeacht, maidir le roinnt barr, de thoradh ar thonnta teasa agus ar thriomach i lár na hEorpa agus i ndeisceart na hEorpa.

De réir mar atá teochtaí ag ardú, tá éileamh ar théamh tite chomh maith, agus fuinneamh á shábháil. Ach caithfear é sin a chothromú le héilimh níos mó ar fhuinneamh le haghaidh fuaraithe le linn samhraí níos teo.

Cúlra

Tá sé ina chuspóir ag an tuarascáil seo raon iomlán iarmhairtí an athraithe aeráide trasna na hEorpa a thaispeáint, agus chomh maith leis sin cur leis an European Commission’s European Adaptation Strategy atá le foilsiú i Márta 2013. Ina theannta sin, tacóidh an GEC leis an straitéis, le measúnú ar rogha gníomhartha oiriúnaithe trasna na hEorpa, le foilsiú go luath i 2013.

Tá go leor faisnéise, a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú le forbairt agus le forfheidhmiú an oiriúnaithe maidir le hathrú aeráide, cuimsithe ar an láithreán gréasáin  Climate-ADAPT.

Permalinks

Geographic coverage