next
previous
items

Article

Fuinneamh in-athnuaite: an réiteach i ndáil le todhchaí íseal-charbóin san Eoraip

Change language
Article Published 29 Jul 2016 Last modified 11 May 2021
Tá mianach mór sna foinsí in-athnuaite fuinnimh, a bhfuil ról tábhachtach acu chun spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Rinneamar plé ar na deiseanna agus na dúshláin atá romhainn maidir le fuinneamh glan le Mihai Tomescu, saineolaí fuinnimh leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

An dóigh leat go mbainfidh an tAontas Eorpach amach an sprioc atá aige chun 20% dá riachtanais fuinnimh deiridh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2020?

Ar bhonn an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, is dócha go mbainfidh an AE amach an sprioc sin. Tá borradh tagtha ar ídiú fuinnimh in-athnuaite an AE bliain i ndiaidh bliana, agus b’ionann an t-ídiú sin agus 16% dá thomhaltas fuinnimh deiridh sa bhliain 2014. Tá an sciar sin chun tosaigh ar an tuar eatramhach don Eoraip atá leagtha síos sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, agus mar sin, táimid ar an mbóthar ceart anois. Ar leibhéal náisiúnta, níl cúrsaí chomh maith céanna in áiteanna, ach tá an chuid is mó de na Ballstáit ag déanamh dul chun cinn maith.

Tá buntáistí ag baint le hídiú méadaithe foinsí in-athnuaite fuinnimh i réimsí éagsúla. Fágann an dul chun cinn i dtreo spriocanna an AE agus náisiúnta go bhfuil foinsí in-athnuaite fuinnimh ag teacht in ionad breoslaí iontaise agus táthar ag tacú le hathrú struchtúrtha i dtreo fuinnimh ghlain. Tús maith atá ann do chuideachtaí Eorpacha atá ag fáil réidh le dul isteach in earnálacha fuinnimh domhanda, margaí ina bhfuiltear ag súil le borradh suntasach.  Tá níos mó spéise ag an bpobal i bhfoinsí glana fuinnimh, agus tacaíocht dá bharr, le braistint anois  — rud a d'fhéadfadh borradh a chur faoin aistriú fuinnimh atá ar bun faoi láthair. D'ainneoin na bhforbairtí dearfacha sin, tá obair mhór amach romhainn chun an t-aistriú fuinnimh a chur i ngníomh.

An bhféadfadh an AE brath ar fhuinneamh in-athnuaite amháin nó an mbeidh ról ann i gcónaí do bhreoslaí iontaise?

D'aontaigh ceannairí an domhain dul i dtreo todhchaí ísealcharbóin faoi théarmaí Chomhaontú Pháras. Tá spriocanna uaillmhianacha maidir leis an aeráid leagtha síos ag an Aontas Eorpach cheana agus chun na cuspóirí fadtéarmacha i dtaca le dícharbónú a bhaint amach, caithfear idir 55 % agus 75 % dár riachtanais fuinnimh a shásamh le foinsí in-athnuaite fuinnimh faoin mbliain 2050. Is léir gur sprioc dhúshlánach é sin, ach measaim go bhfuil sé indéanta.

Is gné thábhachtach iad foinsí in-athnuaite fuinnimh ó thaobh iarrachtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus beidh ról níos tábhachtaí acu sa todhchaí chun slándáil fuinnimh an AE ar an iomlán a fheabhsú. Ach beidh breoslaí iontaise ag teastáil uainn go ceann tamaill, cé go bhfuil na chéad chéimeanna glactha againn chun an spleáchas orthu sin a laghdú. Anuas ar na rioscaí geopholaitiúla atá ann, tá costais sheachtracha as cuimse don tsochaí ag gabháil le breoslaí iontaise ó thaobh damáiste don chomhshaol agus do shláinte an duine.

Cé go bhféadfadh tionchar a bheith ag praghsanna ísle ola ar iomaíochas fuinnimh in-athnuaite, tá ionchas maith don fhuinneamh in-athnuaite san fhadtéarma. Tá costas na dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ag éirí níos iomaíche de réir a chéile. Tá ag éirí go maith le fuinneamh in-athnuaite san iomaíocht le teicneolaíochtaí breoslaí iontaise, agus sin ar phraghsanna margaidh. Ina theannta sin, más féidir an tionchar ar an gcomhshaol, ar nós astaíochtaí san aer, san aeráid agus san uisce, a bhaineann le giniúint agus úsáid fuinnimh a chur san áireamh sna praghsanna fuinnimh, d'fhéadfadh fuinneamh in-athnuaite an lámh in uachtair a fháil ar na gnáth-theicneolaíochtaí.

An bhfuil ról ceannaireachta ag an Eoraip chun foinsí fuinnimh ghlain a fhorbairt?

Mar a léiríonn Tuarascáil an Gníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ar úsáid fuinnimh in-athnuaite san Eoraip a foilsíodh le déanaí, tá cuid mhór déanta ag an AE chun teicneolaíochtaí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt ar fud an domhain. Le linn na tréimhse 2005–2012, is ag an Eoraip a bhí an sciar is airde d'infheistíochtaí iomlána domhanda i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, ach an lámh in uachtair á fháil ag an tSín ó 2013 i leith.  Sa bhliain 2014, bhí an toilleadh is mó ar domhain d'fhuinneamh gréine fótavoltach suiteáilte agus nasctha ag an AE-28 – isteach is amach le trí oiread de thoilleadh na Síne – agus an toilleadh is mó gaoithe ar domhain. Ach tá moill tagtha ar luas na hinfheistíochta san Eoraip le déanaí, agus borradh ag teacht uirthi in áiteanna eile den domhan.

Maidir le fostaíocht san earnáil fuinnimh in-athnuaite, tá an AE ar cheann de na gníomhairí is mó ar domhain. Sa bhliain 2014, ní raibh ach an Bhrasaíl chun cinn ar an AE ó thaobh an leibhéal fostaíochta sa réimse sin. Is iad na fostóirí is mó san AE san earnáil fuinnimh in-athnuaite na tionscail gaoithe, gréine fótavoltach agus bithmhaise sholadaí. Tá poist caillte sna tionscail gréine fótavoltacha agus gaoithe de réir mar a thagann borradh ar an iomaíocht ón tSín. Mar sin féin, tá an céatadán fostaíochta i réimse an fhuinnimh in-athnuaite i bhfórsa saothair an AE-28 níos airde ná an tSín

Cad iad na dúshláin atá amach romhainn?

Ar dtús báire, tá an comhthéacs domhanda d'fhoinsí in-athnuaite fuinnimh ag athrú go tapa. Má tá an Eoraip ag iarraidh a bheith ar thús cadhnaíochta i gcónaí, caithfidh sí coinneáil leis an leibhéal sin tiomantais. Ó tharla go bhfuil moilliú tagtha ar chistiú taighde agus forbartha fuinnimh in-athnuaite le déanaí, d'fhéadfaí an deis a chailleadh chun teicneolaíochtaí na todhchaí a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, molann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh an caiteachas R&D ar fhuinneamh glan a mhéadú faoi thrí.

Ina theannta sin, caithfear margadh fuinnimh an AE a athchóiriú lena dhéanamh níos éifeachtaí agus lena chur ar a chumas níos mó giniúna eatramhaí d'fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur ar fáil. Cuirtear foinsí in-athnuaite fuinnimh cosúil le fuinneamh gréine fótavoltach agus cumhacht ghaoithe isteach san eangach nuair is féidir i bhfianaise coinníollacha aeráide. Faoi na rialacha margaidh atá i bhfeidhm faoi láthair, ní féidir an leibhéal praghsanna cuí a chur i bhfeidhm ar fhuinneamh in-athnuaite agus caithfear aghaidh a thabhairt air sin sa todhchaí. Beidh feabhsúchán maidir le héifeachtúlacht, idirnasc trasteorann, stóras fuinnimh agus ról níos gníomhaí maidir le bainistíocht éilimh tábhachtach don aistriú fuinnimh freisin.

Conas a chinntíonn an Gníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil úsáid éifeachtach fuinnimh in-athnuaite?

Déanaimid measúnú rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna an AE, chun tacú le cinnteoirí san Eoraip. Déanann ár dtuairiscí cur síos ar chúrsaí mar a sheasann siad, agus bímid ag gníomhú mar ionad imréitigh trínár Líonra Eorpach faisnéise agus faireacháin comhshaoil (Eionet) gach bliain, chun na saincheisteanna a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite a aithint agus a phlé.

 

Mihai Tomescu

Permalinks

Geographic coverage