next
previous
items

Article

Ag dul ó bhainistíocht dramhaíola i dtreo geilleagar glas

Change language
Article Published 01 Apr 2016 Last modified 18 May 2021
Photo: © © Nikolaos Kalkounos, Picture2050 /EEA
Ní úsáid inbhuanaithe é an úsáid a bhainimid as acmhainní faoi láthair agus tá sí ag cur brú ar an bpláinéad. Ní mór dúinn athrú go geilleagar glas ciorclach a éascú, trí dhul níos faide ná beartais dramhaíola agus díriú ar éicidhearadh, nuálaíocht agus infheistíochtaí. Is féidir leis an taighde nuálaíocht a chothú ní hamháin i dtáirgeadh ach freisin i samhlacha gnó agus i sásraí maoiniúcháin.

Ar an 2 Nollaig 2015 mhol an Coimisiún Eorpach pacáiste nua reachtach ar gheilleagar ciorclach. Clúdaítear sa phacáiste céimeanna éagsúla de shaolré shínte táirge ón táirgeadh agus tomhailt go dtí bainistíocht dramhaíola agus an margadh le haghaidh amhábhair thánaisteacha. Dearadh na gníomhartha beartaithe chun dul chun leasa na timpeallachta agus an gheilleagair araon, agus chun an luach agus an úsáid is mó is féidir a bhaint as gach amhábhar, táirge agus dramhaíl, rud a chothódh coigilteas fuinnimh agus a laghdódh astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Le blianta anuas, tá an reachtaíocht lena gcosnaítear an timpeallacht tar éis athrú ó fhreagairtí ar shaincheisteanna ar leith go freagairtí níos comhtháite agus níos córasaí a cheapadh. Tá an pacáiste geilleagair chiorclaigh ar cheann de na samplaí is déanaí d’fhreagairtí comhtháite beartais den sórt sin agus is cinnte gur céim shuntasach é i leith chuspóir an Aontais Eorpaigh maidir le ‘maireachtáil go maith faoi shrianta éiceolaíocha ár bpláinéid’.

Sa tuarascáil Comhshaol na hEorpa: Staid agus Forbhreathnú 2015 (SOER2015) cuirtear béim ar an dúshlán inbhuanaitheachta atá fúinn inniu. Tá níos mó acmhainní á gcaitheamh agus á n-eastóscadh againn, san Eoraip agus sa domhan, ná mar is féidir lenár bpláinéad a athsholáthar ag an am céanna. Ar láimh amháin, cuidíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha le folláine an duine agus leis an mbochtaineacht a laghdú. Ar an láimh eile, truaillíonn siad an timpeallacht, téann siad an pláinéad, déanann siad damáiste do shláinte an duine agus lagaíonn siad cumas an phláinéid chun soláthar a dhéanamh dúinn. Cuireann an t-athrú aeráide agus an fás daonra tuartha leis an bpráinn a ghabhann le gníomhú cuimsitheach ar an toirt.

Cé nach bhfuil tír ar bith fós ar éirigh léi ‘maireachtáil go maith’ laistigh dá hacmhainní nádúrtha, tá roinnt comharthaí dóchais ann. Tá tús curtha ag an Aontas Eorpach leis an nasc idir fás eacnamaíoch agus tomhailt fuinnimh agus ábhar a bhriseadh. Athchúrsálann muintir na hEorpa níos mó dá ndramhaíl chathartha ná riamh cheana agus is lú ná riamh an méid atá á sheoladh chuig láithreáin líonta talún. Tá fás suntasach tagtha ar éicithionscail (m.sh. a oibríonn ar fhuinneamh in-athnuaite, cóireáil fuíolluisce, rialú ar thruailliú aeir, srl.) le deich mbliana anuas agus tá poist á gcruthú iontu d’ainneoin an chúlaithe a tharla le deireanas.

An spleáchas ar amhábhair a laghdú

I ngeilleagar ciorclach déantar iarracht ‘insreabhadh’ acmhainní nua a laghdú, go háirithe foinsí neamh-in-athnuaite, chun na hacmhainní sa gheilleagar a úsáid, a athúsáid agus a luach a ardú nó a shocrú a mhéad is féidir, agus chun ‘eas-sreabhadh’ astaíochtaí agus dramhaíola a íoslaghdú.

Tá an teachtaireacht soiléir: d’fhéadfadh laghduithe féideartha ar dhramhaíl gnóthachtáil shuntasach a ghiniúint ar son an gheilleagair agus ar son shláinte an duine. Ní amháin go laghdódh sé an spleáchas ar amhábhair (a eastóscadh sa tír nó a iompórtáladh isteach sa tír) acmhainní a eastóscadh cheana a choimeád in úsáid, ach threiseodh sé an t-iomaíochas agus laghdófaí an brú ar an timpeallacht ag an am céanna. Taispeánadh i réamhanailís a rinne an EEA go bhfuil tíortha Eorpacha ag gníomhú cheana féin chun éifeachtúlacht a gcuid acmhainní a fheabhsú, mar thoradh go príomha ar údair imní eacnamaíocha ag éirí as spleáchas ar acmhainní.

Tá cosc na dramhaíola, athchúrsáil agus feabhsú ar bhainistíocht dramhaíola i gcoitinne ríthábhachtach chun sreafaí isteach agus amach as an ngeilleagar a íoslaghdú. Mar sin féin, ní leor an lúb ábhair a dhúnadh chun tionchar eile ar an gcomhshaol agus ar shláinte agus folláine an duine a sheachaint. Ní mór do chineálacha cur chuige i leith geilleagar ciorclach dul níos faide ná bainistíocht dramhaíola, agus athrú go geilleagar glas a éascú. Ní mór dúinn an tslí ina dtáirgtear, ina gcaitear agus ina ndiúscraítear táirgí a athbhreithniú.

Na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le héicidhearadh a dhíghlasáil

I dtús báire, tá an t-éicidhearadh riachtanach chun féidearthachtaí athchúrsála a mhéadú agus saolré táirgí a shíneadh. Is féidir táirgí a dhearadh sa tslí gur féidir iad a dheisiú go héasca, na codanna briste agus iad sin amháin a athsholáthar agus na comhpháirteanna a shórtáil go furasta le haghaidh athchúrsáil optamach.

Ní mór dúinn, freisin, smaoineamh ar ghnéithe sláinte agus comhshaoil na n-ábhar a úsáidimid inár dtáirgí. D’fhéadfadh éicidhearadh cabhrú linn malairtí níos fearr a chur ag gabháil áit na n-ábhar a bhfuil ardtionchar acu ar an timpeallacht. Mar shampla, is léir gur údar mór imní i dtaobh sláinte é nochtadh do cheimiceáin ghuaiseacha. Is féidir timthrialla d’ábhair ghlana a ghlacadh ionas nach nochtfar daoine do cheimiceáin ghuaiseacha agus chun éiceachórais a chosaint ar thruailliú ceimiceach.

Ar an tslí chéanna, is féidir ábhair bhithbhunacha, m.sh. adhmad, barra nó snáithíní, a úsáid i raon leathan táirgí agus chun riachtanais fuinnimh a chomhlíonadh. Mar sin féin, ba chóir anailís a dhéanamh ar na féidearthachtaí a ghabhfadh le hathrú go hábhair bhithbhunacha ó thaobh an éiceachórais agus an tionchar ar shláinte a ghabhfadh leis. Mar shampla, tá teorainn le dúshaothrú foraoisí agus d’fhéadfadh dó adhmaid mar fhuinneamh cáilíocht an aeir a fhágáil ní ba mheasa.

Infheistíochtaí chun nuálaíocht a chothú

Is den riachtanas é éicea-nuálaíocht agus taighde lena gcuirtear réitigh nuálacha chun cinn chun athrú go geilleagar ciorclach a chothú. Ní le próisis táirgthe amháin a bhaineann nuálaíocht. D’fhéadfaí samhlacha nua gnó a spreagadh agus a thacú. Tá a lán samplaí ann cheana de réitigh nuálacha a chuireann seirbhísí ar fáil seachas táirgí a dhíol: mar shampla, ní gá duit carr a bheith agat chun do riachtanais iompair a chomhlíonadh. Samhlacha gnó comhoibritheacha den sórt sin a dhíríonn ar sholáthar seirbhísí, d’fhéadfaidís leas a bhaint as sásraí nua maoiniúcháin, ós rud é go mbíonn patrúin dhifriúla ag infheistíocht agus brabús le himeacht ama.

Tá cistí poiblí ar fud na hEorpa ag tacú cheana féin le héicea-nuálaíocht ach is féidir ról níos láidre a bheith acu  ná mar atá inniu. D’fhéadfaí infheistíochtaí i mbonneagar, taighde agus cathracha a ghiaráil chun athrú go geilleagar glas a éascú. Le tiomantas láidir don inbhuanaitheacht agus creat soiléir airgeadais agus rialála ag gabháil leis mar thacaíocht, seoltar an teachtaireacht cheart chuig na páirtithe leasmhara uile.

Is léir gur buntáiste a bheidh ann do ghrúpaí agus d’earnálacha áirithe athrú chuig geilleagar glas ciorclach agus go gcuirfidh sé brú ar ghrúpaí agus ar earnálacha eile. Ní mór don lucht déanta beartas ceisteanna cothromais a chur san áireamh, san Eoraip agus ar fud an domhain, agus bearta tacaíochta a thairiscint chun an t-athrú socheacnamaíoch atá de dhíth a éascú agus a stiúradh.

 

Hans Bruyninckx

Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA

Eagarfhocal a foilsíodh in eagrán uimh. 2016/1 de nuachtlitir an EEA, Márta 2016

Permalinks

Geographic coverage

Tags

Filed under:
Filed under: circular economy
Document Actions