next
previous
items

Article

Má thriomaítear an tobar - Oiriúnú athraithe aeráide agus uisce

Change language
Article Published 14 Apr 2009 Last modified 11 May 2021
Deir Barış Tekin agus é ag labhairt óna árasán in Beşiktaş, dúiche stairiúil Iostanbúl, áit a bhfuil cónaí air lena bhean agus lena iníon go 'múchtar an t-uisce as uair nó dhó sa mhí, nó níos minice ná sin uaireanta’. 'Tá thart ar 50 lítear uisce i mbuidéil againn san árasán do níochán agus do ghlanadh, ar fhaitíos go dteastódh sé uainn. Má mhúchtar an t-uisce as ar feadh tréimhse fada téimid chomh fada le teach m’athar nó teach thuismitheoirí mo mhná,' a deir Barış, ollamh le heacnamaíocht in Ollscoil Marmara.

Níl umar uisce sa sean-árasán rud a chiallaíonn go bhfuil muintir Tekin ceangailte le córas uisce na cathrach. Mar gheall ar thriomach a bhí in Iarthar na Tuirce le dhá bhliain anuas bíonn sé riachtanach soláthar uisce na cathrach a mhúchadh ar feadh tréimhse suas le 36 uair an chloig.

Ach tá seantaithí ag na daoine seo ar ghanntanas uisce — tá a leithéid ag tarlú ó bhí Barış féin ina pháiste. Cé go gciallaíonn feabhas san infreastruchtúr nach bhfuil an oiread sin uisce á chur amú, tá an triomach atá ann faoi láthair thar a bheith tromchúiseach, agus is cuid de shaol mhuintir na cathrach anois í ‘ciondáil uisce’ i rith mhíonna an tsamhraidh.

Tionchair an athraithe aeráide

Tá teas agus triomach, báisteach agus tuilte thar meán ag dul i bhfeidm ar a lán ceantar san Eoraip.

An samhradh seo caite, cé go raibh grianghraif de leapacha tirime abhann le feiceáil i nuachtán laethúil na Spáinne El Pais, bhí ceannlínte scanrúla faoi thuilte le fáil sa Guardian sa Bhreatain. Cé go ndearna an rialtas áitiúil i mBarcelona socruithe chun uisce a iompórtáil ar long, rinne rialtas na Breataine a cuid modhanna cosanta in aghaidh tuilte a mheas.

Is iomaí cúiseanna atá ann, ach táthar ag súil go mbeidh athrú aeráide ina phríomhchúis le méadú i minicíocht agus i ndéine na n-imeachtaí seo. Fiú amháin má éiríonn linn astuithe a laghdú, cruthóidh an síor-mhéadú stairiúil de gháis cheaptha teasa leibhéal éigin d’athrú aeráide gan aon amhras — is cinnte mar sin go mbeidh impleachtaí éigin le tabhairt faoi deara. Chuige sin, ní mór dúinn tabhairt faoi na hathruithe seo — ciallaíonn sé sin nach mór dúinn ár leochaileacht a mheas agus iarrachtaí a dhéanamh chun na rioscaí a laghdú. Díríonn an anailís seo ar oiriúnú athraithe aeráide ar shaincheisteanna a bhaineann le huisce, i.e. triomach den chuid is mó.

Triomach agus ganntanas uisce

De réir mar a bheidh an teocht ag ardú, laghdóidh an cúltaca uisce i ndeisceart na hEorpa. San am céanna, teastóidh níos mó uisce ón earnáil talmhaíochta agus ón earnáil turasóireachta go háirithe sna réigiúin níos teo agus níos tirime.

Beidh tionchar ag méadú i dteocht an uisce agus sreabhadh abhann níos ísle sa deisceart ar cháilíocht an uisce freisin. Cruthóidh méaduithe sna himeachtaí báistí agus tulcaí thar meán méadú sa bhaol truaillithe ó uisce stoirme sceite agus doirteadh éigeandála ó ionaid chóireála fuíolluisce.

In earrach na bliana 2008, bhí na leibhéil uisce sna taiscumair ag soláthar uisce do Barcelona chomh híseal sin gur beartaíodh uisce a thabhairt isteach ón taobh amuigh. Bhí costas measta EUR 22 milliún i gceist, le sé lasta loinge a fháil, gach ceann díobh le dóthain fionnuisce iontu chun deich linn snámha Oilimpeacha a líonadh. Bhí an fionnuisce seo le fáil ó Tarragona i ndeisceart na Catalóine, Marseille agus Almeria — ceann de na limistéir is tirime i ndeisceart na Spáinne. Ar ámharaí an tsaoil, bhí mí na Bealtaine fliuch, líonadh na taiscumair agus ní raibh sé riachtanach na pleananna a chur i bhfeidhm. Mar sin féin táthar ag leanúint leis an bplé maidir le huisce ó aibhneacha cosúil leis an Ebro agus fiú amháin an Rhône sa Fhrainc a chur ar malairt treo (1).

Tá triomach tubaisteach á bhraistint sa Chipir. Tá méadú ag teacht ar an éileamh atá ar uisce le 17 bliana anuas agus anois teastaíonn sa bhreis ar 100 milliún méadar ciúbach (m3) fionnuisce gach bliain. Le trí bliana anuas, ní raibh ach 24, 39, agus 19 milliún m3 faoi seach ar fáil.

D’fhonn an ghéarchéim uisce a mhaolú tugadh uisce isteach ón nGréig an samhradh seo caite. Faoi Mheán Fómhair 2008, bhí 29 long tagtha i dtír ón nGréig. Chuir ganntanas uisce sa Ghréig moill ar na lastais. Ní raibh an dara rogha ag rialtas na Cipire ach bearta éigeandála a chur i bhfeidhm lena n-áirítear an soláthar uisce a laghdú 30 %.

Sa Tuirc, thit na leibhéil uisce go comhsheasmhach i gcaitheamh an tsamhraidh, de réir eolas faighte ó údarás oibreacha uisce an stáit. Bhí 28 % dá n-acmhainn sna taiscumair a bhí ag soláthar uisce óil d'Iostanbúl. Ní raibh ach 1 % dá n-acmhainn uisce óil sna taiscumair a bhí ag soláthar uisce do Ankara, áit a bhfuil daonra 4 mhilliún duine.

Chruthaigh tuarascáil ó Oifig Uisce na Créite íomhá scanrúil d’acmhainní screamhuisce ar an oileán. Tá laghdú 15 méadar tagtha ar uiscígh — taiscumair faoi thalamh — ó 2005 i leith mar gheall ar ró-chaidéalú. Tá uisce na mara ag sní isteach, rud is cúis le truailliú na soláthairtí atá fágtha.

Maolú agus oiriúnú

Gáis cheaptha teasa is cúis lenár n-aeráid a bheith ag athrú. Táthar ag ceapadh go n-éireoidh deisceart na hEorpa níos teo agus níos tirime agus go mbeidh an aimsir sa Tuaisceart agus san Iarthuaisceart níos séimhe agus níos fliche. Ar an iomlán, leanfaidh an teocht domhanda ag ardú.

Comhaontaíonn Ballstáit an AE gur cheart méaduithe teochta domhanda a theorannú go 2 °C os cionn leibhéil réamh-thionsclaíocha d’fhonn athruithe aeráide tromchúiseacha a sheachaint.

Is é seo an príomhaidhm atá le hiarracht maolaithe an AE. Tá iarrachtaí maolaithe dírithe ar astuithe 'gáis cheaptha teasa' a laghdú. D’fhonn méaduithe teochta a theorannú go 2 °C 12 / teastaíonn laghdú 50 % sna hastuithe gáis domhanda faoin mbliain 2050.

Fiú amháin má chuirtear deireadh le hastuithe inniu, leanfar le hathrú aeráide ar feadh i bhfad mar gheall ar an síor-mhéadú stairiúil gás ceaptha teasa san atmaisféar. Tá impleachtaí soiléire le tabhairt faoi deara san aigéan Artach cheana féin mar shampla. Ní mór dúinn tús a chur leis an bpróiseas oiriúnaithe gan mhoill. Ciallaíonn oiriúnú nach mór leochaileacht na gcóras daonna agus na gcóras nádúrtha a mheas agus déileáil leo.

Tá dlúthnasc idir maolú agus oiriúnú athraithe aeráide. A rathúla a bhíonn iarrachtaí maolaithe chun astuithe a laghdú, a laghad gá a bheidh le hoiriúnú.


 

Ní hionann rialú géarchéime agus oiriúnú

Ní mór déileáil le triomach reatha agus leis an ngéarchéim uisce sa ghearrthéarma d’fhonn a chinntiú go mbeidh uisce ag daoine. Ní mór beartais oiriúnaithe fhadtéarmacha a fhorbairt freisin, áfach. Tá rialtais áitiúla agus náisiúnta, a dteastaíonn uathu an soláthar uisce a fheabhsú, ag infheistiú i dtionscadail cosúil le taiscumair stórála uisce, aistriú uisce agus monarchana díshalannaithe, chun uisce inólta a chruthú as sáile.

Tá níos mó tíortha Meánmhara anois ag brath ar dhíshalannú chun fionnuisce a sholáthar. Tá 700 monarcha díshalannaithe sa Spáinn i láthair na huaire, a sholáthraíonn dóthain uisce do 8 milliún duine gach lá. Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú dhá oiread ar dhíshalannú sa Spáinn sna 50 bliain amach romhainn.

Mar sin féin ní i ndeisceart na hEorpa amháin atá ganntanas uisce á bhrath. Tá an chéad mhonarcha díshalannaithe sa Ríocht Aontaithe á tógáil in oirthear Londan i láthair na huaire. Ar chostas GBP 200m, níos mó ná EUR 250m, beidh an tsaoráid seo in ann 140 milliún lítear uisce a sholáthar gach lá, dóthain uisce do 400 000 teaghlach. Go híorónta, cailleann an t-údarás uisce atá ag tógáil na monarchan na milliúin lítear d’uisce óil glan gach lá, trí phíobáin phollta agus infreastruchtúr mífheiliúnach.

Féadfaidh ról dlisteanach a bheith ag díshalannú i mbainistíocht uisce go fadtéarmach, ach tá an próiseas a bhaineann le huisce óil a chruthú as sáile thar a bheith dian ar acmhainní. Tá roinnt monarchana anois ag baint úsáide as fuinneamh gréine, rud atá ina chéim dhearfach dar ndóigh. Fós féin, áfach, is próiseas costasach go maith é díshalannú. Ina theannta sin, is deacair fáil réidh leis an tsáile a chruthaítear mar fhotháirge den phróiseas agus is féidir leis an tsáile áirithe seo a bheith dochrach don chomhshaol.

Ag bainistiú ár gcuid acmhainní uisce

Deir Barış ó Iostanbúl 'go minic bíonn sé níos teo ná 40 °C anseo sa samhradh agus is féidir leis an taise a bheith an-ard'. 'Tá taithí ag na húdaráis áitiúla rabhadh a thabhairt dúinn anois agus is gnách gur féidir leo insint dúinn cá fhad a bheidh an t-uisce múchta — ionas gur féidir linn féin pleananna a dhéanamh. Ach níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil mórán ar bun acu chun déileáil leis an nganntanas uisce — is dóigh nach féidir leo a chinntiú go dtitfidh níos mó báistí,' a dúirt sé.

D’fhéadfadh údaráis réigiúnacha agus náisiúnta sa Tuirc, agus ar fud na hEorpa, acmhainní uisce a bhainistiú níos fearr. Is é atá I gceist leis seo ná dul i mbun gnímh chun an t-éileamh féin a laghdú agus a bhainistiú in ionad iarracht a dhéanamh an soláthar uisce a mhéadú.

Cuireann an Chreat-treoir Uisce (CTU), an uirlis sainmhínithe reachtaíochta um uisce san Eoraip, dualgas ar na Ballstáit úsáid a bhaint as praghsáil (airgead a ghearradh) seirbhísí uisce mar uirlis éifeachtach chun caomhnú uisce a chur chun cinn. Go deimhin, tá praghsáil uisce ar cheann de na modhanna is éifeachtaí le tionchar a imirt ar phatrúin ídithe uisce. Mar sin féin, ní mór go n-áireodh bainistíocht éifeachtach uisce iarrachtaí chun caillteanais uisce a laghdú agus eolas maidir le héifeachtúlacht uisce a sholáthar.

Cabhróidh eolas níos fearr linn chun oiriúnú

Water exploitation indexSampla maith den chineál eolais a theastaíonn chun léargas a thabhairt ar scála agus ar láthair na bhfadhbanna a bheidh le sárú againn atá san Innéacs Díshaothraithe Uisce (WEI).

Go simplí, tugtar léargas san innéacs ar na hacmhainní uisce atá ar fáil i dtír nó i réigiún ar leith i gcomparáid leis an méid uisce a úsáidtear. Is iondúil gurb ionann innéacs sa bhreis ar 20 % agus ganntanas uisce. Mar is léir ón ngraf, meastar go bhfuil naoi dtír ag braistint 'brú uisce': an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Ghearmáin, an Iodáil, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Málta, an Spáinn, agus an Ríocht Aontaithe (Sasana agus an Bhreatain Bheag).

Tá sonraí WEI ar fáil do Shasana agus tá léargas le fáil iontu go bhfuil brú suntasach ar an Oirdheisceart agus ar Londain ach go háirithe. Baineann fíorthábhacht leis an leibhéal eolais seo i dtéarmaí oiriúnú éifeachtach a dhéanamh ar athrú aeráide. Trí tuiscint a fháil ar an méid uisce atá ar fáil i réigiún, cá háit as a bhfuil an t-uisce ag teacht agus cé a úsáideann an t-uisce, beidh ar ár gcumas straitéisí éifeachtacha áitiúla a bhunú ar mhaithe le hathrú aeráide a oiriúnú.

Ag féachaint chun cinn

Sa tuarascáil atá le teacht ón EEA tagraítear do na hAlpa go minic mar 'túr uisce na hEorpa' toisc gurb ón sliabhraon seo a thagann 40 % d’fhionnuisce na hEorpa. Tá méaduithe teochta cothrom le 1.48 °C tugtha faoi deara sa réigiún mórthimpeall na nAlp le céad bliain anuas — dhá oiread an meán domhanda. Luaitear sa tuarascáil go bhfuil oighearshruthanna ag leá, go bhfuil líne an tsneachta ag ardú agus go bhfuil athrú ag teachtdiaidh ar ndiaidh, ar an tslí a bhailíonn agus a stórálann an sliabhraon uisce sa gheimhreadh agus an tslí a dháiltear uisce arís i rith míonna te an tsamhraidh.

Baineann fíorthábhacht leis na hAlpa i ndáil leis an soláthar uisce, ní hamháin i gcás an ocht dtír alpach, ach i gcuid mhaith de mhór-roinn na hEorpa, sa mhéid is gurb é an sliabhraon seo foinse uisce a lán de na haibhneacha móra. Ar an tslí sin, is féidir breathnú orthu mar shiombal íocónach de scála an bhaoil agus den chineál freagartha a theastaíonn. Ní mór go n-áireodh straitéisí agus beartais oiriúnaithe gnéithe áitiúla, trasteoranna agus AE. Ní mór smaoineamh ar ghníomhaíochtaí nach bhfuil an chosúlacht orthu go bhfuil baint ar bith acu lena chéile, cosúil le feirmeoireacht agus turasóireacht, táirgeadh fuinnimh agus sláinte phoiblí, i dteannta a chéile.

Ar deireadh thiar thall, is ionann oiriúnú agus machnamh a dhéanamh ar an tslí a bhfuilimid ag maireachtáil inniu agus an tslí a mhairfimid amach anseo. Cad as a dtiocfaidh ár n-uisce? Conas a n-éireoidh linn muid féin a chosaint ó imeachtaí antoiseacha?

Léiríonn staidéir an EEA a dhíríonn ar chúrsaí talún gur minic sna limistéir chósta a bhíonn formhór na tógála ar bun. Tagraíonn tuarascáil EEA, 'The changing faces of Europe's coastal areas' don 'Med wall' agus léirítear ann go bhfuil foirgnimh tógtha ar 50 % den imeallbhord Meánmhara. Is deacrachtaí i mórchuid de na réigiúin seo cheana féin é ganntanas uisce agus triomach. Ciallaíonn níos mó árasán, níos mó turasóirí agus níos mó galfchúrsaí go bhfuil níos mó éilimh ar uisce. Tá forbairt na gceantar cósta i dTuaisceart agus in Iarthar na hEorpa ar siúl go tapa, áit a bhfuil súil le breis tuilte.

Bhí teorainn áirithe le hoiriúnú a chomhtháthú i bpríomhbheartais an AE. Mar sin féin, táthar ag súil go bhfoilseoidh an Coimisiún Eorpach páipéar Bán ar oiriúnú i 2009. Léirítear i dtuarascáil de chuid an EEA a foilsíodh le déanaí nár ghlac ach seacht dtír as 32 tír an EEA leis na Straitéisí Oiriúnaithe Náisiúnta um athrú aeráide go dtí seo. D'ainneoin seo, tá gach Ballstát de chuid an AE gnóthach i mbun beart náisiúnta a ullmhú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm bunaithe ar a bhfuil ag tarlú i ngach tír.

Níl forbairt déanta ar an smaointeoireacht nasctha a theastaíonn d'oiriúnú éifeachtach go fóill ach ar a laghad tá tús á chur leis an bpróiseas.


Tagairtí

IPCC, 2007. IPCC report, Climate Change Impacts, Adaptation and Vulnerability, Aibreán 2007.

EEA, 2006. The changing faces of Europe's coastal areas. Uimh Thuarascála EEA 6/2006.

EEA, 2008. Impacts of Europe's changing climate — 2008 indicator‑based assessment. Uimh Thuarascála EEA 4/2008.

EEA, 2009. Adaptation to water shortages in the Alps (á ullmhú).

 

Footnotes

(1) Ar an 27 Bealtaine 2008, dúirt an Roinn Comhshaoil do réigiún Spáinneach na Catalóine go bhfuil an triomach laghdaithe mar thoradh ar an méid báistí a bhí ann le déanaí i príomhchathair an réigiúin, Barcelona, rud a chiallódh go mb'fhéidir go mbeadh ar chumas an rialtais deireadh a chur le srianta maidir le húsáid uisce. Tá taiscumair a bhí 20 % lán i mí an Mhárta 44 % lán anois.

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions