next
previous
items

Article

Iasc ar thalamh tirim - Bainistíocht mhuirí in aeráid athraitheach

Change language
Article Published 23 Mar 2009 Last modified 11 May 2021
Scéal an iascaire I gcaitheamh na hoíche 6 Deireadh Fómhair 1986 ghabh iascairí portán ó bhaile beag Gilleleje, lastuaidh de Chóbanhávan, lán a líontán de ghliomaigh na hIorua agus iad amuigh ar Mhuir an Kattegat. Bhí go leor de na hainmhithe marbh nó ag fáil bháis. Bhí dath aisteach ar thart ar leath díobh.

Má scaoilfí leis ar feadh dhá bhliain, d’athshlánófaí an líon troisc sa Mhuir Bhailt

Henrik Sparholt, Oifigeach Gairmiúil Cláir Chomhairligh ICES


D’fhionn na taighdeoirí ag an bhForas Taighde Comhshaoil Náisiúnta sa Danmhairg sna samplaí d’ocsaigin thuaslagtha san uisce i gcomhar leis na gliomaigh mharbha go raibh an ocsaigin in easnamh ar achar mór neamhghnách de ghrinneall deisceartach an Kattegat. An 'anocsacht' nó an easpa ocsaigine ar ghrinneall na farraige an oíche úd ba chúis leis na heachtraí aisteacha. Creideann na heolaithe go raibh na gliomaigh ag plúchadh!

Dhá bhliain is fiche i ndiaidh na heachtra sin is amhlaidh atá ceantair mhóra den Mhuir Bhailt ina gceantair anocsachta nó ina 'gcriosanna marbha'.

Cliseadh iascaigh Bornholm

Tá cáil mhaith ar Bornholm, oileán idileach Danmhargach ag béal na Mara Bailt isteach agus amach ar leathbhealach idir an tSualainn, an Ghearmáin agus an Pholainn, as a scadán deataithe. Bhí an flúirseach éisc mar bhunchloch an gheilleagair áitiúil ar feadh na gcéadta bliain.

Tháinig tuairim agus leath d'ioncam an iascaigh le linn na 1970aidí ón trosc. Bhí méadtú go dtí 80 % tar éis teacht ar luach iomlán an iascaigh troisc faoi dheireadh na 1980aidí. Shamhlaigh go leor iascairí todhchaí iontach iontu agus d’infheistigh siad i soithí úra. Mar sin féin, tháinig meath géar ar an ngabháil faoin mbliain 1990. Níor tháinig aon bhiseach uirthi ó shin i leith. Chuir an cliseadh sin brú airgeadais ar an bpobal áitiúil.

Chiallaigh scála agus luas an chliste sna stoic throisc sa Mhuir Bhailt gur caitheadh go leor fuinnimh ag iarraidh an chúis a bhí leis an mborradh agus leis an gcliseadh dá éis a thuiscint. Tá an réigiún tar éis éirí ina chás-staidéar idirnáisiúnta le ceachtanna ann do réigiúin eile. Ní scéal simplí atá i scéal na Mara Bhailt – léiríonn castacht an cháis go deimhin féin na dúshláin atá os comhair lucht ceaptha beartais sa chomhshaol mara.

Sa tóir ar shonraí

Ceanglaítear srianta diana ar iascairí Bhornholm, díreach ar nós a gcomhghleacaithe ar fud na hEorpa, de réir an Chomhbheartais Iascaigh lena mbunaítear cé mhéid iasc de chineál éigin is féidir a ghabháil in ionaid éagsúla.

Is í an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéaladh na Mara a sholáthraíonn an chomhairle eolaíochta i leith leibhéal sábháilte ó thaobh na bitheolaíochta de. Solathraítear le sonraí suirbhéireachta iascaigh, staitisticí gabhála éisc agus monatóireacht comhshaoil na gcoinníollacha aigéaneolaíochta sonraí luachmhara ó thaobh measúnú sláinte na speiceas tráchtála is mó gabhála. Baineann tábhacht shonrach le líon na n-iasc d’aois áirithe i gceantar éigin. Dá mhéid iasc a mhaireann slán i gcaitheamh bliana iomlán is ea is mó iasc a bheifear ag dúil le gabháil idir dhá bhliain agus cúig bliana ina dhiaidh sin nuair a bhíonn na héisc aibí. Agus dá mhéid iasc aibí a bhíonn ar fáil is ea is mó uibheacha a sceitear.

Is iad Ballstáit an AE a dhéanann cinneadh i leith na ngabhálacha iomlána ceadaithe (TAC), tar éis dóibh comhairle eolaíochta a fháil. Is minic a léiríonn na cinntí sin tosaíochtaí seachas cosaint na stoc. Rinneadh iascach ar thart ar 45 % de na stoic éisc mheasta i bhFarraigí na hEorpa sa bhliain 2006 lasmuigh de na teorainneacha bitheolaíochta sábháilte. Aontaíodh ar na leibhéil iascaigh sin ag an leibhéal aireachta.

Análaíonn éisc ocsaigin tuaslagtha in uisce

Tá ardú drámatúil tar éis tarlú sna hionchuir chothaitheach – truailliú – amach sa Mhuir Bhailt, go háirithe ó na 1960aidí i leith de bharr úsáid mhéadaithe na leasachán saorga sa talmhaíocht chomh maith leis an uirbiú. Tháinig fás méadaithe ar fhíteaplanctón agus táirgeadh éisc dá bharr sin (ciallaíonn níos mó fíteaplanctóin níos mó bia don iasc). Tháinig fadhbanna méadaithe dá bharr fresin áfach leis an anocsacht domhainmhara le fáil sa mhuir.

Scaoiltear suilfíd hidrigine ó ghrinneall na mara amach sa sáile nuair a éiríonn an sáile thíos ag an ngrinneall anocsach. Is tocsaineach í an tsuilfíd hidrigine don chuid is mó foirmeacha beatha, agus ba dhócha gur theaglaim suilfíde hidrigine agus easpa ocsaigine a mharaigh gliomaigh na hIorua sa Kattegat an oíche úd thiar sa bhliain 1986.

Tá na ceantair anocsachta sa Mhuir Bhailt chomh mór sin anois gur eascair laghdú i méid na gceantar sceite féideartha i lár na Mara Bailt Thoir. Laghdaítear rathúlacht sceite an troisc dá réir.

Cén fáth go raibh na 1980aidí luatha chomh maith sin d’iascach troisc?

Mínítear ráta marthanais ard na n-uibheacha agus na larbhaí troisc idir na blianta 1978–1983 trí cheithre fhachtóir. Is é an bunmhíniú ná gur laghdaíodh an brú iascaigh i dtreo deireadh na 1970aidí. Ar an dara dul síos, tháinig sáile ardsalandachta ón Muir Thuaidh go dtí an Mhuir Bhailt de dheasca na gcoinníollacha aeráideacha. Bhí an Mhuir Bhailt ina loch fíoruisce nó gur ardaigh an leibhéal mara timpeall 8 000 bliain ó shin, ag ligean don Mhuir Thuaidh insreabhadh sa loch. Bíonn an ‘t-insreabhadh’ sáile sa Mhuir Bhailt fós tábhachtach ó thaobh chothabháil na leibhéal sáile agus ocsaigine.

D’eascair comhchruinnithe ocsaigine ní b’airde sna ceantair sceite troisc de bharr an insreafa agus ina dhiaidh sin marthanas uibhe ní b’airde agus ní ba mhó iasc óg dá réir. Ar an treas dul síos, bhí flúirseach larbhaí cópapóid (pseudocalanus acuspes) ann, arb í an fhoinse bia mhór iad don trosc, agus ar deireadh, b’amhlaidh a bhí ganntanas creachadóirí ar nós salán agus rón. Uibheacha éisc is ea creach na salán agus an trosc féin is ea creach na rón.

Fig. 1 / Leibhéil ghabhála a moladh go heolaíoch (bunaithe ar chomhairle ICES), gabháil cheadaithe iomlán chomhaontaithe (TAC) agus gabháil iarbhír sna ceantair iascaigh timpeall Bornholm sna blianta idir 1989–2007. Foinse: EEA, 2008.

Agus céard a d’imigh amú?

Ba theirce an mór-insreabhadh ón Muir Thuaidh ó lár na 1980aidí i leith, as ar tháinig droch-choinníollacha do mharthain na n-uibheacha, agus ní ba lú iasc óg dá réir. Tháinig flúirseach laghdaithe cópapód ón tsalandacht laghdaithe freisin, ar príomhbhia do na larbhaí iad. Cé gur laghdaíodh an teorainn do leibhéil sábháilte iascaigh ó thaobh na bitheolaíochta de sna blianta ina dhiaidh sin, ba ghnách gur sháraigh an ghabháil polaitiúil cheadaithe an leibhéal seo (Figiúr 1).

Cuireann an t-iascach mídhleathach leis an bhfadhb. Measadh go ngabháiltear 30 % breise go mídhleathach sa chuid seo den Mhuir Bhailt. Bhí na gabhálacha mídhleathacha ag cabhlach iascaigh na

Polainne chomh fairsing sin i samhradh na bliana 2007 gur chuir an Coimisiún Eorpach deireadh leis an iascach Pholannach sa dara leath den bhliain 2007.

Agus ansin athrú aeráide!

Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar an teocht agus cóimheá an tsáile sa Mhuir Bhailt araon. Méadaíonn ardú teochta domhainmhara an t-éileamh meitibileach don ocsaigin agus laghdaíonn tuaslagthachta na hocsaigine sa sáile. Is amhlaidh ar a sheal féin a rannchuirfidh sé sin le leathadh níos faide na hanocsachta. Tá an tsalandachta sa Mhuir Bhailt tar éis laghdú go seasmhach ó lár na 1980aidí i leith de bharr báisteach mhéadaithe agus sreabhadh laghdaithe ón Muir Thuaidh sa Mhuir Bhailt.

Is í an aeráid atá taobh thiar den dá fhachtóir. Tá laghdú cuibheasach beag sa tsalandacht ag tiontú cúrsaí cheana féin maidir le hathrú chomhdhéanamh ghnáthóg na Mara Bailt. Ón trí speiceas is mó a iasctar, an trosc, an scadán agus an salán, is é an trosc is leochailí don tsalandacht laghdaithe toisc go dtéann an tsalandacht i bhfeidhm ar a gcumas atáirgthe agus ar infhaighteacht na rogha bia le larbhaí troisc.

Táthar ag réamh-mheas méaduithe leanúnacha um thitim na báistí agus laghduithe um insreabhadh ón Muir Thuaidh d’aeráid aigéin na todhchaí. Ciallaíonn sé sin gur dócha go dtiocfaidh tuilleadh meatha ar na stoic throisc agus éisc mhara eile mura laghdaítear an brú iascaigh.

Athróidh athrú aeráide an Mhuir Bhailt agus a cumas chun tacaíocht a thabhairt do dhaonraí troisc insaothraithe. Ní foláir go nglacfaí leis na hathruithe sin sa bhainistiú má tá an stoc le fanacht ag leibhéal ábhartha ó thaobh na tráchtála
An tOllamh Brian MacKenzie, DTU‑Aqua, Ollscoil Theicniúil na Danmhairge

Fig. 2 / Meastacháin d’fhairsinge na hiopocsa (líon ocsaigine níos lú ná 2 ml/l) agus anocsacht (líon ocsaigine ag nialas; go minic le láithreacht suilfíd hidrigine-a imoibríonn le hocsaigin chun sulfáit a chruthú. Foinse: http://www.helcom.fi/environment2/ifs/ifs2007/en_GB/HydrographyOxygenDeep/.

Dóchas don todhchaí

Mar fhreagra ar na fadhbanna casta agus géara comhshaoil sa Mhuir Bhailt is amhlaidh atá na tíortha sa réigiún tar éis aontú ar 'Plean Gníomhaíochta don Mhuir Bhailt' d’fhonn bearta náisiúnta a fhorbairt do chomhtháthú na mbeartas talmhaíochta, iascaigh agus réigiúnach. Tá an plean seo, ar glacadh leis i Samhain 2007, ina bhunús tábhachtach d’fhorfheidhmiú níos éifeachtaí bheartas an AE sa cheantar.

Áirítear leis sin an Chreat-Treoir Straitéise Muirí nua, faoinar cheart do thíortha comhtheorann 'dea-stádas comhshaoil' na Mara Bailt a bhaint amach faoin mbliain 2020, lena n-áirítear ceangaltas go gcuirtear na stoic éisc ar ais ar 'a seanléim'.

Ina theannta sin is amhlaidh atá an Coimisiún Eorpach ag forbairt straitéis do Réigiún na Mara Bailt as a dtiocfaidh plean gnímh ina saineofar na heochairghnníomhairí, na hionstraimí airgeadais le himlonnú, chomh maith le sceideal oibre. Beidh glacadh na mBallstát leis an straitéis mar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Sualainne ar an AE, sa dara leath den bhliain 2009. D’aithin an tSualainn comhshaol na Mara Bailt mar cheann dá ardtosaíochtaí.

Dearadh an Comhbheartas Iascaigh (CFP) chun gníomhaíochtaí iascaigh a rialú ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de. Táthar tar éis ró-iascach a dhéanamh ar go leor de na speicis éisc is luachmhaire ó thaobh na tráchtála de áfach, agus tá a gcuid uimhreacha anois faoi bhun líonta sábháilte bitheolaíochta. Is deacair de bharr bhrí na reachtaíocht gur costasach agus deacair an beart é ionchúiseamh rathúil a thógáil in aghaidh na mBallstát a bhíonn i mbun ró-iascaigh.

Tá go leor saineolaithe muirí tar éis leasuithe móra don bheartas a éileamh de bharr na heaspa rathúlachta soiléire um bainistiú inbhuanaithe go leor dá stoic éisc, ar léir é bheith ina tháirge comhréitigh idir na tíortha éagsúla é. Ba cheart go gcaithfí leis an gcomhshaol muirí mar éicea-chóras seachas mar earnálacha lena ndúshaothrú.

Tá Coimisinéir an AE do Ghnóthaí Iascaigh agus Muirí, Joe Borg tar éis a rá fiú nach dtugann an CFP 'spreagadh freagrachta i measc iascairí nó polaiteoirí' agus sheol sé athbhreithniú láithreach ar an mbeartas i Meán Fómhair na bliana 2008, ceithre bliana chun cinn ar an sceideal.

 

Tagairtí

Diaz, R. J. agus Rosenberg, R., 2008. Spreading Dead Zones and Consequences for Marine Ecosystems. Science, iml. 321, lch 926–929.

Mackenzie, B. R.; Gislason, H.; Mollmann, C.; Koster, F. W., 2007. Impact of 21st century climate change on the Baltic Sea fish community and fisheries. Global Change Biology, iml. 13, 7, lch. 1 348–1 367.

Sparholt, H.; Bertelsen, M.; Lassen, H., 2008. A meta‑analysis of the status of ICES fish stocks during the past half century. ICES Journal of Marine Science, Iml. 64, 4, lch. 707–713.

Permalinks

Geographic coverage

Document Actions