next
previous
items

Article

Uisce sa chathair

Change language
Article Published 17 Dec 2012 Last modified 11 May 2021
Photo: © Peter Bros Nissen | flickr.com
Mar gheall ar fhás sa daonra, uirbiú agus forbairt eacnamaíochta, tá méadú ag teacht ar an éileamh ar fhionnuisce i gceantair uirbeacha ar fud na hEorpa. Ag an am céanna, bíonn tionchar ag an athrú aeráide agus ag an truailliú ar infhaighteacht uisce d’áitritheoirí cathrach. Conas is féidir le cathracha na hEorpa leanúint le fionnuisce glan a chur ar fáil dá n-áitritheoirí?

In Iúil 2011 fágadh páirteanna de Chóbanhávan faoi thuilte mar gheall ar bháisteach dhian. Ní raibh na córais draenála uirbeacha in ann deileáil leis an méid uisce a tháinig anuas faoi dhéine a bhí chomh hard le 135 mm in dhá uair an chloig. Níorbh é sin deireadh fhadhbanna uisce Chóbanhávan. Tamall gairid i ndiaidh na dtuilte, bhí limistéir fhairsinge sa chathair faoi thionchar ábhair shalaithe san uisce óil, a raibh baint acu le deisiú an phríomhlíonra uisce, ar feadh roinnt seachtainí. Tarlaíonn fadhbanna den chineál céanna atá bainteach le huisce i gcathracha eile.

Tá níos mó ná trí cheathrú de shaoránaigh na hEorpa ina gcónaí i gceantair uirbeacha agus iad ag brath ar uisce glan i gcathracha. Tá tuairim is aon chúigiú d’iomlán an fhionnuisce a astarraingítear san Eoraip á sholáthar do chórais uisce phoiblí – uisce a sheoltar chuig teaghlaigh, gnóthais bheaga, óstáin, oifigí, ospidéil, scoileanna agus roinnt tionscal.

Ní tasc simplí é soláthar seasta uisce ghlain chuig an bpobal a chinntiú. Ní mór go leor tosca a chur san áireamh i dtaca le soláthar uisce, ina measc méid an phobail agus an teaghlaigh, athruithe i dtréithe fisiceacha dhromchlaí an talaimh, iompar tomhaltóirí, éilimh na n-earnálacha sa gheilleagar (leithéidí gníomhaíochtaí turasóireachta), comhdhéanamh ceimiceach an uisce agus an lóistíocht maidir le stóráil agus iompar an uisce. Ní mór, freisin, na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide a chur san áireamh, mar shampla, tuilte gan choinne, tonnta teasa agus tréimhsí ganntanais uisce.

Chun géarchéimeanna uisce uirbigh a sheachaint, ní mór dúinn acmhainní uisce a bhainistiú go héifeachtach ag gach céim: ó sholáthar uisce ghlain go dtí a úsáid éagsúil ag tomhaltóirí. D’fhéadfadh go mbeadh laghdú ar an tomhaltas i gceist chomh maith le bealaí nua a fháil chun uisce a bhailiú agus a úsáid. Ba cheart bainistiú uisce a chomhtháthú níos fearr taobh istigh den bhainistíocht uirbeach leathan, agus tréithe na timpeallachta áitiúla á gcur san áireamh.

An t-uisce a úsáidimid á íoc

Tá sé cruthaithe cheana gur féidir an méid uisce a úsáidtear i dteaghlaigh, arb ionann é agus 60-80% den soláthar uisce poiblí ar fud na hEorpa, a laghdú go suntasach trí dhul chun cinn sa teicneolaíocht agus trí chórais phraghsála nua astu féin. Tá feabhsúcháin teicneolaíochta ar fhearais tí, leithéidí meaisíní níocháin agus miasniteoirí, mar shampla, tar éis cuidiú le húsáid uisce a laghdú gan aon éileamh ar athrú iompair ná feasacht ar fhadhbanna uisce.

Is féidir feabhsúcháin níos suntasaí a chur i bhfeidhm trí athruithe in úsáid uisce le haghaidh sláinteachais phearsanta, arb é is cúis le 60% den úsáid uisce i dteaghlaigh. Cuireann gairis a ghlacann níos lú uisce sa sistéal, mar shampla, bealach saor agus simplí ar fáil chun an t-uisce a úsáidtear a laghdú d’aon líotar in aghaidh an tsruthlaithe. Is féidir uisce a choigilt, freisin, trí mhionleasú ar chórais chithfholctha, an sruth uisce a aerú, mar shampla. 

Mar a leagtar síos i gCreat-Treoir Uisce an AE, is féidir daoine a ghríosú chun uisce a úsáid ar bhealach níos inbhuanaithe ach praghas an uisce a nascadh le toirt an uisce a ídítear. I Sasana agus sa Bhreatain Bheag, úsáideann daoine a chónaíonn i bhfoirgnimh mhéadraithe 13% níos lú uisce, ar an meán, ná daoine i dtithe neamh-mhéadraithe.

Athúsáid báistí agus uisce léith

Ní bhaintear leas as ach 20% den uisce a úsáidtear sna hearnálacha a fhaigheann soláthar uisce poiblí. Téann an 80% eile ar ais sa timpeallacht, go príomha mar fhuíolluisce cóireáilte. Is gnách go seolann dromchlaí coincréitithe agus séalaithe i gcathracha an bháisteach i dtreo na ngréasán séaraigh, áit a meascann sé le fuíolluisce. Coscann sé sin an bháisteach ag insíothlú tríd an ithir agus a stóráil mar chuid dár screamhuisce ar féidir linn tairbhe a bhaint as níos déanaí. Is minic a théann báisteach atá rite chun srutha agus fuíolluisce trí ionaid chóireála uisce sula sreabhann siad ar ais chuig aibhneacha, i bhfad ó na cathracha de ghnáth. D’fhéadfaí uisce báistí agus fuíolluisce araon, nach bhfuil róthruaillithe, a sheoladh ar ais chuig úsáideoirí uisce na cathrach, ach roinnt athruithe a dhéanamh ar chórais uisce uirbeacha.

Ceann de na hathruithe sin ná athúsáid uisce léith. Is éard atá i gceist le huisce liath an fuíolluisce teaghlaigh go léir seachas é sin ó leithris, mar shampla, fuíolluisce ó fholcthaí, ó chithfholcthaí, ó bháisíní níocháin agus ón gcistin. Is féidir cóireáil dhíreach a dhéanamh ar an uisce sin ar an láthair nó é a fhágáil gan chóireáil le húsáid mar uisce ar chaighdeán níos ísle ná uisce óil, m.sh. le leithris a shruthlú.

D’fhéadfadh cathracha uisce báistí a shábháil trína bhailiú, agus é ag sreabhadh ó dhíon nó ó chabhsán, i soitheach gabhála agus d’fhéadfaí an t-uisce sin a úsáid i ngníomhaíochtaí seachas ólachán, mar shampla sruthlú leithris, glanadh carranna agus garraíodóireacht. D’fhéadfaí é a threorú, freisin, go díreach chuig athlíonadh screamhuisce. Is féidir a leithéidí de chórais a shuiteáil i dtithe nó i láithreacha gnó agus ní theastóidh aon athrú i nósanna tomhaltais na n-úsáideoirí uisce. Is féidir, áfach, céimeanna breise a ghlacadh chun an soláthar uisce a fheabhsú sula sroicheann sé tithe.

Bíonn go leor buntáistí le baint as an uisce a choinneáil sa chathair agus ligean dó insíothlú san ithir agus cruinniú i ndobharlaigh; orthu sin tá limistéar aeraíochta a chur ar fáil d’áitritheoirí áitiúla agus iarmhairt fhuaraithe a chruthú le linn tonnta teasa.

Tap

(c) ABC Open Wide Bay | flickr.com

Caillteanas a laghdú

D’fhéadfadh caillteanas uisce de bharr sceite a bheith suntasach; cailltear beagnach 40% den soláthar iomlán uisce sa ghréasán iompair uisce sa Chróit. Is féidir sceitheadh a chosc trí chothabháil agus trí athnuachan ar an ngréasán uisce, agus trí úsáid a bhaint as nuatheicneolaíochtaí. D’fhéadfadh braiteoirí, a aithníonn agus a aimsíonn an torann ón sceitheadh, nó fearais a bhaineann úsáid as comharthaí raidió chun uisce reatha a bhrath, a bheith i gceist sna nuatheicneolaíochtaí sin. Má chuirtear na teicneolaíochtaí sin i bhfeidhm, ní bheidh aon ghá ag córais uisce phoiblí cur suas leis an ualach breise caillteanais uisce trí sceitheadh agus éilimh ar uisce á sásamh le soláthar teoranta. D’fhéadfadh infheistíocht shuntasach san infreastruchtúr a bheith i gceist, áfach, le hathnuachan ar na gréasáin uisce.

Am chun gníomhú

Chun úsáid níos inbhuanaithe a bhaint as soláthairtí uisce uirbeacha poiblí, ní mór bearta mar atá luaite thuas a ghlacadh, chomh maith le feasacht a spreagadh i measc an phobail maidir le fadhbanna caomhnaithe uisce.

Tá bealaí éagsúla ann chun tomhaltóirí teaghlaigh, gnó agus turasóireachta a chur ar an eolas, ina measc suíomhanna gréasáin, cláir oideachasúla scoile, bileoga ó údaráis áitiúla agus na meáin chumarsáide. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag éicilipéadú fearas agus éicidheimhniú óstán, mar shampla, i dtaca le feasacht a spreagadh trí chúnamh a thabhairt do thomhaltóirí rogha eolasach a dhéanamh faoi éifeachtúlacht agus caomhnú i dtaca le húsáid uisce.

Ní féidir úsáid inbhuanaithe cheart dár n-acmhainní uisce a bhaint amach gan fheabhsúcháin bhreise ar an inbhuanaitheacht maidir le húsáid uisce uirbeach.

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage

Document Actions