next
previous
items

Press Release

Laghdaíonn astuithe gáis cheaptha teasa an AE i 2005

Change language
Press Release Published 10 Aug 2007 Last modified 03 Jun 2016
Laghdaigh astuithe gáis cheaptha teasa (GHG) athraithe aeráide idir 2004 agus 2005, de réir na tuarascála fardail bliantúil GHG de Chomhphobal na hEorpa ullmhaithe ag an nGníomhaireacht Eorpach an Chomhshaoil (GEC), i gCóbanhávan.

Rinneadh an tuarascáil, ‘Annual European Community Greenhouse gas inventory 1990-2005 and inventory report 2007’, a chur faoi bhráid rúnaíochta Coinbhinsiúin Creatlaí na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (CCNAAA) mar aighneacht oifigiúil ó Chomhphobal na hEorpa. D'eisigh an GEC na príomhtheachtaireachtaí tosaigh den tuarascáil i mí Bealtaine mar gheall ar shuim an phobail agus suim pholaitiúil i gceist an athraithe aeráide. Cuireadh leagan críochnaithe na tuarascála faoi bhráid an CCNAAA ar an 27 Bealtaine 2007.

’Siad na príomh pointí den leagan críochnaithe ná:

  • AE-15: Laghdaigh astuithe GHG de 0.8% (35.2 milliún tonna de chóibhéisí CO2) idir 2004 agus 2005 - toisc astuithe CO2 go príomha atá ag laghdú de 0.7% (26 milliún tonna)
  • AE-15: Laghdaigh astuithe GHG de 2.0% i 2005 i gcomparáid leis an mbunbhliain[1] faoi Phrótacal Kyoto
  • AE-15: Laghdaigh astuithe GHG de 1.5% idir 1990 agus 2005
  • AE-27: Laghdaigh astuithe GHG de 0.7% (37.9 milliún tonna de chóibhéisí CO2) idir 2004 agus 2005
  • AE-27: Laghdaigh astuithe GHG de 7.9% i gcomparáid le leibhéil 1990

Cén tíortha AE-15 a léiríonn na laghduithe is mó in astuithe GHG?

Chuir An Ghearmáin, An Fhionlainn agus An Ísiltír leis an laghdú is mó AE-15 in uastéarmaí (féach tábla i Nótaí don Eagarthóir). Thiomáin laghdú in astuithe CO2 am laghdú iomlán in astuithe gáis cheaptha teasa sna tíortha seo.

  • Laghdaigh an Ghearmáin astuithe de 2.3% nó 23.5 milliún tonna de chóibhéisí CO2: bhí athrú ó ghual go gas i dtáirgeadh leictreachais agus teasa an phobail ar cheann de na príomhchúiseanna leis an laghdú in astuithe. Ina theannta sin, thit astuithe ó iompar bóthair agus ó theaghlaigh agus seirbhísí go suntasach.
  • laghdaigh An Fhionlainn astuithe de 14.6% nó 11.9 milliún tonna de chóibhéisí CO2: tharla na laghduithe in astuithe go príomha toisc laghdú suntasach in úsáid bhreoslaí iontaise i dtáirgeadh leictreachais agus teasa an phobail, toisc allmhairí leictreachais go príomha. Laghdaigh úsáid ghuail, ach go háirithe.
  • Laghdaigh an Ísiltír astuithe de 2.9% nó 6.3 milliún tonna de chóibhéisí CO2: úsáideadh níos lú breosla iontaise i dtáirgeadh leictreachais agus teasa an phobail. D'úsáid rannóg an teaghlaigh agus na seirbhíse níos lú breosla toisc geimhreadh a bhí níos teolaí.

Tíortha eile AE-15 a chonaic laghduithe in astuithe idir 2004 agus 2005 ná: An Bheilg, An Danmhairg, An Fhrainc, Lucsamburg, An tSualainn agus An RA.


[1] ’Sí an bhunbhliain d'fhormhór gáis cheaptha teasa faoi Phrótacal Kyoto ná 1990 don AE-15, ach úsáideann beagnach gach Ballstát 1995 mar bhunbhliain dó gháis fhluairínithe nó ‘F-gháis’

Cad iad na rannóga atá freagrach, go príomha, do laghduithe GHG?

In uastéarmaí, 'siad na príomhrannóga a chuir le laghduithe in astuithe idir 2004 agus 2005 san AE-15 ná táirgeadh leictreachais agus teasa an phobail , teaghlaigh agus seirbhísí, agus iompar bóthair.

Laghdaigh astuithe CO2 ó tháirgeadh leictreachais agus teasa an phobail de 0.9% (-9.6 million tonna) toisc laghdú go príomha thuilleamaí an ghuail.

Laghdaigh astuithe CO2 ó theaghlaigh agus seirbhísí de 1.7% (7.0 milliún tonna). Rinneadh laghduithe thábhachtacha in astuithe ó theaghlaigh agus seirbhísí a thuairisciú sa Ghearmáin, sa Ríocht Aontaithe agus san Ísiltír. Cúis ghinearálta amháin don laghdú ná coinníollacha aimsire níos teolaí (geimhreadh níos séimhe) i gcomparáid leis an mbliain roimhe.

Laghdaigh astuithe CO2 ó iompar bóthair de 0.8% (6 milliún tonna). An Ghearmáin is cúis leis an méid seo go príomha, agus líon na gcarranna atá tiomáinte ag díosal, éifeachtaí an éiceachánach agus breosla á cheannach lasmuigh den Ghearmáin (turasóireacht bhreosla).

Cén tíortha AE-15 ina bhfuil na méaduithe is mó astuithe GHG feicthe?

In uastéarmaí, is sa Spáinn a tháinig an méadú is mó in astuithe gáis cheaptha teasa idir 2004 agus 2005 (féach tábla i Nótaí don Eagarthóir).

Sa Spáinn, tháinig méadú in astuithe gáis cheaptha teasa de 3.6% nó 15.4 milliún tonna de chóibhéisí CO2 toisc táirgeadh leictreachais agus teasa an phobail go príomha. Seo toisc méadú i nginiúint leictreachais ó stáisiúin chumhachta iontaise teirmí (17%) agus laghdú i nginiúint leictreachais ó chomhlachtaí hídreachumhachta (-33%).

Tíortha eile AE-15 a chonaic méadú in astuithe idir 2004 agus 2005 ná: An Ostair, An Ghréig, Éire, An Iodáil agus An Phortaingéil.

Breathnóir Sonraí GEC GHG

Is uirlis idirghníomhach í breathnóir sonraí CEG GHG a cheadaíonn rochtain éasca idirlín ar na príomhsonraí atá cuimsithe i dtuarascáil fardail CE ar ghás ceaptha teasa. Cumasaíonn breathnóir sonraí GHG don úsáideoir treochtaí astuithe a fheiceáil agus anailís a dhéanamh orthu do na príomhrannóga agus na fo-rannóga a bhaineann leo. Éascaíonn siad comparáid chomh maith idir astuithe ó thíortha agus rannóga roghnaithe. Ina theannta sin, cumasaíonn breathnóir sonraí GHG táirgeadh grafaicí agus íoslódáil na bpríomh-meastachán astuithe.

Breathnóir Sonraí GEC GHG

Nótaí don Eagarthóir:

Cad í an tuarascáil fardail bliantúil GHG?

Aighneacht oifigiúil an AE chuig an CCNAAA atá sa tuarascáil seo, ar astuithe gáis cheaptha teasa intíre ina iomláine don tréimhse 1990-2005. Tagraíonn intíre, sa chomhthéacs seo, d'astuithe laistigh de chríocha an AE. Cuimsíonn sí eolas faoi astuithe GHG do AE-15 agus AE 27. Míníonn sí go cuimsitheach chomh maith an próiseas trína n-aimsítear astuithe AE agus a ndéantar seiceáil cháilíochta.

Tá an GEC freagrach do thiomsú agus foilsiú na tuarascála go bliantúil ag baint leasa as eolas a thuairiscítear ó rialtais náisiúnta faoi Mheicníocht Monatóireachta CE GHG.

Cén chaoi a shuíonn an t-eolas sa tuarascáil i Scéim Trádála Astuithe ana AE?

I 2005, chlúdaigh Scéim Trádála Astuithe an AE (STA AE) 47% go neasach d'astuithe iomlána CO2 agus 39% go neasach d'astuithe gáis cheaptha san AE-15. Chlúdaigh STA AE 49% go neasach d'astú iomlán CO2 agus 41% d'astuithe gáis cheaptha teasa iomlána san AE-25. Go ginearálta, tá eolas ón STA AE úsáidte ag Ballstáit an AE mar ionchur amháin chun astuithe iomlána CO2 a ríomh do rannóga na bPróiseas Fuinnimh agus Tionsclaíochta sa tuarascáil seo. Cibé ar bith, níl cainníochtú follasach ar thionchar na STA AE ar astuithe iomlána CO2 ar fáil fós ag leibhéal rannógach nó fo-rannógach do AE-15 nó AE-25.

Cad é tábhacht na tuarascála seo i gcomhthéacs Prótacail Kyoto?

Tá sprioc coitianta ag AE-15 faoi Phrótacal Kyoto chun astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú ina iomláine de 8 %, i gcomparáid leis an mbunbhliain. Níl sprioc coitianta Kyoto ag AE-27. Ní thosaíonn tuairisciú oifigiúil astuithe ar chúiseanna géilliúlachta faoi Phrótacal Kyoto go dtí 2010 – nuair a dhéanfar tuairisciú ar astuithe don bhliain 2008. Idir an dá linn, 'sí seo an tuarascáil is ábhartha agus is cruinne ar astuithe gáis cheaptha teasa don AE. is féidir é a úsáid chun feidhmíocht an AE a rianú maidir le laghdú na n-astuithe gáis cheaptha teasa intíre (i.e. astuithe laistigh dá chríocha) chun spriocanna Kyoto a bhaint amach. Tá cead ag páirtithe de Phrótacal Kyoto slogaidí carbóin a úsáid chomh maith le ‘meicníochtaí solúbtha’ chun astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú níos mó lasmuigh dá gcríocha náisiúnta - mar fhorlíonadh ar laghduithe intíre. Dá réir sin, is trí ghníomh intíre is mó a dhéanfar spriocanna Kyoto a bhaint amach. Tugann an tuarascáil fardail seo le fios gur laghdaigh astuithe intíre GHG de 2.0% go neasach i gcomparáid leis an mbunbhliain faoi Phrótacal Kyoto.

Tábla 1: Astuithe gáis cheaptha teasa i gcoibhéiseacha CO2 (lasmuigh de shlogaidí carbóin) agus spriocanna Phrótacail Kyoto do 2008–12

Table 1 GA

(1) An bunbhliain atá i gceist don AE-15 maidir le CO2, CH4 agus N2O ná 1990; tá 1995 roghnaithe mar bhunbhliain ag 12 Ballstát do gháis fhluairínithe, cé go bhfuil 1990 roghnaithe ag An Ostair, An Fhrainc agus An Iodáil. Toisc go bhfuil fardal AE-15 mar shuim fhardal na mBallstát, ’siad meastacháin na bunbhliana AE 15 d'astuithe gáis fhluairínithe ná suim na n-astuithe i 1995 do 12 Ballstát agus astuithe 1990 don Ostair, don Fhrainc agus don Iodáil. Cuimsíonn astuithe na bunbhliana AE-15 astuithe ó dhífhoraoisiú don Ísiltír, don Phortaingéil agus don RA (‘Tuarascáil thosaigh ó Chomhphobal na hEorpa faoi Phrótacal Kyoto’ (GEC, 2006)).

(2) Níor sholáthraigh Málta meastacháin astuithe GHG do 2005, agus tá na sonraí soláthraithe dá réir bunaithe ar líonadh bearnaí (féach Caibidil 1.8.2.).

(3) Níl sprioc coitianta Prótacail Kyoto ag AE-27

Nóta: Níl spriocanna indibhidiúla Kyoto ag Málta agus an Chipir.

Cad é AE-27?

AE-27: An Ostair, An Bheilg, An Bhulgáir, An Chipir, Poblacht na Seice, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Ungáir, Éire, An Iodáil, An Laitvia, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, An Ísiltír, An Pholainn, An Phortaingéil, An Rómáin, An tSlóvaic, An tSlóivéin, An Spáinn, An tSualainn, An Ríocht Aontaithe.

Cad é AE-15?

AE-15: An Ostair, An Bheilg, An Danmhairg, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, Éire, An Iodáil, Lucsamburg, An Ísiltír, An Phortaingéil, An Spáinn, An tSualainn, An Ríocht Aontaithe

Naisc:

Chun breathnú ar an tuarascáil iomlán, féach: tuarascáil

Le haghaidh Ceisteanna Coitianta faoi thuarascáil fardail GHG, féach: Ceisteanna Coitianta

Chun rochtain a fháil ar shonraí GHG, féach: breathnóir sonraí GEC GHG

Permalinks

Topics

Document Actions