next
previous
items

Article

Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: acmhainní d’Eoraip ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de

Change language
Article Published 31 Jan 2017 Last modified 11 May 2021
Tá ár n-aeráid ag athrú. Ní mór dúinn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun ráta an athraithe aeráide a theorannú agus, ag an am céanna, ní mór dúinn bearta a dhéanamh lena gcabhraítear linn ullmhú don tionchar reatha agus don tionchar a bheidh ann sa todhchaí. Teastaíonn atreorú infheistíochtaí nach ndearnadh a shamhail riamh ón dá shnáithe ghníomhaíochta sin. Aithníodh é sin sna comhdhálacha maidir leis an athrú aeráide a bhí ar siúl i bPáras agus, níos déanaí fós, i Marrakech. Is féidir leis an earnáil airgeadais ról ríthábhachtach a chomhlíonadh maidir le tacaíocht a thabhairt d’aistriú na hEorpa i dtreo sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus is amhlaidh go gcomhlíonfaidh sí an ról sin.

Ní mór don Eoraip infheistíocht shuntasach a dhéanamh i maolú ar an athrú aeráide agus in oiriúnú don athrú sin. Is féidir leis an earnáil airgeadais ról ríthábhachtach a chomhlíonadh maidir le tacaíocht a thabhairt d’aistriú na hEorpa i dtreo sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus is amhlaidh go gcomhlíonfaidh sí an ról sin. Níor leor infheistíochtaí earnála poiblí chun an t-aistriú a mhaoiniú. Mar sin féin, is féidir leis na hinfheistíochtaí sin cabhrú le caipiteal príobháideach a shlógadh agus a ghiaráil. Is caipiteal é sin atá ríthábhachtach maidir le hinfheistíocht a atreorú de réir an leibhéil a theastaíonn.

Hans Bruyninckx, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EEA

Ní mór don Eoraip infheistíocht shuntasach a dhéanamh i maolú ar an athrú aeráide agus in oiriúnú don athrú sin. Is ann d’éagsúlacht mhór sna meastacháin ar na suimeanna iarbhír a theastaíonn. D’fhéadfadh gurbh ionann na suimeanna a theastaíonn agus na céadta billiún Euro sa bhliain, ag brath ar an raon agus an scála agus ar an modheolaíocht a úsáidtear. Is sách íseal atá na riachtanais infheistíochta sin i gcomparáid le hacmhainn mhaoinithe iomlán an chórais mhaoinithe. D’ainneoin na hacmhainne fairsinge atá aige, áfach, ní sholáthraítear ón gcóras maoinithe ach céatadán fíorbheag den infheistíocht a theastaíonn.

Áirítear na nithe seo, i measc nithe eile, leis na príomhdhúshláin a bhaineann le hinfheistíochtaí a thacaíonn leis an aeráid: sárú a dhéanamh ar bhacainní agus gaibhnithe reatha sa chóras maoinithe, ar nithe iad lena ndéantar gníomhaíochtaí neamh-inbhuanaithe a fhadú agus a chur chun cinn; agus cistí a atreorú ar thionscnaimh lena neartaítear seasmhacht ó thaobh na haeráide de agus lena laghdaítear astaíochtaí carbóin. D’fhonn bearta comhleanúnacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm ar an láthair, ba cheart aghaidh a thabhairt ar riachtanais infheistíochta go córasach ar gach leibhéal, mar atá an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal áitiúil. Ní mór do chuideachtaí rioscaí an athraithe aeráide a nochtadh go comhleanúnach agus go hiomlán ionas gur féidir cinntí eolacha infheistíochta a dhéanamh. Anuas ar fheabhas a chur ar an trédhearcacht faoi rioscaí an athraithe aeráide, tugtar comharthaí soiléire d’infheisteoirí le pleanáil agus tiomantas atá fadtéarmach.

Éascaítear infheistíochtaí fadtéarmacha le comharthaí soiléire beartais

Le Comhaontú Pháras 2015, socraíodh an cuspóir domhanda go ndéanfaí ‘gach sreabhadh airgeadais a chur ar chomhréim le bealach i dtreo forbairt íseal-astaíochta atá seasmhach ó thaobh na haeráide de’. Deimhníodh an cuspóir sin freisin le linn na comhdhála maidir leis an athrú aeráide a bhí ar siúl i Marrakech sa bhliain 2016.

Leis an bpacáiste fuinnimh ghlain, ar bheartaigh an Coimisiún Eorpach é le déanaí, deimhnítear tiomantas an Aontais Eorpaigh d’aistriú i dtreo sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de. Cuirtear ar aghaidh sa phacáiste an sprioc go mbainfí laghdú 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa amach agus beartaítear spriocanna ann freisin go méadófaí éifeachtúlacht fuinnimh faoi 30% ar a laghad agus gur as foinsí in-athnuaite a thiocfadh 27% ar a laghad den fhuinneamh iomlán faoin mbliain 2030. Leagtar béim ann freisin ar an ról tábhachtach atá ag infheistíochtaí san aistriú i dtreo fuinneamh glan agus ar na buntáistí comhchoiteanna eacnamaíocha atá ag baint leo. De réir an Choimisiúin Eorpaigh, beifear in ann an olltáirgeacht intíre a mhéadú faoi 1 % sna deich mbliana atá amach romhainn agus 900 000 post nua a chruthú leis an bpacáiste atá beartaithe, trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach ab fhiú suas le EUR 177 billiún sa bhliain a shlógadh ón mbliain 2021 ar aghaidh.

Tríd is tríd, cuirtear an creat beartais agus na spriocanna AE chun feidhme trí straitéisí agus gníomhartha nithiúla a dtugtar fúthu sna tíortha, lena n-áirítear na Straitéisí Náisiúnta um Fhorbairt Ísealcharbóin. Léirítear i réamh-mheasúnú a rinne an EEA ar na straitéisí sin go bhfuil difríocht shuntasach eatarthu ó thaobh raoin, doimhneachta agus uaillmhianta de. Ní thugtar iontu ach méid beag faisnéise faoi riachtanais mhaoinithe agus faoi na pleananna atá ar bun chun infheistíochtaí a atreorú. Ina theannta sin, is minic nach mbíonn fís fhadtéarmach náisiúnta ann atá ar aon dul le spriocanna AE maidir leis an dícharbónú. Mar an gcéanna, tá straitéisí oiriúnaithe náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta glactha ag roinnt mhaith tíortha, cé gur minic nach mbíonn fáil ar shonraí faoi mhaoiniú na straitéisí agus na bpleananna sin. Chun muinín na n-infheisteoirí as an obair a neartú, ba cheart straitéisí náisiúnta um maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a bheith ag gabháil le Straitéisí um Fhorbairt Ísealcharbóin agus le pleananna oiriúnaithe náisiúnta.

Níor leor infheistíochtaí earnála poiblí chun an t-aistriú a mhaoiniú. Mar sin féin, is féidir leis na hinfheistíochtaí sin cabhrú le caipiteal príobháideach a shlógadh agus a ghiaráil. Is caipiteal é sin atá ríthábhachtach maidir le hinfheistíocht a atreorú ar an leibhéal a theastaíonn. Tá 20% ar a laghad de bhuiséad AE don tréimhse 2014-2020 curtha ar leataobh le haghaidh gníomhaíocht a bhaineann leis an aeráid. An cinneadh a rinne an AE le déanaí ar shíneadh agus leathnú a dhéanamh ar na Cistí Eorpacha le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus an grúpa ardleibhéil um maoiniú inbhuanaithe a bunaíodh le déanaí, is céimeanna tábhachtacha iad freisin i dtreo córas maoinithe a fhorbairt lena gcothaítear inbhuanaitheacht san Eoraip.

Córas maoinithe lena dtairgtear réitigh nuálacha

Le go n-éireoidh le straitéisí um maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, is gá go nglacfaidh geallsealbhóirí éagsúla, idir gheallsealbhóirí poiblí agus gheallsealbhóirí príobháideacha, páirt iontu ar gach leibhéal, an leibhéal áitiúil san áireamh. Ina theannta sin, ní mór an córas maoinithe a fhorbairt chun freastal ar chineálacha éagsúla riachtanas agus ar fhoinsí difriúla.

Tá bealaí nuálacha ceaptha ag roinnt bardasachtaí Eorpacha chun a gcuid gníomhartha a chistiú trí fhoinsí difriúla cistithe a chur le chéile nó trí fhoinsí nua a fhorbairt, amhail bannaí um fheasacht aeráide a shluamhaoiniú. De réir an mheasúnaithe a fhoilseoimid ar ball, áfach, tá deacrachtaí ag roinnt bardasachtaí fós maoiniú a aimsiú le haghaidh a gcuid gníomhartha um oiriúnú don athrú aeráide. Ar na bacainní tábhachtacha tá an easpa acmhainne agus saineolais maidir le foinsí a aimsiú agus le hiarratas a dhéanamh ar an gcineál is oiriúnaí maoinithe. Ina theannta sin, ní mheasann cinnteoirí airgeadais i lear cásanna gur ‘infheistíochtaí brabúsacha’ iad bearta um oiriúnú don athrú aeráide.

Dá méadófaí an fheasacht ar rioscaí an athraithe aeráide agus ar na buntáistí breise a bhaineann le bearta oiriúnaithe (e.g. feabhas a chur ar cháilíocht na beatha agus ar a tharraingtí atá an áit atá ag baint leas as na bearta sin), d’fhéadfadh go mbeadh measúnú difriúil ann ar cad is dea-infheistíocht ann.

An EEA agus maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide

Mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá ag maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide maidir leis an aistriú riachtanach a bhaint amach san Eoraip, tá an EEA i mbun oibre ar mheasúnú a dhéanamh ar na naisc idir gníomhartha reatha agus gníomhartha sa todhchaí do mhaolú agus oiriúnú ar thaobh amháin agus do na córais mhaoinithe agus fhioscacha ar an taobh eile. Teastaíonn tuiscint níos fearr ar na naisc sin chun deireadh a chur leis na bacainní le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus chun cistí a atreorú chun tacaíocht a thabhairt don aistriú i dtreo sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de. Beidh na torthaí ón measúnú á gcomhroinnt againn le linn na bliana 2017.

 

Hans Bruyninckx

Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil

Eagarfhocal a foilsíodh in eagrán uimh. 04/2016 de nuachtlitir an EEA, Nollaig 2016

Permalinks

Geographic coverage

Temporal coverage