järgmine
eelmine
punktid

Press Release

Bithéagsúlacht, Athrú Aeráide agus Tusa

Braithimid ar shaibhreas na beatha ar an bpláinéad le haghaidh ár gcuid bia, dídine agus ar riachtanais chomh bunúsaí sin le haer. Táimid mar chuid den éagsúlacht seo agus ní féidir linn maireachtáil gan í. I Signals breathnaíonn gnáth dhaoine ar an gcaoi ina mbíonn tionchar ag athruithe ar a gcomhshaol siúd ní hamháin ar bheatha ainmhíoch agus phlandúil, ach ar a slí bheatha agus nós maireachtála féin freisin.

tOllamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA

Insíonn Signals EEA 2010 sé scéal faoi dhaoine agus na saincheisteanna comhshaoil a thugann siad aghaidh orthu sa lá atá inniu ann.  Tugann 'na finnéithe súl’ seo cuireadh duit dul ar cuairt go háiteanna aithnidiúla agus áiteanna i gcéin ag breathnú arís ar bhunús na beatha ar domhan – uisce, ithir agus aer – i gcaitheamh do thurais. Cé gur pearsanta agus áitiúil a gcuid breathnuithe, is coitianta agus domhanda a gcuid íde.

Ní scéilíní amháin iad seo. Tairgeann eagna na ngnáth dhaoine, cosúil le sealgairí, feirmeoirí, lucht siúl na gcnoc agus díograiseoirí spóirt, acmhainn faisnéise ar minic atá neamhshaothraithe chun ár gcuid taighde agus íomhánna satailíte a chomhlánú. Labhraíonn na daoine seo sa ghnáth theanga freisin. Is éasca éisteacht leo.

“Braithimid ar shaibhreas na beatha ar an bpláinéad le haghaidh ár gcuid bia, dídine agus ar riachtanais chomh bunúsaí sin le haer. Táimid mar chuid den éagsúlacht seo agus ní féidir linn maireachtáil gan í. I Signals breathnaíonn gnáth dhaoine ar an gcaoi ina mbíonn tionchar ag athruithe ar a gcomhshaol siúd ní hamháin ar bheatha ainmhíoch agus phlandúil, ach ar a slí bheatha agus nós maireachtála féin freisin” a dúirt an tOllamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA.

Tá Bithéagsúlacht agus Athrú Aeráide mar théamaí lárnacha agus beidh na scéalta ábhartha i gcaitheamh na bliana 2010 – Bliain Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta de chuid na Náisiún Aontaithe – go háirithe ar 22 Bealtaine, an Lá Idirnáisiúnta um Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Sna scéalta úd féadfaidh tú an sruthchúrsa a leanúint ó mhullaí na nAlp go sráideanna Vín agus a thabhairt faoi deara go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar shruthchúrsa ársa sna sléibhte le frithiarmhairtí do na milliúin Eorpach. Éist le treoraí, fear atá tar eis fás aníos sna sléibhte, agus é ag cur síos ar an gcaoi ina bhfuil comhdhéanamh na carraige ag athrú de réir mar a mhéadaíonn an teocht agus mar a dhéantar smionagar den smior reoite.

Foghlaim faoin lucht tréada réinfhianna i réigiún fairsing an Artaigh ag tabhairt aghaidh ar gheimhrí nach bhfuil fuar ar bhonn comhsheasmhach níos mó. Taistil chuig an Muir Aeigéach agus éist le muintir na háite, cosúil le Saun Erol – atá ag iascaireachta anseo le 20 bliain anuas – ag tabhairt cur síos ar na hathruithe. Ceard a dhéanann tú nuair a tharraingíonn tú iasc nua ón uisce? Cad as a dtáinig sé? Nuair nach gceannóidh éinne é, an bhfuil luach ar bith leis?

 

Seolfaidh Aire na Spáinne don Chomhshaol agus Gnóthaí Tuaithe agus Muirí, Elena Espinosa agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EEA, Jacqueline McGlade, Signals 2010 ar an gCéadaoin, 24 Márta 2010. Reáchtálfar an ócáid i Maidrid i gcomhthráth le seoladh leathanaigh ghréasáin Signals: eea.europa.eu/signals


Nótaí don eagarthóir

Sonraí an tseolta: Maidrid, an Spáinn

Dáta: Dé Céadaoin, 24 Márta 2010

Láthair: Ministerio de Medio Ambiente y Medio Rural y Marino [An Roinn Gnóthaí Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe agus Muirí]

Am: 12.00

 

Céard é Signals?

Glacann Signals, a foilsítear i 26 teanga an LEE, cur chuige bunaithe ar scéalta chun cabhrú linn cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh le daonra ilghnéitheach na hEorpa.

Féadfar scéalta Signals a athúsáid, saor in aisce, i bhfoirm chlóbhuailte nó ar an ngréasán. Tabhair aitheantas don EEA le do thoil agus le haghaidh breis faisnéise dírigh an lucht léite chuig: eea.europa.eu/signals

 

Eolas teagmhála

Le haghaidh fiosrúchán na meán déan teagmháil le:

Iben Stanhardt

Oifigeach Preasa

R-phost: iben.stanhardt@eea.europa.eu

Guthán: +45 3336 7168

Fón Póca: +45 2336 1381

 

                                                                                                                   

Permalinks

Geographic coverage

Tegevused dokumentidega