next
previous
items

Article

Eolas ar an gcomhshaol don todhchaí

Change language
Article Published 27 Jul 2016 Last modified 11 May 2021
Photo: © Íomhá © ESA, sonraí Copernicus Sentinel á bpróiseáil ag ESA
Tá athrú mór tagtha ar chomhthéacs sonraí comhshaoil na hEorpa le daichead bliain anuas. De bharr a chasta is atá meath an chomhshaoil, tá anailís níos sistéamaí de dhíth mar aon le sonraí ábhartha chun tacú léi. Tá níos mó anailísí sistéamacha san áireamh le blianta beaga anuas le hobair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil. Leanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ag aithint saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus ag cur le saineolas comhshaoil na hEorpa.

Tháinig na chéad phíosaí reachtaíochta i bhfeidhm san Aontas Eorpach (AE) breis is daichead bliain ó shin. Ó shin i leith, tá Ballstáit an AE ag bailiú agus ag tuairisciú sonraí inchomparáide go rialta maidir le réimse leathan saincheisteanna comhshaoil, ar saincheisteanna iad atá chomh héagsúil le tiúchan truailleán in aghaidh na huaire i gcathracha agus tomhais shéasúracha ar cháilíocht uisce snámha. Coinníonn siad taifead freisin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ídiú fuinnimh, truailleáin a scaoiltear ó shaoráidí tionsclaíocha, méid agus suíomh limistéar cosanta, srl. Tá na sruthanna sonraí sin ríthábhachtach chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta comhshaoil a chinntiú.

Tá forbairt mhór tagtha ar bhailiú, tuairisciú agus anailís ar shonraí comhshaoil le linn na tréimhse seo. Is féidir linn níos mó sonraí a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil anois. Is féidir linn freisin sruthanna sonraí a idirnascadh chun anailís níos cruinne a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú agus na fáthanna atá leis. Tá samhlacha in ann tionchar an truaillithe aeir a mheas trí thiúchain truailleán aeir a breacadh i gcoinne dlús daonra ag suíomhanna áirithe. Is féidir sonraí ó fhaire satailíte, lena n-áirítear iad siúd ó chlár um fhaire na cruinne de chuid an AE, Copernicus, a thiomsú le sonraí arna dtuairisciú le trealamh faireacháin ar an talamh agus ar muir. Is féidir linn na hiarmhairtí atá ag meath an chomhshaoil agus athrú na haeráide, anois agus sa todhchaí, a mheas.

Cinntíonn comhrialacha AE comhoiriúnacht sonraí agus éascaíonn siad malartú sonraí agus faisnéise ar fud na hEorpa. Mar sin féin, chun treochtaí comhshaoil a thuiscint, tá sé den riachtanas comhoibriú ní hamháin laistigh den Aontas Eorpach, ach le tíortha eile na hEorpa, agus ar leibhéal idirnáisiúnta freisin. A bhuíochas leis an Líonra Comhshaoil Faisnéise agus Faireacháin (Eionet) agus le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, tá cumas ar leith ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil chun faisnéis chomhshaoil a phróiseáil agus na riachtanais saineolais a bheidh ann sa todhchaí a thuar.

An gá le hanailís níos sistéamaí

Bíodh is go bhfuil bearnaí ann i réimsí áirithe, tá líon mór saineolais reatha ar an gcomhshaol ann. Táimid tagtha ar thuiscint níos doimhne ar shaincheisteanna sonracha de réir a chéile. Mar sin féin, fágann an tuiscint sin gur ghá an cheist ina iomláine a iniúchadh— go bhfuil gá le hanailísí níos sistéamaí a chuimseoidh córais iomlána, cosúil leis an gcóras soghluaisteachta agus an córas bia. Ní féidir ach dul chun cinn áirithe a dhéanamh trí thiúchain truailleán a mhonatóiriú. Ní féidir truailliú aeir a anailísiú, agus dul i ngleic leis, mura dtabharfar aghaidh ar iompar, díosalú feithiclí, talmhaíocht, sraoilleáil uirbeach, agus ar phatrúin tomhaltais. Is casta an rud é an comhshaol agus ní mór dúinn é sin a thabhairt faoi deara agus bunachar faisnéise á fhorbairt. Is léir anois go mbeidh saineolas níos sistéamaí ag teastáil uainn sa todhchaí.

Tá anailís shistéamach mar bhunchloch den fhoilseachán is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil An Comhshaol Eorpach — staid agus ionchais 2015. Maidir le mórthreochtaí domhanda, tá obair déanta againn chun tionchar treochtaí domhanda ar an gcomhshaol Eorpach a mheas agus vice versa. I dtuairiscí téamacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, bímid ag iarraidh dul i ngleic leis an saincheist atá idir camáin laistigh d’anailís sistéamach níos leithne.

Is minic a éilítear cineál eile sreabhaidh sonraí agus bainistíochta sonraí leis an gcineál seo anailíse, ar anailís í a dhéanann nasc dlúth idir sonraí socheacnamaíocha agus sonraí comhshaoil. Ina theannta sin, tá an líon sonraí atá á mbailiú ag saoránaigh agus ag cuideachtaí príobháideacha ag méadú de réir a chéile. B'fhéidir go mbeidh orainn comhpháirtíochtaí nua sonraí a chothú idir úinéirí agus bailitheoirí sonraí príobháideacha agus poiblí, áitiúla agus domhanda.

Saineolas a bhaint as sonraí comhshaoil

Ní hamháin go bhfuil ceisteanna ann maidir le húinéireacht agus bainistíocht sonraí, ach nuair a bhíonn lear mór sonraí ann, tá dúshlán eile i gceist: conas is féidir ciall a bhaint as sreafaí móra sonraí, go háirithe nuair atá beartais á gceapadh. Cén t-eolas a theastaíonn uainn chun tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhshaol? Ar bhonn na hanailíse sin, d'fhéadfadh réimsí nua monatóireachta teacht chun cinn, deireadh a chur le cinn eile, nó gan monatóireacht a dhéanamh orthu ar bhonn chomh minic is a dhéantar faoi láthair.  Agus b'fhéidir go mbeadh ceangail nua idir tacair sonraí ag teastáil.  Ina theannta sin, b'fhéidir go mbeidh an saineolas atá ag teastáil ó phleanálaí uirbeach éagsúil uaidh sin atá de dhíth ó dhéantóir beartais Eorpach, cuir i gcás. Conas is féidir le saineolas comhshaoil cur le bainistíocht córas casta ar nós cathracha?

I ndlúthchomhar le comhpháirtithe, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ag cur le bunachar eolais comhshaoil na hEorpa ar bhonn measúnuithe atá comhtháite go sistéamach téamach. Ní hamháin go mbímid ag díriú ar threochtaí ón am a caitheadh agus ar an staid reatha, ach freisin ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus ar na riachtanais saineolais a bheidh ann sa todhchaí.

Ar deireadh, braitheann tionchar an tsaineolais ar an úsáid a bhaintear as. Caithfidh an t-eolas a bheith inrochtana agus ábhartha chun an comhshaol a fheabhsú. Ní mór freisin an t-eolas sin a chur in iúl dóibh siúd ar féidir leo tionchar a imirt ar phróisis cinnteoireachta. Tá an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tiomanta an saineolas comhshaoil a theastaíonn sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí a oiriúnú, a tháirgeadh agus a chur in iúl.

 

Hans Bruyninckx

Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage

Topics

Document Actions